Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021 - Réamhrá
- Foilsithe: 26 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2021
Réamhrá
Bhí sé mar phríomhchuspóir ag an Rialtas scrúduithe na hArdteistiméireachta in 2021 a reáchtáil chomh cosúil agus ab fhéidir leis na gnáthshocruithe i leith na scrúduithe sin. Mar sin féin, de bharr phaindéim COVID-19, agus an dianghlasáil náisiúnta le déanaí, chaill scoláirí roinnt mhaith teagaisc agus foghlama aghaidh ar aghaidh sna chéad mhíonna de 2021 agus ag deireadh scoilbhliain 2019/2020. Cé go bhfuil deiseanna iomadúla i gcomhair foghlama curtha ar fáil ag múinteoirí agus ag lucht bainistíochta scoileanna do scoláirí iar-bhunscoile le linn na tréimhse ina raibh an scoileanna dúnta, tá roinnt mhaith fianaise ann a thugann le tuiscint go bhfuil an fhoghlaim ó chian éifeachtach agus rathúil i gcás fhormhór na scoláirí ach nach bhfuil sí chomh héifeachtach céanna i gcás scoláirí eile. Mar thoradh air sin, bhí an rochtain a bhí ag scoláirí na hArdteistiméireachta ar dheiseanna teagaisc agus foghlama míchothrom agus iad ag ullmhú dá gcuid scrúduithe.
D’oibrigh an tAire Oideachais go dlúth le hionadaithe scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, údaráis bainistíochta scoileanna, Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus baill eile den Ghrúpa Comhairleach um Pleanáil do na Scrúduithe Stáit in 2021 chun iniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna a mbeidh ar scoláirí dul i ngleic leo de bharr na gcúinsí sin.
Bunaithe ar an gcomhairle sláinte poiblí atá ar fáil don Aire faoi láthair, féadfar dul ar aghaidh leis an Ardteistiméireacht agus leis an Ardteistiméireacht Fheidhmeach scríofa i mí an Mheithimh mar a bhí beartaithe, agus d’iarr an tAire ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit na scrúduithe a chur ar fáil ar bhealach a bheidh chomh cosúil agus ab fhéidir leis an ngnáthbhealach. Déanfar na comhpháirteanna breise (obair chúrsa, scrúduithe praiticiúla agus béaltrialacha) a chríochnú agus a mheasúnú freisin nuair is féidir sin a dhéanamh i gcomhréir leis na srianta a bhaineann le COVID-19.
Mar sin féin, tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach, chinn an tAire nach mbeadh sé cóir dá mbeadh ar scoláirí brath go hiomlán ar ghnáthphróiseas na hArdteistiméireachta agus nach mbeadh aon bhealach eile measúnaithe ann don Ardteistiméireacht a bheidh á déanamh acu in 2021. Tuigeann an tAire gur gá éascaíocht a dhéanamh do na scoláirí sin chun go mbeidh ar a gcumas dul ar aghaidh chuig an mbreisoideachas nó chuig an ardoideachas, chuig printíseacht nó chuig saol na hoibre trí na gnáthscrúduithe nó trí chóras Grád Creidiúnaithe. Lena chinntiú, a oiread agus is féidir, go mbeidh cothromas deiseanna ann do scoláirí, tá socruithe á ndéanamh ag an Aire chun na ceanglais reachtacha atá riachtanach a chur i bhfeidhm le go mbeidh ar chumas Choimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) córas Grád Creidiúnaithe a fheidhmiú sa bhreis ar na gnáthscrúduithe (ina mbeidh comhpháirteanna measúnaithe sa bhreis, nuair is infheidhme) do scoláirí reatha na hArdteistiméireachta.
Mar achoimre, déanfar torthaí na hArdteistiméireachta in 2021 a bhronnadh bunaithe ar an toradh is fearr as
- Feidhmíocht an scoláire sna scrúduithe Ardteistiméireachta in aon cheann de na hábhair a dhéanfaidh sé/sí, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, feidhmíocht an scoláire maidir le comhpháirteanna breise a chur i gcrích (obair chúrsa, béaltrialacha etc)
nó sin
- Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS, ar gráid iad a bhronnfar ar scoláirí i ngach ábhar bunaithe ar mheastacháin na scoileanna maidir le feidhmíocht dhóchúil scoláirí i scrúdú 2021* agus próiseas caighdeánaithe náisiúnta.
- Tabhair do d’aire go bhfuil athruithe déanta ar na scrúduithe in 2021. Féach cuid 2.1 agus na Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2021
Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021