English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treonna nua a leagan amach: tacú le feidhmiú Curaclam Matamaitice Bunscoile na hÉireann



Réamhrá

Ar fud an domhain, tá leanaí á n-ullmhú anois ag córais oideachais do dhomhan ina bhfuil an éiginnteacht agus an dothuarthacht ag méadú i réimsí comhshaoil, teicneolaíochta, sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla. Tá an t-athrú aeráide, ról méadaithe na hintleachta saorga inár saol, paindéim Covid-19, coimhlint dhomhanda agus muinín á cailleadh in institiúidí daonlathacha de réir mar a mheastar, i measc na nithe a spreagann an éiginnteacht sin. De réir mar a fhorbraíonn agus de réir mar a athraíonn ár sochaí, beidh forbairt agus athrú ag teacht freisin ar an eolas, na scileanna, na luachanna agus na meonta a bheidh de dhíth ar leanaí le go mbeidh rath orthu mar dhaoine aonair agus le go mbeidh siad ina ngníomhairí d’athrú dearfach. I measc na mbealaí inar fhreagair córais oideachais chuige seo tá tuilleadh béime ar fhorbairt inbhuanaithe, folláine, ceartas sóisialta, cruthaitheacht, litearthacht eolaíoch agus teicneolaíochta, agus cumas gníomhúcháin leanaí a chur chun cinn.

Bhí athchóiriú curaclaim mar bheart tábhachtach maidir le freagairt na gcóras oideachais don domhan agus é ag athrú. Go hidirnáisiúnta, táthar ag díriú ar chumas gníomhúcháin scoláirí mar ghné athfhillteach d'iarrachtaí athchóirithe. Tá sainmhíniú ginearálta déanta ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) ar chumas gníomhúcháin scoláirí mar ‘cumas agus toil [scoláirí] tionchar dearfach a imirt ar a saol féin agus ar an saol mórthimpeall orthu’ ( 1). Creat foghlama atá ag forbairt is ea Compás Foghlama ECFE 2030 ina leagtar amach fís uaillmhianach do thodhchaí an oideachais sna tíortha rannpháirteacha. Tá roghnú an chompáis mar mhóitíf lárnach suntasach.

Glacadh leis an meafar de chompás foghlama chun béim a leagan ar an riachtanas go bhfoghlaimeodh scoláirí conas a mbealach féin a dhéanamh trí chomhthéacsanna neamhaithnidiúla, agus a dtreo a aimsiú ar bhealach atá fónta agus freagrach, in ionad orduithe nó treoracha seasta a bheith á bhfáil acu i gcónaí óna gcuid múinteoirí. ( 2).

Is cuí gurb é an meafar a roghnaíodh ná compás, seachas léarscáil. Tá an tírdhreach domhanda ag athrú chomh tapa agus chomh dothuartha sin go bhféadfadh sé nach mbeadh léarscáil úsáideach ach ar feadh tréimhse theoranta. Léirítear mian le húsáid an chompáis chun leanaí a chumasú an áit ina bhfuil siad a aimsiú agus a mbealach féin a dhéanamh tríd an domhan.

Tá feidhmiú curaclam athfhorbartha ar siúl in Éirinn le breis agus deich mbliana. Tá an Creat don tSraith Shóisearach ( 3) agus na sonraíochtaí gaolmhara le feiceáil i scoileanna ó 2015 i leith. Tá athfhorbairt na sraithe sinsearaí ag leanúint ar aghaidh, agus tá an chéad tráinse de shonraíochtaí nua le tabhairt isteach i scoileanna ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh. San oideachas bunscoile, foilsíodh Creatchuraclam na Bunscoile ( 4) in 2023. Leagtar amach ann na prionsabail foghlama, teagaisc agus mheasúnaithe a chuireann bonn eolais faoi Curaclam Teanga na Bunscoile ( 5) agus faoi Curaclam Matamaitice na Bunscoile ( 6), agus an dá cheann acu á bhfeidhmiú cheana féin i scoileanna. Cuireann Creatchuraclam na Bunscoile bonn eolais freisin faoi fhorbairt leanúnach sonraíochtaí do réimsí eile curaclaim.

Sa chaibidil seo, déanaimid machnamh ar chuid de na príomhthosca a mbíonn tionchar acu ar fheidhmiú Curaclam Matamaitice na Bunscoile. Tá cuid de na tosca sin ábhartha lasmuigh d'ábhar na Matamaitice agus bíonn tionchar acu ar fhíorú na físe agus na bprionsabal foriomlán atá leagtha amach i Creatchuraclam na Bunscoile.


Torthaí foghlama, déanamh curaclaim agus cumas gníomhúcháin múinteoirí

Is curaclaim ‘bunaithe ar thorthaí foghlama’ iad curaclaim athfhorbartha na hÉireann. Tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh ar cad a chiallaíonn sé sin don teagasc, don fhoghlaim agus don mheasúnú i scoileanna. Is ráitis iad torthaí foghlama chun ‘cur síos a dhéanamh ar an bhfoghlaim agus ar an bhforbairt mhatamaiticiúil le haghaidh gach foghlaimeora’ ag deireadh tréimhse áirithe ( 7). Is gnách go mbíonn raon feidhme na dtorthaí foghlama a n-iarrtar ar mhúinteoirí oibriú leo i gcuraclam athfhorbartha na bunscoile níos fairsinge ná na cuspóirí curaclaim lena soláthraíodh pointe tagartha don teagasc agus don fhoghlaim i Curaclam na Bunscoile 1999 ( 8). Ciallaíonn fairsinge na dtorthaí foghlama go mbíonn ról níos mó ag múinteoirí maidir le ‘cinntí a dhéanamh faoi cad atá le teagasc, cathain is ceart é a theagasc, agus conas an fhoghlaim a chur in ord agus a luas a shocrú’ ( 9). Ar an mbonn sin tugtar deis níos mó do chumas gníomhúcháin an mhúinteora agus aithnítear go soiléir ról an mhúinteora maidir le múnlú an churaclaim.

Ní chiallaíonn ‘curaclam’ sa pharaidím nua seo rud atá sa téacs foilsithe, ach rud a thógtar trí idirghníomhaíochtaí idir an treoir atá foilsithe, múinteoirí, foghlaimeoirí agus páirtithe eile. Tuigtear curaclam mar phróiseas sóisialta de dhéanamh céille i gcomhar ina measc siúd atá páirteach san fheidhmiú, chomh maith leis na heispéiris foghlaimeora a eascraíonn as an bpróiseas sin. I measc na bpríomh-rannpháirtithe sa phróiseas sin tá múinteoirí, ceannairí scoile, dearthóirí creataí agus sonraíochtaí curaclaim, lucht déanta beartais, seirbhísí tacaíochta agus cigirí. Cabhraítear le gné shóisialta an phróisis seo chun a chinntiú go mbíonn cur i bhfeidhm an churaclaim ailínithe le fís leathan an churaclaim.

Sa pharaidím seo, tuigtear curaclam mar rud a fhorbraíonn trí idirghníomhaíochtaí iltreocha sa chóras seachas rud éigin atá á sholáthar i bpróiseas a thagann ón mbarr anuas ( 10). Chomh maith leis sin, tuigtear gur próiseas leanúnach, atriallach d’idirghabháil bheartais é déanamh curaclaim, seachas próiseas líneach ina bhfuil deis amháin ag an gcóras dílseacht san fheidhmiú a bhaint amach.

I gcás na Cigireachta, is é ár bpríomhchúram ná a chinntiú go mbíonn torthaí dearfacha ann do leanaí mar thoradh ar an bpróiseas seo. Tá sé tábhachtach go dtacódh cumas gníomhúcháin feabhsaithe an mhúinteora mar a bhaineann le curaclam bunaithe ar thorthaí foghlama le soláthar eispéireas foghlaimeora a fhreagraíonn do riachtanais scoileanna, ranganna agus leanaí ar leith.


Curaclam Matamaitice na Bunscoile

D’fhorbair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta Curaclam Matamaitice na Bunscoile, a foilsíodh in 2023, trí phróiseas fairsing taighde, comhairliúcháin, plé agus rannpháirtíochta le líonraí scoileanna. Cuirtear na torthaí foghlama leathana do na snáitheanna ábhair agus na snáithaonaid ag gach ceann de na ceithre chéim den bhunoideachas i láthair i sonraíocht an churaclaim. Soláthraítear le Tacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile ( 11) tacaíocht ríthábhachtach do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile ina gcinntí faoi ‘cad atá le teagasc, cathain ba cheart é a theagasc, agus conas an fhoghlaim a chur in ord agus a luas a shocrú’. Tá raon acmhainní tacaíochta sa tacar uirlisí gur féidir le múinteoirí a úsáid agus an curaclam á chur i bhfeidhm acu. Déantar iad a uasdátú agus a fhorbairt go leanúnach chun freagairt ar riachtanais leanaí agus múinteoirí. I measc na n-acmhainní atá sa tacar uirlisí tá ráitis achoimre ar na príomhchoincheapa matamaitice atá le foghlaim maidir le gach Toradh Foghlama. San áireamh iontu freisin tá contanaim dul chun cinn ina dtugtar breac-chuntas ar chosán foghlama samplach do gach gné laistigh de na snáithaonaid.

Ó mhí Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh, chuir an Roinn Oideachais de cheangal ar cheannairí scoile agus ar mhúinteoirí iniúchadh a dhéanamh ar Curaclam Matamaitice na Bunscoile, dul i dtaithí air, agus oibriú chun é a fheidhmiú ó mhí Mheán Fómhair 2024. Chuir an bhliain tosaigh taiscéalaíochta sin spás ar fáil chun tabhairt faoin déanamh céille i gcomhar ar a rinneadh tagairt dó ní ba luaithe. Le linn na tréimhse sin, bhain cigirí úsáid as comhráite gairmiúla le múinteoirí agus le ceannairí scoile mar dheiseanna chun na príomhchleachtais oideolaíocha a chuirtear chun cinn i Curaclam Matamaitice na Bunscoile a dhearbhú agus a spreagadh. Ó mhí Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh, tá sraith leathan d’eispéiris foghlama gairmiúla curtha ar fáil ag Oide ( 12) do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile chun tacú leis an gcuraclam athfhorbartha.


Príomhchleachtais oideolaíocha Curaclam Matamaitice na Bunscoile

Aithnítear in Curaclam Matamaitice na Bunscoile cúig phríomhchleachtas oideolaíocha atá riachtanach chun eispéiris ar ardchaighdeán a sholáthar d’fhoghlaimeoirí sa Mhatamaitic:

• Meon táirgiúil a chothú

• Úsáid a bhaint as tascanna atá dúshlánach ó thaobh na cognaíochta de

• Caint Mhatamaiticiúil a chur chun cinn

• Béim a leagan ar shamhaltú matamaiticiúil

• Spraíúlacht a spreagadh

Déanfaimid machnamh anois ar bhreithnithe tábhachtacha maidir le feidhmiú na gcleachtas oideolaíoch dinimiciúil agus idirnasctha sin, mar thoradh ar fhianaise ó thuairiscí cigireachta agus foinsí eile.

Meon táirgiúil a chothú

Is éard atá i gceist leis an gcleachtas oideolaíoch seo ná go gcuireann an múinteoir foghlaim na matamaitice chun cinn go gníomhach ionas go mbraitear an fhoghlaim sin mar ghníomhaíocht shaibhir a bhfuil cuspóir léi. I measc rudaí eile, ciallaíonn sé eispéiris foghlaimeora a sholáthar atá taitneamhach agus tarraingteach, agus a chuireann dul i riosca agus buanseasmhacht chun cinn. Tá a bheith matamaiticiúil ar cheann de na seacht gcinn d’inniúlachtaí tábhachtacha i Creatchuraclam na Bunscoile. Éilítear leis sin go dtabharfar tacaíocht do leanaí agus iad ag cur smaointeoireacht na matamaitice i bhfeidhm ar chásanna san fhíorshaol. Tacaíonn comhtháthú na Matamaitice i réimse curaclaim na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice (ETIM) le meon táirgiúil a chothú agus chuige sin aird a tharraingt ar na húsáidí agus ar na feidhmeanna níos leithne a bhaineann le foghlaim na matamaitice.

Tugtar le fios san fhianaise go bhfuil cothú an mheoin tháirgiúil bunaithe go maith in an-chuid bunscoileanna. I dtuairiscí cigireachta ón gcéad leath de 2024, sula raibh Curaclam Matamaitice na Bunscoile á fheidhmiú go forleathan, tagraíodh go minic do leibhéil arda spreagtha, suilt agus rannpháirtíochta leanaí i gceachtanna sa Mhatamaitic. Cheap cigirí go raibh baint aige sin go háirithe le heispéiris foghlaimeora ina raibh deiseanna ag leanaí a bheith gníomhach, roghanna agus cinntí a dhéanamh agus tascanna praiticiúla a chur i gcrích. Is inmholta go bhfuil soláthar timpeallachtaí foghlama ag múinteoirí, ar timpeallachtaí iad a chuidíonn le foghlaim sa Mhatamaitic forleathan i gcultúr an bhunoideachais in Éirinn. Is minic a dhearbhaítear úsáid taispeántas ranga i dtuairiscí cigireachta. Aithnítear iontu freisin soláthar, bainistíocht agus úsáid éifeachtach raon ábhar nithiúil iomchuí agus acmhainní matamaitice eile sa timpeallacht foghlama.

Áit ar measadh go raibh an soláthar don Mhatamaitic thar a bheith éifeachtach, thug múinteoirí ról gníomhach do leanaí, lena n-áiríodh iad a spreagadh chun a gcuid ceisteanna féin a chumadh, a chur agus a fhreagairt. Chuir múinteoirí ionchais arda in iúl don mhéid a d’fhéadfadh gach leanbh a bhaint amach agus nasc siad fócas na foghlama nua le topaicí i réimsí eile den Mhatamaitic nó i réimsí eile curaclaim. I gcomhráite le cigirí, ba mhinic a léirigh leanaí tuiscint mhaith ar an mbaint a bhí ag a gcuid foghlama sa Mhatamaitic le cásanna san fhíorshaol.

Tá dhá shaincheist ar leith ann maidir le meon táirgiúil a chothú ar fiú machnamh cúramach a dhéanamh orthu sna comhráite gairmiúla agus sna hidirghníomhaíochtaí a tharlaíonn timpeall ar fheidhmiú Curaclam Matamaitice na Bunscoile. Baineann an chéad cheann díobh sin le meon dearfach i leith na Matamaitice a chothú i measc cailíní. Léirítear i dtimthriallta measúnaithe ar mhórscála le déanaí patrún imníoch maidir le gnóthachtáil cailíní in Éirinn in inniúlacht sa mhatamaitic. Thuairiscigh an Clár Measúnaithe Idirnáisiúnta Scoláirí (PISA) go raibh an difríocht sa ghnóthachtáil idir fireannaigh agus baineannaigh in inniúlacht sa mhatamaitic in 2022 ( 13) ní b’airde ná an mheándifríocht ar fud tíortha san ECFE. Ní raibh ach dhá cheann dár dtíortha comparáideacha a raibh difríochtaí ní ba mhó iontu idir scoláirí fireanna agus baineanna sa Mhatamaitic. Bhí tearc-ionadaíocht ar leith ag scoláirí baineanna ag na leibhéil inniúlachta ab airde.

Fuarthas amach sna Measúnachtaí Náisiúnta ar Mhatamaitic agus ar Léitheoireacht Bhéarla (NAMER) a reáchtáladh in 2021 ( 14) gur fheidhmigh buachaillí rang a sé níos fearr ná cailíní ar an iomlán sa Mhatamaitic agus ar gach ceann de na réimsí ábhair agus na scileanna próisis ar leith. Sna Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta na Matamaitice agus na hEolaíochta (TIMSS) in 2023 ( 15), d’fheidhmigh buachaillí sa dara bliain ní b’fhearr ná cailíní sa Mhatamaitic. Tháinig laghdú suntasach ar ghnóthachtáil cailíní an dara bliain ó 2019 i leith. Agus breithniú á dhéanamh ar conas meon táirgiúil a chothú, tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi na patrúin ghnóthachtála seo sa Mhatamaitic de réir inscne, agus breithniú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfadh eispéiris an fhoghlaimeora sa bhunscoil a bheith ag cur leo.

Baineann an dara ceist leis an gcaoi a n-úsáidtear téacsleabhair. I mórán cásanna, thuairiscigh cigirí go mbíonn múinteoirí ag brath an iomarca ar théacsleabhair leanaí agus na cinntí bunúsacha sin á ndéanamh acu faoi ‘cad atá le teagasc, cathain is ceart é a theagasc, agus conas an fhoghlaim a chur in ord agus a luas a shocrú’. Is acmhainn thar a bheith úsáideach do leanaí iad téacsleabhair. Mar sin féin, má táthar ag brath an iomarca orthu, d’fhéadfadh sé go n-eascródh eispéiris foghlaimeora as sin a chuireann bac ar mheon táirgiúil a fhorbairt maidir leis an Matamaitic. Tá sé tábhachtach go dtabharfadh comhráite gairmiúla maidir le feidhmiú curaclaim aghaidh ar an gcaoi ar féidir téacsleabhair a úsáid chun tacú le cumas gníomhúcháin múinteoirí seachas teacht ina ionad. Má táthar ag brath an iomarca ar théacsleabhair chun ábhar, ord agus luas na gclár ranga a shocrú, d’fhéadfadh sé go n-eascródh eispéiris foghlaimeora as sin nach bhfuil chomh freagrúil céanna do chomhthéacs na scoile, an ranga nó an linbh aonair. Mar sin féin, sa chás go bhfuil cur amach ag múinteoir ar na ráitis choincheapa ábhartha agus ar na contanaim um dhul chun cinn i dTacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile, d'fhéadfadh úsáid téacsleabhar in éineacht le hacmhainní ar bhealach a chothaíonn meon táirgiúil i leith na Matamaitice eascairt as sin.

Úsáid a bhaint as tascanna atá dúshlánach ó thaobh na cognaíochta de

Is éard atá i gceist le tascanna dúshlánacha ná deiseanna foghlama saibhre lena ndéantar tuiscint choincheapúil leanaí a shíneadh agus dúshlán a thabhairt di agus iad ag cur eolas ar smaointe agus shuíomhanna matamaiticiúla suntasacha. Leis na tascanna seo, ní hamháin go dtacaítear le fiosrú bríoch matamaiticiúil ach cuirtear le dianseasmhacht, athléimneacht, agus meonta táirgiúla atá riachtanach chun rath fadtéarmach a bhaint amach sa Mhatamaitic. I measc na bpríomhthéamaí i Straitéis na hÉireann maidir le Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Dhigiteach 2024-2033 ( 16) tá aitheantas go bhfuil dúshlán níos mó ag teastáil ó na foghlaimeoirí is airde gnóthachtáil. D’eascair an tosaíocht sin ó thorthaí timthriallta leantacha de mheasúnuithe náisiúnta agus idirnáisiúnta. In PISA 2022, bhí céatadán na scoláirí Éireannacha a d’fheidhmigh ag na leibhéil chumais ab airde in inniúlacht sa mhatamaitic ní b’ísle ná an meán ECFE agus ní b’ísle ná an meán i ngach ceann dár dtíortha comparáideacha. Tá patrún gnóthachtála ag foghlaimeoirí Éireannacha atá cosúil leis sin le sonrú in NAMER agus TIMSS, ina nglacann leanaí bunscoile páirt. Tugtar le fios dúinn leis na sonraí sin go bhfuil leanaí agus daoine óga againn atá in ann na leibhéil is airde in inniúlacht sa mhatamaitic a bhaint amach ach nach bhfuil sin á dhéanamh acu.

Tá sé úsáideach breathnú ar na sonraí seo ar ghnóthachtáil taobh leis an méid a insítear dúinn sna tuairiscí cigireachta faoi eispéiris foghlaimeoirí a sholáthraítear i scoileanna. Tugann tuairiscí cigireachta le fios dúinn go bhfuil scóip ann chun feabhas a chur ar dhifreáil eispéiris an fhoghlaimeora do leibhéil éagsúla chumais sa Mhatamaitic. Go háirithe, tá gá le dúshlán níos mó a sholáthar d’fhoghlaimeoirí níos cumasaí aitheanta mar shaincheist san oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile araon. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí feabhas a chur ar réimsí cleachtais múinteoirí a bhaineann le torthaí feabhsaithe do scoláirí níos cumasaí. San áireamh iontu sin tá úsáid a bhaint as measúnú chun teagasc agus foghlaim dhifreáilte a threorú, agus an gá atá le húsáid níos mó a bhaint as foghlaim neamhiata, fiosrúchán-bhunaithe a thacaíonn le forbairt scileanna ardoird. Bhí príomh-mholadh ag beagnach aon cheathrú de na tuairiscí cigireachta a d’eascair as meastóireachtaí curaclaim sa Mhatamaitic sa chéad leath de 2024 maidir le difreáil foghlama chun freastal ar riachtanais éagsúla leanaí agus chun leibhéil dúshláin ní b’airde a sholáthar d’fhoghlaimeoirí ní ba chumasaí.

Tugann Curaclam Matamaitice na Bunscoile, cosúil le sonraíochtaí athfhorbartha bunscoile eile, deis do mhúinteoirí an curaclam a mhúnlú mar fhreagairt do láidreachtaí agus riachtanais an ranga agus an linbh. Is tacaíochtaí riachtanacha iad na comhpháirteanna de Thacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile chun foghlaim agus teagasc a dhifreáil do gach leanbh, lena n-áirítear iad siúd atá réidh do dhúshláin chognaíocha níos mó. Soláthraítear leis na coincheapa matamaiticiúla maidir le gach Toradh Foghlama bonn pointí tagartha ar a bhféadfaidh múinteoirí measúnú a dhéanamh ar réamhfhoghlaim agus eispéiris an fhoghlaimeora a oiriúnú agus a luas a shocrú chun an dúshlán chognaíoch is fearr a thabhairt. Tacaítear leis an bpróiseas cinnteoireachta le contanaim dul chun cinn agus chuige sin treoraítear an chonair foghlama atá le forbairt i ngach snáithaonad maidir le príomhghnéithe na foghlama: tuiscint agus nascadh; cumarsáid; réasúnaíocht; cur i bhfeidhm agus réiteach fadhbanna. Déantar contanam dul chun cinn ar leith a sholáthar do gach gné, mar aitheantas, fiú laistigh de shnáithaonad, go bhféadfadh dul chun cinn an linbh aonaor a bheith éagsúil de réir gné.

Caint Mhatamaiticiúil a chur chun cinn

Is cleachtas oideolaíoch riachtanach é caint mhatamaiticiúil a chur chun cinn a thacaíonn le leanaí a gcuid smaointe matamaiticiúla a chur in iúl agus a roinnt chun a dtuiscint a fhorbairt agus a dhoimhniú. Is minic a bhíonn tráchtaireacht dhearfach i dtuairiscí cigireachta ar shamhaltú theanga na matamaitice ag múinteoirí agus ar an mbealach a ndéanann múinteoirí coincheapa agus nósanna imeachta matamaitice a chur in iúl agus a mhíniú. Le roinnt blianta anuas, áfach, thuairiscigh cigirí go mbíonn sé dúshlánach do leanaí uaireanta a bhfoghlaim sa Mhatamaitic a léiriú agus a phlé. D’aithin siad go bhfuil gá le deiseanna níos fearr a sholáthar do leanaí chun a dtuiscint ar choincheapa na matamaitice a roinnt agus a fhorbairt trí chaint agus trí phlé.

Sa chéad leath de 2024, bhí príomh-mholadh a bhain le forbairt a dhéanamh ar theanga mhatamaiticiúil na leanaí i mbeagnach aon trian de na tuairiscí cigireachta ar mheastóireachtaí curaclaim sa Mhatamaitic. Mhol cigirí stór focal na matamaitice a theagasc go follasach, mar a bheadh stór focal nua á theagasc i gceacht teanga. Ní ba thábhachtaí fós, mhol na cigirí go gcuirfeadh múinteoirí gníomhaíochtaí foghlama ar fáil ina mbeadh ar leanaí an teanga a úsáid go neamhspleách.

I dtaca le caint mhatamaiticiúil a chur chun cinn, tá ailíniú ardleibhéil idir an fhís atá leagtha amach i sonraíocht an churaclaim agus na teachtaireachtaí atá á gcur in iúl ag cigirí. Aithnítear i dtuairiscí cigireachta go bhféadfaí forbairt shuntasach a dhéanamh ar an gcleachtas oideolaíoch sin, a mheastar a bheith riachtanach do sholáthar ardchaighdeáin sa Mhatamaitic.

Béim a leagan ar shamhaltú matamaiticiúil

Is éard atá i gceist le samhaltú matamaiticiúil ná go n-úsáidfeadh leanaí an Mhatamaitic chun cur síos a dhéanamh ar fhadhbanna san fhíorshaol agus ar réitigh a d’fhéadfadh a bheith ar na fadhbanna sin. Cruthaíonn leanaí samhlacha trína léirmhíniú ar smaointe agus ar eispéiris mhatamaiticiúla éagsúla a thástáil, a athbhreithniú agus a chur in iúl. Is éard atá i gciest leis sin ná smaointe teibí matamaiticiúla a chur i bhfeidhm i dtaca le cásanna nithiúla. Tá sé tábhachtach mar sin go dtabharfaí deiseanna do leanaí bealaí éagsúla a thriail chun a gcuid samhlacha coincheapúla a chur in iúl agus a fhorbairt. D’fhéadfadh gníomhartha coirp, focail ó bhéal, réada, íomhánna, siombailí nó focail scríofa a bheith i gceist leo sin. De réir mar a thagann méadú ar eolas, ar thuiscint agus ar thaithí leanaí, féadfaidh siad samhlacha níos foirmiúla, níos sofaisticiúla agus níos éifeachtaí a fhorbairt ar féidir leo iad a úsáid chun a gcuid smaointe a nascadh agus a chur in iúl.

I dtuairiscí cigireachta ar mheastóireachtaí curaclaim a bhí dírithe ar an Matamaitic, ba é an réimse ba mhinice a bhí sna príomh-mholtaí sa leath deireanach den scoilbhliain 2023- 2024 ná forbairt ar theanga na matamaitice. Ina gcuid moltaí, thug cigirí le fios go minic go gcabhródh forbairt theanga na matamaitice le leanaí machnamh agus plé a dhéanamh ar a gcuid foghlama féin, agus maidir le réasúnú agus údar a thabhairt dá gcuid straitéisí.

Leagtar béim i Curaclam Matamaitice na Bunscoile ar an gcaidreamh comhthacaíochta idir na cúig phríomhchleachtas oideolaíocha. Freagraíonn an nasc a dhéantar i dtuairiscí cigireachta idir caint Mhatamaiticiúil a chur chun cinn agus béim a chur ar shamhaltú matamaitice don bhéim i sonraíocht an churaclaim ar an idircheangailteacht idir na cúig cinn de phríomhchleachtais oideolaíocha. Braitheann samhaltú matamaitice ar an gcumas smaointe matamaiticiúla a chur in iúl. Tacaítear leis chun meon táirgiúil a chothú agus le dúshlán cognaíoch a sholáthar. Tugtar tacaíocht thábhachtach do mhúinteoirí agus iad ag treorú leanaí chun a gcuid smaointeoireachta faoi mhúnlaí matamaitice a roinnt agus a fhorbairt leis na ráitis choincheapa agus contanaim dul chun cinn i dTacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile

Spraíúlacht a spreagadh

Tuigtear go bhfuil spraoi agus spraíúlacht fíorthábhachtach don teagasc agus don fhoghlaim thar gach réimse de churaclam athfhorbartha na bunscoile. Tá Curaclam Matamaitice na Bunscoile an-soiléir faoin réasúnaíocht chun spraíúlacht a spreagadh agus faoin gcaoi lena dtacaítear le samhaltú matamaitice, caint Mhatamaiticiúil, dúshlán cognaíoch agus le meon táirgiúil a chur chun cinn le cur chuige spraíúil. Tarraingítear aird ann ar an gcaoi a gcuireann cur chuige spraíúil deiseanna ar fáil le haghaidh taiscéalaíochta, fiosrúcháin, dúshláin, cruthaitheachta, rogha agus neamhspleáchais. Tá deiseanna den chineál sin riachtanach d’fhonn soláthar ardchaighdeáin sa Mhatamaitic a chur ar fáil. Nuair a spreagtar spraoi sa Mhatamaitic tacaítear freisin le leanaí úinéireacht agus freagracht a ghlacadh maidir lena gcuid foghlama féin.

Tá roinnt mhaith oibre le déanamh chun comhthuiscint a chur chun cinn faoin gcaoi chun ‘eispéiris foghlama chuí atá spraíúil agus tarraingteach’ a chur chun cinn agus a chur in iúl sna meánranganna agus sna hardranganna sa bhunscoil. Aithníodh go láidir i gcigireachtaí teagmhasacha a rinneadh le déanaí agus a bhí dírithe ar aistriú oideachais go raibh gá le tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt thuiscint na múinteoirí ar dhul chun cinn in oideolaíocht spraíúil ó na naíonáin shóisearacha go dtí rang a sé. D’fhéadfadh sé go mbeadh soláthar comhairle, tacaíochta agus treorach do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile ina leith sin ar cheann de na nithe is mó tionchar a d'fhéadfadh an Chigireacht agus na seirbhísí tacaíochta a chur leis an bpróiseas déanta curaclaim sa Mhatamaitic agus in ábhair eile.


Úsáid éifeachtach an mheasúnaithe chun tacú leis na príomhchleachtais oideolaíocha

Tá úsáid éifeachtach an mheasúnaithe mar bhonn agus mar thaca ag príomhchleachtais oideolaíocha Curaclam Matamaitice na Bunscoile. I bhfianaise chineál incriminteach na foghlama sa mhatamaitic, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh eolas maith ag múinteoirí ar réamhfhoghlaim agus ar thuiscint leanaí. Cuireann an t-eolas sin bonn eolais faoi chinntí múinteoirí i dtaca leis na chéad chéimeanna eile ar aistear foghlama matamaitice an linbh agus na tacaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uaidh nó uaithi chun na céimeanna sin a ghlacadh. Is féidir réamhfhoghlaim a mheas le gníomhaíocht ar bith a thugann deiseanna do leanaí an méid atá foghlamtha acu a léiriú.

Bhí measúnú le sonrú sna príomh-mholtaí i gceathrú cuid de na tuairiscí cigireachta ar mheastóireachtaí curaclaim sa Mhatamaitic sa chéad leath de 2024. Mhol cigirí go minic go n-úsáidfeadh scoileanna sonraí measúnaithe mar bhonn le pleanáil do dhul chun cinn san fhoghlaim do gach leanbh. Moladh i roinnt tuairiscí go n-úsáidfí measúnú chun tionchar na n-idirghabhálacha ranga ar leith a mheas agus chun bonn eolais a chur faoin bpleanáil don todhchaí. Mhol cigirí go minic go n-úsáidfeadh múinteoirí fianaise ón measúnú chun leanaí a aithint ar cheart eispéiris foghlama níos dúshlánaí a sholáthar dóibh.

Ba mhinic freisin a rinneadh tagairt don ghá atá le cumas féinmheasúnaithe leanaí a fhorbairt. Bhí baint ag cumasú leanaí chun monatóireacht a dhéanamh ar a ndul chun cinn féin le húinéireacht ní ba mhó ar an bhfoghlaim, agus freagracht maidir leis an bhfoghlaim, a chothú i measc leanaí. I dTuarascáil an Phríomh-Chigire (2016-2020) ( 17) tugadh le fios, i gceistneoirí a chomhlánaigh leanaí le linn cigireachtaí, gur léirigh an cúigiú cuid de na leanaí nach raibh a fhios acu conas a bhí ag éirí leo sa Mhatamaitic. I mórán tuairiscí cigireachta, bhí moltaí maidir le measúnú nasctha le feabhsú inmhianaithe i réimsí a bhaineann leis na cúig cinn de phríomhchleachtais oideolaíocha i Curaclam Matamaitice na Bunscoile. Uaireanta, chuir cigirí a gcuid moltaí in iúl maidir le measúnú i dtéarmaí na mbuntáistí a bhaineann le caint Mhatamaiticiúil agus le dúshlán cognaíoch cuí a sholáthar.

Rinneadh forbairt cumas leanaí féinmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoghlaim a nascadh leis na buntáistí a bhaineann le meon táirgiúil a chothú. Is díol suntais é go bhfuil an t-aitheantas gur gá úsáid níos éifeachtaí a bhaint as measúnú i measc na bpríomhthéamaí i Item was unpublished or removed


Focal scoir

Rinneadh machnamh sa chaibidil seo ar pharaidím an churaclaim a chuireann bonn eolais faoi chreat, sonraíochtaí agus acmhainní tacaíochta do churaclam athfhorbartha na bunscoile. Is paraidím í sin ina bhfuil ról feabhsaithe ag múinteoirí agus ceannairí scoile maidir le múnlú an churaclaim mar fhreagairt do chomhthéacs a gcuid scoileanna, seomraí ranga agus do láidreachtaí agus riachtanais aonair leanaí. Ní beart simplí aon bhuille, ón mbarr anuas é próiseas feidhmithe an churaclaim, ach próiseas ina mbíonn baint ag múinteoirí agus páirtithe eile le próiseas atriallach, iltreoch de dhéanamh céille i gcomhar.

Seo é an comhthéacs inar breathnaíodh ar na cúig phríomhchleachtais oideolaíocha de Curaclam Matamaitice na Bunscoile. Tá tús curtha le comhráite gairmiúla le linn cigireachtaí scoile chun tacú le múinteoirí agus le ceannairí scoile sna cleachtais sin. Mar sin féin, léirítear le minicíocht mholtaí na Cigireachta mar a bhaineann leis na cúig phríomhchleachtais oideolaíocha go bhfuil gá le tacaíocht leanúnach má tá athfhorbairt curaclaim chun na buntáistí inmhianaithe a bhaint amach d’fhoghlaimeoirí.

Tá an measúnú lárnach d’fheidhmiú éifeachtach na gcúig cinn de phríomhchleachtais oideolaíocha. Cé go bhféadfaí úsáid an mheasúnaithe a fheabhsú chun tacú le dul chun cinn i bhfoghlaim leanaí, tá sé dearfach go bhfuil céimeanna á nglacadh cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar an riachtanas sin inár gcóras.

Tá gnéithe tábhachtacha comhthéacsúla eile ann ar cheart dóibh bonn eolais a chur faoi na hidirghníomhaíochtaí iltreocha a mhúnlóidh feidhmiú Curaclam Matamaitice na Bunscoile. Cé go gcuireann measúnuithe idirnáisiúnta foghlaimeoirí in Éirinn i measc na bhfoghlaimeoirí is airde gnóthachtáil ar domhan, níor tháinig feabhas ar ghnóthachtáil ár bhfoghlaimeoirí in inniúlacht sa mhatamaitic sna timthriallta is déanaí de na measúnuithe sin. Tá sé tábhachtach go mbreithnímid cibé an bhfuil nó nach bhfuil eispéiris na bhfoghlaimeoirí i mbunscoileanna ag cur ar bhealach ar bith le difríochtaí gnóthachtála sna measúnuithe sin de réir inscne. Is fiú breithniú a dhéanamh freisin ar an gcúis a bhfuil an fearann mar a bhaineann leis an snáithe curaclaim Cruth agus spás go seasta ina réimse ina bhfuil laige coibhneasta i dtaca le feidhmíocht foghlaimeoirí in Éirinn.

Tá ról lárnach ag an gCigireacht agus ag páirtithe eile maidir le tacú le múinteoirí agus le ceannairí scoile agus Curaclam Matamaitice na Bunscoile á fheidhmiú acu. Tá tús curtha le treoir a fhorbairt maidir le ceannaireacht curaclaim i mbunscoileanna. Beidh tacaíocht do dhéanamh céille i gcomhar maidir le mórán de na saincheisteanna a ardaítear san alt seo i gceist leis freisin. Ina cuid oibre meastóireachta agus comhairlí, leanfaidh an Chigireacht ar aghaidh ag tacú le múinteoirí agus ceannairí scoile maidir le húsáid a bhaint as struchtúr nua an churaclaim chun freagairt do na riachtanais atá ag leanaí, ag a dteaghlaigh agus ag a bpobail. San áireamh ansin beidh tacaíocht d’úsáid Thacar Uirlisí Matamaitice na Bunscoile mar acmhainn riachtanach chun bonn eolais a chur faoi chinntí múinteoirí agus iad ag obair le torthaí foghlama leathana an churaclaim athfhorbartha.

Iarrtar go ndéanfaí athmhachnamh ar ár gcur chuige maidir le dearbhú cáilíochta ag leibhéal na scoile agus an chórais le cumas gníomhúcháin feabhsaithe do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile maidir le cinntí a dhéanamh faoi cad atá le teagasc, cathain is ceart é a theagasc, agus conas an fhoghlaim a chur in ord agus a luas a shocrú. Beidh sé seo le feiceáil freisin sna comhráite a thagann chun cinn agus sinn ag leanúint ar aghaidh ag múnlú an churaclaim ar bhealach a chuireann ar chumas foghlaimeoirí tionchar dearfach a imirt ar a saol féin agus ar an saol mórthimpeall orthu.

Chapter 6 Footnotes Irish
Download link for Íoslódáil