Treoir maidir le Gráid Ríofa do Scoláirí na hArdteistiméireachta 2020
- Foilsithe: 8 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 6 Meán Fómhair 2020
- Réamhrá
- Cad is grád ríofa ann?
- Prionsabail atá mar bhonn agus mar thaca ag an gcóras grád ríofa
- Na príomhchéimeanna sa phróiseas chun teacht ar ghrád ríofa
- Ról na scoile
- Meastachán an mhúinteora
- Ailíniú scoile ar mharcanna
- Príomhoide na scoile ag déanamh maoirseachta ar an bpróiseas marcanna/rangaithe
- Marcanna agus ranguithe measta a tharchur le haghaidh caighdeánaithe náisiúnta
- Caighdeánú náisiúnta ag baint úsáide as modhanna staidrimh
- Oibiachtúlacht agus cothroime a chinntiú
- Gráid ríofa 2020
- 13. Eolas agus Acmhainní
Réamhrá
Mar gheall ar ghéarchéim Covid-19, ní féidir scrúduithe na hArdteistiméireachta a reáchtáil go slán sábháilte i mí Iúil/Lúnasa 2020 mar a bhí beartaithe. De bharr ceanglas fisiceach agus praiticiúil atá ann cheana féin agus a bhfuiltear ag súil leo chun sláinte gach saoránach a chosaint ní féidir na scrúduithe a chur ar siúl.
Aithníonn an tAire Oideachais agus Scileanna an gá atá le héascaíocht a dhéanamh do scoláirí sa rang Ardteistiméireachta in 2020 maidir lena ndul chun cinn chuig breisoideachas nó ardoideachas nó saol na hoibre. Chun é seo a bhaint amach sna cúinsí reatha, tá córas grád ríofa á thairiscint aige.
Cad is grád ríofa ann?
Is é atá i gceist le Grád Ríofa grád is féidir a chur ar fáil do scoláirí tar éis faisnéis ón scoil faoi fheidhmíocht ionchasach an scoláire i scrúdú agus sonraí náisiúnta atá ar fáil maidir le feidhmíocht scoláirí i scrúduithe thar thréimhse ama a thabhairt le chéile.
Faightear grád ríofa ó thoradh comhcheangal dhá thacar sonraí:
- Meastachán scoilbhunaithe ar mharc céatadáin agus rangú foriomlán a bhronnfar ar scoláire in ábhar ar leith.
- Sonraí atá ar fáil ón Roinn Oideachais agus Scileanna – áirítear leis seo sonraí maidir le feidhmíocht na scoláirí i ngach scoil agus go náisiúnta.
Is féidir le comhcheangal na dtacar sonraí seo a dhéantar trí phróiseas caighdeánaithe náisiúnta, déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, an grád atá le bronnadh ar gach scoláire i ngach ábhar a chinneadh, rud a fhágann go bhfuil grád ríofa ann.
Prionsabail atá mar bhonn agus mar thaca ag an gcóras grád ríofa
Tá an córas grád ríofa atá á thairiscint bunaithe ar na príomhphrionsabail seo a leanas:
- Gairmiúlacht an mhúinteora: Tá aithne ag múinteoirí ar a gcuid scoláirí agus is féidir leo a gceart a thabhairt d’fhachtóirí éagsúla maidir le teacht ar bhreithiúnas gairmiúil i dtaobh feidhmíocht ionchasach a gcuid scoláirí. Tá a gcód cleachtais gairmiúil, atá á thacú ag luachanna an Ionracais, na hIontaoibhe, an Chúraim agus an Mheasa i gcroílár a slí oibre i scoileanna d’fhonn na torthaí is fearr dá gcuid scoláirí a chinntiú.
- Tacaíocht do scoláirí: Cinntíonn an córas grad ríofa go gcuirtear folláine na scoláirí chun cinn agus go bhfreastalaítear ar an ngá atá le deimhniú bailí a thabhairt do scoláirí.
- Oibiachtúlacht: Beidh múinteoirí agus scoileanna oibiachtúil ina gcuid measúnaithe ar fheidhmíocht ionchasach an scoláire agus glacfaidh siad san áireamh raon fianaise chun tacú leis na breithiúnais a dhéantar. Oibreoidh scoileanna agus múinteoirí le chéile lena chinntiú nach n-imríonn aon chlaonadh, cibé acu go comhfhiosach nó go neamhfhiosach, tionchar ar na cinntí a dhéantar maidir le feidhmíocht ionchasach an scoláire,
- Cothroime agus cothromas: Déanfaidh scoileanna agus múinteoirí a ndícheall chun cothroime agus cothromas a bhaint amach ar an mbealach a gcuireann siad an próiseas i bhfeidhm ar leibhéal na scoile.
- Comhoibriú: Úsáidfear cur chuige comhoibríoch i scoileanna chun a chinntiú go gcuirfear gach céim den phróiseas i gcrích.
- Amlínte: Cinnteoidh scoileanna agus múinteoirí go mbainfear amach na spriocdhátaí atá leagtha síos chun na próisis in-scoile a chríochnú agus go gcríochnófar gach céim laistigh den chreat ama ainmnithe.
Na príomhchéimeanna sa phróiseas chun teacht ar ghrád ríofa
Tá dhá phríomhchéim sa phróiseas chun teacht ar ghrád ríofa:
• Céim scoilbhunaithe
• Céim um chaighdeánú náisiúnta
Tá an dá chéim mar bhonn agus taca ag na prionsabail a luaitear thuas. Ina theannta sin, ar mhaithe le cothroime do na scoláirí Ardteistiméireachta go léir, beidh an rogha ag gach scoláire i gcónaí dul faoi scrúduithe na hArdteistiméireachta nuair is féidir iad a chur ar siúl.
Baineann an próiseas chun teacht ar ghrád ríofa leo seo a leanas:
- Ábhair na hArdteistiméireachta bunaithe
- An Ardteistiméireacht Fheidhmeach – ábhair, tascanna agus speisialtóireachtaí gairme
- Gairmchlár na hArdteistiméireachta - Nascmhodúil
Ról na scoile
Is é ról na scoile marcanna agus ranguithe a chur ar fáil a léiríonn:
- Meastachán ar an marc céatadáin i ngach ábhar ar dócha a bheadh bainte amach ag gach iarrthóir ar leith dá mbeadh sé nó sí tar éis dul faoi scrúdú Ardteistiméireachta in 2020 faoi ghnáthchúinsí
- Rangú ranga do gach scoláire i ngach ábhar – i.e. liosta de na hiarrthóirí go léir i ngach rang le haghaidh ábhar ar leith i rang in ord a leibhéal measta gnóthachtála.
Agus na marcanna agus na ranguithe measta thuas á soláthar, beidh ceithre phríomhchéim scoilbhunaithe ann:
- Meastachán an mhúinteora ar mharcanna agus ranguithe scoláirí
- Ailíniú scoile ar mharcanna d'ábhar trí ghrúpa ailínithe ábhair ina bhfuil múinteoirí atá ag múineadh an ábhair do scoláirí Ardteistiméireachta i mbliana
- Maoirseacht ar an bpróiseas ailínithe ag príomhoide na scoile
- Na marcanna agus na ranguithe don chaighdeánú náisiúnta a tharchur.
Mínítear gach ceann de na céimeanna seo go mion thíos.
Meastachán an mhúinteora
Tá corpas taighde láidir ann ina ndeimhnítear cumas múinteoirí breithiúnais ghairmiúla chruinne a dhéanamh maidir le scoláirí a rang-ord laistigh dá ngrúpaí ranga agus marcanna measta a shannadh, go háirithe i gcás ina bhfuil eolas maith acu ar chineál, struchtúr agus éilimh an scrúdaithe nó na tástála.
Sa chéim seo den phróiseas, iarrfar ar mhúinteoir gach ranga Ardteistiméireachta an méid seo a leanas a chur ar fáil:
- A m(h)eastachán ar an marc céatadáin dá (h)ábhar ar dóichí a bheadh bainte amach ag gach iarrthóir ar leith dá mbeadh sé/sí tar éis dul faoi scrúdú na hArdteistiméireachta in 2020 mar ba ghnách
- Rang-ord ranga - is é sin, liosta de na hiarrthóirí go léir i rang dá g(h)rúpa ranga áirithe féin san ábhar de réir ord leibhéil ghnóthachtála réamh-mheasta gach iarrthóra.
6.1 Cad atá mar bhonn eolais ag marcanna agus ranguithe measta an mhúinteora?
Agus iad ag teacht ar a mbreithiúnais, ba cheart do mhúinteoirí leas a bhaint as taifid atá ann cheana agus as fianaise atá ar fáil. Tá sé tábhachtach go bhfuil na breithiúnais oibiachtúil, agus níor cheart dóibh ach faisnéis faoi fheidhmíocht na scoláirí a chur san áireamh. Áireofar leis sin an méid seo a leanas, má tá siad ar fáil:
- Taifid ar fheidhmíocht gach scoláire le linn an staidéir, lena n-áirítear, mar shampla, tascanna, tionscadail agus obair phraiticiúil
- Feidhmíocht i measúnuithe ranga ar bith, mar shampla, scrúduithe tí, scrúduithe Nollag, scrúduithe samhraidh agus (le foláirimh) scrúduithe bréige a glacadh le linn an staidéir
- Feidhmíocht ar aon chomhpháirt oibre cúrsa, fiú mura bhfuil sé seo críochnaithe go hiomlán
- Torthaí roimhe seo sa scoil san ábhar seo
- Leibhéal na feidhmíochta a thug an múinteoir faoi deara i scoláirí na bliana seo i gcomparáid leo siúd sna blianta roimhe seo
- Aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le feidhmíocht na scoláirí.
6.2 An bhfuil measúnuithe breise ag teastáil?
Beidh breithiúnas an mhúinteora bunaithe ar fhianaise ar fhoghlaim agus gnóthachtáil ar nós a léirítear thuas go dtí am dúnta na scoile. Ní dhéanfaidh múinteoirí measúnuithe breise chun marc céatadáin measta a chinneadh.
6.3 Cad mar gheall ar obair a rinne nó nach ndearna scoláirí ó dhún scoileanna i mí an Mhárta?
Sa chás go bhfuil obair bhreise críochnaithe ó dúnadh na scoileanna ar an 13 Márta, molfar do mhúinteoirí a bheith cúramach má thugann an obair sin le fios go bhfuil athrú tagtha ar fheidhmíocht. I mórán cásanna, is dócha go léireoidh sé seo na cúinsí agus an comhthéacs ina ndéantar an obair seachas an méid a d'fhéadfadh tarlú dá mbeadh gach rud faoi mar ba ghnách. Ní chuirfidh an focal faire seo maidir leis an méid a tharla ó dúnadh na scoileanna a léirmhíniú cosc ar mhúinteoirí, ar ndóigh, an leibhéal tiomantais bhreise a bhíonn ag go leor scoláirí sa tréimhse roimh na scrúduithe de ghnáth a ghlacadh san áireamh.
6.4 Roinnt saincheisteanna a bhaineann go sonrach le hábhar
Tá níos mó ná comhpháirt scrúdaithe amháin ag formhór na n-ábhar - mar shampla, obair chúrsa, dhá pháipéar scríofa, scrúdú ó bhéal nó scrúdú praiticiúil. Ba chóir do mhúinteoirí a ghnáth-ualú a thabhairt do gach comhpháirt do scrúdú na hArdteistiméireachta agus marc foriomlán amháin a chur ar fáil i leith an ábhair ina iomláine seachas marc ar leith ar gach comhpháirt.
6.4.1 Teangacha agus ceol
Agus meastacháin á ndéanamh acu maidir le hábhair teanga, ba cheart do mhúinteoirí iad a bhunú ar an toimhde go mbeifí tar éis comhpháirt an bhéalscrúdaithe a chur ar siúl mar is gnách. Mar an gcéanna, maidir le Ceoil, ba chóir do mhúinteoirí an meastachán a bhunú ar an toimhde go mbeifí tar éis an tástáil ar léiriú a chur ar siúl agus gur léirigh an t-iarrthóir de réir an chaighdeáin a mbeifí ag súil leis uaidh/uaithi.
Bhí an socrú níos luaithe (a cuireadh in iúl i mí an Mhárta) go mbronnfaí marcanna iomlána i leith na mbéaltrialacha agus na dtástálacha ar léiriú ceoil bunaithe ar na scrúduithe scríofa a bheith á gcur ar siúl ar siúl i rith an tsamhraidh. Ós rud é nach rachaidh na scrúduithe ar aghaidh, ní bheidh feidhm ag an socrú sin.
6.4.2 Ábhair le hobair chúrsa
I gcás obair chúrsa atá críochnaithe cheana féin, ba chóir go n-ionchorpródh meastachán foriomlán an mhúinteora an marc a bhainfí amach leis an obair chúrsa seo ina t(h)uairim dá mbeadh sé marcáilte ar an ngnáthshlí.
6.4.3 Ag freagairt trí Ghaeilge
I gcás scoláirí a iontráladh chun a gcuid scrúduithe a dhéanamh trí Ghaeilge, ba chóir don mhúinteoir meastachán ar fheidhmíocht dhóchúil an scoláire a bhunú ar an toimhde go bhfuil an bónas seo san áireamh sa mheastachán. Mura bhfuil an múinteoir cinnte conas an bónas a chur i bhfeidhm dá (h)ábhar, tá eolas ar fáil ag www.education.ie.
6.5 Cothroime agus cothromas
Mar a luadh i gCuid 3 den Treoir seo, tá prionsabail an chothromais, na cothroime agus na hoibiachtúlachta fíorthábhachtach sa chóras grád ríofa. Ba chóir do mhúinteoirí a ndícheall a dhéanamh a bheith ar a n-airdeall i gcónaí maidir le foinsí claontachta féideartha nach dtugtar faoi deara agus a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar na meastacháin.
Mar shampla, léiríonn taighde go bhféadfadh taithí agus dearcthaí an mhúinteora ar iompar an scoláire sa seomra ranga nó a c(h)uid eolais faoi chúlra socheacnamaíoch nó teaghlaigh scoláire tionchar a imirt ar mheastacháin an mhúinteora ar fheidhmíocht scoláire. Trí bheith airdeallach ar fhoinsí claontachta den tsórt seo nach dtugtar faoi deara, is féidir le múinteoirí díriú go hoibiachtúil ar fhaisnéis a bhaineann go soiléir le gnóthachtáil san ábhar seachas le fachtóirí eile.
Má bhaineann fíor-choinbhleacht leasa nó coinbhleacht leasa bhraite le marc measta a thabhairt do scoláire ar leith (ar nós dlúthghaoil) i rang an mhúinteora, díreoidh an múinteoir aird an phríomhoide air seo. Déanfaidh múinteoir ainmnithe agus leas-phríomhoide maoirseacht bhreise i gcásanna mar seo. Má tharlaíonn coinbhleacht leasa mar seo do phríomhoide atá ag múineadh an scoláire, cuirfidh sí/sé é seo in iúl don leas-phríomhoide.
6.6 Cóiríocht réasúnta do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
Sa chás go bhfuil cóiríocht réasúnta ar bith ceadaithe d'aon scoláire (ar nós léitheora nó scríobhaí), bunóidh an múinteoir meastachán ar fheidhmíocht dhóchúil an scoláire ar an toimhde go mbeifí tar éis an chóiríocht seo a chur ar fáil.
6.7 Scoláirí nua sa rang nó sa scoil
Má chuaigh scoláire isteach sa rang ó rang eile sa scoil, rachaidh an múinteoir i gcomhairle leis an múinteoir roimhe seo agus gheobhaidh sé cibé taifid ábhartha atá aige nó aici. Má chuaigh an scoláire isteach sa rang ó scoil eile, agus má tá an tréimhse ama chomh mór sin go measann an múinteoir nach bhfuil dóthain fianaise aige/aici chun breithiúnas fónta a dhéanamh, ba chóir dó/di dul i gcomhairle le bainistíocht na scoile maidir le faisnéis bhreise a fháil ón scoil ina raibh an scoláire roimhe seo. B'fhéidir nach féidir é seo a fháil, agus sa chás sin beidh ar an múinteoir an breithiúnas is fearr is féidir leis/léi a thabhairt i gcónaí ar an bhfaisnéis atá ar fáil.
Ailíniú scoile ar mharcanna
Sa chéim seo den phróiseas, déanann múinteoirí ábhair athbhreithniú le chéile ar scóir mheasta na múinteoirí do scoláirí atá ag glacadh an ábhair sin. Tar éis na gné seo den phróiseas ailínithe, tabharfaidh gach múinteoir na scóir mheasta agus rang-ord a gcuid scoláirí sa rang chun críche. Mura bhfuil ach múinteoir amháin don ábhar sa scoil, déanann an múinteoir ábhair an próiseas ailínithe in-scoile le Leas-Phríomhoide na scoile.
7.1 Cad is cuspóir d’ailíniú scoile ar mharcanna?
Is é is cuspóir d’ailíniú scoile ar mharcanna a chinntiú:
- go gcuireann gach múinteoir an próiseas chun scóir a mheas agus rang-ord scoláirí laistigh den rang a dhéanamh i bhfeidhm i gceart
- Comhfhreagraíonn an marc measta a bhronn múinteoir agus an rang-ord go díreach dá chéile
- Tá caighdeáin seasmhacha in úsáid ag múinteoirí agus iad ag cur scóir mheasta le chéile; mar sin, tá seans ann go mbeidh difríochtaí idir patrúin sroichinte na scoile i ranganna difriúla atá ag déanamh an ábhair céanna sa scoil céanna.
7.2 Conas a eagraítear próiseas ailíniú scoile?
Roimh an bpróiseas ailínithe, dréachtaíonn gach múinteoir ábhair na scóir mheasta tosaigh agus an rang-ord do gach duine dá c(h)uid scoláirí agus grúpaí ranga. Beidh rang-ordú ar leith ag teastáil le haghaidh ardleibhéil, gnáthleibhéil agus bunleibhéil má bhaineann.
7.2.1 Cad a tharlaíonn le linn an phróisis ailínithe?
Cuirtear rannpháirtíocht chomhairliúcháin na múinteoirí uile lena mbaineann ar bun. Ba cheart an próiseas ailínithe a dhearadh ar shlí a chuireann ar chumas múinteoirí ábhar ar leith (an grúpa um ailíniú ábhair) athmhachnamh agus plé grúpa a dhéanamh atá dírithe ar a chinntiú go bhfuil an próiseas chun teacht ar mharcanna agus rang-ord measta curtha i bhfeidhm i gceart agus go bhfuil na marcanna ailínithe i gceart.
7.2.3 Cad é an chéad chéim eile sa phróiseas ailínithe?
Tar éis na rannpháirtíochta comhairliúcháin déanann gach múinteoir athbhreithniú ar thacair sonraí a g(h)rúpa ranga (i.e. marcanna agus ranguithe measta), déanann sé/sí coigeartú más gá, agus críochnaíonn sé/sí foirm mharcála críochnaithe do gach scoláire sa ghrúpa ranga. Cuirtear na foirmeacha scoláire ar leith seo agus an fhoirm rang-oird don ghrúpa ranga, agus í comhlánaithe, faoi bhráid phríomhoide na scoile tríd an ngrúpa um ailíniú ábhar mar thoradh ar an bpróiseas ailíniú ábhar.
Príomhoide na scoile ag déanamh maoirseachta ar an bpróiseas marcanna/rangaithe
Is é an tríú céim scoilbhunaithe i soláthar marcanna agus ranguithe go ndéanann príomhoide na scoile maoirseacht ar phróiseas na marcanna agus an rangaithe. I gcomhréir le prionsabail na cothroime, an chothromais agus na hoibiachtúlachta, déanann an príomhoide athbhreithniú ar an bpróiseas a chuirtear i bhfeidhm ar bhailiú sonraí chun a chinntiú go gcaitear go cothrom le scoláirí ar leith agus chun a chinntiú go gcuirtear aonfhoirmeacht ó thaobh caighdeáin de i bhfeidhm laistigh den scoil agus i gcásanna ina ndéantar níos mó ná grúpa ranga amháin a iontráil le haghaidh ábhair. Maidir leis seo, cinnteoidh an príomhoide go bhfuil caighdeáin chomhchosúla á gcur i bhfeidhm ag múinteoirí éagsúla an ábhair céanna laistigh den scoil.
Sa chéim seo den phróiseas déanann an príomhoide na nithe seo a leanas:
- Déanann athbhreithniú ar na tacair sonraí a chuir na grúpaí um ailíniú ábhair faoina b(h)ráid
- Dearbhaíonn dó/di féin go raibh an próiseas cothrom cóir go dtí an pointe sin
- I gcás ina ndealraíonn an scéal go bhfuil aimhrialtacht nó earráid tagtha chun cinn, cuireann sé/sí tacar sonraí ar ais chun go ndéanfadh an grúpa um ailíniú ábhar tuilleadh athbhreithnithe air. I gcúinsí den sórt sin, níl ról ag an bpríomhoide maidir le marc nó rangú measta scoláire a athrú; is é a ról ná na marcanna/ranguithe a ceistíodh a thabhairt ar ais chuig an ngrúpa um ailíniú ábhair chun go ndéanfaí tuilleadh athbhreithnithe orthu.
8.1 Cad iad na forais ar a bhféadfaidh príomhoide tacair sonraí a thabhairt ar ais le haghaidh tuilleadh athbhreithnithe?
Féadfaidh príomhoide na tacair sonraí a chur ar ais chuig an ngrúpa um ailíniú ábhair chun go ndéanfaí tuilleadh athbhreithnithe orthu má chreideann sé/sí go réasúnach go bhféadfadh feidhm a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:
- Má bhí locht i dtaobh nós imeachta sa phróiseas suas go dtí an bpointe seo - mar shampla mí-ailíniú idir an marc measta agus an rang-ord i gcás grúpa ranga
- Má bhí neamhréireachtaí gan mhíniú sna tacair sonraí a cuireadh isteach tar éis chéim ailínithe an ábhair
- Má tá fianaise fhíor-láidir ann nach bhfuil marc measta an scoláire ag teacht le heolas na scoile ar ghnóthachtáil an scoláire ó réimse foinsí (Féach Cuid 6.1. thuas)
- Má tá fianaise ann go bhfuil easpa oibiachtúlachta (i.e. claontacht, idirdhealú, tionchar míchuí) sna nósanna imeachta mar a chuirtear i bhfeidhm iad.
I gcásanna ina gcuireann an príomhoide na tacair sonraí ar ais chuig an ngrúpa um ailíniú ábhair chun tuilleadh breithnithe a dhéanamh orthu cuireann an príomhoide an chúis/na cúiseanna/forais shonraithe in iúl gur tugadh na sonraí ar ais. Tá na forais shonraithe teoranta do cheann amháin nó níos mó de na forais thuas. Déanfaidh an grúpa an foras nó na forais shonraithe a bhreithniú, déanfaidh sé coigeartuithe riachtanacha ar bith agus cuirfidh sé a bhreithniú deiridh ar ais chuig an bpríomhoide.
Marcanna agus ranguithe measta a tharchur le haghaidh caighdeánaithe náisiúnta
Cuireann an príomhoide na tacair sonraí críochnaithe faoi bhráid na ROS (b’fhearr é seo a dhéanamh faoi dheireadh mhí Bhealtaine 2020).
Caighdeánú náisiúnta ag baint úsáide as modhanna staidrimh
Léiríonn taighde, ós rud é go ndéantar breithiúnais mhúinteoirí i gcomhthéacs gach scoile, gur gá iad a scrúdú agus a choigeartú ar leibhéal náisiúnta chun inchomparáideacht a chinntiú ar fud scoileanna éagsúla agus go gcuirtear caighdeán náisiúnta comhchoiteann i bhfeidhm.
10.1 Conas a úsáidfear sonraí scrúduithe stairúla sa phróiseas?
Déanfar na sonraí a fhaightear sa scoil a chomhcheangal le sonraí stairiúla atá ar fáil ón Roinn trí phróiseas ar a dtugtar caighdeánú chun an grád ríofa a ghiniúint do na scoláirí san ábhar. Tabharfaidh an próiseas caighdeánaithe seo an dá thacar sonraí i gcomhréir lena chéile agus úsáidfear iad chun a chinntiú go léiríonn na gráid ríofa caighdeáin atá ailínithe i gceart ar fud scoileanna agus le caighdeán náisiúnta comhchoiteann.
10.2 Cad a tharlaíonn do shonraí na scoile sa phróiseas seo?
Caomhnaítear an rang-ord laistigh den ghrúpa ranga sa phróiseas staitistiúil. Mar sin féin, déanfar marcanna measta na múinteoirí ó gach scoil a choigeartú chun iad a thabhairt i gcomhréir le dáileadh ionchais na scoile. Ní chuirfidh an phróisis chaighdeánaithe aon mharc réamhshocraithe ar aon scoláire in aon rang nó scoil. Tiocfar ar dháiltí ionchais gach scoile ón anailís staitistiúil ar na tacair sonraí stairiúla uile de chuid na Roinne. Leis na tacair sonraí seo is féidir ríomhanna maithe a dhéanamh ar dháiltí na marcanna ar féidir a bheith ag súil leo do gach scoil agus go náisiúnta.
Ar na tacair sonraí ábhartha ón Roinn a thacaíonn leis an bpróiseas áirítear sonraí marcanna ag:
- Leibhéal náisiúnta le haghaidh scrúduithe na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh araon in 2019 agus i mblianta roimhe sin;
- Leibhéal scoile le haghaidh scrúduithe na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh araon in 2019 agus i mblianta roimhe sin;
- Leibhéal na n-iarrthóirí le haghaidh scrúduithe na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh araon in 2019 agus i mblianta roimhe sin;
- Leibhéal na n-iarrthóirí le haghaidh thorthaí an Teastais Shóisearaigh atá ag grúpa na n-iarrthóirí Ardteistiméireachta in 2020.
10.3 Sonraí leibhéal na scoile a phróiseáil
Roimh na marcanna measta a fháil ó scoileanna, baileofar an t-eolas ar fheidhmíocht na scoile le blianta beaga anuas and an t-eolas faoi láidreachtaí agus laigí an ghrúpa scoláirí, agus úsáidfear an t-eolas seo le leibhéil ghnóthachtála réamh-mheasta gur dóigh go gheobhadh gach iarrthóra sa ghrúpa scoláirí sin in aon ábhar amháin dá ndéanfaí an Ardteistiméireacht mar is gnáth, a bhaint amach.
Cuirtear an t-eolas sin le chéile leis na meastacháin atá curtha ar fáil ag na scoilenna le teacht ar an an toradh is cothroma.
críochnófar anailís mhionsonraithe ar bhonn ábhar-ar-ábhar agus scoil-ar-scoil ar a fheabhas agus a chruthaigh scoláirí ó gach scoil san ábhar sin le blianta beaga anuas mar chuid den phróiseas náisiúnta caighdeánaithe.
Baileofar marcanna measta agus rang-oird ó scoileanna. Úsáidfear an dáileadh ríofa ionchais tosaigh marcanna don scoil chun na marcanna measta a chuir an scoil isteach a choigeartú, sa phróiseas caighdeánaithe. Chun teacht ar an dáileadh seo, cuirfear sonraí feidhmíochta don scoil agus d’iarrthóirí an ghrúpa 2020 atá ann cheana féin san áireamh.
Tar éis an phróisis chaighdeánaithe, déanfar na marcanna ríofa a thiontú ina ngrád ríofa, agus eiseofar na gráid seo d'iarrthóirí. Cuirfear na gráid ríofa in iúl ar an tslí céanna a ndéantar faoi láthair é maidir le gráid na hArdteistiméireachta – H1 srl.
10.4 Gráid ríofa a eisiúint
Eiseofar na torthaí sealadacha go luath i mí Mheán Fómhair (dáta atá le deimhniú níos gaire don am), cuirfear chuig córas na Lár-Oifige Iontrála iad agus eiseofar deimhniú in am trátha.
Oibiachtúlacht agus cothroime a chinntiú
11.1 Próiseáil marcanna/ranguithe measta na scoile
Is iad tiomantas d'oibiachtúlacht agus cothroime atá ag croílár na gcéimeanna caighdeánaithe scoilbhunaithe agus náisiúnta araon ar an gcóras grád ríofa. Chun é seo a chinntiú, ní mór gan an próiseas scoilbhunaithe a chur i mbaol.
Dá bhrí sin, ní cóir don phríomhoide, leas-phríomhoide/leas-phríomhoidí, do mhúinteoirí ná do bhaill eile d'fhoireann na scoile plé a dhéanamh ar na marcanna measta atá á cur isteach ag an scoil le scoláire ar bith ná le tuismitheoirí ná le caomhnóirí aon scoláire. Tá dhá chúis leis seo:
- Ní gá gurb é an marc a shannann an scoil an marc deiridh a gheobhaidh an scoláire sin agus dá bhrí sin chuirfí an scoláire amú dá bhfaigheadh sé/sí an marc sula mbeidh na próisis ghrád ríofa críochnaithe
- Dá gceadófaí rochtain agus plé ar ghráid mheasta sula gcríochnófaí an próiseas grád ríofa, chuirfí isteach ar chur i gcrích ceart cothrom an phróisis. Dá bpléifeadh múinteoirí na marcanna le scoláirí áirithe gan iad a phlé le scoláirí eile agus dá ndéanfadh roinnt múinteoirí é seo agus ní dhéanfadh múinteoirí eile é, d'fhéadfadh tionchar a bheith ag na pléití seo (go comhfhiosach nó go neamhfhiosach) ar an marc a chuireann an múinteoir faoi bhráid an ghrúpa um ailíniú ábhair, é sin nó d’fhéadfaí iad a léiriú nó a léirmhíniú mar phléití a dhéanann a leithéid.
Tar éis na torthaí a bheith eisithe, beidh na scoláirí in ann an marc deiridh a fheiceáil as ar eascair a gcuid grád.
11.2 Achomhairc
Is féidir le hiarrthóir achomharc a dhéanamh ar a g(h)ráid ríofa.
Bainfidh próiseas trí chéime leis an bpróiseas achomhairc:
- Céim 1: Déantar seiceálacha gur cuireadh na sonraí isteach i gceart ag leibhéal na scoile agus gur aistríodh i gceart iad sa chóras bailiú sonraí
- Céim 2: Athbhreithniú go bhfuarthas na sonraí mar ba chóir agus gur phróiseáil an Roinn i gceart iad ag baint úsáid as an bpróiseas caighdeánaithe náisiúnta.
- Céim 3: Má tá iarrthóir fós míshásta tar éis fógra a fháil faoi thoradh an dá chéim thuas, is féidir leo athbhreithniú trí scrúdaitheoirí neamhspleácha achomhairc a fháil.
Ina theannta sin, socróidh an ROS go ndéanfaidh saineolaí neamhspleách idirnáisiúnta nach bhfuil aon bhaint aige/aici le dearadh samhail na ngrád ríofa bailíochtú foriomlán ar an tsamhail agus ar oibriú an chórais achomhairc freisin.
Ar deireadh, bheadh deis ag iarrthóirí atá míshásta le toradh an ghráid ríofa a bronnadh i gcónaí dul faoi ghnáthscrúdú scríofa Ardteistiméireachta san ábhar/sna hábhair nuair is féidir gnáthscrúduithe a chur ar siúl. Má chuaigh iarrthóir faoi scrúdú den sórt sin agus má bhain sé/sí amach grád níos airde ná a g(h)rád ríofa:
- leasófar na torthaí luaite a tugadh don iarrthóir
- dá mba rud é go mbeadh an t-iarrthóir i dteideal tairiscint níos airde a fháil ar chúrsa Lár-Oifige Iontrála de bharr a g(h)rád a bheith níos fearr, d'éascófaí dó/dí an áit sin a ghlacadh a luaithe is féidir.
Chomh maith leis sin, beidh saineolaí neamhspleách nach bhfuil baint aige/aici leis an gcaoi go gcuireadh an múnla ghráid mheasta le chéile, le dearbhú ginearálta a dhéanamh ar an múnla, lena n-áirítear an bhainistíocht ar an bpróiseas achomhairc.
Gráid ríofa 2020
Mar fhocal scoir, ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil gráid ríofa á dtairiscint mar rogha do scoláirí in 2020 díreach mar thoradh ar an tionchar atá ag paindéim Covid-19 ar a gcuid oideachais, tionchar nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Aithníonn an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na comhpháirtithe oideachais go léir go bhfuil gá le bearta eisceachtúla in 2020 chun measúnú a dhéanamh ar fhoghlaim na scoláirí agus chun í a dheimhniú ach nach measfar go bhfuil cur i bhfeidhm na mbeart seo ina fhasach ná ina chomhaontú chun bearta den sórt sin a oibriú sna blianta amach romhainn.
13. Eolas agus Acmhainní
Nótaí treorach – Gráid Ríofa do scoláirí na hArdteistiméireachta 2020 – Treoir do na Scoileanna ar Chéatadán Measta a Sholáthar mar Mharc agus Rang-Ordú – ar fáil do mhúinteoirí agus scoileanna ar
Beidh eolas ar fáil do scoláirí agus tuismitheoirí/caomhnóirí ag Item was unpublished or removed