English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann na hAirí Foley agus Madigan comhghairdeas le 61,107 scoláire atá ag fáil a gcuid torthaí don Ardteistiméireacht agus don Ardteistiméireacht Fheidhmeach inniu.

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Rinne an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD comhghairdeas leis an 58,056 iarrthóir Ardteistiméireachta agus leis an 3,051 iarrthóir don Ardteistiméireacht Fheidhmeach a gheobhaidh a gcuid torthaí inniu.

Eiseofar na torthaí ar líne tríd an tairseach Féinfhreastail d‘Iarrthóirí ó 10am inniu agus beidh scoláirí ábalta a gcuid torthaí a fháil go pearsanta trína scoil.

Reáchtáladh suí iarchurtha de na scrúduihte i mbliana ón 30 Meitheamh go dtí an 16 Iúil do scoláirí a bhfuair garghaol leo bás, a d‘fhulaing drochghortú nó tinneas nó nach raibh ar a gcumas na scrúduithe a dhéanamh i dtús báire ar chúiseanna sláinte poiblí a bhain le Covid 19.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Foley:

"Is mian liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis na scoláirí go léir atá ag fáil a gcuid torthaí inniu. Comhghairdeas libh go léir. Tá an sprioc thábhachtach seo bainte amach agat ar do thuras oideachais agus is móréacht é sin ann féin. Is mian liom an deis seo a ghlacadh chun buiochas a ghlacadh le bhur dteaghlaigh, bhur múinteoirí agus bhur pobail scoile as a tacaíocht a thug siad duit agus tú ar chonair na Sraithe Sinsearaí. Le linn do thurais scoile, d'fhoghlaim gach duine agaibh mórán agus d'fhorbair sibh an-chuid scileanna. Bígí bródúil as sin. Tá an chéad chaibidil eile de bhur saol ag tosú anois."

"Is mian liom freisin an deis a thapú chun buíochas a ghlacadh leis na daoine a chinntigh go bhféadfaí na Scrúduithe Stáit a sholáthar i mbliana. Idir mhúinteoirí, phríomhoidí agus bhaill foirne eile i scoileanna agus iad siúd i gCoimisiún na Scrúduithe Stáit agus sa Ghrúpa Comhairleach um Pleanáil na Scrúduithe Stáit in 2022, chuaigh bhur ndíograis agus bhur gúram chun tairbhe go mór do rang 2022. Ní hamhain gur cruthúnas ar rath na scoláirí é lá na dtorthaí ach freisin ar an bpleanáil rathúil i gcomhar atá déanta againn le linn na mblianta sin.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Madigan:

"Inniu, beidh múinteoirí, teaghlaigh, Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus baill foirne eile i scoileanna ag féachaint go bródúil ar rang 2022 agus iad ag fáil a gcuid torthaí. Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh leis na scoláirí go léir a chuir an sáréacht seo i gcrích inniu, agus le gach duine a chabhraigh leo ar an mbealach."

"Bhain dúshláin leis bhur n-eispéiris sa tSraith Shinsearach, ach tá sé cruthaithe agaibh go léir gur daoine aibí sibh a bhfuil teacht aniar ionaibh. Beag beann ar na torthaí a gheobhaidh sibh inniu, ba cheart go mbeadh sibh an-bhródúil as a bhfuil bainte amach agaibh. Guím gach rath oraibh sa chéad chonair eile a roghnóidh sibh, cibé acu obair, breisoideachais nó oiliúint a bheidh ann."

"Táim an-bhuíoch don fhoireann ar an talamh sna scoileanna agus ar thaobh an riaracháin i gCoimisiún na Scrúduithe Stáit. Go díreach nó go hindíreach, threoraigh sibh rang 2022 trí phróiseas na Scrúduithe Stáit, agus chabhraigh sibh chun an chéad ghlúin eile a chumasú tríd an oideachas. Cuireann a rath siúd rath oraibhse.“

Beidh an líne chabhrach d‘iarrthóirí na hArdteistiméireachta, atá á soláthar ag an gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Iar-bhunoideachais) ar fáil chun teacht ar threoirchomhairleoir le ceisteanna ar bith a d‘fhéadfadh a bheith acu. Beidh an líne sin ag feidhmiú ó 2pm-8pm ar an Aoine an 2 Meán Fómhair go dtí Dé Céadaoin an 14 Meán Fómhair agus beidh treoirchomhairleoirí cáilithe ina bun. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach ar 1800 265 165.

Tá líne chabhrach Choimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil i gcomhair ceisteanna a bhaineann leis an Tairseach Féinfhreastail d‘Iarrthóirí agus na seirbhísí a sholáthraítear tríd an tairseach. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach ag 1800 111135 nó 1800 111136 idir 10am agus 5pm ón 2 Meán Fómhair go dtí an 12 Meán Fómhair. Taobh amuigh de na huaireanta sin, is féidir ceisteanna a sheoladh ar ríomhphost chuig candidateportal@examinations.ie Tá réimse d‘acmhainní folláine a d'fhorbair an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil freisin ag Item was unpublished or removed Iarradh ar scoileanna tacaíocht a sholáthar d‘iarrthóirí ar lá na dtorthaí, agus cead a thabhairt dóibh teacht chuig an scoil más mian leo ag am ar leith, chun bualadh le baill den Fhoireann Tacaíochta Scoláirí, amhail treoirchomhairleoirí, Cinn Bhliana, Teagascóirí agus Séiplinigh. Tá an caidreamh pleanáilte seo le hiarrthóirí á dhéanamh chun tacú le folláine agus chun roghanna oideachais agus gairme amach anseo a phlé.