Fóram Bliantúil ar Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Dhigiteach ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe: 30 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2025
Thug an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley TD, agus Bernie McNally, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais aitheasc inniu don Fhóram bliantúil ar Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Dhigiteach a bhí ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Is é seo an chéad fhóram a reáchtáladh ó seoladh Straitéis na hÉireann maidir le Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Dhigiteach 2024-2033: Gach Foghlaimeoir ó Bhreith go hAois Duine Óig Fásta agus an plean forfheidhmithe cúig bliana a thacaigh léi i mí na Bealtaine 2024.. Tá sé mar fhís ag an straitéis go ‘bhForbródh gach foghlaimeoir, ó bhreith go haois duine óig fásta, na scileanna litearthachta, uimhearthachta agus inniúlachta digití atá riachtanach le go n-éireodh leo mar dhaoine sa saol, le go mbeidís go hiomlán rannpháirteach agus ina mbaill eiticiúla, ghníomhacha den tsochaí agus le go gcaithfidís saol atá sásúil agus tairbheach.’
Dúirt an tAire Oideachais, Helen McEntee;
“Ní bhaineann fóraim mar seo leis an straitéis amháin, baineann siad le héisteacht, le foghlaim, agus lena chinntiú go bhfuil ár ngníomhartha ag teacht le riachtanais na bhfoghlaimeoirí a ndéanaimid freastal orthu.
“Tá an chaoi a dtéann ár bhfoghlaimeoirí i ngleic le litearthacht, uimhearthacht agus inniúlacht dhigiteach ag athrú go tapa. Tá sé ríthábhachtach go n-athróimid in éineacht leo ní hamháin i dtaca le polasaí, ach i dtaca le cleachtas freisin. Ciallaíonn sé sin ceisteanna criticiúla a chur, a bheith oscailte don nuálaíocht, agus a aithint nach n-oireann an réiteach céanna do chách.
“Tá mo Roinnse dírithe ar a chinntiú go bhfanfaidh ár straitéisí don litearthacht, don uimhearthacht agus don inniúlacht dhigiteach freagrúil do riachtanais na bhfoghlaimeoirí, na n-oideoirí agus na bpobal agus na riachtanais sin ag athrú. Le chéile, is féidir linn timpeallacht a chruthú ina mbeidh gach foghlaimeoir in ann a bheith rathúil, anois agus amach anseo.”
I measc na gcainteoirí ag an imeacht bhí: An Dr Sandra O’Neill, an Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus an Dr Niamh O’Meara, Scoil Oideachais EPI-STEM, Ollscoil Luimnigh, Áine Lynch agus René O’Malley, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí. Dhírigh ceardlanna an lae ar raon ábhar lena n-áirítear scéalaíocht, foghlaim lasmuigh, uimhearthacht agus mífhaisnéis/bréagaisnéis. Bhí léirithe agus físeáin ó shuíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige agus ó scoileanna a chuir cleachtas spreagúil litearthachta, uimhearthachta agus inniúlachta digití ar taispeáint.
Dúirt an tAire Foley:
“Is díol suntais go leagann an Straitéis maidir le Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Dhigiteach béim ar an luath-óige mar an chéad chéim bhunúsach ar aistear oideachasúil linbh agus an tábhacht a bhaineann le heispéiris luatha leanaí sa teanga, sa litearthacht agus san uimhearthacht.
“Cuireann an fóram seo deis luachmhar ar fáil dúinn teacht le chéile lenár gcomhghleacaithe ar fud earnálacha na bunscoile agus na hiar-bhunscoile, chun cleachtas spreagúil a roinnt agus cineálacha cur chuige nuálacha atá bunaithe ar fhianaise a iniúchadh maidir le foghlaim atá bunaithe ar shúgradh.
“Is iontach an rud é rannpháirtíocht chomh láidir sin ó earnáil fhoghlaim agus cúraim na luath-óige a fheiceáil anseo inniu, agus táim ag tnúth leis na léargais agus na tuairimí a bhailítear i réimsí mar an luathmhachnamh matamaitice, traidisiúin na scéalaíochta agus an tábhacht a bhaineann le timpeallachtaí teanga-shaibhir do naíonáin, do lapadáin agus leanaí óga a chloisteáil”.
Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais, Bernie McNally:
“Ba mhór an pléisiúr é bualadh leis na leanaí agus na daoine óga ar maidin. Tá siadsan, tar éis an tsaoil, i gcroílár gach a ndéanaimid san oideachas. Nuair a fheicimid a gcuid fuinnimh agus a gcumas, meabhraítear dúinn an chúis a bhfuil ár gcuid oibre chun tacú lena gcuid foghlama agus lena gcuid forbartha chomh tábhachtach sin.
“Tá sé ríthábhachtach scileanna láidre litearthachta, uimhearthachta agus digiteacha a fhorbairt, ní hamháin le haghaidh rathúlacht acadúil, ach le bheith rannpháirteach go hiomlán i sochaí atá ag éirí níos digití agus níos domhanda. Buntacaíonn na scileanna sin le deiseanna, comhionannas agus foghlaim ar feadh an tsaoil.
“I gcomhar leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, tá an Straitéis maidir le Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Dhigiteacha á tiomáint ar aghaidh againn le fuinneamh, uaillmhian agus comhoibriú. Le chéile, is féidir linn forbairt a dhéanamh ar na croíscileanna a theastaíonn ó gach foghlaimeoir le go n-éireoidh leo san oideachas, san fhórsa saothair, agus sa saol”.
Thug an tAire Foley agus Bernie McNally aitheantas freisin dóibh siúd go léir a ghlac páirt san fhóram inniu agus gheall siad go leanfaidís ar aghaidh ag cothú idirphlé agus gníomh leanúnach chun tacú le rathúlacht gach foghlaimeora.
Nótaí
Bhí an fóram ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 30 Aibreán 2025.
I measc na bpríomhchainteoirí bhí:
- An Dr Sandra O’Neill, an Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- An Dr Niamh O’Meara, Scoil Oideachais EPI-STEM, Ollscoil Luimnigh
- Áine Lynch, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí -
- René O’Malley, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí
Ba iad seo a leanas na suíomhanna um fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus na Scoileanna a bhí páirteach sna léirithe:
- Happy Days, Béal Átha Póirín, Co. Thiobraid Árann.
- Scoil Náisiúnta Chlochar an Dúin, Co. Luimnigh.
- Scoil Speisialta Naomh Antaine, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
- Coláiste Bhinn Aoibhinn, Fionnghlas, Baile Átha Cliath 11
Cúlra
Tógann Straitéis na hÉireann maidir le Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Dhigiteach 2024-2033: Gach Foghlaimeoir ó Bhreith go hAois Duine Óig Fásta ar ghnóthachtálacha agus ar uaillmhian na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta 2011-2020 agus ar an athbhreithniú eatramhach 2017. Leanann an straitéis nua leis an aistear chun scileanna litearthachta, uimhearthachta agus inniúlachta digití a chothú agus a fheabhsú ó bhreith go haois duine óig fásta lena chinntiú go bhfuil na scileanna riachtanacha ag gach duine chun dul i ngleic le saol atá níos casta agus níos idirnasctha agus a bheith rathúil sa saol sin.
Cuimsíonn na réimsí forbartha agus gníomhaíochta, mar a shainaithnítear iad sa straitéis, cúig cholún:
Colún 1: Tuismitheoirí agus pobail a chumasú chun tacú le litearthacht, uimhearthacht agus inniúlacht dhigiteach na bhfoghlaimeoirí.
Colún 2: Tacú le cleachtas gairmiúil na n-oideoirí luathbhlianta, na bhfeighlithe leanaí agus na múinteoirí.
Colún 3: Tacaíocht a thabhairt don cheannaireacht i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige agus sa chóras scoile.
Colún 4: Eispéireas an fhoghlaimeora a fheabhsú trí churaclam, oideolaíocht agus measúnú.
Colún 5: Tacú le foghlaimeoirí éagsúla barr a gcumais a bhaint amach.
Forbraíodh plean forfheidhmithe cuimsitheach cúig bliana a fheidhmíonn mar threoirphlean a roinneann an straitéis ina céimeanna inghníomhaithe. Leagann sé amach na gníomhaíochtaí agus na tionscnaimh shonracha a dtabharfar fúthu. Próiseas leanúnach a bheidh i rath na straitéise a thomhas.