English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

An Meáchan atá i Málaí Scoile

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025

Tá an Roinn Oideachais eolach ar na fadhbanna féideartha a bhfuil an meáchan atá i málaí scoile ina chúis leo. Ina leith seo, chuir an Roinn tús le feachtas um múscailt feasachta roinnt blianta ó shin tríd an tuarascáil a scaipeadh, i dteannta imlitir thionlacain, do gach bunscoil agus iarbhunscoil.

Tá an Roinn eolach go ndearna cuid mhór scoileanna gníomhaíocht dhearfach maidir leis na saincheisteanna seo. Is é atá i ngníomhaíochtaí raon beart, lena n-áirítear an soláthar cóifríní agus, i gcás na scoileanna dara leibhéal, eagrú an chláir ama i dtréimhsí dúbailte ranganna, teagmháil ghníomhach le tuismitheoirí agus an comhordú obair baile ag múinteoirí ábhair. Ar leith ó líon beag téacsanna atá leagtha síos sa dara leibhéal (go háirithe i gcás na n-ábhar teanga), ní dhéanann an Roinn téacsleabhair scoile a fhaomhadh nó a leagan síos ag an chéad leibhéal ná ag an dara leibhéal. Déantar cinntí ar na leabhair a úsáidfear i scoileanna ag an leibhéal scoile.

Bunaíodh Grúpa Oibre tamall ó shin agus d’aithin sé go bhfuil cuid mhór de na réitigh ar fáil ag an leibhéal áitiúil scoile. Déantar moltaí éagsúla i dTuarascáil an Ghrúpa Oibre ina leith seo, amhail an úsáid is fearr as áiseanna stórála, forbairt scileanna eagrúcháin na ndaltaí agus tráthchlárú.

Is iad seo a leanas na himlitreacha a d’eisigh an Roinn thar na blianta maidir leis an meáchan atá i málaí scoile:

Ciorclán Teideal Leibhéal Dáta
PC13/05 Faoi Ualach Málaí Scoile Bunoideachas 01/05/2005
M35/05 Faoi Ualach Málaí Scoile Iarbhunoideachas 14/05/2005
PC51/98 Faoi Ualach Málaí Scoile Bunoideachas 01/10/1998
M41/98 Faoi Ualach Málaí Scoile Iarbhunoideachas 01/10/1998