An tOideachas Ionchuimsitheach
- Foilsithe: 17 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 4 Meitheamh 2024
- Réamhrá
- Oideachas Riachtanas Oideachasúil Speisialta
- An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO)
- An Ionchuimsitheacht Shóisialta
- Cosaint agus Cumhdach Linbh
- An Fhrithbhulaíocht sna Scoileanna
- An Fholláine
Réamhrá
Is féidir muid a mheas mar shochaí de réir mar a chaithimid leis na daoine is leochailí inár measc agus de réir mar a chaithimid le chéile. Tá an rialtas tiomanta do thimthriall an mhíbhuntáiste a bhriseadh trí leas a bhaint as an oideachas agus as seirbhísí oiliúna. Ba chóir go dtabharfaí de thacaíochtaí cuí dóibh siúd a bhfuil riachtanais bhreise acu in am cuí.
Oideachas Riachtanas Oideachasúil Speisialta
Freastalaíonn an chuid is mó de leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu ar an mbunscoil áitiúil i rang príomhshrutha ina bhfuil páistí eile a bhfuil leibhéil éagsúla chumais acu agus ina bhfuil tacaíocht bhreise ar fáil de réir mar is gá. Freastalaíonn roinnt páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais níos casta acu ar rang speisialta sa bhunscoil áitiúil phríomhshrutha acu. Is iondúil gur lú an cóimheas idir daltaí agus múinteoirí sna ranganna sin. D’fhéadfaí go n-áireofaí daltaí atá cláraithe leis na ranganna sin sa rang príomhshrutha ar feadh coda den lá nó den tseachtain, de réir a láidreachtaí nó a gcumas.
Tá na scoileanna speisialta dírithe ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta an-chasta acu go ginearálta nach n-éireodh go rómhaith leo ar scoil phríomhshrutha ar feadh coda den tseachtain fiú amháin. Tá grúpaí ranga an-bheag ag na scoileanna speisialta.
Bunaíodh An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) le feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí oideachais do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ag eascairt as míchumais agus béim faoi leith ar leanaí ann. Soláthraítear seirbhís áitiúil trí líonra náisiúnta d’Eagraithe Riachtanais Speisialta Oideachais (ERSOanna) a bhíonn ag idirghníomhú le tuismitheoirí agus le scoileanna, agus ag déanamh idirchaidrimh leis an FSS trí acmhainní a sholáthar chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO)
Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) seirbhís síceolaíochta oideachais atá scoilbhunaithe ar fáil do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Bíonn síceolaithe de chuid SNSO ag obair i ndlúthpháirtíocht le múinteoirí, le tuismitheoirí agus le páistí chun tacaíocht a thabhairt d’fholláine agus d’fhorbairt acadúil, shóisialta agus mhothúchánach an uile fhoghlaimeora, ag féachaint d’ionchuimsitheacht na bpáistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus dóibh siúd atá i mbaol imeallaithe i ngeall ar an míbhuntáiste. Lena chois sin, soláthraíonn síceolaithe de chuid SNSO tacaíocht do scoileanna má tharlaíonn Teagmhais Chriticiúla (mar atá méala nó bás de bharr féinmharaithe).
Léigh tuilleadh ar NAn tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO)
An Ionchuimsitheacht Shóisialta
Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh - DEIS
Sna scoileanna DEIS dírítear ar aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais leanaí agus daoine óga as pobail faoi mhíbhuntáiste, ón réamhscoil go dtí an t-oideachas dara leibhéal (3 go 18 mbliana d'aois), agus chun tosaíocht a thabhairt dó.
Tugtar tacaíochtaí agus acmhainní breise, lena n-áirítear soláthar foirne breise, do na bunscoileanna agus do na hiar-bhunscoileanna a ghlacann páirt sa scéim scoileanna DEIS, chun tacú leo ionas go mbainfidh siad cuspóirí an tionscnaimh amach. Is ar leibhéal an mhíbhuntáiste sa phobal scoile a bhraitheann leibhéal na dtacaíochtaí breise agus na n-acmhainní a leithdháiltear ar scoileanna atá ag glacadh páirte sa scéim scoileanna DEIS.
Léigh tuilleadh: CDSS - Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh.
Straitéis Oideachais Idirchultúrtha
Tá sé mar aidhm ag an Straitéis Oideachais Idirchultúrtha (“IES”) a áirithiú:
- go mbeidh eispéireas oideachais ag gach dalta a “thugann meas d’éagsúlacht na luachanna, na gcreideamh, na dteangacha agus na dtraidisiún i sochaí na hÉireann agus go ndéantar é seo faoi stiúir spiorad na comhpháirtíochta” (An tAcht Oideachais, 1998).
- go dtugtar cúnamh do gach soláthraí oideachais agus iad ag iarraidh a áirithiú go nglacfar go forleathan leis an gcuimsiú agus leis an imeascadh laistigh de thimpeallacht foghlama idirchultúrtha.
Forbraíodh IES mar aitheantas ar na hathruithe déimeagrafacha suntasacha a tharla le déanaí i sochaí na hÉireann, atá léirithe sa chóras oideachais Tógann an Straitéis ar an obair atá déanta cheana féin sa réimse seo agus déantar iarracht ann a bheith bainteach le gach earnáil oideachais, de réir sprioc ardleibhéil na Roinne Oideachais (“DE”) chun “tacaíocht a thabhairt do cháilíocht, ábharthacht agus cuimsitheacht oideachais agus iad a fheabhsú do gach foghlaimeoir inár scoileanna”. Léigh tuilleadh ar Straitéis Oideachais Idirchultúrtha
Comhordú an Oideachais do Thaistealaithe
D’fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt an Straitéis Náisiúnta maidir le hIonchuimsiú Taistealaithe agus Romach i mí Mheithimh 2017. Ghlac an Roinn Oideachais páirt i bhforbairt na straitéise agus is ball í ar an gCoiste Stiúrtha a bunaíodh chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise nua. Ar bhallraíocht an Choiste Stiúrtha áirítear na ranna rialtais, na gníomhaireachtaí agus na hENRanna go léir lena mbaineann. Léigh tuilleadh maidir le Comhordú an Oideachais do Thaistealaithe.
Aonaid Ardtacaíochta agus Cúraim Speisialta
Cuirtear an Cúram Ardtacaíochta ar fáil do pháistí a bhfuil fadhbanna diana mothúcháin agus iompraíochta acu, nach féidir na deacrachtaí a léirítear iontu a shásamh san oideachas príomhshrutha. Soláthraítear tríd an tseirbhís tacaíocht bhreise do na daoine óga sin, trí chóimheas íseal múinteoirí is daltaí agus trí leibhéil arda ionchur teiripeach. Léigh tuilleadh
Tionscadail Chomhchaidrimh don Aos Óg (TCAÓ)
Soláthraítear áiseanna oideachais neamhchónaithe trí na Tionscadail Chomhchaidrimh don Aos Óg (TCAÓ) do pháistí atá tar éis dul leis an ógchiontacht nó atá i mbaol dul leis an ógchiontacht
Scoil Coinneála Leanaí
Is é an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige é atá freagrach as na trí Scoil Coinneála Leanaí i mBaile an Oibricigh, Lusca, Co. Átha Cliath, áit a gcuirtear spásanna coinneála ar fáil do na cúirteanna do chailíní suas go 18 mbliana d’aois agus do bhuachaillí suas go 17 mbliana d’aois dar ordaíodh iad a athchur nó a chimiú ar chúiseanna coiriúla. Is é an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige atá freagrach as gnéithe cúram leanaí faoi Acht na Leanaí, 2001.
Tá dhá ionad oideachais ar champas Bhaile an Oibricigh atá ag freastal don uile pháiste atá á choinneáil. Tá an fhreagracht as an soláthar oideachais faoi réim Bhord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire.
Cosaint agus Cumhdach Linbh
Tá sárthábhacht ag baint le cosaint agus le folláine gach linbh i ngach scoil. Sa Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna 2017leagtar amach treoir agus comhairle shoiléir le haghaidh bhainistíocht agus fhoireann na scoile i dtaca le conas na ceanglais atá ann faoin Acht um Thosaíocht do Pháistí, 2015 a shásamh agus i dtaca le treoraíocht an dea-chleachtais a chur i bhfeidhm ar bhonn leanúnach laistigh den limistéir scoile faoi mar atá leagtha amach in Tús Áite do Leanaí: Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus i Scoileanna Iarbhunscoile.
Cuirtear cigireachtaí Chosaint agus Chumhdach Linbh i gcrích i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, i scoileanna atá ceangailte le haonaid chúraim speisialta agus le hionaid ógtheagmhála. Mar chuid de na cigireachtaí sin, feictear conas atá boird scoile agus foirne scoile ag comhlíonadh a gceanglas dleathach i dtaca le cosaint agus cumhdach leanaí mar is dual dóibh de réir Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna 2017.
Léigh tuilleadh: Cosaint Leanaí i Scoileanna.
An Fhrithbhulaíocht sna Scoileanna
Is mar seo a leanas a shainmhínítear an bhulaíocht in Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile “iompar diúltach neamhiarrtha, béil, síceolaíoch nó fisiceach a dhéanann duine aonair nó grúpa i gcoinne duine eile (nó daoine) agus a athdhéantar le himeacht ama.” Tá breis eolais maidir le sainmhíniú na bulaíochta, le cineálacha bulaíochta agus le tionchar agus táscairí na bulaíochta ar fáil i gCuid 2 agus i gCuid 3 na Nósanna Imeachta do Scoileanna.
Is faoin scoil aonair atá sé aghaidh a thabhairt ar an mbulaíochta sna scoileanna.
Léigh tuilleadh: Bulaíocht Eolas do Thuismitheoirí agus Daltaí.
An Fholláine
Tá ról ríthábhachtach ag scoileanna agus ag ionaid oideachais in Éirinn i gcur chun cinn na folláine trí raon gníomhaíochtaí agus cur chuige chun tacú le forbairt acadúil, fhisiceach, mheabhrach, mothúchánach, shóisialta agus spioradálta gach linbh agus gach duine óig.
Tá sé mar aidhm ag an Roinn Oideachais a chinntiú go dtreiseofar, go gcuirfear chun cinn agus go gcothófar a bhfolláine, agus go mbeidh meas uirthi, tríd an taithí a fhaigheann páistí agus daoine óga ó na luathbhlianta agus fad an bhunoideachais agus iar-bhunoideachais.
Soláthraíonn an Ráiteas Beartais Folláine struchtúr uileghabhálach ina gcuimsítear obair atá ann cheana féin, obair atá ar siúl agus obair atá á forbairt sa réimse sin, lena n-áirítear Aistear: an Creat Curaclaim Luath-Óige agus curaclam Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS) ag an mbunleibhéal, agus Clár Folláine na Sraithe Sóisearaí ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
Is ar mhaithe le scoileanna, le hionaid oideachais, le páistí agus daoine óga, le tuismitheoirí/cúramóirí, leis na seirbhísí tacaíochta, le ranna rialtais, le heagrais neamhrialtais agus ar mhaithe leo siúd go léir ar spéis leo cur chun cinn na folláine san oideachas atá an beartas seo dírithe.