English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Turaisciú ar FMS


Ba chóir an roinn seo den suíomh gréasáin a úsáid i gcomhar le Caibidil 6 de na FMS: Treoirlinte.


Tuarascáil Féinmheastóireachta Scoile agus Plean Feabhsúcháin Scoile

Níor chóir don FMS díriú ar an obair scríofa thar aon ní eile. Mar sin féin, ní mór don scoil tuarascáil féinmheastóireachta agus plean feabhsúcháin scoile gonta a chur i dtoll a chéile gach bliain. I gcéim a haon den FMS, ó 2012-2016, iarradh ar na scoileanna dhá dhoiciméad – Tuarascáil Féinmheastóireachta agus Plean Feabhsúcháin – a chur i dtoll a chéile. Ach i gcéim a dó, féadfaidh an scoil an dá dhoiciméad sin a chumasc in aon doiciméad amháin nach faide ná trí leathanach.

Leagtar amach go soiléir sa tuarascáil féinmheastóireachta agus sa phlean feabhsúcháin scoile an méid is gá a dhéanamh chun obair na scoile a fheabhsú. Ba cheart na focail sna pleananna a bheith soiléir sothuigthe. An tuarascáil a bhíonn sa chéad roinn agus an plean feabhsúcháin sa dara roinn.

Gheofar teimpléad den tuarascáil féinmheastóireachta agus plean feabhsúcháin scoile comhcheangailte le híoslódáil thíos:

Teimpléad den tuarascáil féinmheastóireachta agus plean feabhsúcháin scoile
Féinmheastóireachta Scoile
Download link for Íoslódáil

Seicliosta don Bhord Bainistíochta

Is áis iad seicliostaí a chabhraíonn leis an scoil athbhreithniú a dhéanamh ar cibé an bhfuil riachtanais uile na reachtaíochta agus na rialachán ábhartha á gcomhlíonadh, agus cibé an bhfuil gach beartas riachtanach i bhfeidhm. Is féidir seicliostaí a cheangal mar aguisíní leis an tuarascáil féinmheastóireachta agus an plean feabhsúcháin scoile.

Gheofar seicliosta le híoslódáil thíos:

Seicliosta don Bhord Bainistíochta
Féinmheastóireachta Scoile
Download link for Íoslódáil

Achoimre den Tuarascáil a Scaipeadh ar an bPobal Scoile

Ba chóir don scoil achoimre den tuarascáil féinmheastóireachta agus den phlean feabhsúcháin scoile a scaipeadh ar phobal uile na scoile. Ba chóir é sin a dhéanamh i ndoiciméad amháin atá gonta, soiléir agus a bhfuil brí leis.

Gheofar teimpléad don tuarascáil féinmheastóireachta agus don phlean feabhsúcháin scoile le híoslódáil thíos:

Teimpléad don tuarascáil féinmheastóireachta agus don phlean feabhsúcháin scoile
Féinmheastóireachta Scoile
Download link for Íoslódáil

Chomhroinn scoileanna áirithe tuarascálacha samplacha FMS agus pleananna feabhsúcháin scoile le linn chéad chéim an FMS. Tá na samplaí sin le fáil fós in Scéalta ó Scoileanna. Déanfaimid ár ndícheall samplaí eile a chur leis sna míonna romhainn.

Bailiú Fianaise