English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Óstálann an Roinn Oideachais an chéad Chomhdháil um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí do phríomhoidí agus leas-phríomhoidí scoile

Tá an Roinn Oideachais ag óstáil inniu (Dé Máirt) an chéad Chomhdháil um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí do phríomhoidí agus leas-phríomhoidí scoile i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath.

Tiocfaidh ceithre chéad príomhoide agus leas-phríomhoide scoile ó gach contae in Éirinn le chéile don chéad chomhdháil a eagraíodh chun eolas faoi athchóiriú na Sraithe Sinsearaí a roinnt leo agus chun aiseolas a bhailiú uathu.

Cuirfidh an tAire Oideachais Norma Foley TD nuashonrú ar fáil do na ceannairí scoile seo faoi thabhairt isteach sonraíochtaí athbhreithnithe do sheacht n-ábhar de chuid na Sraithe Sinsearaí atá ar fáil cheana féin – Gnó, Bitheolaíocht, Ceimic, Fisic, Sean-Ghréigis, Laidin agus Araibis – an bhliain seo chugainn.

Labhróidh sí faoi fheidhmiú céimneach dhá ábhar nua sa tSraith Shinsearach – Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe, agus Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta – an bhliain seo chugainn.

Tabharfaidh an tAire Foley faisnéis freisin do phríomhoidí agus leas-phríomhoidí faoin bplean atá aici bearta a fhorbairt chun eispéireas na hIdirbhliana a fheabhsú, lena n-áirítear tacaíochtaí breise Idirbhliana do scoileanna agus ‘Blasmhodúil Idirbhliana’ do scoláirí chun printíseachtaí agus cúrsaí breisoideachais agus oiliúna eile a chur ina láthair. Beidh eolas ar fáil do cheannairí scoile faoi fhorbairt chlár foghlama nua de chuid na Sraithe Sinsearaí do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus nach bhfuil clár foghlama acu faoi láthair ach go dtí an tSraith Shóisearach.

Dúirt an tAire Foley: “Is iontach ar fad é deis an lae inniu chun ár bpleananna d’athchóiriú na Sraithe Sinsearaí a phlé lenár gceannairí scoile sa bhliain ina bhfuil ceiliúradh 100 bliain na hArdteistiméireachta againn. Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag tabhairt ár gcuraclam chun cinn ionas go gcuirtear na scileanna saoil fadtéarmacha ar fáil dár scoláirí.”

Beidh comhpháirt measúnaithe bhreise ag dul le gach ábhar athbhreithnithe agus nua sa tSraith Shinsearach agus is fiú ar a laghad 40 faoin gcéad de na marcanna an chuid sin. Beidh deis ag scoláirí a roghnóidh staidéar a dhéanamh ar an ábhar nua, Léann na Drámaíochta, na Scannánaíocht agus na hAmharclannaíochta, a ndráma nó a scannán gearr féin a chruthú agus é a léiriú do lucht féachana beo.

Déanfaidh scoláirí a bheidh i mbun staidéir ar Ghníomhaíocht ar son na hAeráide agus ar Fhorbairt Inbhuanaithe tionscadail ‘Cruthaitheacht i gCleachtais’ lena n-áirítear díospóireacht phoiblí a eagrú ar ghníomhú aeráide nó ar thionscadal a ligeann do dhaoine nascadh leis an dúlra áitiúil.

Dúirt an tAire Foley: “Ó ceapadh mé i mo Aire, tá teachtaireacht ag teacht chun cinn arís is arís eile go dteastaíonn rogha níos leithne agus brú níos lú ó scoláirí na Sraithe Sinsearaí. Sin an fáth go bhfuil sonraíochtaí nua á bhforbairt againn d’ábhair na Sraithe Sinsearaí le comhpháirteanna measúnaithe breise, ionas nach mbeidh toradh iomlán scoláirí bunaithe ar a bhfeidhmíocht ar lá amháin i mí an Mheithimh.”

Tá Bord Seachadta Clár agus Fóram Comhpháirtithe bunaithe ag an Aire Foley chun Athchóiriú na Sraithe Sinsearaí a bhrú chun cinn. Beidh deis freisin ag ceannairí scoile atá i láthair ag comhdháil an lae inniu i bPáirc an Chrócaigh cloisteáil ó oifigigh agus ó dhaoine eile atá bainteach leis an obair ar an gclár athfhorbartha.

Dúirt an tAire Foley: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gceannairí agus lenár bhfoirne scoile as ucht a rannpháirtíochta dearfach agus diongbháilte le Clár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí agus beidh mé ag tnúth le leanúint ag obair i gcomhar leo agus lenár gcomhpháirtithe oideachais ar mhaithe lenár scoláirí go léir.”