Ceadaíonn an Rialtas pacáiste tacaíochta thart ar €375 mhilliún agus foilsíonn sé Treochlár chun filleadh sábháilte na scoileanna a éascú
- Foilsithe: 27 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 28 Iúil 2020
Tríd an bpacáiste cuimsitheach cistiúcháin agus tríd an bplean a ghabhann leis, soláthraítear tacaí riachtanacha agus treoir shoiléir do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna chun iad a chumasú filleadh go sábháilte sa téarma nua.
Soláthrófar 1000 múinteoir sa bhreis in iar-bhunscoileanna chun cabhrú le méideanna ranga a laghdú
Soláthrófar ionadaithe, maoirseoirí, treoirchomhairleoirí agus síceolaithe sa bhreis
Dírítear go láidir i dtreoir phraiticiúil ar shábháilteacht agus folláine an phobail scoile
Inniu, Dé Luain an 27 Iúil, d’fhógair an Taoiseach Micheál Martin TD, Norma Foley TD, an tAire Oideachais, agus Josepha Madigan TD, an tAire Stáit le freagracht as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, foilsiú an doiciméid Ár Scoileanna a Athoscailt: An Treochlár le haghaidh Filleadh Iomlán ar an Scoil. Tar éis ceadú a fháil ón Rialtas, d’fhógair siad freisin mionsonraí faoi phacáiste airgeadais ar fiú níos mó ná €375 mhilliún é chun tacú le cur chun feidhme an Treochláir.
Leagtar amach sa treochlár raon cuimsitheach beart a dhéanfar chun tacú le hathoscailt iomlán scoileanna in am do thús na scoilbhliana nua ag deireadh mhí Lúnasa.
Forbraíodh an treochlár tar éis dianchaidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí ón earnáil oideachais, lenar áiríodh ceardchumainn mhúinteoirí, foireann tacaíochta, ionadaithe do phríomhoidí agus do leas-phríomhoidí, comhlachtaí bainistíochta scoile agus ionadaithe do thuismitheoirí agus do dhaltaí iar-bhunscoile.
Aithnítear leis an treochlár agus leis an bpacáiste cistiúcháin na dúshláin a bheidh le sárú ag scoileanna chun a chinntiú go mbeidh breis agus aon mhilliún dalta agus thart ar 100,000 ball foirne i 4,000 scoil in ann filleadh go sábháilte i gcomhthéacs COVID-19. Leagtar amach sa treochlár pleananna soiléire agus treoir phraiticiúil maidir leis na bearta a mbeidh ar scoileanna iad a dhéanamh chun gur féidir leo oibriú go sábháilte agus íoslaghdú a dhéanamh ar an mbaol go dtabharfar ionfhabhtú isteach i scoileanna nó go leathfar ionfhabhtú iontu.
Aithnítear leis an bpacáiste airgeadais a cheadaigh an Rialtas go gcruthóidh COVID-19 dúshláin mhóra ó thaobh soláthar foirne de, go háirithe maidir le baill foirne a ionadú, maidir le maoirseacht agus maidir leis an ngá a bheidh ann le tacaí folláine.
Áirítear na nithe seo a leanas leis an bpacáiste €376 mhilliún:
- Pleananna le haghaidh 1,080 post teagaisc sa bhreis a chruthú ar leibhéal na hiar-bhunscoile ar chostas €53 mhilliún, lena n-áirítear:
- Soláthrófar 120 post treorach chun tacú le folláine daltaí.
- Leithdháilfear níos mó ná 600 post ar iar-bhunscoileanna ar dtús.
- Úsáidfear na poist a bheidh fágtha chun tacú leis na hiar-bhunscoileanna sin a mbeidh deacrachtaí ar leith acu athoscailt go hiomlán agus go sábháilte agus deacrachtaí ag cloí le scaradh sóisialta agus méideanna ranga
- Cistiú breise, a mheastar a bheith cothrom le €84.7 milliún, a sholáthar chun scoileanna a chumasú baill foirne teagaisc, cúntóirí riachtanas speisialta agus baill foirne riaracháin a ionadú. Tarlóidh sé sin i gcás go ndéanfar baill foirne a shainaithint, ar aon dul leis an treoir ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, mar dhaoine atá ‘i mbaol an-ard’ Covid-19 agus go molfar dóibh cocúnú.
- Cistiú €41.2 milliún sa bhreis a sholáthar chun baill foirne ionaid a sholáthar i mbunscoileanna. A bhuí leis sin, beidh tuilleadh cinnteachta ann maidir leis an bhfáil ar ionadaithe do bhunscoileanna agus cumhdófar ionadaithe nach bhfuil cumhdaithe faoi scéimeanna atá ann cheana. Soláthrófar cumhdach freisin i gcás go mbeidh siomptóim ar bhaill foirne a fhágfaidh, ar aon dul leis an gcomhairle sláinte poiblí, nach mbeidh siad in ann freastal ar an obair.
- Cistiú measta €40m sa bhreis a chur ar fáil chun maoirseacht bhreise daltaí a sholáthar in iar-bhunscoileanna. Beidh sé sin ar cheann de na bearta rialaithe is tábhachtaí a dhéanfar chun tacú le scoileanna teagmháil idir daltaí ó ranganna difriúla a íoslaghdú, ar aon dul leis an gcomhairle sláinte poiblí.
- €52 mhilliún sa bhreis a thabhairt do scoileanna chun iad a chumasú bearta breisithe glantacháin agus sláinteachais a chur i bhfeidhm chun laghdú a dhéanamh ar an mbaol go dtarchuirfear COVID-19 i scoileanna. Soláthrófar an t-airgead sin bunaithe ar an líon daltaí atá ag an scoil agus beidh sé i gceist leis ceithre huaire go sé huaire glantacháin sa bhreis a éascú i scoileanna gach lá.
- Ar a laghad lá scaoilte amháin sa bhreis in aghaidh na seachtaine a thabhairt do gach príomhoide teagaisc ar leibhéal na bunscoile ar mhaithe le maolú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a thiocfaidh as na hathruithe agus as an tionchar a bheidh ag Covid-19, agus beart nua le laethanta scaoilte a thabhairt do leas-phríomhoidí, ó 5 lá go 16 lá ag braith ar an scoil, le tacaíocht a tabhairt do phríomhoidí riaracháin.
- Leithdháileadh caipitil €75 mhilliún a sholáthar chun tacú le scoileanna a gcuid foirgneamh agus seomraí ranga a ullmhú don athoscailt.
- €4.2 milliún a sholáthar chun scoileanna a chumasú cúntóir a fhostú chun cur chun feidhme a dhéanamh ar na hathruithe lóistíochúla a bheidh ag teastáil i scoileanna – troscán a bhogadh, leagan amach seomraí ranga a athrú, stáisiúin sláinteachais láimhe a fheistiú, comharthaí a chur in airde, etc.
- €3.8m a sholáthar chun am scaoilte a thabhairt do gach scoil chun príomhionadaí oibrithe a bheith acu, ar duine é/í a thacóidh leis an scoil bainistiú a dhéanamh ar an mbaol go dtiocfaidh ionfhabhtuithe COVID-19 chun cinn.
Sa phlean agus sna doiciméid a ghabhann leis, tugtar do scoileanna treoir maidir le hoiliúint, seicliostaí maidir le hullmhú don athoscailt agus treoir maidir leis an scoil a oibriú go sábháilte i gcomhthéacs Covid. Tugtar comhairle sa phlean maidir leis na réimsí seo a leanas freisin: lóistíocht; an curaclam; teagasc; gníomhaíochtaí scoile a bhainistiú; tacú le daltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu; riarachán; agus folláine.
Dúirt an tAire Foley:
“Is plean cuimsitheach é seo, lena dtacófar lenár scoileanna athoscailt don scoilbhliain nua.
“D’oibríomar go han-chrua chun na pleananna seo a chur le chéile, ar pleananna iad atá bríoch, praiticiúil agus réalaíoch agus ina dtugtar cinnteacht do scoileanna maidir leis na nithe is gá dóibh a dhéanamh. Tá na pleananna bunaithe ar shaineolas geallsealbhóirí agus ar chomhar le geallsealbhóirí agus tugtar aird ghrinn iontu ar an dóigh a n-oibríonn scoileanna ar bhonn laethúil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a raibh ról acu san fhiontar ollmhór seo.
“Cé go leagtar béim láidir sa treochlár ar shábháilteacht agus ar shocruithe praiticiúla, dírítear ann freisin ar fholláine na ndaltaí agus na foirne ar fad a chinntiú.
“Is eol go maith dom gur chuir an phaindéim dhomhanda isteach ar fhoghlaim leanaí agus daoine óga. Rinne cuid mhór dár múinteoirí, dár mbaill foirne scoile, dár dtuismitheoirí agus dár ndaltaí sáriarracht leanúint leis an teagasc agus le heispéiris foghlama a thabhairt do dhaltaí. Ba thréimhse an-dúshlánach í.
“Tá dúshlán eile le sárú ag ár scoileanna anois, is é sin: tacú lenár ndaltaí filleadh ar an scoil agus bheith sábháilte inti; a gcuid spéise a mhúscailt arís ina gcuid foghlama; agus tacaíocht a thabhairt dóibh atosú ar a gcuid foghlama agus í a chur ar aghaidh.
“Tá eolas maith agam ar chaighdeán na múinteoirí agus na bhfoirne atá againn i scoileanna ar fud na tíre. Tá muinín agam, mar thoradh ar na bearta a chuireamar i bhfeidhm, go dtabharfar do na foirne sin an t-eolas, na tacaí praiticiúla agus na hacmhainní breise a theastaíonn uathu chun a gcuid dualgas a chur i gcrích.
“Scríobh mé chuig gach ball den fhoireann scoile agus chuig tuismitheoirí inniu chun buíochas a ghabháil leo as na róil atá á n-imirt acu faoi láthair agus as na róil a imreoidh siad go dtí go bhfillfimid ar an scoil ag deireadh mhí Lúnasa. Leanfaimid le cumarsáid a dhéanamh le scoileanna agus, ag gníomhú dúinn trí na scoileanna, leanfaimid le cumarsáid a dhéanamh le tuismitheoirí agus le daltaí de réir mar a athosclaítear scoileanna. Coinneoimid súil ghéar ar an obair ar fad chun a chinntiú go n-éireoidh leis na tacaí mar atá beartaithe.
“Tá lúcháir orainn gur éirigh linn pacáiste tacaíochta chomh cuimsitheach seo a áirithiú, lena gcinnteofar go gcluinfimid áthas agus gáire leanaí agus daoine óga inár gclóis súgartha scoile arís ag deireadh mhí Lúnasa.”
Béim an Treochláir ar shábháilteacht agus ar fholláine
Chuir an Roinn Oideachais sraith ábhar tacaíochta le chéile do scoileanna, lena n-áirítear treoir maidir leis an gcuraclam, maidir le folláine daltaí agus maidir le folláine ball foirne. Tá prótacail ann freisin le haghaidh íoslaghdú a dhéanamh ar an mbaol go leathfar ionfhabhtú i scoileanna.
Soláthrófar oiliúint ar líne i bhFilleadh ar an Obair do gach ball den fhoireann scoile. Beidh comhpháirteanna ar leith ann do bhaill foirne teagaisc, do chúntóirí riachtanas speisialta, do bhaill foirne riaracháin agus do bhaill foirne glantacháin.
I dteannta na treorach maidir le tacú le folláine i scoileanna tráth a athosclófar iad, cuirfidh an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais sraith tacaí atá dírithe ar an bhfoireann scoile ar fad ar fáil do scoileanna in éindí le seirbhísí tacaíochta na Roinne agus leis an HSE agus seirbhísí tacaíochta Tulsa.
Bearta lena dtacaítear le scoileanna speisialta agus le ranganna do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
Tá an Roinn Oideachais ag déanamh soláthar breise do scoileanna speisialta agus do ranganna speisialta chun aitheantas a thabhairt do na dúshláin ar leith a bheidh le sárú acu agus iad ag déileáil le leanaí a bhfuil riachtanais chasta leighis agus chúraim acu.
Dúirt an tAire Madigan:
“Tugtar sa phlean seo mórchinnteacht maidir leis an dóigh a mbeidh scoileanna in ann oibriú chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Is féidir le tuismitheoirí, le múinteoirí agus le cúntóirí riachtanas speisialta a bheith dearfa go ndéanfar gach beart cuí chun sábháilteacht agus folláine leanaí a áirithiú, agus a gcuid oideachais á chinntiú ag an am céanna.
“Is eol dúinn go ndearnadh difear mór do na daltaí sin in éagmais gnáthamh rialta scoile a bheith acu agus go mbeidh tacaíocht ar leith ag teastáil uathu agus iad ag filleadh ar an scoil.
“Tá áthas ar leith orm gur thacaigh an rialtas le 120 post treorach a thabhairt isteach inár scoileanna chun tacú le folláine na ndaltaí uile, go háirithe iad sin a bhfuil riachtanais bhreise acu.
“Beart an-dearfach eile is ea 17 síceolaí eile a earcú chuig an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais. Rachaidh sé sin chun mórthairbhe do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu.
“Chonaic mé le mo shúile féin na tairbhí a ghabhann leis an gclár soláthar samhraidh do dhaltaí. Tá an pacáiste seo an-phraiticiúil agus cuimsíonn sé réitigh indéanta atá ceaptha ag na daoine a bhfuil an t-eolas is fearr acu ar na córais. Tríd an bpacáiste, tacófar le scoileanna freastal ar gach leanbh tráth a fhillfidh siad ar ais.
“Tuigim go maith na riachtanais atá ag leanaí atá i mbaol an-ard agus oibreoidh mé le mo chuid comhghleacaithe ar fud an chórais chun a chinntiú gur féidir leo leanúint le dul chun cinn a dhéanamh. Tá seans ann nach mbeidh siad in ann filleadh ar an scoil ar an mbealach céanna le leanaí eile, áfach.
Áirítear iad seo a leanas leis na bearta sonracha atá i gceist:
- Áireofar leis an Deontas Mionoibreacha ar leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile rátaí breisithe do dhaltaí i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta. Leis an deontas sin, tacófar le scoileanna tabhairt faoi na hoibreacha a bheidh ag teastáil chun an athoscailt a éascú.
- Agus cistiú breise per capita á sholáthar do dhaltaí i scoileanna speisialta agus i ranganna speisialta, aithnítear na riachtanais bhreise atá ag na daltaí sin agus na bearta breise a bhféadfadh gur ghá do scoileanna iad a dhéanamh chun tacú leo.
- Gheobhaidh scoileanna speisialta cistiú a bheidh coibhéiseach le 10 lá chun gur féidir leo cúntóir a fhostú chun cabhrú leis an lóistíocht a bhaineann le hullmhú don athoscailt.
- I gcás go mbeidh príomhoide teagaisc acu, tabharfar ar an laghad lá scaoilte amháin in aghaidh na seachtaine do scoileanna speisialta agus do scoileanna a bhfuil ranganna speisialta acu. Tabharfar 16 lá scaoilte do scoileanna a bhfuil leas-phríomhoidí riaracháin acu le tacaiocht a thabhairt don phríomhoide.
- Bainfidh gach scoil speisialta tairbhe as a bheith in ann cúntóirí riachtanas speisialta a ionadú gach uair a bheidh siad as láthair ó shuíomhanna scoile.
- Beidh rátaí breisithe COVID-19 iníoctha i leith daltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna speisialta agus ar ranganna speisialta atá ceangailte le scoileanna príomhshrutha chun cabhrú le freastal ar na costais bhreise a bhaineann le seomraí ranga a ghlanadh sna suíomhanna sin.
- Soláthrófar cistiú breise chun freastal ar na costais a bhaineann le bearta sláinteachais láimhe agus le riachtanais trealamh cosanta pearsanta.
Aithnítear sa phlean go bhfuil seans ann nach mbeidh leanaí áirithe a bhfuil riachtanais chasta leighis nó riachtanais speisialta oideachais acu in ann filleadh ar an scoil ag deireadh mhí Lúnasa toisc go dtugtar le fios sna treoirlínte ábhartha sláinte poiblí go bhfuil siad “i mbaol an-ard”.
Beidh sé de rogha ag scoileanna a gcuid acmhainní tacaíochta teagaisc a bhainistiú agus a ath-leithdháileadh chun freastal ar riachtanais foghlama na ndaltaí sin ar an mbealach is fearr.
Treoir maidir leis an gCuraclam:
D’oibrigh an Roinn go dlúth leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, le Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí ar bhealaí inar féidir tacú le scoileanna an curaclam a stiúradh don scoilbhliain nua agus chuir sí roinnt treoirdhoiciméad le chéile chun tacaíocht a thabhairt do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna araon.
Ar leibhéal na bunscoile, is é cuspóir na dtreoirdhoiciméad sin a chinntiú gur féidir le daltaí socrú síos sa scoil an athuair, gur féidir leis an bpobal scoile ar fad coinneáil sábháilte agus folláin agus gur féidir le daltaí atosú ar a gcuid foghlama agus í a chur ar aghaidh, agus an curaclam is iomláine agus is taitneamhaí á fháil acu.Leagtar amach sa treoir freisin na cineálacha cur chuige foghlama ba cheart do scoileanna a ghlacadh agus an gá atá ann le filleadh ar réimsí den churaclam agus le iad a athbhreithniú ar mhaithe leis an bhfoghlaim a threisiú agus a dhaingniú.
Glactar leis go mbeidh tacaíocht ar leith ag teastáil ó dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus iad ag filleadh ar an scoil. Áireofar leis sin tacú lena bhfolláine, imní fhéideartha a laghdú agus pleanáil a dhéanamh ar eispéiris foghlama ina dtugtar aird ar an difear a rinne na dúntaí scoile dá ndul chun cinn.
Forbraíodh roinnt doiciméad agus tacaí chun tacú le hiar-bhunscoileanna freisin, agus díriú sonrach á leagan ar an aistriú chuig an iar-bhunscoil, ar dhaltaí a ndéanfar measúnacht orthu sa bhliain 2021, ar an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus ar an Idirbhliain.
Cistiú breise a sholáthar tríd an Deontas le haghaidh Díghalrán Láimhe agus Trealamh Cosanta Pearsanta
Ní áirítear leis an bpacáiste airgeadais na deontais a sholáthrófar do scoileanna chun íoc as díghalrán láimhe agus as trealamh cosanta pearsanta, toisc nár tugadh an próiseas soláthair phoiblí ina leith sin chun críche go fóill. Nuair a bheidh an próiseas soláthair críochnaithe, agus nuair a bheidh an creat tarraingthe anuas i bhfeidhm go luath i mí Lúnasa, cuirfear scoileanna ar an eolas go díreach faoin gcistiú breise a thabharfar dóibh chun díghalrán láimhe agus trealamh cosanta pearsanta eile a cheannach chun tacú leis an athoscailt agus leis an scoilbhliain 2020/21. Is go luath i mí Lúnasa freisin a eiseofar treoirlínte gaolmhara chuig scoileanna maidir leis an gcreat tarraingthe anuas a rochtain.
Iompar Scoile
Cuid lárnach den phleanáil le haghaidh scoileanna a athoscailt ba ea an tsaincheist a bhaineann le leanaí a thabhairt go sábháilte chuig an scoil.
Maidir le seirbhísí na Scéime Iompair Scoile a oibríonn Bus Éireann thar ceann na Roinne, oibreofar go hiomlán ar an ngnáthbhealach iad nuair a athosclófar scoileanna don scoilbhliain 2020/2021.
Agus pleanáil á déanamh le haghaidh seirbhísí iompair scoile a atosú ar an ngnáthbhealach, tugadh aird ar an bhfíric nach ionann an t-iompar scoile agus an t-iompar poiblí sa mhéid:
- Gur timpeallachtaí rialaithe iad seirbhísí iompair scoile;
- Go n-iompraítear na haon leanaí amháin chuig an scoil ar bhonn laethúil ar gach seirbhís iompair;
- Gur grúpa srianta úsáideoirí iompair é gach grúpa, rud a chabhróidh le haon rianú teagmhála a bheidh ag teastáil.
Ceann de na príomhthosaíochtaí a bheidh ann is ea cloí le ceanglais sláinteachais. Roimh an athoscailt scoile, cuirfear an méid sin in iúl go soiléir do gach tuismitheoir le leanaí a úsáideann seirbhísí iompair scoile. Chun tacú le ceanglais sláinteachais, soláthrófar cistiú €11.3 milliún sa bhreis mar chuid den phacáiste atá á fhógairt inniu.
Míreanna eile
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais raon doiciméad inniu mar chuid den tsraith fhoriomlán, lena n-áirítear iad seo a leanas: treoir maidir le Filleadh ar an Scoil, rud ina bpléitear le cláir foghlama agus scoile do cheannairí agus múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile araon; Ciorclán maidir le socruithe cistiúcháin agus soláthar foirne, rud a mbeidh feidhm aige maidir leis an scoilbhliain 2020/21; agus treoir shonrach do scoileanna maidir leis an Idirbhliain agus maidir le cláir Ardteistiméireachta Feidhmí.
Tá foireann thiomnaithe á bunú ag an Roinn chun tacú le scoileanna na socruithe nua i leith Deontais Mhionoibreacha, soláthar foirne breise agus ionadú foirne a chur i bhfeidhm. Tá uimhir líne cabhrach agus seoladh ríomhphoist á dtabhairt go díreach do phríomhoidí scoile le ceisteanna a fhreagairt agus le tacaíocht a thabhairt do scoileanna agus iad ag athoscailt.
Nótaí d’eagarthóirí
Tá an doiciméad Ár Scoileanna a Athoscailt: An Treochlár le haghaidh Filleadh Iomlán ar an Scoil agus na doiciméid tacaíochta ar fáil ar gov.ie/backtoschool. Tabharfar an suíomh sin cothrom le dáta thar na seachtainí atá romhainn agus beidh sé ina acmhainn bheo do scoileanna agus do thuismitheoirí, áit ar féidir leo teacht ar threoir phraiticiúil, ar dhoiciméid tacaíochta agus ar acmhainní.
Tá achoimre déanta thíos ar na bearta airgeadais atá sa phacáiste cistiúcháin a ghabhann leis an bplean:
An Pacáiste a cheadaigh an Rialtas le haghaidh na gCostas Cistiúcháin COVID-19 a Bhaineann leis an Treochlár le haghaidh Filleadh Iomlán ar an Scoil don Scoilbhliain 2020/21
Soláthar | Na nithe a dtacófar leo leis an gcistiú seo | Costais Iomlána €m |
Tacaí Spriocdhírithe roimh an Athoscailt | ||
Deontas Mionoibreacha Caipitil | Éascófar oibreacha ullmhúcháin a chur i gcrích i scoileanna ar mhaithe leis an athoscailt a éascú, amhail leithris a athchóiriú agus spásanna scoile a athchumrú. | €75m (atá ar áireamh i bPacáiste Spreagthaí Iúil) |
An Deontas ‘Filleadh ar an Scoil’ – cúntóir a fhostú | Cumasófar do scoileanna cúntóir a fhostú chun cur chun feidhme a dhéanamh ar na hathruithe lóistíochúla a bheidh ag teastáil i scoileanna – troscán a bhogadh, leagan amach seomraí ranga a athrú, stáisiúin sláinteachais láimhe a fheistiú, comharthaí a chur in airde, etc. Ríomhfar an deontas ar scála aistritheach chun an líon daltaí atá rollaithe agus an cineál scoile atá i gceist a léiriú. | €4.2m |
Tacaí chun an Athoscailt a Chothú | ||
Múinteoirí a ionadú i gcás nach mbeidh siad in ann obair de bharr iad a bheith “i mbaol an-ard COVID-19” | Cumasófar do scoileanna múinteoirí a ionadú i gcás gur measúnaíodh na múinteoirí sin mar dhaoine nach bhfuil in ann filleadh ar an áit oibre. Féadfaidh na baill foirne sin obair ón mbaile ar aon dul le socruithe atá comhsheasmhach leis an gcur chuige don státseirbhís agus don tseirbhís phoiblí. | €70m |
Múinteoirí a ionadú i gcás go mbeidh siad as láthair ar chúiseanna nach bhfuil cumhdaithe faoin scéim ionadaithe atá ann cheana | Fágfaidh sé seo nach mbeidh aon ghá ann le ranganna a roinnt i mbunscoileanna, rud a mhéadaíonn an baol go dtabharfar COVID-19 isteach agus go leathfar é. Beifear in ann an múinteoir a ionadú i gcás go mbeidh sé/sí as láthair de bharr saoire bhreoiteachta fhéindeimhnithe, saoire scrúduithe, é/í a bheith ina f(h)inné sa Chúirt, etc. | €41.2m |
Baill foirne neamhtheagaisc a ionadú i gcás nach mbeidh siad in ann obair de bharr iad a bheith “i mbaol an-ard” COVID-19 agus i gcás go mbeidh siad as láthair ar chúiseanna nach bhfuil cumhdaithe faoi na socruithe ionadaithe atá ann cheana - Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus Airígh, Rúnaithe agus Glantóirí | Sanntar cúntóirí riachtanas speisialta chun freastal ar na riachtanais chúraim atá ag daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Ní féidir leis na leanaí sin feidhmiú i suíomh scoile gan rochtain a bheith acu ar chúntóir riachtanas speisialta. Ós rud é go mbeidh an scoil in ann ionadaí a earcú mar gheall air, beidh an taca seo an-tábhachtach do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu maidir le cur ar a gcumas rochtain iomlán a fháil ar an oideachas i suíomhanna scoile nuair a bhíonn cúntóir as láthair. Tugann airígh, glantóirí agus rúnaithe tacaíocht an-tábhachtach do scoileanna freisin agus, i bhfianaise na béime ar leith a bhíonn á cur ar chóras éifeachtach glantacháin a chothabháil i scoileanna de bhun na géarchéime COVID-19, tá sé ríthábhachtach go n-ionadófaí na baill foirne sin nuair a bhíonn siad as láthair de bharr tinnis. | €14.7m |
Am scaoilte a thabhairt don Phríomhionadaí Oibrithe chun ceanglais COVID-19 a chomhlíonadh | Tá ceanglas ann faoin bPlean Covid-19 go mbeadh príomhionadaí oibrithe ann i ngach áit oibre. Tugann an duine/na daoine sin tacaíocht thábhachtach do scoileanna agus bainistiú á dhéanamh acu ar an mbaol go dtiocfaidh ionfhabhtuithe COVID-19 chun cinn. | €3.8m |
Laethanta scaoilte a thabhairt do Phríomhoidí teagaisc agus do chatagóirí áirithe Leas-Phríomhoidí i mBunscoileanna | Tá ceanglas ar leith ann tacú le Príomhoidí agus Leas-Phríomhoidí i mbunscoileanna agus scoileanna speisialta, áit a dtugann cuid mhór díobh faoi dhualgais teagaisc freisin. Ar an mbealach sin, tabharfar am breise dóibh bainistiú a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart COVID-19 sa scoil. | €10.2m |
Poist teagaisc agus treorach sa bhreis a sholáthar in Iar-bhunscoileanna | Is an-dúshlánach an rud é COVID-19 a bhainistiú i dtimpeallacht iar-bhunscoile. Agus poist teagaisc sa bhreis acu, beidh solúbthacht ag iar-bhunscoileanna bainistiú a dhéanamh ar shocruithe casta éagsúla, lena n-áirítear dúshláin a bhaineann le méideanna ranga, agus beifear in ann tacaíocht bhreise a thabhairt don lucht bainistíochta scoile. Leithdháilfear na poist sin bunaithe ar chineál scoile chun an líon daltaí atá rollaithe agus an soláthar oideachais speisialta atá i gceist a léiriú. Cuirfear poist i leataobh freisin chun tacú le scoileanna a mbeidh riachtanais shainaitheanta shonracha acu maidir le bearta COVID-19 a chur chun feidhme. Baineann tábhacht ar leith le tacaíocht treorach i gcomhthéacs Covid agus cuirfear suas le 120 post treorach ar fáil. | €53m |
Maoirseacht in Iar-bhunscoileanna | Beidh maoirseacht in iar-bhunscoileanna níos casta fós mar thoradh ar COVID-19, i bhfianaise na castachta breise a bheidh ag baint le hamchláir a shocrú, etc. Déanfar maoirseacht bhreise sna dorchlaí agus tabharfar faoi fhormhaoirseacht mhéadaithe ar maidin, ag am lóin agus sa tráthnóna, i seomraí locar agus i leithris agus i gcásanna amhrasta COVID-19. Leithdháilfear an cistiú ar scoileanna ar scála aistritheach chun an líon daltaí atá rollaithe a léiriú. | €40m |
Deontas Glantacháin Scoile | Cumasófar do gach scoil córas breisithe glantacháin a bheith i bhfeidhm acu chun íoslaghdú a dhéanamh ar an mbaol go dtabharfar COVID-19 isteach sa scoil agus go leathfar é inti. Soláthrófar an deontas bunaithe ar an líon daltaí atá ag an scoil agus beidh sé i gceist leis ceithre huaire go sé huaire glantacháin sa bhreis a éascú i scoileanna gach lá. | €52.2m |
Deontas le haghaidh díghalrán láimhe agus trealamh cosanta pearsanta | Cumasófar do scoileanna na hacmhainní riachtanacha díghalráin láimhe agus trealamh cosanta pearsanta – lena n-áirítear lámhainní, naprúin, maisc, cealtracha, etc. – a tharraingt anuas ó chreat náisiúnta. Tá sé sin ina ábhar do phróiseas soláthair phoiblí go fóill. Cé nach bhfuil na costais ar fáil faoi láthair, beidh siad ar eolas sa chéad seachtain de mhí Lúnasa. Tabharfaidh an Roinn deontas do scoileanna ar scála aistritheach chun an líon daltaí atá rollaithe a léiriú. Soláthrófar cistiú breise do scoileanna speisialta agus do ranganna speisialta chun na míreanna sin a cheannach | Le deimhniú |
Costais Eile a bheidh i gceist le hAthoscailt Shábháilte Scoileanna a Éascú | ||
Síceolaithe Oideachais sa bhreis | Tabharfar rochtain do scoileanna ar 17 síceolaí oideachais sa bhreis tríd an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais chun freastal ar fholláine daltaí, lena n-áirítear daltaí i scoileanna speisialta. | €1.25m |
Iompar Scoile | Beidh costais bhreise ag baint le hiompar sábháilte daltaí a éascú tríd an scéim náisiúnta iompair | €11.3m |
IOMLÁN: | €376.8m | |
- Ní áirítear leis seo díghalrán agus trealamh cosanta pearsanta | ||
- Áirítear leis seo an deontas mionoibreacha a soláthraíodh cheana féin faoi Phacáiste Spreagthaí Iúil |