English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Polasaí um Oideachas STEM agus Plean Forfheidhmithe



Cad atá i gceist againn le hOideachas STEM

Is rud ilghnéitheach é oideachas STEM agus tá i bhfad níos mó i gceist leis ná na príomhdhisciplíní dá seasann an t-acrainm ‘STEM’. Is sa luath-óige a leagtar an bhunchloch d’oideachas STEM. Trína n-eispéiris súgartha agus trína dtimpeallacht teaghlaigh, is amhlaidh ó na blianta is luaithe a théann leanaí i dteagmháil leis an domhan ar bhealaí ar féidir leo foghlaim a chur chun cinn i réimsí a bhaineann le hEolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic. Gabhann leanaí óga go nádúrtha d’oideachas STEM a iniúchadh go luath trí eispéiris phraiticiúla

ilchéadfacha agus chruthaitheacha. Agus iad ag gabháil do na heispéiris sin, gnóthaíonn leanaí óga inniúlachtaí fiosrachta, caidéise, smaointeoireachta criticiúla agus fadhbréitigh, a gcuirtear leo ansin trína n-eispéireas bunscoile agus iar-bhunscoile.

Ní hé amháin go mbaineann oideachas STEM leis na disciplíní agus na hábhair sin a theagasc leo féin, ach baineann sé le cur chuige trasdisciplíneach a ghlacadh freisin. Cuirtear ann leis an eolas agus an tuiscint ábhair a forbraíodh i ngach ceann de na ceithre dhisciplín agus aithnítear ann ag an am céanna gur buntaca le gach gníomhaíocht foghlama STEM is ea Matamaitic. Aithnítear ann freisin an nasc láidir atá ann idir STEM agus oideachas Ealaíon, ina gcothaítear dearadh, cruthaitheacht agus nuálaíocht.


Cén fáth a dteastaíonn Polasaí um Oideachas STEM uainn

Tá an clár leanúnach um athchóiriú inár gcóras oideachais bunaithe ar pholasaí comhroinnte atá dírithe ar thorthaí níos fearr do gach foghlaimeoir, ar chaighdeáin teagaisc, foghlama agus mheasúnaithe a ardú agus ar fheabhsú scoile.

Aithnítear sa Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM a thábhachtaí atá tionscnaimh ina méadaítear feasacht ar oideachas STEM, agus spéis in oideachas STEM, i measc an phobail in Éirinn chun gur féidir leis gabháil do dhíospóireacht eolach ar oideachas STEM. Aithnítear ann freisin an gá atá ann le hoideachas STEM a fheabhsú. Is gá do dhaoine óga tuiscint a bheith acu ar na scileanna agus na coincheapa a fhorbraítear trí oideachas STEM, agus cumas a bheith acu na scileanna agus na coincheapa sin a chur i bhfeidhm, chun gur féidir leo a bheith ina saoránaigh ghníomhacha, plé le cumarsáidí agus meáin nua-aimseartha ar shlí chriticiúil, folláine phearsanta a chinntiú agus roghanna eolacha a dhéanamh faoina lán gnéithe dá saol.

Teastaíonn uainn díriú náisiúnta ar oideachas STEM inár gcuid suíomhanna luathbhlianta agus scoileanna chun a chinntiú go bhfuil sochaí ghafa agus fórsa saothair ardoilte i bhfeidhm againn. Chun an méid sin a bhaint amach, is gá tuiscint shoiléir a bheith ann ar oideachas STEM i gcomhthéacs na hÉireann. Tríd an tuiscint sin a leabú ar fud ár gcórais oideachais, bunathrófar an t-eispéireas ar oideachas STEM chun feabhais d’fhoghlaimeoirí idir oideachas sna luathbhlianta agus an iar-bhunscoil.


Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM 2017-2026

Sa Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM, dírítear ar an gcuid mhór láidreachtaí atá ann in oideachas STEM agus, ag an am céanna, soláthraítear treochlár chun aghaidh a thabhairt ar na réimsí atá le forbairt.

Cuireadh an Ráiteas Polasaí le chéile tar éis dul i mbun comhairliúchán fairsing le geallsealbhóirí agus tar éis taighde fairsing a dhéanamh agus tá sé bunaithe ar an tuarascáil ar Oideachas STEM i gCóras Scoileanna na hÉireann.

Maidir leis na réimsí forbartha polasaí agus gnímh i ndáil le hoideachas STEM, mar atá sainaitheanta sa Ráiteas Polasaí, cuimsíonn siad na ceithre cholún seo a leanas:

  • Gníomhú agus rannpháirtíocht foghlaimeoirí a chothú;
  • Cur le hinniúlacht múinteoirí agus cleachtóirí luathbhlianta;
  • Tacú le cleachtas oideachais STEM; agus
  • Úsáid a bhaint as fianaise chun tacú le hoideachas STEM
Polasaí um Oideachas STEM (2017-2026)
This policy statement focusses on the many strengths in STEM education while providing a roadmap to address the areas for development.
Amharc amharc

Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM 2017-2026

[document 43627

Sa ráiteas polasaí seo, dírítear ar an gcuid mhór láidreachtaí atá ann in oideachas STEM agus, ag an am céanna, soláthraítear treochlár chun aghaidh a thabhairt ar na réimsí atá le forbairt.

Tuarascáil ar an gComhairliúchán ar Oideachas STEM 2017

STEM Education Consultation Report 2017
In the development of a STEM Education Policy Statement (Policy Statement) and Implementation Plan, a series of STEM education consultations were undertaken between May and July 2017.
Amharc amharc

Forbraíodh an Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM tar éis comhairliúchán poiblí a seoladh sa bhliain 2017. Is féidir an tuarascáil a fháil thíos.

Agus Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM (Ráiteas Polasaí) agus Plean Forfheidhmithe á bhforbairt, seoladh sraith comhairliúchán ar oideachas STEM idir mí na Bealtaine agus mí Iúil 2017.


An Plean Forfheidhmithe um Oideachas STEM 2017-2019

Díreofar i gCéim 1 den fhorfheidhmiú (Ag Feabhsú) ar a dhéanamh amach cad a theastaíonn chun eispéireas ar ardchaighdeán in oideachas STEM a sholáthar. Cumhdaítear leis an gclár oibre le haghaidh an Phlean Forfheidhmithe 2017-2019 na ceithre cholún atá sainaitheanta sa Ráiteas Polasaí.

Tabhair faoi deara: fadaíodh an Plean Forfheidhmithe um Oideachas STEM 2017-2019 go dtí an bhliain 2021 mar gheall ar phaindéim COVID-19. Foilseofar sa bhliain 2022 Plean Forfheidhmithe leantach lena gcumhdófar an tréimhse ón mbliain 2022 go dtí an bhliain 2026.

Plean Forfheidhmithe Oideachas STEM 2017-2019
Phase 1 of the plan to implement the STEM Education Policy Statement 2017-2026
Amharc amharc

An Plean Forfheidhmithe um Oideachas STEM 2017-2019

Céim 1 den phlean chun an Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM 2017-2026 a fhorfheidhmiú

Tuarascáil – Oideachas STEM i gCóras Scoileanna na hÉireann

Ba é an Grúpa Athbhreithnithe um Oideachas STEM a scríobh an Tuarascáil. Bhunaigh Seán Sherlock TD, an tAire Taighde agus Nuálaíochta ag an am, an Grúpa i mí na Samhna 2013. Bhí sé mar shainchúram ar an nGrúpa athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar oideachas STEM in Éirinn agus moltaí a dhéanamh lena dtabharfaí aghaidh ar easnaimh agus lena gcuirfí feabhas suntasach ar cháilíocht an chórais oideachais STEM. Bhí an tAthbhreithniú teoranta don oideachas bunscoile agus don oideachas iar-bhunscoile. Cuireadh an leagan deiridh den Tuarascáil faoi bhráid na Roinne i mí Mheán Fómhair 2016.

Forbraíodh an Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM mar thoradh ar an tuarascáil.

STEM Education in the Irish School System
A Report on Science, Technology, Engineering andMathematics (STEM) Education Analysis and Recommendations The STEM Education Review Group
Amharc amharc

Oideachas STEM i gCóras Scoileanna na hÉireann

Tuarascáil ar an Anailís ar Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (STEM) agus na Moltaí ina Leith – An Grúpa Athbhreithnithe um Oideachas STEM


Oideachas STEM agus na hEalaíona

Foghrúpa de Ghrúpa Comhairleach na Roinne um Fhorfheidhmiú Oideachais STEM is ea an Grúpa Comhairleach um Oideachas STEM agus na hEalaíona. Is é atá i gceist go príomha le ról an Ghrúpa Chomhairligh um Oideachas STEM agus na hEalaíona ná comhairle a chur ar an nGrúpa Comhairleach um Fhorfheidhmiú Oideachais STEM maidir le formhaoirsiú, forbairt agus soláthar a dhéanamh ar ghníomhartha atá ábhartha d’Oideachas STEM agus na hEalaíona laistigh den Phlean Forfheidhmithe um Oideachas STEM.

Mar chuid den obair sin, choimisiúnaigh an Grúpa Comhairleach um Oideachas STEM agus na hEalaíona athbhreithniú ar an litríocht ina ndíreofar ar staidéir sa chomhthéacs oideachais náisiúnta agus sa chomhthéacs oideachais idirnáisiúnta araon agus ina leagfar amach na príomhbhacainní agus na príomhchumasóirí maidir le hoideachas éifeachtach STEM agus Ealaíon a chur chun feidhme i suíomhanna foirmiúla agus i suíomhanna neamhfhoirmiúla araon.

Review of Literature to Identify a Set of Effective Interventions for Addressing STEM and the Arts in Early Years, Primary and Post Primary Education Settings
June 2022
Amharc amharc

Athbhreithniú ar an Litríocht chun Sainaithint a Dhéanamh ar Idirghabhálacha Éifeachtacha ar son Aghaidh a Thabhairt ar Oideachas STEM agus na hEalaíona i Suíomhanna Oideachais Luathbhlianta, Bunscoile agus Iar-bhunscoile


Cothromaíocht Inscne in Oideachas STEM

Foghrúpa de Ghrúpa Comhairleach na Roinne um Fhorfheidhmiú Oideachais STEM is ea an Grúpa Comhairleach um Chothromaíocht Inscne. Is é atá i gceist go príomha le ról an Ghrúpa Chomhairligh um Chothromaíocht Inscne ná comhairle a chur ar an nGrúpa Comhairleach um Fhorfheidhmiú Oideachais STEM maidir le formhaoirsiú, forbairt agus soláthar a dhéanamh ar ghníomhartha atá ábhartha do chothromaíocht inscne laistigh den Phlean Forfheidhmithe um Oideachas STEM.

Mar chuid den obair sin, choimisiúnaigh an Grúpa Comhairleach um Chothromaíocht Inscne athbhreithniú ar an litríocht chun bonnlíne faisnéise a bhaint amach maidir le staid na cothromaíochta inscne in Oideachas STEM.

Leagtar amach sa tuarascáil a bhfuil ar eolas faoi na príomhbhacainní ar rannpháirtíocht cailíní in oideachas STEM agus i bhfoghlaim STEM, agus béim á leagan inti freisin ar idirghabhálacha éifeachtacha ar féidir leo rannpháirtíocht cailíní in oideachas STEM a mhéadú. Aithnítear sa Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM 2017-2026 go bhfuil gá ann leis an nglacadh le hábhair STEM a mhéadú agus le feabhas a chur ar fhoghlaim STEM do gach foghlaimeoir, beag ann ar chúlra, ar chumas agus ar inscne, agus aird ar leith á tabhairt ar an nglacadh leis na hábhair sin i measc cailíní agus ban.

Moltaí ar Chothromaíocht Inscne in Oideachas ETIM
Tá na moltaí atá leagtha amach sa doiciméad seo bunaithe ar an Grúpa Comhairleach um Chothromaíocht Inscne in ETIM, grúpa a bhunaigh Grúpa Comhairleach Forfheidhmithe Oideachais (IAG) ETIM na Roinne Oideachais chun gníomhaíochtaí náisiúnta a threorú a chinnteoidh oideachas den chéad scoth in oideachas ETIM in Éirinn maidir le cothromaíocht, cothromas agus cuimsiú inscne a fheabhsú go héifeachtach dár ndaoine óga.
Amharc amharc

Moltaí maidir le Cothromaíocht Inscne in Oideachas STEM

Na moltaí atá leagtha amach sa doiciméad seo, tá siad bunaithe ar fhaisnéis ón nGrúpa Comhairleach um Chothromaíocht Inscne in Oideachas STEM. Bunaigh Grúpa Comhairleach na Roinne Oideachais um Fhorfheidhmiú Oideachais STEM an Grúpa sin chun treorú a dhéanamh ar ghníomhartha náisiúnta lena gcinnteofar gur den chéad scoth a bheidh oideachas STEM in Éirinn maidir le cothromaíocht inscne, cothroime agus cuimsiú a fheabhsú go héifeachtach dár muintir óga.

Review of Literature to Identify a Set of Effective Interventions for Addressing Gender Balance in STEM in Early Years, Primary and Post-Primary Education Settings
Amharc amharc

Comhpháirtíochtaí Oideachais STEM – an Lucht Gnó/Tionscail agus Scoileanna

Treoirlínte agus tacar uirlisí le haghaidh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna araon agus an lucht gnó/tionscail a chumasú ceangail oideachais atá ar ardchaighdeán, cuimsitheach agus ábhartha a chruthú eatarthu, an t-eispéireas foghlama i réimsí STEM/digiteacha a fheabhsú agus torthaí níos fearr a áirithiú do gach foghlaimeoir. Léigh tuilleadh