Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Teachtaireacht dóchais agus buíochais taifeadta ag an Uachtarán Ó hUigínn do dhaltaí iar-bhunscoile

Tá teachtaireachtaí físeáin speisialta do dhaltaí iar-bhunscoile eisithe inniu ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn.

Tá scoileanna ar fud na hÉireann dúnta ó thráthnóna Déardaoin 12 Márta , rud a chuir isteach ar shaol na mílte dalta ar fud na tíre.

Ina theachtaireacht do dhaltaí iar-bhunscoile, thug an tUachtarán aitheantas don chur isteach mór ar na himeachtaí tábhachtacha i saol na ndaoine óga chomh maith. Ina theachtaireacht ghlac an tUachtarán buíochas as a bhfuil á dhéanamh ag na daltaí sna hiarrachtaí chun srian a chur ar scaipeadh an víris.

Chríochnaigh an tUachtarán an teachtaireacht agus é seo á rá aige

“Fan slán agus lean le daoine eile a choimeád slán. Tiocfaidh deireadh leis an ngéarchéim, agus tiocfaidh tréimhse gheal a mbainfimid go léir taitneamh as i ndiaidh na tréimhse dorcha seo.”

Tá teachtaireachtaí an Uachtaráin ar fáil anseo:

Teachtaireacht chuig daltaí iar-bhunscoile:

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat