Treoir maidir le cumhdaigh aghaidhe i mBunscoileanna
- Foilsithe: 30 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 10 Nollaig 2021
- Cumhdaigh aghaidhe i mBunscoileanna
- Treoir maidir le maisc/cumhdaigh aghaidhe i mBunscoileanna
- Ceisteanna Coitianta maidir le maisc/cumhdaigh aghaidhe i mbunscoileanna
- Póstaer treorach do thuismitheoirí agus do dhaltaí ar chonas cumhdaigh/maisc aghaidhe a úsáid i mbunscoileanna
- Ag Tacú le Leanaí maidir le Clúdaigh Aghaidhe a chaitheamh i mBunscoileanna
- Féach freisin
Cumhdaigh aghaidhe i mBunscoileanna
Tá sé molta ag NPHET go gcaithfeadh leanaí atá naoi mbliana d'aois nó os a chionn maisc/cumhdaigh aghaidhe ar iompar poiblí, in ionaid mhiondíola agus i suíomhanna poiblí eile faoi dhíon faoi mar a éilítear cheana féin ar leanaí atá trí bliana déag d’aois nó os a chionn. Mhol siad freisin go dtabharfaí é sin isteach do leanaí sa trí1 rang agus os a chionn i mbunscoileanna. Tá sé curtha in i1l acu go bhfuil an beart sin á thabhairt isteach ar bhonn sealadach agus go bhfuil athbhreithni1 le déanamh air i lár mhí Feabhra 2022.
Treoir maidir le maisc/cumhdaigh aghaidhe i mBunscoileanna
Fi1 má tá masc á chaitheamh ag duine, ní chiallaíonn sé sin nach gá fanacht sa bhaile má tá comharthaí á léiri1 ag an duine sin.
Maisc/cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh
Is gá do dhaltaí atá i rang a trí nó os a chionn i mbunscoileanna masc/cumhdach aghaidhe a chaitheamh. Tá na díol1intí uaidh sin leagtha amach thíos.
Maisc/cumhdaigh aghaidhe
Feidhmíonn maisc/cumhdaigh aghaidhe mar bhac a chuidíonn le cosc a chur ar bhraoiníní riospráide gluaiseacht isteach san aer agus ar aghaidh chuig daoine eile nuair atá an duine a bhfuil an masc/cumhdach aghaidhe á chaitheamh aige/aici ag casachtach, ag sraothartach, ag caint, nó nuair a ardaíonn an duine a g(h)uth. Dá bhrí sin, tá sé i gceist go gcuirfeadh maisc/cumhdaigh aghaidhe cosc ar scaipeadh an víris ón duine atá á gcaitheamh (agus an seans ann nach bhfuil a fhios ag an duine sin go bhfuil sé/sí ionfhabhtaithe) chuig daoine a bhfuil dl1th-theagmháil acu leo.
Níor cheart go mbeadh manaí/lógónna/íomhánna ar bith a d'fhéadfadh cur as do bhall ar bith de phobal na scoile nó a bhféadfaí a mheas go bhfuil siad maslach do bhall ar bith de phobal na scoile ar mhaisc/chumhdaigh aghaidhe.
Scáthláin
Tá maisc/cumhdaigh aghaidhe níos éifeachtaí ná scáthláin. Sna cásanna annamha nach féidir masc/cumhdach aghaidhe a chaitheamh ní mór smaoineamh ar scáthláin thrédhearcacha a 1sáid.
Díolúintí
Ní mór teastas dochtúra a dheimhníonn go mbaineann duine le ceann de na catagóirí atá ar an liosta thíos a sholáthar don scoil thar ceann duine (dalta) ar bith a mhaíonn go bhfuil sé/sí clúdaithe ag an díolúintí thíos:
- Aon duine a bhfuil deacracht análaithe nó fadhbanna sláinte eile atá ábhartha aige nó aici.
- dalta ar bith nach bhfuil ábalta an cumhdach aghaidhe éadaigh nó an scáthlán a bhaint de/di gan c1namh a fháil
- dalta ar bith a bhfuil riachtanais speisialta aige/aici agus a d'fhéadfadh a bheith trí chéile nó an-mhíchompordach agus an cumhdach aghaidhe éadaigh nó an scáthlán á chaitheamh aige/aici, mar shampla daltaí atá faoi mhíchumas intleacht1il nó forbartha, a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte, fadhbanna céadfacha nó mothálacht thadhlach ag cur as dóibh.
Is iad na scoileanna féin is fearr atá ábalta na leanaí sin a bhfuil a riachtanais chomh casta sin go bhféadfadh sé nach mbeadh ar a gcumas cumhdach aghaidhe a chaitheamh a aithint, agus é sin a phlé le tuismitheoirí de réir mar is gá. I gcásanna den chineál sin, d’fhéadfadh sé nár ghá don scoil teastas dochtúra a sholáthar chun díolúine ó chaitheamh cumhdach aghaidhe a thabhairt. I gcásanna eile nach ndéantar teastas dochtúra a sholáthar ní thabharfar cead isteach sa scoil don duine sin (ball foirne nó dalta).
Treoracha maidir le maisc/cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh go héifeachtach
- Ba cheart do scoileanna eolas a sholáthar maidir le cumhdaigh aghaidhe a 1sáid i gceart, a bhaint díot agus a ní. Is féidir comhairle maidir le cumhdaigh aghaidhe a 1sáid i gceart a fháil anseo.
- Ba cheart a mheabhr1 do na daltaí go léir gan baint leis an gcumhdach aghaidhe agus a gcuid lámha a ní nó a dhíghalr1 (agus an díghalrán lámh á 1sáid acu) sula gcuirfidh siad orthu an cumhdach aghaidhe agus i ndiaidh dóibh é a bhaint díobh.
- Ba cheart maisc/cumhdaigh aghaidhe a stóráil i spás ainmnithe, mar shampla, i gcoimeádán nó i mála a bhfuil lipéad ar leith air.
- Ba cheart cumhdaigh aghaidhe éadaigh a ní i ndiaidh gach lae a bhfuil siad á n-1sáid agus/nó sula n-1sáidfear arís iad, nó má tá salachar le feiceáil orthu.
- Níor cheart maisc/cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh má tá siad fliuch. D'fhéafadh sé a bheith deacair anál1 má tá cumhdach aghaidhe éadaigh atá fliuch á chaitheamh ag duine.
Daltaí a bhfuil iompar scoile á úsáid acu
Ní mór do dhaltaí sa trí1 rang agus uaidh sin suas ar an scéim iompair scoile do bhunscoileanna maisc/cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh faoi réir na ndíol1intí thuas.
Ranganna measctha i seomraí aonair
I gcás go bhfuil ranganna measctha, e.g. an dara agus an trí1 rang i seomra ranga amháin, ba cheart do scoileanna a thabhairt faoi deara nach gá ach do dhaltaí sa trí1 rang agus os a chionn sin maisc aghaidhe a chaitheamh. Mar sin féin, ar aon dul leis an gcomhairle a tugadh roimhe seo, níl aon bhac ar thuismitheoirí daltaí eile arbh fhearr leo go mbeadh masc aghaidhe á chaitheamh ag an gcuid leanaí é sin a dhéanamh.
Maisc aghaidhe a sholáthar
Ba cheart a mholadh do thuismitheoirí maisc aghaidhe a oireann i gceart dóibh a fháil dá gcuid leanaí agus ar maisc iad a mbeidh an leanbh compordach á gcaitheamh. I gcás go ndéanann leanbh dearmad ar an masc, nó go gcailleann siad é nó go ndéanann siad damáiste dó le linn an lae scoile, ba cheart go mbeadh dóthain soláthair ag an scoil chun go bhféadfadh an leanbh masc eile a chaitheamh ina ionad ar fhaitíos go dteastódh cumhdach aghaidhe c1ltaca le linn an lae nó go dteastódh sé ar bhonn lean1nach.