Treoirchomhairliú i Scoileanna
- Foilsithe: 8 Lúnasa 2022
- An t-eolas is déanaí: 30 Meitheamh 2025
- Treoir san oideachas
- Comhairliúchán treorach
- Oiliúint agus cáilíochtaí do threoirchomhairleoirí in iar-bhunscoileanna
- Obair mar threoirchomhairleoir iar-bhunscoile in Éirinn
- Ciorcláin, nótaí faisnéise, uirlisí measúnachta agus foilseacháin eile
- Tacaíocht scoile fhoireann treorach Oide
- Scéim um maoirseacht ar threoirchomhairleoireacht
- Naisc chuig eolas, uirlisí agus imeachtaí a bhaineann le treoir
- Athbhreithniú Indecon ar uirlisí agus eolas gairmthreorach
- Seirbhís treorach do na Scoileanna Eorpacha
- Sonraí Teagmhála
Treoir san oideachas
Trí threoir, réitítear an bealach do dhaoine le linn a saoil chun a roghanna oideachasúla, oiliúna, gairme, pearsanta, sóisialta agus saoil a bhainistiú ionas go mbainfidh siad barr a gcumais amach ar mhaithe le sochaí níos fearr a fhorbairt.
Tagraíonn treoir i scoileanna do raon d’eispéiris foghlama, a sholáthraítear in ord forbarthach, a chabhraíonn le scoláirí scileanna féinbhainistíochta a fhorbairt, agus dá bharr sin, déanfar roghanna agus cinntí éifeachtacha faoina saol. Cuimsíonn na heispéiris sin trí réimse atá éagsúil ach nasctha le chéile, is iad sin forbairt phearsanta agus shóisialta, treoir oideachasúil, agus gairmthreoir.
Is teidlíocht í treoir in iar-bhunscoileanna de réir Alt 9 (c) den Acht Oideachais (1998), a deir go n-úsáidfidh scoileanna na hacmhainní atá ar fáil dóibh lena chinntiú go mbeidh rochtain ag scoláirí ar threoir chuí chun cabhrú leo i dtaca lena roghanna oideachais agus gairme.
Is gníomhaíocht scoile uile í treoir in iar-bhunscoileanna atá comhtháite i ngach clár scoile sa tSraith Shóisearach agus sa tSraith Shinsearach araon agus tacaíonn sí le scoláirí ón gcéad bhliain go dtí an séú bliain.
Níl aon fhoráil fhoirmiúil ann faoi láthair maidir le treoir i mbunscoileanna sa chomhthéacs ar feadh an tsaoil. Ach, laistigh den National Strategic Framework for Lifelong Guidance: Strategic Action Plan 2024-2030 atá in éineacht leis An Creat Straitéiseach Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil: Plean Gníomhaíochta Straitéiseach (2024-2030), déantar foráil i nGníomh 2.5 le ‘cur chuige scoile uile’ a thabhairt isteach i leith treorach ar leibhéal na bunscoile roimh 2030.
Comhairliúchán treorach
Grúpa Beartais Náisiúnta ag tacú le dul chun cinn na treorach ar feadh an tsaoil
Fógraíonn an tAire Foley bunú an Ghrúpa Beartais Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil
Cuireadh grúpa comhairleach ar leith le chéile chun comhairle a chur maidir leis an bhforbairt ar an gCreat Straitéiseach Náisiúnta um Threoir ar Feadh an tSaoil agus an Plean Gníomhaíochta Straitéiseach atá in éineacht leis.
Is mian leis an nGrúpa Beartais Náisiúnta buíochas a ghabháil le baill an ghrúpa chomhairligh as a n-ionchur oilte agus suntasach.
Oiliúint agus cáilíochtaí do threoirchomhairleoirí in iar-bhunscoileanna
Chun oibriú mar threoirchomhairleoir san earnáil iar-bhunscoile, tá décháilíocht ag teastáil: cáilíocht teagaisc don iar-bhunscoil (atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta) agus cáilíocht treoirchomhairleoireachta (atá aitheanta ag an Roinn Oideachais).
Cáilíochtaí Treoirchomhairleoirí
Is ionann i gcónaí, mar atá leagtha amach sna Ciorcláin maidir le Socruithe Foirne a eisíodh le déanaí, go gcaithfidh cáilíocht iar-bhunscoile ag duine atá á c(h)eapadh mar threoirchomhairleoir iar-bhunscoile agus go gcaithfidh sé/sí a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, agus chomh maith leis sin, go gcaithfidh an cháilíocht aitheanta ábhartha d’obair treoirchomhairleoireachta a bheith aige/aici.
Gníomhaíochtaí an treoirchomhairleora
Is féidir teacht ar fhaisnéis freisin maidir leis na cáilíochtaí treoirchomhairleoireachta atá aitheanta ag an Roinn Oideachais anseo.
Tá mionsonraí maidir le roinnt samplaí de na gníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann le hobair an treoirchomhairleora, ar leathanach anseo.
Tá ocht gcinn de réimsí inniúlachta ar cheart go dtabharfadh soláthraithe cláir aghaidh orthu agus iad ag lorg aitheantais ón Roinn Oideachais (RO) nó ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE) dá gcláir sa treoirchomhairleoireacht:
- Teoiric na treorach agus cleachtas gairmiúil;
- Scileanna comhairleoireachta i gcomhthéacs na treorach;
- Faisnéis a bhaineann leis an margadh saothair, le foghlaim agus le gairmeacha;
- Teagasc agus foghlaim: cláir/eispéiris foghlama a dhearadh, a sholáthar agus a mheas;
- Cumarsáid, comhoibriú agus líonrú;
- Taighde agus cleachtas bunaithe ar fhianaise;
- Ag treorú agus ag bainistiú na seirbhíse treorach agus;
- Tástáil shíciméadrach.
Déanfar athbhreithniú ar an gCreat Aitheantais Cláir in am trátha.
Faoi láthair in Éirinn, tá cláir mháistreachta/dioplóma iarchéime á soláthar ag trí ollscoil atá faofa ag an RO:
- Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath;
- Ollscoil Mhá Nuad agus;
- Ollscoil Luimnigh.
Aithnítear céimithe ó chláir eile a d’fheidhmigh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i gColáiste na Tríonóide agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Obair mar threoirchomhairleoir iar-bhunscoile in Éirinn
Ciorcláin, nótaí faisnéise, uirlisí measúnachta agus foilseacháin eile
Ciorcláin
- 0084/2024: Comhairle maidir le húsáid uirlisí/trialacha don Treoir nó do riachtanais bhreise agus speisialta oideachais (RSO) in iar-bhunscoileanna
- 0041/2024:Treoir in Iar-bhunscoileanna
- 0011/2024: Ciorcláin maidir le Socruithe Foirne 2024/25 (leithdháileadh treorach do scoileanna agus Aguisín 3: treoir scoile uile)
- 0008/2024 Socruithe Foirne i Meánscoileanna Deonacha don scoilbhliain 2024/25
- 0010/2024Socruithe foirne i Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha don scoilbhliain 2024/25
- Ciorclán 0010/2024 : Socruithe Foirne i mBoird Oideachais agus Oiliúna don Scoilbhliain 2024/25
- 0009/2024 Socruithe le haghaidh Chur Chun Feidhme an Chreata don tSraith Shóisearach le tagairt ar leith don scoilbhliain 2024/25
Nótaí Faisnéise
- Nóta Faisnéise TC/IN 0008/2023 -Nóta Faisnéise do Scoileanna maidir le treoirchomhairleoireacht phearsanta agus shóisialta
- Nóta Faisnéise TC/IN 0009/2023 - Nóta Faisnéise do Phríomhoidí, do Threoirchomhairleoirí agus d’Fhoirne Treorach i ndáil leis an Soláthar Treorach sa Scoil Uile don tSraith Shóisearach
- Nóta Faisnéise TC/IN 0001/2024 -Nóta Faisnéise do Phríomhoidí, do Threoirchomhairleoirí agus d'Fhoirne Treorach i ndáil leis an Treoir Scoile Uile
Foilseacháin
- Imeacht Líonra um Threoir ar Feadh an tSaoil 2024 Tuarascáil Achomair
- Leanúnachas don Treoirchomhairleoireacht - Treoirlínte do scoileanna a bhfuil tacaíocht ar líne á soláthar acu do Mhic Léinn, An Roinn Oideachais, 2020
- Ag breathnú ar Threoir, an Chigireacht, 2009
- Athbhreithniú ar Threoir i Scoileanna Dara Leibhéal, an Chigireacht, Meán Fómhair 2006
- Treoirlínte do Scoileanna Dara Leibhéal ar Impleachtaí Alt 9 (c) den Acht Oideachais 1998, a bhaineann le rochtain mac léinn ar sholáthar treorach cuí
Tacaíocht scoile fhoireann treorach Oide
Soláthraínn an Fhoireann Gairmthreorach in Oide tacaíocht do scoileanna maidir le pleanáil agus dea-chleachtas don Treoir Scoile Uile trí dheiseanna d'Eispéiris Foghlama Gairmiúla agus tacaíochtaí Scoile saincheaptha a chur ar fáil. Is féidir áit a chur in áireamh ar chúrsa nó iarratais ar seirbhís tacaíochta a chur isteach trí Oide.ie
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Threorach ar info@oide.ie
Scéim um maoirseacht ar threoirchomhairleoireacht
Leis an scéim um maoirseacht ar threoirchomhairleoireacht, éascaítear é do threoirchomhairleoirí atá ag obair i scoileanna dara leibhéal agus i gcoláistí breisoideachais chun tabhairt faoi mhaoirseacht ghairmiúil a dhéanamh ar a gcuid oibre treoirchomhairleoireachta, agus go háirithe ar a ngníomhaíochtaí treoirchomhairleoireachta pearsanta/ sóisialta duine le duine a bhíonn ar siúl acu le scoláirí.
Tá an mhaoirseacht ar threoirchomhairleoireacht faoi chathaoirleacht na An Rannóg um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí agus um Fhorbairt Ghairmiúil sa Roinn Oideachais agus á riar trí Ionad Oideachais Mhuineacháin. Tá ball den Chigireacht um Threoir agus ball den Aonad um Threoir de chuid an RO a dhéanann ionadaíocht freisin don RO ar an gcoiste stiúrtha um maoirseacht.
Eagraíonn IGC.IE suíomh agus am na seirbhíse tacaíochta treorach ar an leibhéal áitiúil ar fud na tíre.
Déanann maoirseoir comhairleoireachta gairmiúil atá cáilithe an tseirbhís a sheachadadh trí shraith de sé sheisiún de thacaíocht mhaoirseachta ar threoirchomhairleoireacht i ngach bliain acadúil, ar seisiúin iad a mhaireann dhá uair an chloig an ceann.
Dá bhrí sin, gheobhaidh gach treoirchomhairleoir 12 n-uair an chloig ar a laghad de mhaoirseacht le linn na bliana acadúla, agus cuirfear teastas tinrimh cuí ar fáil dó nó di ag deireadh mhí na Bealtaine. D’fhéadfaí seisiúin bhreise a lorg i gcásanna áirithe, mar shampla, má tharlaíonn teagmhas criticiúil i scoil.
Cáipéisí beartais úsáideacha agus acmhainní:
- Plean Gníomhaíochta don Oideachas 2022
- Ráiteas Straitéise 2021-2023 - An Roinn Oideachais
- Ráiteas Straitéise 2021-2023 - An Roinn Ardoideachais agus Breisoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- An Straitéis Náisiúnta Scileanna 2025
- An Straitéis Náisiúnta don Bhreisoideachas agus Oiliúint (BOO) 2020-2024
- An Straitéis Náisiúnta don Ardoideachas 2030
- Straitéis Oideachais Idirnáisiúnta d’Éirinn 2016-2020
- An Straitéis Chuimsitheach Fostaíochta le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas 2015-2024
- Sonraí Acmhainní (COGG)
- Treoirlínte Nuashonraithe maidir le Folláine sa tSraith Shóisearach 2021
- Folláine san oideachas
- SFGM folláine san oideachas
- Creat Treorach Scoile Uile
- Foirne Tacaíochta scoláirí in Iar-Bhunscoileanna: Treoir maidir le Foireann a Bhunú nó Athbhreithniú a dhéanamh ar Fhoireann atá ann cheana
- Freagairt do Theagmhais Chriticiúla -Treoirlínte agus Ábhair Acmhainní do Scoileanna ón SNSO
- Treoirlínte chun Tacú le Scoláirí a bhfuil Deacrachtaí Iompraíochta, Mothúchánacha agus Sóisialta acu - treoir d’iar-bhunscoileanna
Naisc chuig eolas, uirlisí agus imeachtaí a bhaineann le treoir
- An Cúrsa Ceart
- Careersportal
- Qualifax
- Generation Apprenticeship
- CAO
- Access
- Coimisiún na Scrúduithe Stáit
- An Phríomh-Oifig Staidrimh - eolas faoin margadh saothair
- SOLAS – An tAonad Taighde ar Scileanna agus an Margadh Saothair (SLMRU)
- An Gasra Saineolaithe um Riachtanais sa Todhchaí (EGFSN)
- An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC)
- Euroguidance – acmhainní idirnáisiúnta
Imeachtaí Treorach
Imeachtaí Náisiúnta
Athbhreithniú Indecon ar uirlisí agus eolas gairmthreorach
Seirbhís treorach do na Scoileanna Eorpacha
Cuireann an Roinn Oideachais maoiniú ar fáil don rochtain ar threoir chuí do leanaí shaoránaigh Éireannacha atá cláraithe sna 13 Scoil Eorpach i 6 thír Eorpach.
Déanann Roinn Oideachais na hÉireann an tseirbhís a chomhordú agus déanann treoirchomhairleoirí cáilithe atá aitheanta ag an Roinn an tseirbhís a sholáthar.
Léigh tuilleadh faoi na Scoileanna Eorpacha ANSEO
Tionscnamh a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú leat do scileanna agus do cháilíochtaí a dhéanamh éasca le tuiscint san Eoraip - cibé más ag clárú le haghaidh cláir oideachais nó oiliúna, ag lorg poist, nó ag fáil taithí thar lear, atá tú.
Treoirchomhairleoirí Comhlacha do 2022/23
Tá léirithe spéise á éileamh ag an Roinn Oideachais ó Threoirchomhairleoirí a bhfuil spéis acu a bheith ar phainéal Treoirchomhairleoirí Comhlacha do 2022/23 a chuirfidh Seirbhís Tacaíochta Treorach na Scoileanna Eorpacha ar fáil do leanaí saoránaigh Éireannacha atá ag freastal ar na Scoileanna Eorpacha.
Is é an spriocdháta chun foirmeacha léirithe spéise a sheoladh ar ais ná 5pm Dé Céadaoin 19 Deireadh Fómhair 2022. Is féidir foirmeacha a iarraidh ó guidance@education.gov.ie
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tseirbhís seo féach thíos.
[document 236938 ]