Comhordú Oideachais don Lucht Siúil
- Foilsithe: 27 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Straitéis Náisiúnta maidir le hIonchuimsiú Taistealaithe agus Romach (NTRIS) 2017 - 2021
- Action Plan for Increasing Traveller Participation in Higher Education 2019-2021
- Report and Recommendations for a Traveller Education Strategy
- Treoilínte d'Oideachas an Lucht Taistil i Scoileanna Dara Leibhéal - 2002
- Suirbhé um Sholáthar Oideachais don Lucht Siúil - 2005
- Ó na Scáileanna – Oideachas Lucht Siúil agus Romach – Guthanna Ó na Pobail, Foilsithe Samhain 2021
- Teagmháil
Straitéis Náisiúnta maidir le hIonchuimsiú Taistealaithe agus Romach (NTRIS) 2017 - 2021
D'fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais an Straitéis Náisiúnta maidir le hIonchuimsiú Taistealaithe agus Romach i Meitheamh 2017. Bhí an Roinn Oideachais agus Scileanna páirteach i bhforbairt na straitéise agus is ball í den Ghrúpa Stiúrtha a cuireadh ar bun chun cur i bhfeidhm na straitéise nua a mhaoirsiú. Is iad na Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí agus Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (ENRanna) ábhartha uile atá ina mbaill den Ghrúpa Stiúrtha.
Glactar cur chuige uile-Rialtais sa straitéis i leith saol Taistealaithe agus Romach in Éirinn a fheabhsú ar bhealaí praiticiúla follasacha. Tá Ranna tar éis obair i gcomhar lena chéile chun bearta a shainaithint a d'fhéadfaí a chur i gcrích chun feabhas ceart a chothú do Thaistealaithe agus Romaigh maidir lena gcaighdeán saoil. Aidhm eile atá ag an straitéis ná feabhas a chur ar an gcaoi a ndéileáiltear le pobail Taistealaithe agus Romach in Éirinn sa tseirbhís phoiblí. Ainmnítear 149 beart sa straitéis, a chlúdaíonn na téamaí Féiniúlacht Chultúrtha, Oideachas, Fostaíocht agus Geilleagar na dTaistealaithe, Páistí agus an Óige, Sláinte, Comhionannas Inscne, Frith-idirdhealú agus Comhionannas, Seirbhísí Poiblí, Cóiríocht, agus Pobail Taistealaithe agus Romach.
Seo a leanas na príomhbhearta i dtaca le hoideachas a moladh sa NTRIS:
- ba chóir go dtacófaí le Taistealaithe agus le Romaigh i réimsí tábhachtacha, lena n-áirítear oideachas, fostaíocht agus forbairt eacnamaíochta
- forbairt acmhainní oideachais ar chultúr agus stair na dTaistealaithe agus na Romach lena n-úsáid i mbunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus suímh oideachais atá dírithe ar dhaoine fásta
- rochtain fheabhsaithe ar oideachas do Thaistealaithe agus Romaigh sa chaoi go mbeidh siad ar chomhchéim leis an daonra tromlaigh maidir leis na torthaí a bhaineann siad amach
- SOLAS agus na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOnna) le plé a dhéanamh ar riachtanais grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear Taistealaithe agus Romaigh, agus iad i mbun soláthar breisoideachais agus oiliúna a phleanáil
- comhoibriú a láidriú idir an t-oideachas foirmeálta agus na hearnálacha foghlama neamhfhoirmeálta chun dul i ngleic leis an líon ard luathfhágálaithe scoile i bpobail Taistealaithe agus Romach.
- cultúr dearfach measa agus cosanta ar mhaithe le féiniúlacht Taistealaithe agus Romach sa chóras oideachais i gcoitinne.
Action Plan for Increasing Traveller Participation in Higher Education 2019-2021
Report and Recommendations for a Traveller Education Strategy
Treoilínte d'Oideachas an Lucht Taistil i Scoileanna Dara Leibhéal - 2002
Suirbhé um Sholáthar Oideachais don Lucht Siúil - 2005
Ó na Scáileanna – Oideachas Lucht Siúil agus Romach – Guthanna Ó na Pobail, Foilsithe Samhain 2021
TUAIRISC BHONNLÍNE TAIGHDE SCÉIM PHÍOLÓTACH NTRIS; “Ó NA SCÁILEANNA – OIDEACHAS LUCHT SIÚIL AGUS ROMACH – GUTHANNA Ó NA POBAIL”
Mar fhreagairt do bhearta sainiúla i Straitéis Náisiúnta Ionchuimsithe an Lucht Siúil agus na Romach agus i bPlean DEIS, tá tionscadal píolótach ar aidhm dó feabhsú thinreamh, rannpháirtíocht agus choinneáil Lucht Siúil agus na Romach ar scoileanna i bhfeidhm i gceithre ionad. Tá tacaíocht ag an tionscadal píolótach trí mhaoiniú ón Roinn Oideachais agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
Forbraíodh an tionscadal píolótach i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais, an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Seirbhís Tacaíocht Oideachais Tusla agus eagraíochtaí Lucht Siúil. Rinneadh tuairisc bhonnlíne taighde a choimisiúnú chun teacht ar thuiscint ar an gcomhthéacs bonnlíne sna hionaid phíolótacha uile.
Lena chois sin, cuirfear an tuairisc bhonnlíne taighde san áireamh mar chuid den mheastóireacht fhoriomlán ar na tionscadail phíolótacha a bheidh ag dul amach ar tairiscint gan mhoill.
Tá an tuarascáil taighde ar fáil anseo. ( HOME - pinkflowerresearch )
Teagmháil
Social Inclusion Unit
- Seoladh:
- Department of Education, Social Inclusion Unit, Cornamaddy, Athlone, N37 X659
- Ríomhphost: