English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Cairt Mac Léinn agus Tuismitheoirí

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 17 Feabhra 2022

An Bille Oideachais (Cairt na Mac Léinn agus na dTuismitheoirí), 2019

D’fhoilsigh an Bille Oideachais (Cairt Mac Léinn agus Tuismitheoirí), 2019 an 10 Meán Fómhair 2019.

Féach anseo Achoimre ar an mBille.

Cúlra

Is é príomhaidhm na reachtaíochta an bealach a idirghníomhaíonn scoileanna le mic léinn agus a dtuismitheoirí a fheabhsú. Is éard atá i gceist leis an gcur chuige ar an iomlán go ngluaisfear amach ó bheith ag díriú ar a bheith ag freagairt d’fhadhbanna i scoileanna tar éis do chasaoidí a bheith tagtha chun cinn, go cur chuige lena bhféachfar leis an eispéireas laethúil, lenar féidir le mic léinn agus a dtuismitheoirí a bheith ag súil ó scoileanna, a fheabhsú. Déanfar sin trí dhlí a leagan amach i gcreat a fheidhmeoidh scoileanna san idirghníomhaíocht acu le mic léinn agus tuismitheoirí.

Príomhfhorálacha sa Bhille

Áirítear forálacha sa Bhille:

  • lena gceanglaítear ar scoileanna Cairt Mac Léinn agus Tuismitheoirí a bheith acu;
  • lena gceanglaítear ar an Aire treoirlínte a eisiúint a n-ullmhófar, a bhfoilseofar agus a gcuirfear Cairt Mac Léinn agus Tuismitheoirí de chuid gach scoil i ngníomh dá réir;
  • lena leagtar amach na príomhghnóthaí nach mór don Aire aird a thabhairt orthu agus treoirlínte na cairte á n-ullmhú;
  • lena soláthraítear cumhacht don Aire ordú a thabhairt do bhord i gcás, dar leis nó léi, gur chlis ar an mbord, nó go bhfuil ag cliseadh ar an mbord iomlán nó cuid dá oibleagáid a chomhlíonadh maidir le cairt a ullmhú, a fhoilsiú nó a chur i ngníomh;
  • lena gceanglaítear ar an Aire aon ordú a eiseofar a fhoilsiú agus fógra um chomhlíonadh ina dhiaidh i gcás gurb infheidhme sin;
  • lena leasaítear Alt 9 den Acht Oideachais 1998 go n-áireofar i measc na bhfeidhmeanna ag scoil:

-ceanglas go gcaithfidh scoil rannpháirtíocht na mac léinn agus a dtuismitheoirí san oideachas a sholáthraítear do mhic léinn, a chur chun cinn agus

-ceanglas lena chinntiú go gcuirfear a cairt i ngníomh.

  • lena leasaítear Alt 27 den Acht Oideachais 1998 go n-athrófar an ceanglas ar chomhairle na mac léinn ó cheanglas lena gcuirtear leas na scoile chun cinn go ceanglas lena gcuirtear leas mhic léinn na scoile chun cinn agus aird á tabhairt ar spiorad agus ar bheartais saintréithreacha na scoile agus na cairte.
  • go gcuirtear forálacha in ionad alt 28 den Acht Oideachais atá ann faoi láthair, lena bhforáltar le haghaidh na nósanna imeachta, lena ndéileáiltear le casaoidí ó mhic léinn nó a dtuismitheoirí a bhaineann leis an scoil, a bheith leagtha amach i dtreoirlínte an Aire don chairt.

Naisc ghaolmhara

Féach freisin