English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Boird Bhainistíochta ar Scoileanna



Cur Síos

Bainistíonn an bord bainistíochta an scoil thar ceann an phátrúin agus tá sé cuntasach don phátrún agus don Aire. Ní mór don Bhord seasamh le meon sainiúil (éiteas) na scoile agus tá sé cuntasach don phátrún as an méid sin a dhéanamh.

Tá an príomhoide freagrach as bainistíocht na scoile ó lá go lá, lena n-áirítear múinteoirí agus foireann eile na scoile a threorú agus a stiúradh, agus tá sé/sí cuntasach as an mbainistíocht sin.


Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna

Is é atá sa [Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2023 - 2027ná forbhreathnú ar ról an Bhoird agus ar na rialacha éagsúla atá i bhfeidhm maidir le comhdhéanamh agus oibriú na mBord.


Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna

Is é atá sa Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2023 - 2027 ná forbhreathnú ar ról an Bhoird agus ar na rialacha éagsúla atá i bhfeidhm maidir le comhdhéanamh agus oibriú na mBord. Cuireann ciorclán Na Roinne Oideachais Ciroclán 0049/2023 (a foilsíodh ar an 21ú Meán Fómhair 2023) údaráis bhunscoileanna ar an eolas gur foilsíodh an Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2023 - 2027 i ndiaidh comhairliúcháin a dhéanamh le comhpháirtithe oideachais


Teagmháil

Ba cheart ceisteanna ginearálta i dtaca leis an Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2023 - 2027 a sheoladh le ríomhphost: schoolgovernance@education.gov.ie

Ba cheart ceisteanna ginearálta i dtaca le nósanna imeachta earcaíochta agus ceapacháin do mhúinteoirí, do phríomhoidí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta a sheoladh le ríomhphost chuig an roinn ag Ríomhphost: teachersna@education.gov.ie

Féach Freisin