English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Rollú scoile

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 8 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 7 Samhain 2024


Clárú/Iontrálacha Scoile

Tá sé de fhreagracht ar údaráis bhainistíochta na scoileanna uile beartas rollaithe a chur chun feidhme de réir na nAchtanna Oideachais, 1998–2018 agus de réir bheartas agus chiorclán rannach ábhartha.

Is é príomhfhreagracht na Roinne seo a chinntiú gur féidir le scoileanna i gceantar eatarthu freastal ar gach dalta atá ag lorg áit scoile sa cheantar. Is féidir le tuismitheoirí an scoil a ndéanfaidh siad iarratas chuici a roghnú agus má tá áiteanna ar fáil sa scoil sin ba chóir di an dalta a ligean isteach. Mar sin féin, i scoileanna ag a bhfuil níos mó iarratasóirí ná áiteanna ar fáil d’fhéadfadh go mbeadh gá le próiseas roghnúcháin.

Caithfidh an próiseas roghnúcháin a bheith neamh-idirdhealaitheach, agus caithfear é a chur i bhfeidhm go cóir i leith gach iarratasóra. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh mar thoradh air seo nach bhfaigheadh roinnt daltaí áit sa scoil dá gcéad rogha.


An tAcht um Oideachas (Ligean isteach i Scoileanna), 2018

Faoi fhorálacha an Achta um Oideachas (Ligean isteach i Scoileanna) 2018, ceanglaítear ar gach scoil beartais iontrála a dhréachtú de réir forálacha an achta. Tá na beartais seo ceadaithe ag an bpátrún tar éis dul i gcomhairle le baill foirne agus le tuismitheoirí leanaí atá ag freastal ar an scoil. Foilsítear beartas iontrála na scoile ar shuíomh Gréasáin na scoile. Is príomhriachtanas den acht é go bhfuil gach beartas iontrála scoile cothrom agus trédhearcach.

Ní mór do gach scoil fógra iontrála a fhoilsiú ina mínítear tréimhsí an phróisis iontrála ar bhonn bliantúil. Caithfear é seo a fhoilsiú seachtain ar a laghad sula dtarlaíonn an próiseas iontrála. Ba cheart an fhoirm iarratais iontrála a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na scoile freisin. Ní féidir le scoileanna an próiseas iontrála a thosú go dtí an 1 Deireadh Fómhair ar a luaithe sa bhliain roimh an scoilbhliain a ndéantar iarratas air. Ní mór do scoileanna a shonrú cathain a dhéanfaidh siad cinneadh ar iarratas agus caithfear é seo a chur in iúl i scríbhinn laistigh den tréimhse shonraithe mar atá leagtha amach ar a bhFógra Iontrála. Tá lánrogha ag scoileanna maidir le huainiú a bpróiseas iontrála.

De bharr an Achta tá níos mó muiníne ag tuismitheoirí go bhfuil na critéir iontrála atá leagtha síos ag scoileanna agus na nósanna imeachta a úsáideann siad infheicthe, dlisteanach, réasúnta agus cothrom.

Ó Dheireadh Fómhair 2018, leasaíodh an tAcht um Stádas Comhionann 2000 chun fáil réidh leis an bhforáil, i gcás bunscoileanna sainchreidmheacha aitheanta, atá ann cheana in alt 7(3)(c) den Acht sin agus a cheadaíonn do scoileanna den sórt sin reiligiún a úsáid mar chritéar roghnúcháin i dtaobh iontrálacha scoile. Faoin bhforáil seo, tá cosaint ann lena chinntiú gur féidir le leanbh de chreideamh mionlaigh rochtain a fháil ar scoil dá chreideamh i gcónaí. Foráiltear leis an bhforáil nach ndéanann bunscoil shainchreidmheach idirdhealú nuair a thugann sí tosaíocht do scoláire ó reiligiún mionlaigh atá ag lorg iontrála chuig scoil a chuireann teagasc reiligiúnach nó oideachas reiligiúnach ar fáil atá den éiteas reiligiúnach céanna nó d'éiteas reiligiúnach cosúil le héiteas an scoláire atá ag lorg iontrála. Cinntíonn sé seo níos mó cothroime maidir le hiontrálacha scoile. Cé go n-aithnítear ceart gach scoile a n-éiteas sainiúil a bheith aici, is é atá i gceist le deireadh a chur le reiligiún mar chritéir le haghaidh iontrála chuig scoil ná cothroime do gach tuismitheoir lena n-áirítear teaghlaigh neamh-reiligiúnacha. Chífidh siad go gcaithfear sa tslí céanna leo i mbeagnach gach scoil a mhaoinítear go poiblí agus a chaitear le gach teaghlach eile maidir le hiontrálacha scoile.

Tá roinnt alt eile san acht, lena n-áirítear forálacha ar cuireadh tús leo:

  • toirmeasc a chur ar scoileanna táillí a ghearradh nó íocaíocht nó ranníocaíochtaí a lorg i dtaobh iarratais ar ligean isteach i scoil nó i dtaobh rollaithe nó rollaithe leanúnaigh scoláire i scoil;
  • ag leasú an Achta um Stádas Comhionann 2000 chun úsáid reiligiúin a thoirmeasc mar chritéar roghnúcháin i ndáil le gach iontráil chuig bunscoil aitheanta;
  • ag ligean do scoileanna lán-Ghaeilge tosaíocht a thabhairt, maidir le ligean isteach, do scoláirí a bhfuil leibhéal líofachta béil acu sa Ghaeilge, dá mba rud é go mbeadh baol ann go rachadh an líofacht sin ar gcúl mura ligfí an scoláire isteach i scoil lán-Ghaeilge;
  • go gcaithfidh na scoileanna gach scoláire a dhéanann iarratas a ligean isteach i scoileanna ina bhfuil áiteanna ar fáil;
  • i gcás scoile atá ró-shuibscríofa, na critéir is féidir agus nach féidir le scoil a chur i bhfeidhm;
  • go gcaithfidh Ráiteas Iontrála a bheith i ngach beartas a mhíneoidh nach ndéanfaidh an scoil idirdhealú maidir le hiontrálacha scoile ar aon cheann de na forais a luaitear san acht.
  • nach féidir le scoil tosaíocht a thabhairt bunaithe ar an dáta agus an t-am a fuair an scoil iarratas ar ligean isteach. Ar an gcaoi sin toirmeasctar liostaí feithimh agus cinnteofar nach mbeidh tuismitheoirí a aistríonn isteach i gceantar nua faoi mhíbhuntáiste;
  • a cheangal ar scoileanna Fógra Iontrála Bliantúil a ullmhú agus a fhoilsiú ina mbeidh faisnéis thábhachtach do thuismitheoirí maidir leis an bpróiseas iarratais lena n-áirítear dátaí lárnacha agus líon na n-áiteanna atá ar fáil. Ar an gcuma seo cinnteofar cur chuige comhsheasmhach trédhearcach i leith próisis iontrála na scoile.

Féach freisin


Teagmháil

School Governance Section

Seoladh:
School Governance Section, Department of Education, Cornamaddy, Athlone, County Westmeath, N37 X659
Ríomhphost:

schoolgovernance@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3600

Athbhreithniú ar chinneadh iontrála ag an mBord Bainistíochta

Féadfaidh tuismitheoir an scoláire, nó i gcás scoláire a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige, iarraidh ar an mbord athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh ligean isteach a dhiúltú. Caithfear iarratais den sórt sin a dhéanamh de réir Alt 29C den Acht Oideachais 1998.

Tá an tréimhse faoina gcaithfear athbhreithniú den sórt sin a iarraidh agus na ceanglais eile is infheidhme maidir le hathbhreithnithe den sórt sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh Gréasáin na Roinne Oideachais.

Déanfaidh an bord athbhreithnithe den sórt sin de réir cheanglais na nósanna imeachta arna gcinneadh faoi alt 29B agus le halt 29C den Acht Oideachais 1998.

Nóta:

Sa chás gur diúltaíodh iontráil d’iarratasóir toisc go raibh an scoil ró-shuibscríofa, ní mór don iarratasóir athbhreithniú ar an gcinneadh sin a iarraidh ón mbord bainistíochta sula ndéanfaidh sé achomharc faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.

I gcás gur diúltaíodh iontráil d’iarratasóir mar gheall ar chúis seachas an scoil a bheith ró-shuibscríofa, féadfaidh an t-iarratasóir athbhreithniú ar an gcinneadh sin a lorg ón mbord bainistíochta sula ndéanfaidh sé achomharc faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.

Achomhairc maidir le díbirt nó fionraí do thréimhse nó tréimhsí nach lú ná 20 lá scoile i scoilbhliain


Seirbhís Tacaíochta Oideachais TUSLA (TESS)

Is í Seirbhís Tacaíochta Oideachais TUSLA (TESS) an ghníomhaireacht reachtúil atá in ann cabhrú le tuismitheoirí a bhfuil deacrachtaí acu áit scoile a fháil dá leanbh. Is féidir teagmháil a dhéanamh le TESS ag 01-7718500.

Tuilleadh Eolais dá bhforáiltear san acht:

De réir alt 64(2) (a) agus (b) den Acht foilsíodh liosta d'iar-bhunscoileanna a ghearrann táille agus liosta de scoileanna cónaithe ar shuíomh Gréasáin na Roinne agus tá teacht uirthi ag na naisc seo a leanas faoi seach:

Item was unpublished or removed

Item was unpublished or removed

De réir alt 62(7)(e)(i) den Acht tá liosta de ranganna Luath-Idirghabhála agus Aonaid Réamhscoile Tús Luath curtha san áireamh thíos: