English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Oideachas Idirnáisiúnta



Oideachas Idirnáisiúnta

Aithníonn polaiteoirí ar fud an AE go bhfuil oideachas riachtanach le haghaidh fás is rath leantach i sochaí eolais an lae inniu.

Ról an AE in Oideachas

Is é ról an AE in oideachas agus in oiliúint ná cabhrú le feabhsú chaighdeáin na gcóras oideachais ar fud an AE:

  • trí thacú le comhar beartais idir Ballstáit an AE
  • trí mhaoiniú an AE a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna, faoi chlár soghluaisteachta mic léinn Erasmus, mar shampla

Ag an am céanna, coinníonn Ballstáit an AE freagracht iomlán as ábhar a gcuraclam, as eagrú a gcóras oideachais agus oiliúna gairmiúla agus as a n-éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch.

Comhar Beartais

Is é atá i gcomhar beartais Ballstáit an AE ag comhroinnt smaointe maithe chun tabhairt faoi chomhdhúshláin ar fud na n-earnálacha oideachais go léir – ó oideachas luath-óige go hoideachas aosach.

Tarlaíonn comhar beartais ag mórán leibhéal:

  • tagann Airí Oideachais le chéile trí huaire sa bhliain chun teacht ar chomhaontú maidir le beartais chun oideachas agus oiliúint a fheabhsú ag an gComhairle Oideachais.
  • tagann saineolaithe ó Bhallstáit le chéile – lena n-áirítear státseirbhísigh, daoine léinn agus ionadaithe gníomhaireachtaí náisiúnta lena dtaithí ar dhea-chleachtas a chomhroinnt.

Tarraingítear na réimsí a bheidh le scrúdú ó chomhthosaíochtaí na mBallstát agus déantar iad a mheasúnú gach 2-3 bliain.

Oibríonn an Roinn Oideachais le páirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tAontas Eorpach, Comhairle na hEorpa, an ECFE agus EOECNA, chun comhar beartais idirnáisiúnta in oideachas agus in oiliúint a fheabhsú.

Maoiniú an AE

Cuireann clár Erasmus+ an AE 2014-2020 maoiniú ar fáil do réimse tionscadal idirnáisiúnta oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear malartú mac léinn agus foirne, sgáthfhoghlaim, poist teagaisc agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha idir eagraíochtaí.

Maoiníonn Ciste Sóisialta na hEorpa 2014-2020 tionscadail oideachais agus oiliúna atá ceaptha chun cuidiú leis an dífhostaíocht a chosc agus a throid agus chun daoine a chosc ó shleamhnú amach as an margadh saothair.

Maoiníonn an An Ciste Eorpach um Choigeartú do Domhandú (EGF) tacaíochtaí breisoiliúna agus athoiliúna do dhaoine áirithe a chaill a gcuid post mar thoradh ar thionchair dhíobálacha an domhandathaithe


Ról na Roinne Oideachais

Bíonn teagmháil idir an Roinn agus comhpháirtithe idirnáisiúnta i bpolasaí oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear an tAontas Eorpach, Comhairle na hEorpa, an ECFE agus EOECNA. Cinntíonn an Roinn go dtarraingítear aird ar leas na hÉireann ag leibhéal an AE ionas:

  • go bhfaigheann Éire an tairbhe is fearr is féidir as maoiniú an AE
  • go gcuireann dea-chleachtas an AE bonn eolais faoi pholasaithe na hÉireann.

Mar ghnáthchleachtas, ar bhonn leanúnach:

  • freastalaíonn an tAire Oideachais ar an gComhairle Oideachais chun polasaí a phlé lena c(h)ontrapháirtithe san AE,
  • tríd an Údarás um Ard-Oideachas agus Léargas - gníomhaireachtaí de chuid na Roinne - is féidir le mic léinn Éireannacha rochtain a fháil ar shocrúcháin staidéir agus oiliúna i dtíortha eile de chuid an AE agus is féidir le gníomhaireachtaí Éireannacha oibriú i gcomhar le heagraíochtaí eile san Eoraip, arna maoiniú ag Erasmus+.

Ina theannta sin, ní mór don Roinn tuairisciú don Oireachtas gach sé mhí ar fhorbairtí móra san oideachas ag leibhéal an AE.


Eurydice - an Líonra Faisnéise Eorpach

Trí líonra Eurydice, tugtar dóibh sin atá freagrach as córais agus beartais oideachais san Eoraip anailísí agus faisnéis ar leibhéal Eorpach lena gcabhrófar leo agus breitheanna á dtabhairt acu.

Foilsítear tuairiscí ar chórais náisiúnta oideachais, tuarascálacha comparáideacha atá dírithe ar thopaicí, táscairí agus staitisticí sonracha, agus nuacht agus ailt a bhaineann le réimse an oideachais. Léigh tuilleadh


An Clár um Measúnacht Idirnáisiúnta Daltaí (PISA)

Is é is PISA ann ná an Clár um Measúnacht Idirnáisiúnta Daltaí atá faoi stiúir ag an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta. Tomhaistear ann an cumas atá ag daltaí atá 15 bliana d’aois chun a n-eolas agus a scileanna léitheoireachta, matamaitice agus eolaíochta a úsáid chun dúshláin fíorshaoil a shárú.


TIMSS

Déanann Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta Matamaitice agus Eolaíochta (Trends in International Mathematics and Science Study nó TIMSS) measúnú ar scileanna Matamaitice agus Eolaíochta dhaltaí i rang a ceathair sa bhunscoil agus sa dara bliain ag leibhéal na hiar-bhunscoile.


An Eoraip Agatsa

Tugtar ar an tairseach An Eoraip Agatsafaisnéis phraiticiúil do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí faoi na cearta agus na deiseanna atá ar fáil dóibh san Aontas Eorpach. Dírítear ar chora trasteorann fíorshaoil ar an tairseach, e.g. saoránaigh Eorpacha atá ag iarraidh obair nó staidéar a dhéanamh i dtír eile den Aontas nó gnólachtaí Eorpacha atá ag iarraidh bogadh chuig tír eile den Aontas nó brainse nua a oscailt inti.

The An tOideachas agus an Óige

Gaolmhar