Comhráiteas ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus ón gComhairle Mhúinteoireachta maidir le hOideachas Tosaigh Múinteoirí agus an Tréimhe Foghlama Gaeltachta
- Foilsithe: 23 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Ag cur san áireamh na bearta éigeandála atá á nglacadh maidir le Covid-19, tá na hathruithe seo a leanas á dtabhairt isteach do scoláirí ar Chláir Oideachais Mhúinteoirí.
Ní bheidh ar na scoláirí atá sa bhliain dheireanach den Chlár Oideachais Mhúinteoirí an ghnáth-thréimhse foghlama Gaeltachta a chríochnú chun an chéim a bhaint amach i Samhradh 2020. Ní chuirfidh se seo isteach ar iarrataisí ó na múinteoirí seo le clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
Maidir le hábhair oidí na mblianta eile den chlár Oideachais Tosaigh Múinteoirí, tá an tréimhse foghlama Gaeltachta á cur ar ceal agus is féidir é seo a chomhlíonadh ag tráth níos déanaí ar an gclár.