Buaiteoirí an Chomórtais Ealaíne um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe do Scoileanna fógartha
- Foilsithe: 10 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Rinne an tAire Oideachais Helen McEntee comhghairdeas inniu le Jemimah Foster ó scoil Tralee Educate Together a bhuaigh an duais fhoriomlán sa Chomórtas Ealaíne um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) 2025 do Scoileanna ag searmanas bronnta i dTúr an Chloig sa Roinn Oideachais i Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath.
Tá an comórtas mar chuid de OFI go dtí 2030, an dara Straitéis Náisiúnta um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe de chuid na hÉireann agus tugadh cuireadh do scoláirí saothair ealaíne a chur isteach faoin téama "Cad a chiallaíonn Inbhuanaitheacht domsa".
Ba é an teideal a bhí ar phíosa Jemimah Foster ná "Tralee Educate Together ".
Ag labhairt di tar éis shearmanas an lae inniu, dúirt an tAire McEntee
"Is mór an onóir dom na saothair chruthaitheacha iontacha ó leanaí agus daoine óga ó gach cearn den tír a fheiceáil, ag léiriú a gcumas ealaíne ach freisin ag taispeáint a gcuid eolais ar an inbhuanaitheacht agus a gcuid spéise inti. Tá an-áthas orm go bhfuil aitheantas tugtha don 12 bhuaiteoir seo as a gcuid tallainne agus as an obair chrua atá déanta acu."
Dúirt an Dr. Katie Sweeney, Stiúrthóir Náisiúnta um Chomhtháthú na nEalaíon agus na Cruthaitheachta san Oideachas, atá ina Cathaoirleach ar an bpainéal moltóireachta:
"Tá an-áthas orm buaiteoir an Chomórtais Ealaíne OFI do Scoileanna a fhógairt. Áit don chruthaitheacht, don nuálaíocht agus don chomhoibriú is ea an t-oideachas. Thug an comórtas seo deis do scoláirí agus do mhúinteoirí comhoibriú agus páirt a ghlacadh i gcruthaitheacht agus i smaointeoireacht chriticiúil, rud a rachaidh chun tairbhe dóibh chun a gcuid eolais agus scileanna a fhorbairt chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn."
Bronnadh dhá dhuais déag eile i gceithre chatagóir:

CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
OFI go dtí 2030, an 2ú Straitéis Náisiúnta de chuid na hÉireann maidir le hOideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe
Tá sé mar aidhm ag OFI go dtí 2030 a chinntiú ‘go bhfuil an t-eolas agus na scileanna ag gach foghlaimeoir a theastaíonn chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn'
Déanann an Roinn Oideachais, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige urraíocht i gcomhar ar OFI go dtí 2030 agus cuimsíonn sé oideachas ar feadh an tsaoil ó na Luathbhlianta, trí Scoileanna agus ar aghaidh chuig an mBreisoideachas, chuig an Ardoideachas agus níos faide ná sin.
I measc cuid de na príomhéachtaí atá bainte amach go dtí seo tá:
- Curaclam nua na hArdteistiméireachta Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe a thabhairt isteach ó mhí Mheán Fómhair 2025
- Réimse nua foghlama a thabhairt isteach ag an mbunleibhéal: Oideachas Sóisialta agus Comhshaoil ó mhí Mheán Fómhair 2025
- Téamaí agus prionsabail OFI a leabú tuilleadh ar fud an churaclaim ag gach leibhéal
- Maoiniú do scoileanna agus d'eagraíochtaí do thionscadail OFI
- Foireann Uirlisí Inbhuanaitheachta do scoileanna
- Nuachtlitir ráithiúil OFI chuig gach scoil agus comhpháirtí oideachais
- Fóram bliantúil do Pháirtithe Leasmhara
- Cúrsa nua saor in aisce ar líne " Bainistiú Tailte Scoile don Bhithéagsúlacht " mar a mhol Tionól na Saoránach maidir le Caillteanas Bithéagsúlachta
- OFI go dtí 2030 arna ghlacadh ag EOECNA mar Thionscnamh Thír na hÉireann le haghaidh OFI
Foilsíodh an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn i mí na Samhna 2023 agus tá an dara tuarascáil ar dhul chun cinn á forbairt faoi láthair le foilsiú i samhradh 2025.