Treoir Ghairid do na Próisis a bhaineann le Bailiú Sonraí, Caighdeánú Náisiúnta agus Dearbhú Cáilíochta na nGrád Ríofa.
- Foilsithe: 20 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Iúil 2020
- Réamhrá
- Bailiú Sonraí Scoláirí ó Scoileanna
- Na Sonraí ó na Scoileanna a chur ar Ais chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna
- An Próiseas Caighdeánaithe Náisiúnta
- Bailíochtú na Samhla
- An Ról atá ag an nGrúpa Caighdeánaithe Náisiúnta
- Dearbhú Cáilíochta
Réamhrá
Cuirtear treoir ghairid ar fáil sa doiciméad seo maidir leis na próisis a bhaineann le bailiú sonraí, caighdeánú náisiúnta agus dearbhú cáilíochta i gcóras na nGrád Ríofa.
Nuair a bhí an cinneadh deacair á dhéanamh Scrúdú Ardteistiméireachta na bliana seo a chur ar athló agus córas nua na nGrád Ríofa a chur ina áit, chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna roimpi an córas ab fhearr ab fhéidir a fhorbairt chun torthaí a bheadh cothrom agus cruinn a chur ar fáil do scoláirí nuair nach raibh ar a gcumas Scrúdú na hArdteistiméireachta a dhéanamh an samhradh seo.
Bhí sé sin tábhachtach ionas go mbeadh deis ag scoláirí bogadh ar aghaidh lena saol agus go mbeadh ar a gcumas na torthaí sin a úsáid chun dul ar aghaidh chuig an bhfostaíocht, chuig an mbreisoideachas, chuig oiliúint agus printíseachtaí agus chuig an ardoideachas. Ní mór a admháil nach ionann an córas agus an Ardteistiméireacht agus nach réiteach foirfe é. Mar sin féin, is é an rogha is fearr é a d'fhéadfaí a chur ar fáil. Is é an bealach is cothroime é chun dul i ngleic leis na tionchair a bhí ag easpa scolaíochta agus ag fadhbanna eile ar an Ardteistiméireacht de bharr Covid-19.
Bailiú Sonraí Scoláirí ó Scoileanna
Ba é an chéad chéim sa chóras seo ná go mbeifí ábalta na Gráid Ríofa a bhunú ar eolas ar an gcaighdeán is airde a fháil ó scoileanna faoi fheidhmiú ionchasach scoláirí i scrúduithe na hArdteistiméireachta, murach gur chuir Covid-19 as dá n-eispéireas oideachais. Cé go mbeidh sonraí na scoile faoi réir coigeartú sa phróiseas caighdeánaithe náisiúnta, beidh siad mar bhonn leis na Gráid Ríofa. Mar sin, caitheadh mórán ama agus dua leo ionas go mbeadh an chuid sin i gceart.
Tá an cur chuige a glacadh fréamhaithe sa taighde oideachais idirnáisiúnta, ar taighde é a léiríonn gur mó an seans go ndéanfaidh múinteoirí breithiúnais chruinne maidir le feidhmiú scoláirí i gcomhthéacs a bhfuil an-tábhacht ag baint leis agus go bhfuil múinteoirí go maith ag rangú a gcuid scoláirí i gcoibhneas lena chéile. Dá bhrí sin, iarradh ar scoileanna marc measta agus rang-ord a chur ar fáil do gach scoláire i rang-ghrúpa.
Cuireadh treoir agus oiliúint a bhí an-soiléir agus cuimsitheach ar fáil ionas go mbeadh scoileanna ábalta an meastachán ba chothroime a d'fhéadfaidís a chur ar fáil dá gcuid scoláirí ar a bhfeidhmíocht san Ardteistiméireacht. Iarradh ar scoileanna, mar sin, dul i mbun próiseas daingean agus dian ina raibh trí chéim chun teacht ar na meastacháin ab fhearr a bhí acu ar fheidhmíocht scoláirí, a chuimsigh
- múinteoirí a bheith ag cur a mbreithiúnais ghairmiúil i bhfeidhm ar fhoinsí éagsúla fianaise,
- próiseas chun caighdeáin a ailíniú idir múinteoirí éagsúla a raibh an t-ábhar céanna á theagasc acu
- agus faoi dheireadh, maoirseacht ar an bpróiseas ag an bpríomhoide.
Ba é an próiseas ailínithe ionscoile an t-aon bhealach iontaofa chun cothroime a bhaint amach ar fud rang-ghrúpaí éagsúla a raibh an t-ábhar céanna á dhéanamh acu taobh istigh de scoil agus dá bhrí sin ba chuid an-tábhachtach den phróiseas é sin. Cuireadh treoir shonrach ar fáil freisin maidir le claontacht neamh-chomhfhiosach, a d’fhéadfadh dul i gcion ar na meastacháin, a aithint agus a sheachaint.
Na Sonraí ó na Scoileanna a chur ar Ais chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna
Nuair a bhí an próiseas meastacháin curtha i gcrích, bhí ar na scoileanna na sonraí a chur ar ais chuig Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa (OFGR) sa Roinn Oideachais agus Scileanna, agus córas bailithe sonraí ar líne á úsáid acu. Bhí córas srianta agus ceartúchán i bhfeidhm sa chóras a chinntigh gur cuireadh isteach na sonraí i gceart agus go cruinn. Chuir OFGR próiseas dearbhaithe cáilíochta a bhí chomh daingean agus chomh dian céanna i bhfeidhm nuair a fuarthas sonraí na scoileanna agus sa phróiseáil ina dhiaidh sin.
Tá tuilleadh seiceálacha á ndéanamh, lena n-áirítear sampláil a dhéanamh ar chuid den pháipéarachas comhlánaithe ó scoileanna a roghnaíodh go randamach chun cruinneas a chinntiú.
Ag an am seo, tá na sonraí go léir atá ar fáil á bpróiseáil ag OFGR sa chóras staitistiúil atá forbartha ag saineolaí sa réimse sin dúinn. Níl na sonraí go léir againn go fóill mar go bhfuilimid i mbun athbhreithnithe fós le scoileanna maidir le scoláirí a bhfuil ábhair á ndéanamh acu taobh amuigh den scoil agus nach raibh an scoil ábalta marc measta a chur ar fáil ina leith. Ina theannta sin, tá iarratais ó scoláirí á bpróiseáil againn, ar scoláirí iad a bhí i mbun staidéir don Ardteistiméireacht ach nach raibh siad ag freastal ar scoil nó ar ionad oideachais eile atá údaraithe chun scrúduithe na hArdteistiméireachta a reáchtáil.
Tá gach iarracht á déanamh Grád Ríofa a chur ar fáil don líon is mó scoláirí is féidir, pé acu an foghlaimeoirí taobh amuigh den scoil iad nó scoláirí a bhfuil ábhair á ndéanamh acu taobh amuigh den scoil.
Ionas go ndéanfar córas na nGrád Ríofa a fheidhmiú go hionraic, agus chun bheith cothrom le gach scoláire, ní fhéadfar glacadh le marc céatadáin measta, bunaithe ar fhianaise atá iontaofa agus sásúil, ach amháin ó fhoinse chuí. Leanfaidh an obair sin ar aghaidh, ach idir an dá linn féadfaimid dul ar aghaidh leis an bpróiseas caighdeánaithe staitistiúil agus úsáid á baint againn as na sonraí atá ar fáil agus déanfar sonraí rialta nuashonraithe a chur isteach sa phróiseas caighdeánaithe de réir mar a bhíonn siad ar fáil.
An Próiseas Caighdeánaithe Náisiúnta
I gcóras na nGrád Ríofa, déanfar feidhmíocht ionchasach na scoláirí in ábhar agus ag leibhéal ar leith, a chomhcheangal le heolas faoin gcaoi ar éirigh le scoláirí sa scoil sin san ábhar/ag an leibhéal sin le blianta beaga anuas ag teacht le caighdeáin feidhmíochta náisiúnta thar thréimhse ama. Déanfar athbhreithniú freisin ar fheidhmíocht ghrúpa scoláirí na bliana seo ina aghaidh fheidhmíocht fhoriomlán an ghrúpa sin sa tSraith Shóisearach. I measc an eolais ábhartha a mbainfear feidhm as chun tacú leis an bpróiseas sin tá:
- Sonraí ag an leibhéal náisiúnta maidir leis an Ardteistiméireacht in 2019, 2018 agus 2017 agus sonraí gaolmhara maidir leis an tSraith Shóisearach
- Sonraí ag leibhéal na scoile maidir leis an Ardteistiméireacht in 2019, 2018 agus 2017 agus sonraí gaolmhara maidir leis an tSraith Shóisearach
- Sonraí ag leibhéal an scoláire maidir leis an Ardteistiméireacht in 2019, 2018 agus 2017 agus sonraí gaolmhara maidir leis an tSraith Shóisearach
- Sonraí ag leibhéal an scoláire maidir le torthaí na Sraithe Sóisearaí do chohórt scoláirí na hArdteistiméireachta in 2020.
Meastar gurb ionann torthaí na hArdteistiméireachta ó aon bhliain ar leith agus na torthaí ó aon bhliain eile. Sin de bhrí go bhfuil na torthaí do gach bliain faoi réir próiseas caighdeánaithe náisiúnta trí na próisis mharcála a fheidhmíonn Coimisiún na Scrúduithe Stáit.
I mbliana, déanfaidh an próiseas caighdeánaithe náisiúnta na sonraí scoilfhoinsithe a chomhcheangal leis na sonraí stairiúla lena chinntiú go léireoidh na Gráid Ríofa caighdeáin atá ailínithe i gceart ar fud scoileanna agus le caighdeán náisiúnta.
Trí réimse de chineálacha éagsúla eolais a bhailiú agus a úsáid, comhlánóidh na foinsí éagsúla sonraí a chéile, chun an tacar torthaí is cruinne agus is cothroime a sholáthar taobh istigh de shrianta na sonraí atá ar fáil. De bhrí nach bhfuil na sonraí scoile cruinn ach amháin ag leibhéal na scoile, d'fhéadfadh sé go mbeadh na marcanna measta, agus dá réir sin na Gráid Ríofa, a chuirfear ar fáil do scoláirí, in aon ábhar agus ag aon leibhéal, níos airde nó níos ísle ná na meastacháin a chuir an scoil ar fáil.
Is mar thoradh ar an bpróiseas caighdeánaithe sin a bheidh an seasamh agus an stádas céanna ag na Gráid Ríofa leis na gráid a tugadh san Ardteistiméireacht roimhe seo agus a thabharfar inti amach anseo. Mura ndéanfaí é sin, bhainfí d’inghlacthacht agus de luach na nGrád Ríofa.
Sa phróiseas caighdeánaithe náisiúnta, bainfear úsáid as réimse de shonraí stairiúla maidir leis an tSraith Shóisearach agus an Ardteistiméireacht chun na dáiltí áirithe torthaí is dóchúla i gcás gach ábhair agus leibhéil a chinneadh. Tugtar riochtú ar an úsáid a bhaintear ar dáiltí den sórt sin mar chuid den phróiseas meastacháin.
Ag leibhéal na scoile agus ag an leibhéal náisiúnta, is réamhtháscairí láidre iad torthaí na Sraithe Sóisearaí ar fheidhmíocht san Ardteistiméireacht ach níl siad chomh maith céanna chun fheidhmíocht scoláirí aonair a mheas. Bainfear úsáid as sonraí na Sraithe Sóisearaí sa tsamhail chun dáileadh fheidhmíocht dhóchúil an ghrúpa scoláirí ar leith atá ag déanamh gach ábhair i ngach scoil a sholáthar.
Ina theannta sin, cuirfear sonraí stairiúla na scoile maidir le feidhmíocht san Ardteistiméireacht le trí bliana anuas i ngach ábhar agus ag gach leibhéal leis na dáiltí stairiúla náisiúnta i ngach ábhar agus ag gach leibhéal, chun breis deimhnithe a dhéanamh ar na patrúin torthaí is dóchúla san ábhar/ag an leibhéal do chohórt 2020.
Cuirfidh na dáiltí riochtaithe sin patrún torthaí ionchasacha ar fáil don ghrúpa scoile i ngach ábhar agus ag gach leibhéal. Chomh maith leis sin, cuirfidh na sonraí scoilbhunaithe patrún torthaí ionchasacha ar fáil don ghrúpa scoile i ngach ábhar agus ag gach leibhéal. Cuireann na sonraí scoilbhunaithe eolas atá sainiúil don scoláire ar fáil ag an leibhéal áitiúil agus cuireann na sonraí stairiúla eolas luachmhar ag leibhéal an ghrúpa ar fáil ag an leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal na scoile.
Ní dhéanfaidh aon phatrún torthaí ionchasacha as féin na Gráid Ríofa a chinneadh, mar go ndéanfaidh an tsamhail réimse patrún a chomhcheangal chun na gráid a ghiniúint ar bhealach atá chomh réasúnach, chomh cothrom agus chomh cruinn agus is féidir i dtaca leis na scoláirí. Cé go bhféadfaidh na meastacháin scoilbhunaithe bogadh suas nó síos mar thoradh ar an bpróiseas caighdeánaithe, ní athrófar an rang-ord ranga a chuir an scoil ar fáil. De bhrí nach bhfuil dáileadh na dtorthaí bunaithe go hiomlán ar aon tacar sonraí faoi leith, ach go mbaintear leas as na láidreachtaí sonracha a bhaineann le gach foinse eolais, cuirtear le cruinneas agus cothroime na samhla.
Má tá an grúpa scoláirí atá ag déanamh ábhair sa scoil i mbliana níos láidre (nó níos laige) ó thaobh na hacadúlachta de ná mar a bhí na scoláirí sna blianta roimhe seo, cuirtear é sin san áireamh sa phróiseas staitistiúil. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil sé socraithe roimh ré go mbeidh dáileadh na dtorthaí a thagann chun cinn ón scoil mar an gcéanna agus a bhí sé roimhe seo.
Ní chuireann an tsamhail seo aon scór réamhshocraithe i bhfeidhm ar aon duine aonair i rang nó i scoil. Más rud é gur léirigh an scoil go cruinn na difríochtaí idir scoláirí i gcoibhneas lena chéile taobh istigh den rang, ní bheidh aon bhac ar aon sárscoláire gráid arda a bhaint amach in aon scoil. Mar shampla, má tá scoláire ag déanamh go maith agus mura bhfuil na scoláirí eile in aon rang leis/léi ag déanamh chomh maith sin, ní bheidh an scoláire sin faoi mhíbhuntáiste mar gur úsáideadh an t-eolas dáilte a ndearnadh cur síos air roimhe seo. Más rud é gur aithin an scoil an scoláire sin mar scoláire atá ag feidhmiú níos fearr ná an gnáthscoláire, aithneofar an scoláire i gceart mar scoláire asluitigh.
Fiú má bhogann an próiseas caighdeánaithe na marcanna suas (nó síos) don rang iomlán, cuirfidh an próiseas ríofa taobh istigh den tsamhail seasamh coibhneasta an scoláire taobh istigh den rang san áireamh, faoi mar atá leagtha amach sna sonraí scoilbhunaithe, agus ceadóidh sé na meastacháin don ghrúpa ina iomláine a ailíniú i gceart, más gá, gan an t-eolas sin faoin méid atá an sárscoláire asluitigh seo chun cinn ar an ngnáthscoláire a chailleadh.
Beidh an rud céanna i gceist má tá scoláirí asluitigh ann atá ag leibhéal íseal feidhmíochta. Dearadh an tsamhail le go mbeadh sí in ann freastal ar asluitigh den chineál sin.
Bailíochtú na Samhla
Is gá go mbeadh próiseas gaolmhar ann chun an tsamhail a bhailíochtú lena chinntiú go bhfuil sí ag feidhmiú mar a bhí ceaptha di, agus go bhfuil a cuid cuspóirí á mbaint amach aici. Déanfar feidhmiú na samhla staitistiúla a athbhreithniú agus a bhailíochtú ar roinnt bealaí.
Déanfar dáiltí na dtorthaí a athbhreithniú i gcás gach ábhair agus gach leibhéil.
Déanfar athbhreithniú ar na torthaí agus feidhm á baint as líon tréithe éagsúla déimeagrafacha lena n-áirítear inscne agus stádas socheacnamaíoch. Déanfar é sin lena chinntiú go bhfuil torthaí á gcur i láthair ag an tsamhail, ar torthaí iad atá chomh cóir agus chomh cothrom agus is féidir, i bhfianaise na srianta atá uirthi, agus go bhfuil na torthaí sin ag teacht le torthaí roimhe seo a oiread agus is féidir.
Is é an cuspóir atá le córas na nGrád Ríofa ná teacht ar an ngrád a bhainfeadh gach scoláire amach dá ndéanfaí na scrúduithe a reáchtáil mar is gnách. Déanfar seiceáil sa phróiseas bailíochtaithe chun a fháil amach an bhfuil na hidirghníomhaíochtaí idir na tréithe sin agus na gráid ríofa ar aon dul leis na hidirghníomhaíochtaí sna sonraí stairiúla idir na tréithe sin agus torthaí na scrúduithe. Mar shampla, i gcás inscne, má tharlaíonn sé go bhfuil feidhmíocht scoláirí baineanna i gcoibhneas le feidhmíocht scoláirí fireanna in ábhair éagsúla ar aon dul, faoi shamhail na nGrád Ríofa, leis na blianta scrúdaithe roimhe seo, ansin is féidir glacadh leis sin mar tháscaire go bhfuil samhail na nGrád Ríofa ag teacht leis na blianta roimhe seo i dtaca leis sin.
Is é an cuspóir atá leis an athbhreithniú seo ar thorthaí na samhla staitistiúla ná a sheiceáil an bhfuil aon ghrúpa faoi bhuntáiste nó faoi mhíbhuntáiste de bharr shamhail na nGrád Ríofa i gcoibhneas le torthaí na mblianta roimhe seo. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil an measúnú seo á dhéanamh i gcoibhneas leis na blianta roimhe sin; seiceálfaidh an bailíochtú, mar shampla, an bhfuil nó nach bhfuil éifeachtaí míbhuntáiste, nó éifeachtaí inscne, á méadú taobh istigh den tsamhail. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin nach ndéanfaidh an córas ceartú i gcomhair claontachtaí coibhneasta atá taobh istigh de na tacair meastachán atá á gcur ar fáil ag scoileanna aonair. Ba cheart go mbeadh an fhadhb a bhaineann le claontacht neamh-chomhfhiosach réitithe ag scoileanna taobh istigh dá bpróiseas meastacháin féin. Tugadh treoir maidir leis sin sa Treoir do Scoileanna.
An Ról atá ag an nGrúpa Caighdeánaithe Náisiúnta
Déanfar an teaglaim de thacair sonraí stairiúla agus na sonraí a bailíodh ó na scoileanna a phróiseáil tríd an tsamhail staitistiúil. Mar sin féin, tá leibhéal suntasach d’idirghabháil dhaonna de dhíth chun go mbeifí ábalta seasamh leis an tsamhail staitistiúil agus chun eisiúint na nGrád Ríofa chuig scoláirí a fhaomhadh.
Beidh an próiseas caighdeánaithe náisiúnta faoi mhaoirseacht an Ghrúpa Caighdeánaithe Náisiúnta a bheidh freagrach as feidhmiú an phróisis agus as cur i bhfeidhm, athbhreithniú, agus coigeartú na sonraí chun teacht ar léirithe cothroma, córa ar fheidhmíocht scoláirí.
Baineann saineolas an Ghrúpa Caighdeánaithe Náisiúnta le réimse na scrúduithe agus na measúnuithe a bhfuil an-tábhacht ag baint leo, le meastóireacht oideachasúil, agus leis an oideachas dara leibhéal agus bhí na heagraíochtaí agus na daoine a bhfuil ionadaíocht acu ar an nGrúpa lárnach maidir le forbairt chóras na nGrád Ríofa. Tá ionadaithe ó Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa agus ón gCigireacht, ón Roinn Oideachais agus Scileanna; ón bhForas Taighde ar Oideachas agus ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit sa Ghrúpa. Tiocfaidh an grúpa le chéile ar bhonn rialta chun anailís agus athbhreithniú a dhéanamh ar an leagan is déanaí den tsamhail agus chun na torthaí a phlé agus athbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun dul ar aghaidh maidir le coigeartú a dhéanamh ar an tsamhail agus freisin chun oibriú tríd an bpróiseas bailíochtaithe.
Tá sé chomh tábhachtach céanna caighdeán náisiúnta a choinneáil le linn phróiseas na nGrád Ríofa agus a bhí sé sna blianta roimhe seo lena chinntiú go mbeidh an seasamh céanna ag Gráid Ríofa na hArdteistiméireachta in 2020 agus a bhí ag na torthaí sna blianta roimhe seo. Tá sé sin á dhéanamh le cothromas agus cothroime a chinntiú do chohórt 2020 ach chomh maith leis sin do scoláirí roimhe seo agus amach anseo a d'fhéadfadh a bheith ag iomaíocht i gcomhair áiteanna i gcoláistí nó i saol na hoibre.
Déanfar dáiltí náisiúnta, a chuimsíonn 79 ábhar agus leibhéal curaclaim de chuid na hArdteistiméireachta, 18 dteanga neamhchuraclaim agus 20 ábhar agus tasc de chuid na hArdteistiméireachta Feidhmí, a athbhreithniú do 2020, agus freisin in aghaidh na sonraí stairiúla.
Sa chás nach mbeidh dáiltí ailínithe go sásúil, déanfar an tsamhail a choigeartú chun na dáiltí a thabhairt isteach i réimse na dtorthaí roimhe seo agus leis sin inchomparáideacht agus cothroime ó bhliain go bliain a chinntiú. Beidh athbhreithniú breise i gceist le gach coigeartú ar an tsamhail, chun a sheiceáil an bhfuil tionchair dhiúltacha ag an gcoigeartú i gcodanna eile den tsamhail, agus déanfar coigeartú breise de réir mar is gá nó go mbeidh an grúpa sásta go bhfuil tacar torthaí bainte amach atá sábháilte, sásúil agus inchosanta.
Dearbhú Cáilíochta
I gcóras na nGrád Ríofa, cuirfidh an Foras Taighde ar Oideachas seirbhís um dhearbhú cáilíochta agus fíorú sonraí ar fáil do na próisis a bhaineann le próiseáil sonraí agus le caighdeánú i dtaca le Gráid Ríofa na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí in 2020. Tá saineolas ag an bhForas maidir le taighde neamhspleách a reáchtáil, maidir le staidéir mheasúnaithe agus mheastóireachta; agus maidir le trialacha a fhorbairt agus a sholáthar do scoileanna.
Déantar dearbhú cáilíochta sa bhreis ar chóras na nGrád Ríofa a sholáthar trí Choiste Stiúrtha Neamhspleách a cheap an tAire chun dearbhú ar cháilíocht agus ar ionracas thorthaí chóras na nGrád Ríofa a chur ar fáil, lena n-áirítear é féin a shásamh maidir le cothroime agus cruinneas na dtorthaí i ndiaidh an phróisis caighdeánaithe náisiúnta. Ina theannta sin, cuirfidh saineolaí neamhspleách nach bhfuil bainteach le dearadh shamhail na nGrád Ríofa, athbhreithniú seachtrach agus bailíochtú an chórais ar fáil, lena n-áirítear feidhmiú chóras na n-achomharc, chun a sheiceáil gur cuireadh an próiseas i bhfeidhm faoi mar a bhí beartaithe.