English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuilleadh Eolais maidir leis an Múinteoireacht in Éirinn



Bunmhúinteoireacht

Déanann bunmhúinteoirí an réimse d’ábhair bhunscoile a mhúineadh do leanaí idir ceithre bliana agus dhá bhliain déag d'aois. Tá riachtanais Ghaeilge i gceist do bhunmhúinteoireacht – ní mór go mbeadh múinteoirí ábalta an Ghaeilge a mhúineadh agus ní mór go mbeadh staidéar déanta acu ar an nGaeilge go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta.

Féadfaidh tú dul faoi oiliúint le bheith i do bhunmhúinteoir trí fhochéim a dhéanamh nó staidéar a dhéanamh ar feadh dhá bhliain don iarchéim Máistir Gairmiúil le hOideachas (MGO) (nasc leis an leathanach iarchéime). Féadfar liosta iomlán de chláir chreidiúnaithe d’oideachas tosaigh múinteoirí a fháil anseo an gcomhairle mhúinteoireachta.

Tá íosriachtanais sa mhatamaitic, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ar leibhéal na hArdteistiméireacht de dhíth chun bheith i do bhunmhúinteoir. Féadfar na sonraí ar fad faoi na riachtanais iontrála a fháil anseo.

Nóta faisnéise maidir le hoiliúint tosaigh múinteoirí agus cáilíochtaí áirithe múinteoirí eachtracha (iQTS)

Nóta Faisnéise ar iQTS
Amharc amharc

Múinteoireacht Iar-bhunscoile

Féadfaidh tú dul faoi oiliúint le bheith i do mhúinteoir iar-bhunscoile trí fhochéim a dhéanamh nó staidéar a dhéanamh ar feadh dhá bhliain don iarchéim Máistir Gairmiúil le hOideachas (MGO). Féadfar liosta de chláir chreidiúnaithe ITE a fháil anseo an gcomhairle mhúinteoireachta.

Má tá tú ag déanamh iarratais ar an MGO ba cheart go mbeadh ar a laghad ábhar amháin ó churaclam na hArdteistiméireachta agat sa bhunchéim.

Ní gá do mhúinteoirí iar-bhunscoile cáilíocht sa Ghaeilge bheith acu mura bhfuil siad fostaithe ag scoil Ghaeltachta nó ag Gaelcholáiste áit a ndéanann múinteoirí an teagasc trí Ghaeilge.

Nóta faisnéise maidir le hoiliúint tosaigh múinteoirí agus cáilíochtaí áirithe múinteoirí eachtracha (iQTS)

Nóta Faisnéise ar iQTS
Amharc amharc

Tacaíocht Airgeadais do Mhic Léinn

Is é an deontas do mhic léinn an tacaíocht airgeadais is mó atá ar fáil do mhic léinn atá ag freastal ar chúrsaí breisoideachais agus ardoideachais ar bhonn lánaimseartha. Féadfaidh deontas cothabhála agus/nó deontas táillí bheith i gceist, ag brath ar incháilitheacht.

Tá tuilleadh eolais faoi sparánachtaí agus faoi thacaíochtaí airgeadais eile agus faoi na critéir do Scéim na dTáillí in Aisce ar fáil ag studentfinance.ie

Naisc úsáideacha eile:

gov.ie/dfheris - Eolas ar chláir scoláireachtaí agus ar chláir sparánachtaí eile nach bhfuil san áireamh ar studentfinance.ie.

SUSI - Suíomh gréasáin do Thacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), údarás náisiúnta deonaithe na hÉireann maidir le gach deontas ardoideachais agus breisoideachais.


Cúrsaí a thacaíonn le rochtain ar oiliúint múinteoirí (réamhiontráil ar chúrsa ITE)

Cuireann roinnt ollscoileanna agus coláistí cúrsaí ar fáil chun tacú le rochtain ar oideachas tosaigh múinteoirí do dhaoine ó ghrúpaí a bhíodh faoi ghannionadaíocht sa mhúinteoireacht go hiondúil:

Do Bhunmhúinteoireacht

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath:

Ollscoil Mhá Nuad:

Coláiste Mhuire Gan Smál:

Institiúid Oideachais Marino:

Coláiste Ollscoile Chorcaí:

Do Mhúinteoireacht Iar-bhunscoile

Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh & Coláiste San Aingeal, Sligeach:

Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha:

Institiúid Oideachais Marino:

Coláiste Ollscoile Chorcaí:

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gClár um Rochtain ar Ardoideachas (PATH) cliceáil anseo.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh tríd an mBealach Rochtana (HEAR/DARE) cliceáil anseo.


Earcaíocht agus Fostaíocht Múinteoirí

Is é bord bainistíochta na scoile a earcaíonn agus a fhostaíonn formhór na múinteoirí agus is í an Roinn Oideachais a íocann iad. I gcás scoileanna na mBord Oideachais agus Oiliúna (BOO), is é an BOO a earcaíonn, a fhostaíonn agus a íocann múinteoirí.

Féadfaidh tú post múinteoireachta a lorg:

Poist bhuana agus poist shealadacha Subseeker (educationposts.ie)
staffroom.ie
etbjobs.ie
etbvacancies.ie
Poist ionadaíochta
INTO Teacher Connect
ASTI Substitute Placement Scheme
Subseeker (educationposts.ie)


Riachtanais earcaíochta – Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána

De réir dlí, ní mór go ndéanfadh an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin grinnfhiosrúchán ar dhaoine atá ag obair le leanaí agus le daoine leochaileacha. Déanann an Chomhairle Mhúinteoireachta an Grinnfhiosrúchán maidir le Múinteoirí in Éirinn a riar ar son fostóirí (scoileanna agus BOOanna). Ceanglaítear ar scoileanna/BOOanna freisin an nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil agus a mheas chun críocha fostaíochta.


Scála Tuarastail

scála tuarastail incrimintigh i bhfeidhm do bhunmhúinteoirí agus do mhúinteoirí iar-bhunscoile.

Féadfar creidmheas incriminteach a bhronnadh ar mhúinteoirí cáilithe bunscoile/iarbhunscoile ar shon seirbhíse ábhartha mhúinteoireachta agus neamh-mhúinteoireachta chun críche dul chun cinn ar an scála tuarastail incrimintigh. Is féidir sonraí iomlána a fháil anseo.


Laethanta Saoire

Tá doiciméad cuimsitheach ag an Roinn Oideachais ina gclúdaítear gach gné de na cineálacha saoire do mhúinteoirí. Clúdaítear ann freisin an riachtanas maidir le clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta-Alt 30. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo.


Scoilbhliain

Ceanglaítear ar scoileanna bheith oscailte ar feadh 167 lá ar a laghad ar leibhéal na hiar-bhunscoile agus ar feadh 183 lá ar a laghad ar leibhéal na bunscoile.

Féadfar sonraí iomlána maidir le dátaí laethanta saoire scoile a fháil anseo.


Fostaíocht le Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) freagrach as forbairt, measúnú, creidiúnú agus teastasú a dhéanamh ar scrúdú an Teastais Shóisearaigh agus ar Scrúdú na hArdteistiméireachta. Fostaíonn CSS na mílte múinteoir gach bliain ar bhonn sealadach gearrthéarmach chun feitheoireacht a dhéanamh ar na scrúduithe Stáit agus iad a mharcáil.


Forbairtí Curaclaim

Cuireann an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) comhairle ar an Aire Oideachais maidir leis na nithe seo a leanas:

a) Curaclam agus measúnacht don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna.

b) Nósanna imeachta measúnachta a úsáidtear i scoileanna agus i scrúduithe in ábhair ar cuid den churaclam iad.

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta

Curaclam ar Líne


Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

Soláthraíonn an Roinn Oideachais deiseanna forbartha gairmiúla do mhúinteoirí i raon leathan réimsí.

SFGM

Tá acmhainn idirghníomhach úrnua forbartha ag SFGM a thugann forléargas cuimsitheach ar thírdhreach teagaisc na hÉireann dar teideal “Teagasc in Éirinn”

Is é seo an nasc chuig an acmhainn nua ar leathanach baile SFGM www.pdst.ie/teachinginireland


Seirbhísí Tacaíochta agus Ceannaireacht

An Lárionad um Cheannaireacht Scoile

Tá an Lárionad um Cheannaireacht Scoile ina thionscadal comhpháirtíochta idir Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann/Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí agus an Roinn Oideachais. Is imeacht ó na seanbhealaí é an Lárionad agus tugann sé deis uathúil le haghaidh contanam comhleanúnach forbartha gairmiúla a cheapadh do cheannairí scoile. Is é an cuspóir comhroinnte atá i gceist leis go n-éireoidh an Lárionad um Cheannaireacht Scoile ina lárionad sármhaitheasa do cheannairí scoile agus ina phríomhsholáthraí tacaí ina leith sin.

An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí

Seirbhís tacaíochta múinteoirí atá faoi stiúir ag an Roinn Oideachais agus atá á hóstáil ag Ionad Oideachais Mhuineacháin is ea an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí. Is é an aidhm atá léi tacaíocht a thabhairt do scoileanna an Creat don tSraith Shóisearach (2015) a chur chun feidhme trí fhorbairt ghairmiúil leanúnach atá cuí agus ar ardchaighdeán a sholáthar do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí agus acmhainní éifeachtacha teagaisc agus foghlama a chur ar fáil.

An Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí

Seirbhís thiomnaithe tacaíochta le haghaidh forbairt ghairmiúil leanúnach atá faoi stiúir ag an Roinn Oideachais is ea an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí.

Tá creat náisiúnta d’fhoghlaim múinteoirí á fhorbairt ag an gComhairle Mhúinteoireachta faoi láthair. Féach Cosán.

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM)

Tá an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí ar an aon seirbhís tacaíochta is mó a chuireann deiseanna foghlama gairmiúla ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile i réimsí oideolaíochta, curaclaim agus oideachais éagsúla.

Tá acmhainn idirghníomhach úrnua forbartha ag SFGM a thugann forléargas cuimsitheach ar thírdhreach teagaisc na hÉireann dar teideal “Teagasc in Éirinn”

Is é seo an nasc chuig an acmhainn nua ar leathanach baile SFGM www.pdst.ie/teachinginireland.


An Chomhairle Mhúinteoireachta

An Chomhairle Mhúinteoireachta

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht caighdeán gairmiúil do ghairm na múinteoireachta. Cuireann sí caighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht chun cinn agus rialálann sí na caighdeáin sin.


Cigireacht na Roinne Oideachais / Féinmheastóireacht Scoile / Ag Breathnú ar an Scoil Againne

Féinmheastóireacht scoile

Is é is féinmheastóireacht scoile ann ná próiseas comhoibríoch, cuimsitheach agus athmhachnamhach ina ndéantar athbhreithniú inmheánach ar scoil. Agus cur chuige fianaisebhunaithe á ghlacadh lena linn, is é atá i gceist léi faisnéis a bhailiú ó fhoinsí éagsúla agus breithiúnais a dhéanamh ansin. Déantar an méid sin ar fad ar mhaithe le feabhsúcháin a dhéanamh ar fhoghlaim daltaí.

Agus é á óstáil ag Cigireacht na Roinne Oideachais, is é is aidhm don suíomh Gréasáin seo tacú le múinteoirí agus le ceannairí scoile araon agus iad ag gabháil don phróiseas féinmheastóireachta scoile.


Tionscadal na Múinteoirí Imirceacha

Is é an aidhm atá le Tionscadal na Múinteoirí Imirceacha méadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht Múinteoirí Inimirceacha ar cuireadh Oideachas orthu thar lear i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna na hÉireann. Bhunaigh Institiúid Oideachais Marino an tionscadal agus tá sé á chomhchistiú ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus ag an Roinn Oideachais. Leis an tionscadal, soláthraítear faisnéis, comhairle agus oiliúint do mhúinteoirí imirceacha a cháiligh lasmuigh d’Éirinn chun cabhrú leo leanúint lena ngairm a shaothrú in Éirinn.

Faigh tuilleadh faisnéise anseo.