Nósanna imeachta maidir le cosaint leanaí do scoileanna
- Foilsithe: 1 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 29 Bealtaine 2025
- Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna (athbhreithnithe 2023)
- Nósanna Imeachta um Chosaint agus Chumhdach Leanaí le haghaidh Saoráidí Cónaithe a bhaineann le Scoileanna Aitheanta 2023
- Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí 2025 agus tacaíochtaí do Scoileanna
- Athbhreithniú Neamhspleách Ardleibhéil ar Pholasaithe agus ar Phróisis Reatha Cosanta Leanaí na Roinne Oideachais
- Acmhainní oiliúna ar líne do Chosaint agus Chumhdach Leanaí
- Teagmháil
Tugann an leathanach seo léargas ar na nósanna imeachta cosanta leanaí atá I bhfeidhm I scoileanna. Foilsíodh nósanna imeachta nua ar an 28 Bealtaine 2025.Fanann nósanna imeachta 2023 I bhfeidhm go dtí go nglacann scoileanna go hoifigiúil leis na nósanna imeachta 2025. Caithfidh scoileanna na nósanna imeachta 2025 a ghlacadh roimh 31 Nollaig 2026 agus is féidir leo na nósanna imeachta nuashonraithe a chur I bhfeidhm ag am ar bith roimh an ata seo.
Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna (athbhreithnithe 2023)
Tá an Roinn Oideachais freagrach as forbairt agus as cur chun feidhme a dhéanamh ar nósanna imeachta maidir le cosaint leanaí do scoileanna bunaithe ar Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta.
Is féidir leat breathnú ar na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna (athbhreithnithe 2023) arna bhfoilsiú ag an roinn trí chliceáil anseo. Is é aidhm na nósanna imeachta seo treoir a thabhairt do bhainistíocht agus d’fhoireann scoile maidir le himní faoi chosaint leanaí a aithint agus maidir leis an bhfreagra ar imní faoi chosaint leanaí agus maidir leis an bpróiseas um thacaíocht leanúnach don leanbh.
Agus Meastóireacht Scoile Uile á déanamh acu, lorgaíonn cigirí na roinne fianaise chun a dheimhniú go bhfuil scoil ag comhlíonadh na gceanglas atá sna Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna. Más rud é go n-aithníonn cigire easnaimh i ndáil leis na Nósanna Imeachta maidir le Caomhnú Leanaí i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna agus é/í i mbun aon oibre meastóireachta/cigireachta i scoil, tarraingeoidh sé/sí aird bhainistíocht na scoile láithreach air seo.
Measann an roinn aon easnamh a bheith tromchúiseach agus cuirfear comhairle ar bhainistíocht na scoile gur chóir aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a aithníodh gan mhoill. Más rud é go ndéantar moladh ina dhiaidh sin i dtuairisc infhoilsithe, cuirfidh an cigire in iúl do bhainistíocht na scoile go bhfuil an roinn ag súil go n-úsáidfidh an bord an fhoirm freagartha scoile chun a dheimhniú gur tugadh aghaidh ar na saincheisteanna sin.
Tar éis rannpháirtíochta idir an Roinn Oideachais agus na comhpháirtithe Oideachais tá athbhreithniú déanta ar Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna 2017.
Nuashonraíodh nósanna imeachta 2023 chun forbairtí polasaí agus reachtaíochta le déanaí a chur san áireamh lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí, na Nósanna Imeachta um Chosaint agus Chumhdach Leanaí le haghaidh Saoráidí Cónaithe a bhaineann le Scoileanna Aitheanta 2023 agus An Chomhairle Mhúinteoireachta (Eolas le Cur ar Fáil ag an bhFostóir i gcás Dífhostaithe nó Éirí As Múinteora Cláraithe) Rialacháin 2023.
Tagann na nósanna imeachta leasaithe i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2023.
Doiciméid/teimpléid tacaíochta Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna
Nósanna Imeachta um Chosaint agus Chumhdach Leanaí le haghaidh Saoráidí Cónaithe a bhaineann le Scoileanna Aitheanta 2023
Ar an 31 Márta 2023 d’fhoilsigh an Roinn Nósanna Imeachta um Chosaint agus Chumhdach Leanaí le haghaidh Saoráidí Cónaithe a bhaineann le Scoileanna Aitheanta 2023 chun bainistíocht na saoráidí cónaithe uile a chur ar an eolas faoi na ceanglais atá orthu agus an tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015 á chur i bhfeidhm acu agus a chinntiú go ndéanfar socruithe a chur i bhfeidhm chun maoirseacht a dhéanamh ar cheanglais an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015, lena n-áirítear Tús Áite do Leanaí: Tá Treoirlínte Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí 2017, ar fud na saoráidí cónaithe ar fad.
Tugann an Treoir maidir le cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach Leanaí i Saoráidí Cónaithe atá bainteach le Scoileanna Aitheanta 2023 cuntas ar an tslí ina ndeanaimid Cigireachtaí um Chosaint agus Chumhdach le haghaidh Saoráidí Cónaithe a bhaineann le Scoileanna Aitheanta agus beidh éifeacht leo seo ó mhí Aibreáin 2023 ar aghaidh.
Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí 2025 agus tacaíochtaí do Scoileanna
Forbraíonn na Nósanna Imeachta Cosanta Leanaí do Scoileanna 2025 ar na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna 2017 (nuashonraithe 2023) agus cuireann siad na hoibleagáidí reachtúla faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 agus Tús Áite do Leanaí: An Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí 2017 san áireamh.
Nuashonraíodh na Nósanna Imeachta Cosanta Leanaí tar éis rannpháirtíocht idir an Roinn Oideachais agus na páirtithe Oideachais. Tiocfaidh na nósanna imeachta nuashonraithe isteach in ionad na nósanna imeachta a foilsíodh in 2017 agus a athbhreithníodh in 2023.
Mar a bhí sna nósanna imeachta roimhe seo, leagtar amach leis na nósanna imeachta seo riachtanais lena chinntiú go bhfuil na nósanna imeachta tuairiscithe i bhfeidhm ar aon líne le Tús Áite do Leanaí agus go bhfuil pearsanra scoile ar an eolas faoin gcaoi aon imní faoi chosaint leanaí a aithint agus a thuairisciú, agus go bhfuil tuismitheoirí/caomhnóirí agus gach pearsanra scoile ar an eolas faoi nósanna imeachta na scoile maidir le cosaint leanaí. Déanann na nósanna imeachta seo foráil d’fhorbairt ráitis cosanta linbh (lena n-áirítear measúnú riosca), agus ceapachán duine idirchaidrimh ainmnithe agus leas-duine idirchaidrimh ainmnithe.
Chomh maith leis sin, léirítear leis na nósanna imeachta seo riachtanais nua atá leagtha amach in Aguisín Treoirlínte Tús Áite do Leanaí (2025) maidir le riachtanais chun tuairisciú a dhéanamh ar dhrochíde iardhearcach, cuntas a dhéanamh den reachtaíocht nua atá i bhfeidhm ón nuashonrú deireanach ar na nósanna imeachta, agus treoir a chur ar fáil maidir le cumarsáid a dhéanamh le tuismitheoirí agus ar choimeád taifead.
Baineann na nósanna imeachta seo le gach bunscoil agus le gach iar-bhunscoil agus le gach ionad oideachais (mar a mhínítear san Acht Oideachais, 1998), lena n-áirítear áiseanna cónaithe a bhaineann le scoileanna aitheanta, ar a bhfreastalaíonn páistí agus daoine óga faoi 18 mbliana d’aois.
Cuirfidh an bord bainistíochta na nósanna imeachta i bhfeidhm tráth nach déanaí ná a gcruinniú deiridh roimh an 31 Nollaig 2026. Tá tuilleadh sonraí do scoileanna ar fáil i gCiorclán 0041/2025.
Tacaíochtaí do Scoileanna
Beidh acmhainní chun tacú le cur i bhfeidhm na nósanna imeachta nuashonraithe ar fáil thíos go luath.
Athbhreithniú Neamhspleách Ardleibhéil ar Pholasaithe agus ar Phróisis Reatha Cosanta Leanaí na Roinne Oideachais
Rinneadh Athbhreithniú Ardleibhéil Neamhspleách ar Pholasaithe agus ar Phróisis Reatha um Chosaint Leanaí na Roinne Oideachais i 2021. Scrúdaigh an t-athbhreithniú na polasaithe agus na próisis atá i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais maidir le cosaint agus cumhdach leanaí agus daoine óga. Bhí sé mar aidhm ag an athbhreithniú aon bhearnaí, rioscaí nó réimsí le feabhsú a bhí ann agus/nó a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint agus moltaí a dhéanamh maidir le feabhsúcháin sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma.
Thug an t-athbhreithneoir faoi deara go nglacann an Roinn Oideachais an-dáiríre lena fhreagrachtaí maidir le cosaint leanaí agus go bhfuil an Roinn le moladh as na gníomhartha atá déanta aici. Rinne an t-athbhreithnitheoir seacht moladh déag maidir le feabhas a chur ar mhaoirseacht na Roinne Oideachais ar chosaint leanaí san earnáil oideachais. Tá an Roinn ag obair leis na Comhpháirtithe Oideachais chun na moltaí atá sa tuaraisc a bhreithniú agus a chur i bhfeidhm.
Acmhainní oiliúna ar líne do Chosaint agus Chumhdach Leanaí
Ba mhaith leis an Roinn d’aird a dhíriú ar na hacmhainní oiliúna ar líne seo a leanas atá ar fáil do chosaint agus chumhdach leanaí.
Do phearsanra na scoile ar fad
Children First E-Learning ProgrammeTusla - Child and Family Agency
Do dhaoine sainordaithe
Mandated PersonsTusla - Child and Family Agency
Don DIA/LeasDIA
Designated Liaison Person(s)Tusla - Child and Family Agency
Nósanna Imeachta Um Chosaint Leanaí PDST
Child Protection E-Learning PDST
Nósanna Imeachta um Chosaint agus Chumhdach Leanaí le haghaidh Saoráidí Cónaithe a bhaineann le Scoileanna Aitheanta 2023
Child Protection E-Learning PDST
Comhairle agus Acmhainní Sábháilteachta Ar Líne
Eolaire Folláine na Roinne
gov - Eolas folláine d’fhoireann scoile – bunscoil (www.gov.ie) agus CPSA - Eolas folláine d’fhoireann scoile – Iar bhunscoil
Teagmháil
- R-phost: childprotection@education.gov.ie
- Seoladh: Rannóg na gCosanta Leanaí agus Gearáin ó Thuismitheoirí, Aonad na dTuismitheoirí agus na bhFoghlaimeoirí, An Roinn Oideachais, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659
- Teileafón: +353 (0) 9064 84099