Curaclam nuashonraithe do naíonáin, do lapadáin agus do leanaí óga foilsithe
-
Ó: An Roinn Oideachais; An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 5 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 5 Nollaig 2024
Chuir an tAire Oideachais, Norma Foley, agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman, fáilte inniu roimh fhoilsiú Aistear, an creatchuraclaim nuashonraithe do naíonáin, do lapadáin agus do leanaí óga.
Ba é Aistear, an focal Gaeilge ar thuras, an chéad chreatchuraclam in Éirinn d'oideachas na luath-óige nuair a tugadh isteach é in 2009. Is é seo an chéad nuashonrú ó shin agus tiocfaidh sé i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn.
Tá an Aistear nuashonraithe do gach leanbh ó bhreith go sé bliana d’aois i ngach suíomh seachas bunscoileanna agus scoileanna speisialta. Is féidir le duine ar bith a thacaíonn le leanaí, lapadáin agus foghlaim agus forbairt leanaí óga é a úsáid, mar shampla tuismitheoirí, feighlithe leanaí agus oideoirí luathbhlianta.
Ceann de na príomhathruithe san Aistear nuashonraithe ná go bhfuil focail, frásaí agus seanfhocail "as Gaeilge" leabaithe tríd síos chun a n-úsáid ag oideoirí a chur chun cinn agus iad ag idirghníomhú le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga gach lá.
Cuireadh béim níos mó freisin ar eispéiris a thacaíonn le cruthaitheacht leanaí agus lena rannpháirtíocht leis na healaíona, litearthacht agus uimhearthacht atá ag teacht chun cinn, agus oideachas eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (STEM). Mar shampla, tacófar le leanaí, lapadáin agus leanaí óga le bheith cruthaitheach agus dul ar aghaidh chun iad féin a iniúchadh, freagairt dóibh féin agus iad féin a chur in iúl trí ealaín, drámaíocht, damhsa nó ceol.
Dúirt an tAire Foley:
"Tá cothú spéise san fhoghlaim agus grá don fhoghlaim i measc leanaí óga ríthábhachtach dá bhfolláine, dá bhforbairt agus dá n-eispéiris foghlama ar feadh an tsaoil.
"Foghlaimíonn agus forbraíonn leanaí,lapadáin agus leanaí óga ar luas a sháraíonn aon chéim eile ina saol, mar sin tá sé an-tábhachtach curaclam Aistear a nuashonrú chun a riachtanais a léiriú agus na riachtanais sin ag athrú.
"Fáiltím go mór roimh an mbéim san Aistear nuashonraithe ar úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i ngnáth-theanga na n-oideoirí agus iad ag idirghníomhú le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga.
"Fáiltím freisin roimh an aitheantas leanúnach a thugtar don ról ríthábhachtach atá ag súgradh, spraoi, taiscéalaíocht agus comhrá san Aistear nuashonraithe, chomh maith leis an mbéim níos mó ar na healaíona do leanaí, litearthacht agus uimhearthacht luathchéime, agus oideachas eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (STEM).
"Cuid nuálach den phróiseas nuashonraithe ab ea an comhairliúchán a rinne CNCM le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga chun guth a thabhairt dóibh sa phróiseas. Is eol dúinn go bhfaigheann thart ar 96 faoin gcéad de leanaí réamhscolaíocht mar chuid den chlár uilíoch um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ), mar sin beidh tionchar leathan ag an nuashonrú seo.
"Gabhaim buíochas leis an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus lena Roinn as an teagmháil chomhoibritheach le mo Roinn agus le CNCM san fhorbairt thábhachtach seo. Táim ag tnúth le leanúint leis an obair ar fud an dá Roinn chun tacú leis an earnáil luathfhoghlama agus cúraim lena chur i bhfeidhm ar bhonn leanúnach."
Dúirt an tAire O'Gorman:
"Cloch mhíle thábhachtach d'earnáil na luathfhoghlama agus an chúraim is ea foilsiú tráthúil Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige nuashonraithe. Léirítear sa Chreat nuashonraithe na hathruithe sochaíocha agus beartais a tharla ó foilsíodh an Creat bunaidh in 2009. Is mian liom aitheantas a thabhairt do thiomantas oideoirí agus feighlithe leanaí maidir le Aistear a chur i bhfeidhm go dtí seo; Tá ról suntasach acu maidir le heispéiris luathfhoghlama ar ardchaighdeán a chur chun cinn do leanaí óga i dtimpeallachtaí foghlama éagsúla.
"Mar scáthán ar fhorbairt an chreata bhunaidh, chinntigh próiseas comhoibritheach go bhfuil an creat nuashonraithe ag teacht leis na gealltanais in an Chéad 5, Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh 2019-2028, agus go leanfaidh Aistear ag léiriú saol leanaí agus a dteaghlach agus ag tacú leis ar feadh na mblianta fada amach romhainn.
"Tá an-áthas orm freisin go neartaíonn an creat an fócas ar chearta leanaí, oideolaíocht mhall, choibhneasta, éagsúlacht agus cuimsiú, foghlaim lasmuigh, folláine agus inbhuanaitheacht. Nuair a chuirtear focail, frásaí agus seanfhocail as Gaeilge san áireamh tríd an gcreat, aithnítear go bhfuil ár dteanga, ár bhféiniúlacht agus ár muintearas fite fuaite ina chéile.
"Leanfar leis an gcomhoibriú idir an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus an Roinn Oideachais i gcaitheamh na bliana seo chugainn go dtí tús an Aistear nuashonraithe i Meán Fómhair 2025. Díreofar sna 12 mhí amach romhainn ar ghníomhaíochtaí scaipthe agus forbartha gairmiúla don earnáil. Beidh na Ranna ag obair go dlúth le Tús Níos Fearr agus leis na Coistí Cúraim Leanaí Cathrach/Contae lena chinntiú go bhfuil oideoirí luathbhlianta agus páirtithe leasmhara eile réidh chun an creatchuraclam nua a chur i bhfeidhm."
Cuireann creat nua Aistear dearcadh chun cinn ina léirítear naíonáin, lapadáin agus leanaí óga mar fhoghlaimeoirí cumasacha muiníneacha a mbíonn rath orthu i gcaidrimh chomhbhácha agus mheasúla. Cuireann sé eolas ar fáil do dhaoine fásta chun cabhrú leo eispéiris foghlama thaitneamhacha agus dhúshlánacha a chur ar fáil, ionas gur féidir le gach leanbh fás agus forbairt.
Déantar ceiliúradh sa chreat ar an luath-óige mar am chun taitneamh agus foghlaim a bhaint as eispéiris luatha, ag leagan bunchlocha tábhachtacha don fhoghlaim níos déanaí agus don saol.
Ó foilsíodh Aistear den chéad uair in 2009, tá mórán athruithe tagtha ar an earnáil a bhaineann le foghlaim agus cúram na luathóige agus ar an tsochaí i gcoitinne. Thug an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi nuashonrú ar an gcreat chun na hathruithe sin a léiriú agus chun a chinntiú go leanann an creat ag tacú le heispéiris luathfhoghlama ar ardchaighdeán do leanaí. Mar scáthán ar fhorbairt an chreata bhunaidh, rinneadh an nuashonrú i ndlúthchomhar leis an earnáil luathfhoghlama agus cúraim, lena n-áirítear oideoirí agus eagraíochtaí a thacaíonn lena gcuid oibre. San áireamh ann bhí athbhreithniú ar thaighde agus comhairliúchán poiblí fairsing in 2022 agus 2023.
Tá an Treoir maidir le Dea-Chleachtas ag gabháil leis an gcreat nuashonraithe. Tacaíonn an dara cáipéis sin le hoideoirí chun an fhís, na prionsabail agus na téamaí in Aistear a thuiscint agus dul i ngleic leo.
Cosúil leis na Treoirlínte don Dea-Chleachtas in 2009, déantar cur síos sa Treoir ar dhea-chleachtas agus déantar forbairt ar smaointe tábhachtacha sa chreatchuraclam.
Is féidir an creat agus na hacmhainní gaolmhara a fháil anseo.