English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Clár uasoiliúna nua do mhúinteoirí iar-bhunscoile sa Ghaeilge fógartha ag an Aire Foley

D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu go bhfuil conradh faighte ag Coláiste na Tríonóide , Baile Átha Cliath, in éineacht le hInstitiúid Oideachais Marino, chun clár nuálach dhá bhliain a thairiscint atá dírithe ar scileanna múinteoirí cláraithe iar-bhunscoile sa Ghaeilge a fheabhsú. Beidh rannpháirtithe an chláir in ann clárú chun an Ghaeilge a mhúineadh go dtí leibhéal na hArdteistiméireachta i scoileanna tar éis dóibh an clár a chur i gcrích go rathúil.

Cuirfear an clár páirtaimseartha seo, a thosóidh níos déanaí i mbliana, ar fáil ar bhealach solúbtha agus nuálaíochta chun rannpháirtíocht leathan a chumasú, chun freastal ar mhúinteoirí i róil lánaimseartha agus pháirtaimseartha araon, chomh maith leo siúd atá lonnaithe ar fud na tíre.

Déanfar an clár, a chuirfidh Coláiste na Tríonóide[1], Baile Átha Cliath agus Institiúid Oideachais Marino ar fáil, a sholáthar ar bhealach a chuirfidh ar chumas rannpháirtithe tabhairt faoi eispéiris foghlama nua thar fhoghlaim duine le duine, ar líne agus bunaithe ar chleachtas.

Dúirt an tAire Foley:

"Tá áthas orm a fhógairt go mbunófar an clár nuálach uasoiliúna nua seo sa Ghaeilge. Is deis spreagúil í seo do mhúinteoirí uas-oiliúint a fháil ar bhealach solúbtha, gan aon táillí a íoc, chun cur lena ndeiseanna fostaíochta féin agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin earcaíochta sa Ghaeilge ag an am céanna. Mholfainn go láidir d'aon mhúinteoir cláraithe iar-bhunscoile a bhféadfadh suim a bheith aige/aici sa Ghaeilge breathnú ar an gclár seo agus measúnú breise a dhéanamh ar a roghanna leis an Institiúid Ardoideachais ábhartha.

"Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Institiúid Oideachais Marino agus comhghairdeas a dhéanamh leo as teacht chun cinn leis an gclár seo chun feabhas a chur ar an soláthar múinteoirí iar-bhunscoile sa Ghaeilge.

"Tá mé ag súil go mór leis an gclár uasoiliúna nua seo a fheiceáil agus é faoin lán seoil in éineacht leis na cláir reatha sa mhatamaitic, san fhisic agus sa Spáinnis atá déanta ag breis agus 900 múinteoir san iomlán go dtí seo. Chomh maith leis sin, foilseoidh an roinn tairiscintí do chláir bhreise uasoiliúna in ábhair ina bhfuil riachtanais aitheanta do mhúinteoirí breise lena n-áirítear ríomheolaíocht, Fraincis, agus an pholaitíocht agus an tsochaí. Tá na cláir uasoiliúna seo ar cheann de roinnt beart atá á gcur i bhfeidhm ag an roinn chun cabhair a thabhairt lena chinntiú go bhfuil taithí gach linbh ar scoil dearfach agus go bhfuil múinteoirí cáilithe, atá gafa leis an gcúram ar fáil dóibh chun tacú leo ina gcuid foghlama."


Nótaí don Eagarthóir

Beidh an clár uasoiliúna seo sa Ghaeilge oscailte do mhúinteoirí cláraithe iar-bhunscoile beag beann ar a stádas fostaíochta, ar múinteoirí iad nach bhfuil cláraithe cheana féin agus an Ghaeilge mar ábhar acu.

Cosúil le cláir uasoiliúna roimhe seo a fuair tacaíocht ón roinn, i.e. matamaitic, fisic agus Spáinnis, cuirfear áiteanna ar an gclár uasoiliúna seo ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí rannpháirteacha agus é beartaithe go gclúdódh an maoiniú a bhronnfar costais na dtáillí. Tá os cionn 900 múinteoir iar-bhunscoile ag tabhairt faoi chláir uasoiliúna faoi láthair, nó tá cláir uasoiliúna curtha i gcrích acu.

Tacóidh an maoiniú le dhá thimthriall (dhá iontógáil) den chlár, ag tosú i mí na Nollag 2024 agus i mí Mheán Fómhair 2025 faoi seach.

Osclófar na próisis iarratais go luath agus ba chóir iarratais a dhéanamh go díreach chuig an Institiúid Ardoideachais chuí. Cuirfidh an clár ar chumas rannpháirtithe riachtanais ábhair churaclaim na Comhairle Múinteoireachta a chomhlíonadh sa Ghaeilge. Tar éis dóibh an clár a bheith curtha i gcrích go rathúil acu, beidh rannpháirtithe in ann clárú chun an Ghaeilge a theagasc ag an leibhéal is airde san iar-bhunoideachas.

Cuirfear tús le méadú eile ar líon na gclár uasoiliúna atá ar fáil do mhúinteoirí iar-bhunscoile. Foilseoidh an roinn tairiscintí go luath le haghaidh cláir uasoiliúna sa Fhraincis, sa pholaitíocht agus sa tsochaí, agus sa ríomheolaíocht. Cuireadh maoiniú ar fáil do na cláir sin i mBuiséad 2024.

[1] Faoi réir ceadú inmheánach