Uachtaránacht na hÉireann ar Chóras na Scoileanna Eorpacha
- Foilsithe: 2 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Glacann Ballstát le hUachtaránacht na Scoileanna Eorpacha gach bliain acadúil. Bhí Éire páirteach sa Triúracht go hoifigiúil taobh leis an gCróit agus leis an Iodáil ón 1 Lúnasa 2021 agus ghlac sí Uachtaránacht na Scoileanna Eorpacha ón gCróit uirthi féin in 2022-23.
I gcás a hUachtaránachta féin, shainaithin Éire ceithre phríomhréimse tosaíochta chun tacú le córas na Scoileanna Eorpacha:
- Cleachtas machnamhach aonair agus comhchoiteann a chothú i measc múinteoirí i gcóras na Scoileanna Eorpacha le tacaíocht ó cheithre Institiúid Ardoideachais
- Saoránacht ghníomhach a chothú agus a cheiliúradh i measc daoine óga sa timthriall meánscoile i gcóras na Scoileanna Eorpacha tríd an gClár Gníomhaíochtaí Saoránachta do Chách (CGSC)
- Comhtháthú fiúntach na Scoileanna Eorpacha Creidiúnaithe isteach i gcóras na Scoileanna Eorpacha a chur ar aghaidh chun sineirgí a uasmhéadú idir Scoileanna traidisiúnta Eorpacha agus Scoileanna Creidiúnaithe Eorpacha
- Cur leis an obair atá ar siúl cheana féin chun córais agus nósanna imeachta riaracháin chóras na Scoileanna Eorpacha a shimpliú.
Sonraí iomlána ar na tosaíochtaí seo sa doiciméid thíos:
Cuirfear an obair seo chun cinn faoi stiúir Bhord Gobharnóirí na Scoileanna Eorpacha. Déanfaidh an Bord Cigirí agus struchtúir riaracháin eile laistigh den chóras ES í a mhaoirsiú le tacaíocht ó Oifig an Ard-Rúnaí, an Bhruiséil agus ó fhoireann Uachtaránacht na hÉireann.
Fáiltíonn an tAire Foley roimh Uachtaránacht na hÉireann ar chóras na Scoileanna Eorpacha