Déanann an tAire Oideachais agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin CNCM comóradh ar an gcomhairliúchán do shé cinn de shonraíochtaí na hArdteistiméireachta a seoladh le déanaí
- Foilsithe: 13 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 31 Eanáir 2024
Rinne an tAire Oideachais, Norma Foley TD, in éineacht le hArlene Forster, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) comóradh foirmiúil inniu ar an gcomhairliúchán oscailte a seoladh le déanaí maidir le dréachtsonraíochtaí do shé ábhar Ardteistiméireachta mar chuid d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.
I ndiaidh dóibh a bheith ceadaithe ag Comhairle CNCM ag a gcruinniú ar an 6 Nollaig 2023, tá na dréachtsonraíochtaí do Bhitheolaíocht, Ceimic, Fisic, Araibis agus Sean-Ghréigis amuigh anois i gcomhair comhairliúcháin.
Agus í ag labhairt faoin gcomhairliúchán, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
“Tá an-áthas orm an comhairliúchán maidir leis na sé cinn de dhréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta a sheoladh.
“I mí Mheán Fómhair seo caite, d’fhógair mé go raibh dlús á chur le clár uaillmhianach d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Ciallaíonn an t-uasdátú seo ar amlíne feidhmithe an chláir d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí go mbainfidh mórán scoláirí tairbhe as na hathruithe mar go bhfuil na sonraíochtaí ábhair leasaithe á gcur i bhfeidhm níos luaithe ar bhonn náisiúnta.
“Tá eispéireas an scoláire ag croílár na hathfhorbartha – táim ag iarraidh go léireodh scoláirí a gcuid foghlama agus a gcuid tallann sa tSraith Shinsearach, lasmuigh den halla scrúdaithe agus lasmuigh de scrúdú deiridh.
“Sprioc thábhachtach sa chlár is ea seoladh an chomhairliúcháin maidir le dréachtsonraíochtaí do shé ábhar laistigh de Sciar 1 den chlár. Ba mhaith liom moladh a thabhairt d’Arlene agus dóibh siúd uile in CNCM, lena n-áirítear an Chomhairle féin, an Bord don tSraith Shinsearach, agus na baill de na Grúpaí um Fhorbairt Ábhair, chomh maith leis an bhFeidhmeannas, as a gcomhoibriú leanúnach agus as an obair chrua atá déanta acu i dtaca le hullmhú na ndréachtsonraíochtaí seo.
“Fáiltím roimh phlé mion leis na páirtithe leasmhara go léir ar fud an chórais oideachais agus lasmuigh de agus táim ag tnúth leis sin agus é beartaithe againn na curaclaim nua a thabhairt isteach i scoileanna in 2025.”
Sa chomhairliúchán, ar cuireadh tús leis ar an 8 Nollaig 2023, rachfar i mbun plé le réimse leathan páirtithe leasmhara. Rinne CNCM teagmháil le scoileanna freisin chun go mbeidís rannpháirteach i bhfócasghrúpaí scoilbhunaithe ina bhfuil múinteoirí, scoláirí agus ceannairí scoile páirteach.
Féadfaidh páirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach sa chomhairliúchán trí shuirbhé ar líne nó trí aighneacht ar líne. Ina theannta sin, i gcás dréachtsonraíochtaí na n-ábhar eolaíochta, féadfar iarratas a dhéanamh a bheith rannpháirteach in imeacht comhairliúcháin.
Bainfidh Grúpaí um Fhorbairt Ábhair do gach ábhar úsáid as an aiseolas ó na comhairliúcháin chun bonn eolais a chur faoin obair a bhaineann le beachtú a dhéanamh ar na sonraíochtaí curaclaim deiridh.
Beidh an comhairliúchán ar siúl go dtí an Aoine an 23 Feabhra 2024 agus féadfar rochtain a fháil air trí shuíomh gréasáin CNCM https://ncca.ie/en/updates-and-events/consultations/
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
• Tabharfar an chéad sciar d’ábhair nua agus leasaithe na hArdteistiméireachta isteach i scoileanna in 2025. Cuimseoidh gach ceann de na sonraíochtaí ábhair leasaithe comhpháirt(eanna) measúnaithe sa bhreis (AACanna) nach gnáthscrúdú scríofa iad, ar fiú 40% ar a laghad de na marcanna atá ar fáil iad agus déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) measúnú seachtrach orthu.
• Tá naoi gcinn d’ábhair sa chéad sciar. Is leasuithe ar ábhair atá ann cheana féin seacht gcinn acu: Gnó, Bitheolaíocht, Ceimic, Fisic, Araibis, Laidin agus Sean-Ghréigis. Beidh dhá ábhar nua ann freisin: Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe;
• Tá sé beartaithe go mbeidh na dréachtsonraíochtaí ábhair do na hábhair eile i Sciar 1 – Gnó, Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe agus Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, amuigh le haghaidh comhairliúcháin ag tús an Earraigh in 2024, faoi réir iad a bheith ceadaithe ag Comhairle CNCM;
• Déanfar an dá ábhar nua, mar atá Léann na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe a fheidhmiú ar bhonn céimnithe i líonra scoileanna in 2025 agus
• tabharfar ábhair Sciar 2 isteach sa churaclam do na scoileanna go léir in 2026. Is iad seo a leanas na hábhair atá i Sciar 2: Cuntasaíocht, Staidéar Foirgníochta, Innealtóireacht, Béarla, Tíreolaíocht, Nascmhodúil GCAT agus Corpoideachas. Cuirfear tús go luath leis an obair forbartha ábhair ar an dara sciar. Tabharfar isteach sciartha eile ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin.