English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Eolas faoin scolaíocht bhaile nó faoi fhreastal ar scoileanna neamhaitheanta

I mBunreacht na hÉireann tugtar aitheantas do ról an tuismitheora / an chaomhnóra mar phríomhoideachasóir an linbh agus cumhdaítear sa dlí gur féidir le tuismitheoir / le caomhnóir scolaíocht bhaile a thabhairt don leanbh.

Faoi Chuid 14 (1) den Acht Oideachais (Leas), 2000 ní mór do thuismitheoirí linbh a fhreastalaíonn ar scoil neamhaitheanta - is é sin scoil nach bhfaigheann cistiú ón Roinn Oideachais (mar shampla, scoil phríobháideach) - nó do thuismitheoirí páiste a gcuirtear oideachas air sa bhaile - a bpáiste a chlárú leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (TUSLA).

Is ann don cheanglas dlíthiúil sin ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí agus dá gceart chun scolaíocht bhaile a thabhairt dá bpáistí agus chun ceart an linbh ar oideachas íosta a chosaint, rud atá tábhachtach.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar: