Ábhair Taobh Amuigh den Scoil agus Foghlaimeoirí Taobh Amuigh den Scoil Foirm Faisnéise
Chun Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht 2021 a rochtain:
- Ní mór do scoláirí , a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar ábhair go hiomlán taobh amuigh den scoil, faisnéis ar leith a sholáthar dá bpríomhoide scoile a luaithe is féidir.
- Ní mór d’fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil faisnéis ar leith a sholáthar do phríomhoide/chomhordaitheoir a n-óstscoile/ óstionad foghlama a luaithe is féidir. (Ní mór d’fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil óstscoil nó óstionad foghlama atá aitheanta ag CSS chun scrúduithe a reáchtáil iontu a aimsiú, chun maoirseacht a dhéanamh ar chur isteach na marcanna measta ar a son. Is í an scoil nó an t-ionad foghlama ina bhfuil sé socraithe acu na scrúduithe scríofa a dhéanamh i mí an Mheithimh a bheidh mar óstscoil/óstionad acu.
Chun roinnt na faisnéise a éascú, beidh ar scoláirí a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ar ábhair go hiomlán taobh amuigh den scoil agus ar fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil an Fhoirm Faisnéise a chomhlánú agus is féidir í a íoslódáil thíos.
Ba chóir an Fhoirm Faisnéise chomhlánaithe a chur isteach mar chóip chrua nó go digiteach chuig an príomhoide/comhordaitheoir ábhartha faoin Déardaoin 22 Aibreán ar a mhoille.