Tacaí do Sholáthraithe Oideachais
- Foilsithe: 12 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Aibreán 2025
achoimre
- Bainistíocht Scoile
- Beartais Scoile
- Foirgnimh Scoile
- Leithdháiltí Acmhainní
- Fostaíocht múinteoirí agus ball foirne scoile
- Staitisticí oideachais
- Comhairliúchán agus comhoibriú
Bainistíocht Scoile
Tríd is tríd, tá an t-aon struchtúr bainistíochta amháin ag gach scoil, i.e. tá pátrún, bord bainistíochta agus príomhoide acu.
Is é an pátrún an comhlacht a bhunaíonn an scoil agus a oibríonn í agus atá freagrach as meon agus éiteas sainiúil na scoile. Ceapann an pátrún bord bainistíochta na scoile.
Bainistíonn an bord bainistíochta an scoil thar ceann an phátrúin agus tá sé cuntasach don phátrún agus don Aire. Ní mór don bhord seasamh le meon sainiúil (éiteas) na scoile agus tá sé cuntasach don phátrún as an méid sin a dhéanamh. Faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998 (arna leasú leis an Acht Oideachais (Leasú), 2012), is é an bord bainistíochta a fhostaíonn múinteoirí agus baill foirne eile na scoile.
Ó thaobh scoileanna a fheidhmíonn faoin BOO, is é an BOO féin an fostóir de réir alt 6 den Acht um Oideachas (Leasú), 2012.
Tá an príomhoide freagrach as bainistíocht laethúil na scoile, lena n-áirítear múinteoirí agus baill foirne eile na scoile a threorú agus a stiúradh, agus tá sé/sí cuntasach as an mbainistíocht sin.
Léigh tuilleadh: Boird bhainistíochta ar scoileanna
Beartais Scoile
Tá freagracht fhoriomlán ar bhord bainistíochta gach scoile as beartais na scoile. Beidh ról ag boird bhainistíochta i bhforbairt, cur chun feidhme agus athbhreithniú a dhéanamh, de réir mar is cuí, ar raon beartas scoile difriúil ó am go ham.
Áirítear le samplaí:
Foirgnimh Scoile
Tá an Roinn Oideachais freagrach as a chinntiú go bhfuil bonneagar fisiciúil cuí i bhfeidhm chun gur féidir le foghlaimeoirí ar fud an chórais rochtain a bheith acu ar thimpeallacht foghlama nua-aimseartha atá oiriúnach don fheidhm agus ina bhfreastalófar ar riachtanais an churaclaim atá á theagasc. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Leithdháiltí Acmhainní
Cistiú agus deontais
Soláthraíonn an Roinn Oideachais cistiú agus tacaí eile do scoileanna trí scéimeanna deontais per capita agus trí scéimeanna deontais eile. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach: Rannóg Airgeadais na Scoileanna
Leithdháiltí Múinteoirí
Ceadaítear leithdháiltí múinteoirí gach bliain de réir rialacha seanbhunaithe atá bunaithe ar rollú aitheanta daltaí. Léigh tuilleadh ag: Leithdháileadh Múinteoirí ar Scoileanna
Leithdháiltí Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Tá tacaíocht cúntóirí riachtanas speisialta ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí de mhic léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a chuimsiú go rathúil san oideachas, lena n-áirítear i ranganna príomhshrutha, i scoileanna speisialta agus i ranganna speisialta.
Léigh tuilleadh ag: Leithdháiltí Cúntóirí Riachtanas Speisialta
An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais
Oibríonn síceolaithe de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) le bunscoileanna agus le hiar-bhunscoileanna araon. Pléann siad le forbairt foghlama, iompraíochta, shóisialta agus mhothúchánach. Sanntar gach síceolaí do ghrúpa scoileanna. Féach An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS).
Fostaíocht múinteoirí agus ball foirne scoile
Soláthar múinteoirí – earcaíocht
Is é atá san acmhainn Cuireann an mhúinteoireacht athrú iomlán i bhfeidhm. Múnlaigh an todhchaíná acmhainn ar líne lena soláthraítear faisnéis d’aon duine atá ag smaoineamh faoina éirí ina m(h)úinteoir nó faoi fhilleadh ar an obair mar mhúinteoir in Éirinn.
An Bord Bainistíochta
Faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998 (arna leasú leis an Acht Oideachais (Leasú), 2012), is é an bord bainistíochta a fhostaíonn múinteoirí agus baill foirne eile na scoile. Ó thaobh scoileanna a fheidhmíonn faoin BOO, is é an BOO féin an fostóir.
Mar chuid den ról atá ag an mbord mar fhostóir, tá sé freagrach as múinteoirí agus baill foirne eile laistigh den scoil a earcú agus a bhriseadh, faoi réir ciorcláin ábhartha ón Roinn, faoi réir na reachtaíochta fostaíochta agus faoi réir comhaontuithe earnála. Tá tuilleadh faisnéise d’fhostóirí, do mhúinteoirí agus do bhaill foirne scoile le fáil ag na naisc seo a leanas:
- Foirmeacha ceapacháin
- Sosanna/Teidlíochtaí saoire reachtúla agus neamhreachtúla
- Seirbhísí Comhroinnte Gnó Oideachais (SCGO)
- Múinteoir a fhostú
- Conarthaí Téarma Shocraithe
- Seirbhísí Párolla
- Scéimeanna Pinsin d’fhoireann múinteoireachta agus neamh-mhúinteoireachta
- Poist Freagrachta
- Earcaíocht agus cáilíochtaí i leith Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Staitisticí oideachais
Táirgeann an Roinn Oideachais raon staitisticí straitéiseacha agus bliantúla ar dhaltaí, ar scoileanna, ar mhúinteoirí agus ar choinneáil agus réamh-mheastacháin daltaí, agus ceanglais tuairiscithe shubstaintiúla náisiúnta agus idirnáisiúnta á gcomhlíonadh aici ag an am céanna. Leis na staitisticí sin, rannchuidítear le beartais agus seirbhísí a fhorbairt don phobal agus le freastal ar na riachtanais atá ag foghlaimeoirí, ag soláthraithe oideachais agus ag úsáideoirí eile sonraí oideachais sa tír seo agus thar lear araon.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Comhairliúchán agus comhoibriú
Téann an Roinn i gcomhairle le geallsealbhóirí oideachais – soláthraithe oideachais ina measc – ar raon leathan nithe a bhaineann le scoileanna. Déantar é sin trí struchtúir fhoirmiúla chomhairliúcháin amhail an Fóram Bunoideachais agus an Grúpa Comhairleach um Pleanáil do na Scrúduithe Stáit agus ar bhonn topaic ar thopaic araon.
Seoltar próisis fhoirmiúla chomhairliúcháin ar bhonn rialta freisin.
Déanann an Roinn cumarsáid dhíreach le scoileanna tríd an ríomhphost agus trí chóras inmheánach Esinet. Is féidir le scoileanna na sonraí teagmhála atá ag an Roinn dóibh a choinneáil cothrom le dáta tríd an mBunachar Sonraí ar Líne do Bhunscoileanna (POD) nó tríd an mBunachar Sonraí ar Líne d’Iar-bhunscoileanna (P-POD).