English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Nósanna Imeachta Araíonachta do Mhúinteoirí agus do Phríomhoidí (Achomhairc)



Eolas

Tá na nósanna imeachta do Bhoird Bhainistíochta/do Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) maidir le fionraí agus le dífhostú múinteoirí agus príomhoidí leagtha amach sna himlitreacha thíos.

0048/2018
Nósanna Imeachta Athbhreithnithe le haghaidh Múinteoirí agus Príomhoidí a Chur ar Fionraí agus a Bhriseadh as a bPost
Amharc amharc
0049/2018
Nósanna Imeachta Athbhreithnithe le haghaidh Múinteoirí agus Príomhoidí a Chur ar Fionraí agus a Bhriseadh as a bPost
Amharc amharc
0050/2018
Nósanna Imeachta le haghaidh Príomhoidí Pobalscoileanna Náisiúnta a Chur ar Fionraí agus a Bhriseadh as a bPost
Amharc amharc

Tá freagracht ar BOOanna, ar Bhoird Bhainistíochta agus ar phríomhoidí as cáilíocht agus as éifeachtacht an oideachais agus as bainistiú na foirne i scoil mar atá leagtha amach san Acht Oideachais 1998.

Forálann na nósanna imeachta aontaithe araíonachta do dhá shraith ar leithligh agus neamhspleácha ar chóir úsáid a bhaint astu in imthosca cuí:

  • nósanna imeachta a bhaineann le saincheisteanna inniúlachta gairmiúla
  • nósanna imeachta a bhaineann le hobair, le hiompar agus le cúrsaí seachas inniúlacht ghairmiúil.

Ní mór don phríomhoide nó don mhúinteoir achomharc a dhéanamh, ina n-aghaidh siúd a bheidh an gníomh araíonachta le déanamh, laistigh de 10 lá scoile tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh. Tá na nósanna imeachta liostaithe go hiomláin sna himlitreacha seo a leanas:


Achomhairc

Cé a fhéadann achomharc araíonachta a thaisceadh

Féadann an múinteoir/an príomhoide achomharc a dhéanamh in aghaidh an ghnímh araíonachta atá beartaithe.

1. I gcás smachtbhanna a bheith á chur ag céim 1, déanfar an t-achomharc chuig ainmní an Bhoird Bhainistíochta.

2. I gcás smachtbhanna a bheith á chur ag Céim 2 agus/nó ag Céim 3 de na nósanna imeachta seo, éistfidh an Bord Bainistíochta le hachomharc den sórt sin.

3. I gcás smachtbhanna a bheith á chur faoi Chéim 4 den nós imeachta, déanfar achomharc chuig painéal achomharc araíonachta arna cheapadh ag an mBord Bainistíochta.

Cad é an tréimhse ama ina bhféadtar achomharc a thaisceadh

Ní mór achomharc a thaisceadh laistigh de 10 lá scoile tar éis fógra a fháil faoin gcinneadh maidir le gníomh araíonachta.

Cad iad na forais ar a bhféadtar achomharc araíonachta a dhéanamh

1. sa chás nár cloíodh le forálacha na nósanna imeachta comhaontaithe

2. sa chás nár fionnadh na fíricí ábhartha uile

3. sa chás nár measadh na fíricí ábhartha uile, nó nár measadh iad ar bhealach réasúnta

4. sa chás nár tugadh deis réasúnta don mhúinteoir lenar bhain an líomhain a fhreagairt

5. sa chás nach mbeifí ag súil le réasún go dtuigfeadh an múinteoir go mbeadh an t-iompar a líomhnaíodh ina chúis le gníomh araíonachta

6. sa chás go bhfuil an smachtbhanna atá molta díréireach leis an tearcfheidhmíocht nó leis an mí-iompar a líomhnaíodh

Cé atá freagrach as Painéal Achomharc Araíonachta a chur le chéile

Ceapfaidh an Bord Bainistíochta Painéal Achomharc Araíonachta a bheidh comhdhéanta de na daoine seo a leanas:

1. Cathaoirleach neamhspleách ó phainéal arna ainmniú ag an Aire Oideachais agus Scileanna

2. Ionadaí de chuid an chomhlachta bainistíochta aitheanta

3. Ainmniú de chuid an cheardchumainn ábhartha mhúinteoirí.


Teamháil

  • R-phost: disciplinary_appeals@education.gov.ie
  • Seoladh: An Roinn Oideachais agus Scileanna, Tacaíocht Riaracháin d’Achomhairc Araíonachta, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co na hIarmhí, N37 X659
  • Teil: (090) 648 3735 / 4103

Féach Freisin