English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022



Réamhrá

Freagraíonn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus don phlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge 2018-2022 chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, a athbheochan agus a neartú.

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022
Is í príomhaidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta ná tacú le húsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta agus í a chur chun cinn trí sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú i limistéir phleanála teanga na Gaeltachta.
Amharc amharc

Tá an polasaí mar fhreagairt straitéiseach chun dul i ngleic leis na dúshláin sochtheangeolaíochta atá roimh limistéir phleanála teanga na Gaeltachta. Aithnítear sa pholasaí uathúlacht na Gaeltachta mar cheantar a bhfuil tábhacht shuntasach theangeolaíoch, chultúrtha agus eacnamaíoch ag baint leis. Tá sé mar aidhm ag an bpolasaí úsáid na Gaeilge i bpobail scoileanna Gaeltachta a athbheochan, a chur chun cinn agus a leathnú.

Tá an polasaí leagtha amach faoi seacht gcolún, mar seo a leanas:

1. Struchtúr an tsoláthair oideachais a láidriú

2. Feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc trí Ghaeilge

3. Cumas ceannairí scoile agus bainistíocht scoile a fhorbairt

4. Feabhas a chur ar an gcuraclam don Ghaeilge

5. Feabhas a chur ar acmhainní agus tacaí teanga

6. Soláthar oideachais sna luathbhlianta a láidriú

7. Feasacht a fhorbairt ar bhuntáistí an oideachais trí mheán na Gaeilge, cumarsáid a dhéanamh le tuismitheoirí, agus tacú leo i gcur chun cinn na teanga.

Tá an polasaí deartha chun soláthar oideachais ar ardcháilíocht trí mheán na Gaeilge a neartú agus a dheimhniú i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta trí raon gníomhartha agus tacaíochtaí spriocdhírithe. Tá sé mar aidhm ag an bpolasaí tógáil ar na buanna teanga atá sa Ghaeltacht tríd na próisis áitiúla pleanála teanga.


An Coiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta

Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta i mí Márta 2017 chun tacú le cur i bhfeidhm céimnithe an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 léigh tuilleadh


An Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

Tá cuireadh tugtha do gach scoil i limistéir phleanála teanga Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh i Scéim le haitheantas a ghnóthú mar scoil Ghaeltachta. Déanfaidh scoileanna a thugann faoi bheith ina scoileanna Gaeltachta, trína bpróisis fhéinmheastóireachta scoile (FMS), plean gníomhaíochta scoile-uile don fheabhsúchán a fhorbairt a léireoidh go soiléir an tslí ina gcomhlíonfaidh an scoil na riachtanais don phróiseas aitheantais ar bhealach céimnithe agus an tslí ina ndéanfar naisc a bhunú le pobal áitiúil na scoile chun úsáid na Gaeilge a chothú.

Tá scoileanna, a bhfuil faomhadh faighte ag a bpleananna gníomhaíochta, incháilithe chun acmhainní breise a rochtain, lena n-áirítear forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) thiomnaithe, chun tacú leo oibriú i dtreo aitheantas scoileanna Gaeltachta a fháil.

An Próiseas Deimhnithe d’aitheantas mar scoil Ghaeltachta

Foilsíodh Item was unpublished or removed i mí an Mheithimh 2021 le sonraí faoi na céimeanna a bheadh i gceist leis an bpróiseas deimhnithe d’aitheantas mar Scoil Ghaeltachta agus le treoir maidir le conas ab fhéidir leis na scoileanna ullmhú don phróiseas.

Reáchtáladh an próiseas deimhnithe idir Deireadh Fómhair 2022 agus Cáisc 2024. Mar thoradh ar an bpróiseas deimhnithe bronnadh aitheantas ar 101* bunscoil agus 19 n-iarbhunscoil ag ócáidí bronnta aitheantais fud fad na tíre i mí Dheireadh Fómhair 2024. Tréaslaíonn an tAonad um Oideachas Gaeltachta leis na scoileanna seo as an éacht atá bainte amach acu. Tá liosta de na scoileanna ar a bhronnadh aitheantas orthu ar fáil anseo.

Cé go bhfuil dul chun cinn i dtaobh chomhlíonadh na gcritéar teanga-bhunaithe déanta ag gach scoil atá páirteach sa scéim, beidh tréimhse bhreise ama ar fáil do roinnt iar-bhunscoileanna chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i dtreo chomhlíonadh na gcritéar. Tá oifigigh ón Roinn i dteagmháil leis na scoileanna seo chun na chéad chéimeanna eile a phlé agus beidh tuilleadh plé acu leis na pobail scoile sin sna míonna atá romhainn.

Tá bunscoil nua amháin tar éis teacht isteach sa scéim sa scoilbhliain 2024/25. De dheasca sin, beidh 102 bunscoil agus 29 iar-bhunscoil páirteach sa scéim don scoilbhliain 2024/2025.

  • * Chuaigh 102 bunscoileanna tríd an bpróiseas deimhnithe. Tá dhá bhunscoil tar éis cónascadh idir an dá linn agus mar thoradh is é 101 bunscoil in iomlán a bheidh ag fáil aitheantais.
Scoileanna Gaeltachta Deireadh Fómhair 2024
Amharc amharc

Céim Feidhme Reatha 2025/2026

Tá na sonraí don chéad chéim feidhme eile do bhunscoileanna agus scoileanna speisialta atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ar fáil in Imlitir 0010/2025 agus d’iar-bhunscoileanna ar fáil in Imlitir 0009/2025.

Tá eolas do bhunscoileanna i limistéir pleanála teanga Gaeltachta ar mhaith leo iarratas a aighniú páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ar fáil in Imlitir 0022/2024 .

Imlitreacha

Scoileanna rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta


Eolas do scoileanna atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

Critéir theanga-bhunaithe d'aitheantas mar Scoil Ghaeltachta

Cuairteanna Comhairleacha

Treoir do Scoileanna

Foirmeacha Iarratais

Tionscadal ríomh-mhoil

Cad a dhéanann muid le do chuid eolais?

Pléifear le haon fhaisnéis phearsanta a chuirtear chuig an Roinn i gcomhréir dhlúth leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí 2016/67 agus leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018. Is féidir teacht ar Pholasaí um Chosaint Sonraí na Roinne anseo. Is féidir teacht ar an bhFógra Príobháideachta d’imeachtaí na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta Item was unpublished or removed

Scéal na Scéime – Nuachtlitir do scoileanna

Item was unpublished or removed

Sonraí teagmhála

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil, déan teagmháil ar ríomhphost leaog@education.gov.ie nó ar an nguthán ar (01) 889 6408.


Eolas Breise