English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceithre scoil speisialta nua fógartha ag an Aire Foley agus ag an Aire Madigan chun níos mó áiteanna a chur ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

Inniu, an 6 Nollaig, d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD, go bhfuil ceithre scoil speisialta nua á mbunú chun freastal ar líon na ndaltaí atá ag méadú a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu (RSO).

Beidh na scoileanna ag freastal ar dhaoine óga suas go dtí 18 mbliana d’aois a bhfuil uathachas orthu agus a bhfuil riachtanais foghlama chasta acu.

Tá siad á gceadú chomh luath agus is féidir mar chuid den phleanáil roimh ré chun freastal ar riachtanais na ndaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu atá le tosú ar scoil mí Mheán Fómhair seo chugainn.

Mar chuid den phleanáil thosaigh seo, tá ceithre scoil speisialta nua sa bhreis á bpleanáil mar chuid de réiteach réigiúnach chun tairbhe a dhéanamh do dhaltaí agus do scoláirí i gceantair ina bhfuil fás ar riachtanais speisialta oideachais. Beidh na ceithre scoil speisialta nua á mbunú do scoilbhliain 2024/25 i gcathair Luimnigh; An Bóthar Buí, Co. na Mí; Guaire, Co. Loch Garman agus i gceantar Chill Dara Theas. Tá na scoileanna nua á mbunú faoi phátrúnacht na mBord Oideachais agus Oiliúna - BOO Luimnigh agus an Chláir, BOO Lú agus na Mí, BOO Phort Láirge agus Loch Garman agus BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin. Is iad seo na chéad scoileanna speisialta atá á mbunú faoi na BOOanna seo. D’eascair sé seo as anailís a rinne an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) agus an Roinn ina bhfuarthas nach bhféadfaí freastal ar an leibhéal riachtanais sna ceantair áirithe seo trí áiteanna a mhéadú sna scoileanna speisialta atá ann faoi láthair.

Is iad na scoileanna nua na chéad scoileanna speisialta atá le bunú sna réigiúin freisin le blianta beaga anuas, tar éis 7 scoil speisialta a bhunú i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh le ceithre bliana anuas.

Tá na scoileanna breise seo atá curtha le líonra na tíre atá ann cheana féin de 130 scoil speisialta mar chuid den phacáiste leathnaithe i mBuiséad 2024 don oideachas riachtanas speisialta, lena n-áirítear

• Suas le 2,700 áit nua do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

• 744 múinteoir riachtanas speisialta bhreise agus 1,216 cúntóir riachtanas speisialta bhreise a earcú chun freastal ar líon méadaithe na ndaltaí.

• Suas le 400 rang speisialta bhreise do scoilbhliain 2024/25.

• An acmhainn a leathnú sna scoileanna speisialta atá ann cheana féin ar fud na tíre.

• 100 post teagaisc nua i scoileanna speisialta atá ann cheana féin agus i scoileanna speisialta nua, móide Leas-Phríomhoide Riaracháin, ó mhí Mheán Fómhair 2024, a bheidh chun tairbh do bheagnach 9,000 leanbh sna scoileanna seo.

Ina theannta sin, i mBuiséad 2023, tá maoiniú breise de €13m don CNOS, tar éis soláthar a dhéanamh, i measc sraith bearta eile, do mhéadú i líon na n-eagraithe riachtanas speisialta oideachais ar fud na tíre. Leis an méadú suntasach seo de bhaill foirne sa líne thosaigh san CNOS, suas go dtí 116 san iomlán, cinnteofar seirbhís ardchaighdeáin agus fhreagrúil do leanaí, do thuismitheoirí agus do scoileanna.

Dúirt an tAire Foley:

"Mar an tAire Oideachais, táim tiomanta go mbeidh córas oideachais ann a fhóireann do gach duine.

"Ar fud na hÉireann, tá líon na n-áiteanna in oideachas speisialta ag leanúint ag fás bliain i ndiaidh bliana lena chinntiú go bhfuil rochtain ag leanaí agus daoine óga ar áiteanna ar scoil a fheileann dá riachtanais.

"Tá fíortiomantas don chuimsiú léirithe ag ár bpobail scoileanna. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd ar fad atá bainteach le tacaíocht a thabhairt do bhunú leanúnach ranganna speisialta agus scoileanna speisialta.

"I mBuiséad 2024, tá €2.7 billiún tiomnaithe chun tacaíochtaí a chur ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

"Leis an bhfógairt seo, léirítear béim an-láidir ar réamhphleanáil agus feidhmiú céimneach an tsoláthair do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Is cúis áthais dom go bhfuil fíordhul chun cinn á dhéanamh againn chun freastal ar riachtanais ár ndaoine óga agus le comhoibriú a dhéanamh ar bhealaí nua lena chinntiú go bhfuil rochtain ag gach leanbh ar thimpeallacht fháilteach agus ionchuimsitheach chun foghlaim a dhéanamh agus a bheith faoi rath.

"Is céim shuntasach chun cinn í an fhógairt faoin soláthar nua inniu, lena n-áirítear ceithre scoil speisialta nua a bheidh ag freastal ar Chill Dara, ar Luimneach, ar an Mí agus ar Loch Garman. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na forais phátrúnachta uile de chuid na scoileanna agus na páirtithe leasmhara eile as ucht a gcuid rannpháirtíochta leanúnaí leis an Roinn agus leis an CNOS.”

Dúirt an tAire Madigan:

"Mar an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, táim tiomanta lena chinntiú go mbeidh áit ar scoil ag gach leanbh atá oiriúnach dá riachtanais ar leith. Bíonn ról lárnach ag scoileanna speisialta, agus mar gheall ar an gcúis sin, tá ríméad orm go bhfuil comhaontú bainte amach againn le ceithre scoil speisialta nua a bhunú i gCill Dara, Luimneach, sa Mhí agus i Loch Garman, codanna den tír ina bhfuil an riachtanas is airde. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leo siúd uile atá bainteach leis an soláthar nua seo a sheachadadh.

"I mBuiséad 2024, tá an gealltanas is mó riamh tugtha do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, atá mar os cionn aon cheathrú de leithdháileadh na Roinne. Táim meáite chun tacú le daltaí agus le teaghlaigh le háiteanna ar scoil a aimsiú áit a mbíonn gá leo. Tá an Roinn agus an CNOS i mbun obair shuntasach a dhéanamh le scoileanna lena chinntiú go gceadaítear soláthar riachtanas speisialta oideachais bhreise chomh luath agus is féidir roimh an scoilbhliain atá le teacht.

"Mar gheall ar an bhfógairt inniu, tá níos mó ama ná mar a bhí riamh ann leis na hiontrálacha scoile a phleanáil, le baill foirne a earcú, le hoiliúint a chur ar bhaill foirne agus le haon oibreacha tógála riachtanacha a chur i gcrích le hullmhúchán a dhéanamh chun na scoileanna speisialta nua seo a oscailt do scoilbhliain 2024/25.

"Is lá cinniúnach é do thuismitheoirí na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu sna ceantair seo."

Bunófar ceithre scoil speisialta nua, ceann amháin i gContae Chill Dara, ceann amháin i Luimneach, ceann amháin sa Mhí agus ceann amháin i Loch Garman, do scoilbhliain 2024/25. Táthar ag súil go mbeidh thart ar 120 dalta san iomlán rollaithe ar dtús i mí Mheán Fómhair seo chugainn, agus go méadóidh líon na ndaltaí de réir a chéile sna blianta amach romhainn.

Is cloch mhíle thábhachtach í an réamhfhógairt inniu de na scoileanna nua mar tá níos mó ama ann leis na hiontrálacha scoile a phleanáil, le baill foirne a earcú, le hoiliúint a chur ar bhaill foirne agus le haon oibreacha tógála riachtanacha a chur i gcrích.

Faoi láthair, níl suíomhanna beachta na scoileanna á nochtadh mar is gá roinnt comhaontuithe deiridh a aontú leis na páirtithe leasmhara. Bunófar na scoileanna trí athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh scoile atá ann cheana féin nach bhfuil in úsáid a thuilleadh de bharr na gcaighdeán comhaimseartha, nó trí fhoirgnimh scoile a athdhearadh ar champais scoile ina bhfuil acmhainneacht bhreise. Tá úsáid an stoic foirgneamh scoile atá ann cheana féin lárnach le dlús a chur faoi sheachadadh na gceithre scoil speisialta nua faoi mhí Mheán Fómhair seo chugainn.

Le 4 bliana anuas, bunaíodh 7 scoil speisialta i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Mar chuid den phleanáil thosaigh atá faoi bhun ag an Roinn agus ag an CNOS, tá scoileanna speisialta nua breise á bpleanáil anois mar chuid den réiteach réigiúnach sna ceithre chontae de Chill Dara, Luimneach, an Mhí agus Loch Garman. San áireamh sa phleanáil thosaigh seo bhí measúnú ar eolas agus ar shonraí maidir le hacmhainneacht atá ann cheana féin, éileamh, liostaí feithimh, meastacháin rollaithe daltaí, agus líon na leanaí atá ag taisteal lasmuigh dá gceantar áitiúil chun rochtain a dhéanamh ar áit i scoil speisialta.

Deimhneofar go han-luath na sonraí maidir le suíomh na scoileanna speisialta nua, an próiseas um ligean isteach, agus líon na n-áiteanna atá le tairiscint do scoilbhliain 2024/25 i ngach scoil speisialta nua.

Oibreoidh an CNOS go dlúth i gcomhar le teaghlaigh na leanaí agus na ndaoine óga atá i gceist chun cuidiú leo rochtain a dhéanamh ar áiteanna nua a bheidh ar fáil do scoilbhliain 2024/25.

Tosóidh an phleanáil láithreach bonn le scoileanna speisialta nua a bhunú agus a oscailt. San áireamh anseo socrófar méid na scoile a bheidh ag teastáil ionas gur féidir earcaíocht na mball foirne, forbairt beartas scoile agus socruithe gaolmhara a thionscnamh. San áireamh anseo beidh cumarsáid leanúnach leis na teaghlaigh lena mbaineann.

Chomh maith le bunú na gceithre scoil nua do scoilbhliain 2024/25, tá dul chun cinn á dhéanamh faoi láthair ar líon suntasach de thionscadail foirgneamh scoile.

Idir an dá linn, san áireamh i roinnt de na tionscadail chóiríochta mhodúlacha agus oibreacha athchumraíochta atá á bpleanáil faoi láthair nó atá ar bun ag scoileanna speisialta, tá an méid seo a leanas:

Contae Uimh. Rolla Ainm na Scoile Líon Seomraí Ranga Breise
An Clár 19414I Scoil Áine Naofa 3
Gaillimh 20329B Ionad Oideachais agus Forbartha Leanaí Thígh Nan Dooley 1
Ciarraí 19376D Scoil Speisialta Ita agus Iósaef 2
Ciarraí 19547E Scoil Speisialta Naomh Proinsias 2
Cill Dara 20379Q Stepping Stones 3
Maigh Eo 19248R Scoil Naomh Antoine 1
Maigh Eo 19375B Scoil Speisialta Bhríde 2
Maigh Eo 19387I Scoil Naomh Dympna 1

Tá eolas faoi scoileanna speisialta agus liosta na scoileanna príomhshrutha ina bhfuil ranganna speisialta, lena n-áirítear ranganna nua do scoilbhliain reatha 2023/24, do scoilbhliain 2024/25 atá le teacht, agus cineálacha ranganna seo agus na suíomhanna ina bhfuil siad, foilsithe ar shuíomh gréasáin an CNOS agus tá sé ar fáil ar www.ncse.ie. Leanfaidh an CNOS ag tabhairt an liosta suas chun dáta de réir mar a cheadaítear níos mó ranganna roimh scoilbhliain 2024/25.

Nótaí do na hEagarthóirí

Bunaíodh 7 scoil speisialta nua le ceithre bliana anuas. Is mar seo a leanas na cinn sin:

Contae Ainm na Scoile Uimh. Rolla
Corcaigh Pobalscoil Speisialta Charraig Uí Leighin 20557O
Corcaigh Pobalscoil Speisialta Chorcaí Thoir 20574O
Corcaigh Pobalscoil Speisialta Bhaile an Róistigh 20565N
Baile Átha Cliath Pobalscoil Speisialta An Cosán 20572K
Baile Átha Cliath Pobalscoil Speisialta Danú 20548N
Baile Átha Cliath Scoil Libermann Spiritan Teach Mealóg 20563J
Baile Átha Cliath Scoil Mhuire Mháthair an Dóchais 20555K

Tá cúig scoil as na seacht scoil nuabhunaithe i bhfeidhm agus tá sé beartaithe go n-osclóidh an dá scoil speisialta nua atá fágtha i rith na scoilbhliana seo – Pobalscoil Speisialta Chorcaí Thoir i gCorcaigh agus Pobascoil Speisialta An Cosán i mBaile Átha Cliath. Ciallaíonn sé sin go mbeidh 134 scoil speisialta faoi dheireadh scoilbhliain 2024/25.

Tá monatóireacht á déanamh ag an Roinn, i gcomhar leis an CNOS, ar na háiteanna atá ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar fud na tíre mar shaincheist tosaíochta agus leanfar ag obair i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Oibríonn an Roinn i gcomhar leis an CNOS atá freagrach as obair i gcomhar le teaghlaigh agus le scoileanna agus le líon áiteanna oideachais speisialta leordhóthanacha a sholáthar agus a chomhordú chun freastal ar an riachtanas áitiúil ar fud na tíre.

Tá líon tionscnamh straitéiseacha tugtha isteach ag an Roinn Oideachais agus ag an CNOS chun pleanáil agus soláthar a dhéanamh d’áiteanna leordhóthanacha i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta. Tá ag éirí leis na tionscnaimh seo agus tá beagnach 1,300 rang speisialta nua ceadaithe agus bunaíodh seacht scoil speisialta nua le ceithre bliana anuas.

Tá 2,915 rang speisialta san iomlán ar fud na tíre, 2,045 rang speisialta ag an leibhéal bunscoile agus 870 rang speisialta ag an leibhéal iar-bhunscoile. Tá sé riachtanach leanúint ar aghaidh leis an leibhéal dul chun cinn seo lena chinntiú go bhfuil dóthain áiteanna i ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha do na leanaí ar gá leo iad.

D’fhógair an CNOS feachtas nua ar an 16 Deireadh Fómhair chun Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSOanna) breise a earcú. Tá an próiseas earcaíochta seo faoi lán seoil, agus feicfear méadú suntasach i líon na ERSOanna ag obair chun cuidiú le scoileanna agus le teaghlaigh go luath in 2024.

Soláthar Ranganna Speisialta nua breise

Tá raon beart i bhfeidhm chun tacú le soláthar pras na n-áiteanna sna ranganna speisialta, lena n-áirítear cuimsiú uathoibríoch an tsoláthar ranganna speisialta i ngach foirgnimh scoile nua, stádas riaracháin uathoibríoch d’aon phríomhoide ina bhfuil 2 rang speisialta nó níos mó, agus úsáid níos láidre den chóras faisnéise geografaí (CFG) agus aon chórais um pleanáil thosaigh chun na riachtanais a aithint.

Tá obair shuntasach ar siúl ag an Roinn agus ag an CNOS le scoileanna lena chinntiú go gceadaítear soláthar RSO breise chomh luath agus is féidir roimh an scoilbhliain nua. Tá an obair pleanála tosaigh seo faoi lán seoil roimh scoilbhliain 2024/2025. San áireamh san obair seo, tá mionathbhreithniú ar na sonraí staitistiúla maidir le tuar a dhéanamh faoin éileamh atá ar áiteanna i ranganna speisialta, anailís a dhéanamh ar chóiríocht scoile atá ar fáil, breithniú a dhéanamh ar shocruithe feabhsaithe le sonraí a chomhroinnt agus fócas ar leith ar soláthar na ranganna speisialta ag an leibhéal iar-bhunscoile.

Tá ag éirí leis na tionscnaimh seo agus tá beagnach 1,300 rang speisialta nua ceadaithe agus seacht scoil speisialta bunaithe le ceithre bliana anuas. Tá an phleanáil agus an obair dhian le scoileanna chun suas le 400 rang speisialta breise a cheadú do scoilbhliain 2024/25 faoi lán seoil.

Ós rud é go gceaptar go méadóidh an t-éileamh ar ranganna speisialta nua ag an leibhéal iar-bhunscoile go suntasach sna blianta beaga amach romhainn, de bharr na déimeagrafaice atá ag méadú agus na rátaí leitheadúlachta atá ag méadú, tá an Roinn agus an CNOS tar éis dul i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara iar-bhunscoile maidir le ranganna speisialta a sholáthar. Scríobh an Roinn chuig na scoileanna iar-bhunscoile uile i mí Dheireadh Fómhair 2022 lena chur in iúl dóibh faoin ngá atá ann le pleanáil a thosú chun ranganna speisialta breise a chur ar fáil. Samhlaítear go mbeidh ar na hiar-bhunscoileanna uile ranganna speisialta a sholáthar, agus beidh tuairim agus 4 rang speisialta ar an meán i ngach scoil.

Tá eolas faoi scoileanna speisialta agus liosta na scoileanna príomhshrutha ina bhfuil ranganna speisialta, lena n-áirítear ranganna nua do scoilbhliain reatha 2023/24, do scoilbhliain 2024/25 atá le teacht, agus cineálacha ranganna seo agus na suíomhanna ina bhfuil siad, foilsithe ar shuíomh gréasáin an CNOS agus tá sé ar fáil ar www.ncse.ie. Leanfaidh an CNOS ag tabhairt an liosta suas chun dáta de réir mar a cheadaítear níos mó ranganna roimh scoilbhliain 2024/25.

Tacaíocht do Scoileanna

Tá raon tacaíochtaí curtha ar fáil do scoileanna a bhfuil ranganna speisialta nua á n-oscailt acu nó a bhfuil áiteanna i scoileanna speisialta á leathnú acu.

Cuireann Aonad Pleanála agus Tógála na Roinne tacaíochtaí ar fáil do scoileanna lena n-áirítear an méid seo a leanas:

• Plé straitéiseach le pátrún scoile maidir le soláthar RSO ag a shuíomhanna scoile.

• Creat Cóiríochta Modúlach curtha i bhfeidhm ag an Roinn go luath in 2021.

• Leathadh na ndíolúintí pleanála atá ann cheana féin le cóiríocht bhreise a sholáthar sna suíomhanna scoile atá ann cheana féin.

• Leathadh thacaíocht na Bainistíochta Tionscadail do scoileanna chun dlús a chur faoin seachadadh.

• Próiseas iarratais simplithe le haghaidh oibreacha athchumraíochta do RSO.

Maidir le hacmhainní foirne a sholáthar, tá múinteoir breise agus 2 CRS sa bhreis leithdháilte do gach rang speisialta go hiondúil. Méadaítear leis seo 1.5 múinteoir ag an leibhéal iar-bhunscoile.

Cuireann an CNOS raon tacaíochtaí ar fáil do scoileannna a osclaíonn ranganna speisialta nua lena n-áirítear an méid seo a leanas:

• Seimineár do Phríomhoidí;

• Dianchúrsa oiliúna 4 lá do mhúinteoirí;

• Cúrsa oiliúna 2 lá do mhúinteoirí nua;

• FGL do na baill foirne uile;

• Tá an scoil nasctha le Comhairleoir CNOS;

Ní gá go mbeadh rochtain déanta ag scoileanna ar an oiliúint agus ar an tacaíocht ar fad roimh rang speisialta a oscailt mar go leanfaidh an CNOS ag tacú leis na baill foirne agus leis an scoil nuair atá na ranganna oscailte, ag tógáil ar thaithí agus ar shaineolas an phobail scoile atá ann cheana féin.

Ráta Caipitíochta Breisithe

Faigheann bunscoileanna an ráta caipitíochta príomhshrutha - €183 do gach dalta faoi láthair, agus deontas caipitíochta breisithe do gach dalta atá rollaithe i ranganna speisialta, i gcomhréir le míchumas ar leith. Mar shampla, an ráta caipitíochta breisithe do dhalta i rang speisialta d’uathachas ná €720 do gach dalta chomh maith leis an ráta príomhshrutha de €183, atá mar €903 san iomlán do gach dalta. Méadófar an ráta caipitíochta caighdeánach do gach dalta i mbunscoileanna go €200 mar chuid de Bhuiséad 2024.

Ráta caighdeánach reatha an deontais chaipitíochta iar-bhunscoile ná €316 do gach dalta do mheánscoileanna deonacha. Tá na rátaí caipitíochta caighdeánacha difriúil do Phobalscoileanna agus do scoileanna Cuimsitheacha chomh maith leo siúd san earnáil BOO mar go bhfaigheann na scoileanna seo maoiniú trí bhuiséid. Mar chuid de Bhuiséad 2024, méadófar an ráta caipitíochta caighdeánach do gach dalta in iar-bhunscoileanna go €345. Tá deontas ranga speisialta de €201 á sholáthar do dhaltaí a bhfuil míchumas foghlama ginearálta éadrom nó meánach orthu agus atá rannpháirteach i ranganna speisialta atá faofa ag an CNOS.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar gov.ie - Item was unpublished or removed

Maoiniú le seomra ranga a fheistiú:

• Deontas le tús a chur le rang speisialta: Tá deontas de €6,500 ar fáil chun costas an trealaimh a chlúdach.

• Troscán: Tá deontas de €2,500 ar fáil do ghnáth-throscán seomra ranga

• Deontas saintroscáin/saintrealaimh: Ar fáil do dhaltaí aonair a bhfuil saintroscán/saintrealamh de dhíth orthu. Is féidir iarratais ar shaintroscán/saintrealamh a chur ar ríomhphost chuig furnitureequipment@education.gov.ie agus ba chóir go mbeadh tuairisc ó theiripeoir saothair san áireamh agus meastachán amháin leis

• Deontas TFC: Tá deontas de €6,700 ar fáil do gach seomra ranga bunscoile agus iar-bhunscoile nua i bhfoirgneamh atá ann cheana féin.

San áireamh sna tacaíochtaí eile a d’fhéadfadh a bheith ar fáil chun tacú le leanaí atá ag rollú i rang speisialta, tá an méid seo a leanas:

• Teicneolaíocht oiriúnaitheach – féach Ciorclán RO Uimh. 0010/2013

• Rochtain ar an Item was unpublished or removed

Is féidir féachaint ar na treoirlínte seo a leanas chun cuidiú le scoileanna a bhfuil rang speisialta á oscailt acu;

• Nasc chuig Treoirlínte an CNOS maidir le Ranganna Speisialta a Bhunú agus a Eagrú

• Nasc chuig Treoir don Dea-Chleachtas maidir le hUathachas i Scoileanna - Ag Tacú le Leanaí agus le Daoine Óga

• Nasc chuig Doiciméad an CNOS do dhaltaí atá ag aistriú ón bpríomhshruth go dtí suíomhanna speisialta

• Nasc chuig Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí (FGM) an Bhaile Láir

• Nasc chuig Féilire FGM an CNOS