English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann na hAirí Foley, Naughton agus Byrne comhghairdeas le beagnach 61,000 scoláire a bhfuil a gcuid torthaí i scrúdú na hArdteistiméireachta á bhfáil acu inniu

Rinne an tAire Oideachais, Norma Foley, an tAire Stáit don Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Hildegarde Naughton agus an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne, comhghairdeas le 60,839 scoláire ar fud na hÉireann a bhfuil a dtorthaí i scrúdú na hArdteistiméireachta á bhfáil acu inniu.

Ó 10am inniu, cuirfidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) torthaí na hArdteistiméireachta do 2024 ar fáil d’iarrthóirí a rinne an Ardteistiméireacht (Bunaithe), an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta i mbliana.

Tá na hAirí Foley, Naughton agus Byrne tar éis an réimse leathan tacaíochtaí atá ar fáil maidir le folláine agus gairmeacha a chur ar a súile do na scoláirí go léir agus a gcuid torthaí á bhfáil acu inniu agus iad ag breathnú ar aghaidh ar na roghanna oideachais agus gairme amach anseo a bhféadfadh sé go mbeidís ag iarraidh iad a iniúchadh.

Chuir an tAire Foley fáilte chomh maith roimh dheimhniú Choimisiún na Scrúduithe Stáit i mbliana go bhfuil sé i gceist aige torthaí aon achomhairc Ardteistiméireachta a eisiúint Dé hAoine, an 27 Meán Fómhair agus go bhfuil sé i gceist aige freisin torthaí na Sraithe Sóisearaí a eisiúint Dé Céadaoin, an 9 Deireadh Fómhair.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:

“Is lá tábhachtach é seo i saol breis beagnach 61,000 scoláire ar fud na hÉireann agus is lá tábhachtach é freisin do bhur dteaghlaigh agus do bhur bpobail scoile agus torthaí na hArdteistiméireachta á bhfáil agaibh. Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh libh go léir agus an sprioc seo bainte amach agaibh, ina dtugtar luach saothair agus aitheantas daoibh as bhur gcuid oibre agus as bhur ndúthracht le cúpla bliain anuas. Tá súil agam go bhféadfaidh sibh taitneamh a bhaint as an lá agus machnamh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach agaibh, chomh maith leis na bealaí iomadúla ar chuir sibh le saol bhur scoileanna agus sibh ar bhur dturas chuig an lá inniu.

“Is lá iontach é seo in bhur shaol agus sibh ag breathnú chun cinn ar na deiseanna iontacha agus éagsúla atá amach romhaibh. Is cuma más i dtreo an bhreisoideachais nó an ardoideachais, na printíseachta nó i dtreo shaol na hoibre nó deiseanna eile a bheidh do chéad chéim eile, is mian liom gach rath agus gach sonas a ghuí ort i do shaol amach anseo.

“Is mian liom buíochas a ghlacadh le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, agus leis an iliomad múinteoirí a thug faoin obair mar scrúdaitheoirí i mbliana, as a dtiomantas agus as an obair dhian a rinne siad chun na torthaí seo a sholáthar inniu.

“Is mian liom freisin buíochas a ghlacadh le bhur dtuismitheoirí, bhur dteaghlaigh agus leis na pobail scoile, chomh maith leis na múinteoirí díograiseacha, CRSanna agus na foirne scoile a thug cúnamh lena chinntiú gur tugadh tacaíocht duit le linn do chuid ama ar scoil agus gur cuireadh ar an eolas thú maidir le do chuid roghanna. Is cinnte go ndéanfaidh siadsan freisin do chuid torthaí a cheiliúradh agus a thréaslú leat inniu agus is mian liom gach rath a ghuí orthusan freisin sa todhchaí.

"Fáiltím freisin roimh fhógra Choimisiún na Scrúduithe Stáit inniu go n-eiseofar torthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí do scoláirí Dé Céadaoin an 9 Deireadh Fómhair i mbliana – seachtain níos luaithe ná mar a eisíodh iad in 2023.  Tabharfaidh sé seo soiléireacht do na scoláirí sin agus dá dteaghlaigh agus ba mhaith liom gach rath a ghuí orthusan freisin."

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Naughton:

“Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí i Rang na hArdteistiméireachta in 2024 as na héachtaí iontacha atá déanta agaibh. Rinne sibh an obair chrua le dúthracht agus tá sé de cheart agaibh a bheith bródúil as a bhfuil bainte amach agaibh, beag beann ar na torthaí. Is lá suntasach é seo freisin do do teaghlach agus do phobal do scoile a threoraigh thú agus a thacaigh leat ar an mbealach agus is mian liom gach rath a ghuí orthusan freisin.

"Agus tú ag breathnú ar do thodhchaí amach anseo, tá níos mó deiseanna ar fáil duit ná riamh chun cabhrú leat do spriocanna agus barr do chumais a bhaint amach. Go n-éirí go geal leat i ngach rud a dhéanfaidh tú.

“Is mian liom freisin moladh a thabhairt do na múinteoirí, na príomhoidí, na pobail scoile, na tuismitheoirí agus na caomhnóirí agus go deimhin le gach duine a rinne an oiread sin oibre chun tacú leat le linn do thurais agus a thug cúnamh lena chinntiú go ndearnadh scrúduithe na hArdteistiméireachta i mbliana a reáchtáil go stuama.”

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Byrne:

“Comhghairdeas leis na scoláirí go léir a fuair a gcuid torthaí Ardteistiméireachta inniu, lena n-áirítear breis agus 8,000 scoláire a fuair torthaí ina scrúdú Corpoideachais (PE). Is lá é an lá inniu chun tú a cheiliúradh agus chun aitheantas agus luach saothair a thabhairt don am, don fhuinneamh agus don dúthracht ar fad a chuir tú isteach i do chuid foghlama agus i do shaol scoile le roinnt blianta anuas. Chomh maith leis sin, léiríonn an lá inniu go bhfuil tú ag tosú amach ar chonair nua agus tá réimse leathan tacaíochtaí ar fáil duit agus iniúchadh á dhéanamh agat ar na roghanna iomadúla agus éagsúla atá os do chomhair amach.

“Do na scoláirí go léir a rinne staidéar agus scrúduithe sa Chorpoideachas, tá súil agam go mbainfidh tú leas amach anseo as na léargais, na scileanna agus na nósanna sláintiúla a chuireann an t-ábhar ar fáil. Comhghairdeas as bhur dtorthaí inniu."

Beidh Líne Chabhrach Náisiúnta na hArdteistiméireachta do Thuismitheoirí agus Scoláirí 1800 265 165 ag feidhmiú ó Dé hAoine an 23 Lúnasa go dtí Dé Sathairn an 31 Lúnasa, ó 10am go dtí 5pm gach lá, seachas Dé Domhnaigh an 25 Lúnasa nuair a bheidh sí dúnta agus Dé Sathairn an 31 Lúnasa nuair a bheidh sí ar oscailt ó 10am go dtí 2pm.

Is seirbhís saorghlao í an Líne Chabhrach a chuirtear ar fáil do scoláirí na hArdteistiméireachta agus dá dtuismitheoirí agus dá gcaomhnóirí. Tá treoirchomhairleoirí cáilithe a bhfuil taithí acu i mbun na Líne Cabhrach agus tabharfaidh siad tacaíocht duine le duine do thuismitheoirí agus do scoláirí. Is comhaltaí d'Institiúid na dTreoirchomhairleoirí (IGC) iad na treoirchomhairleoirí atá bainteach leis an líne chabhrach. Faigheann Líne Chabhrach Náisiúnta na dTuismitheoirí agus na Scoláirí tacaíocht ón Roinn Oideachais, ó Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí, ó Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (ADIÉ) agus ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach ar 1800 265 165.

Tá líne chabhrach Choimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil do cheisteanna a bhaineann leis an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí agus na seirbhísí a sholáthraítear tríd an tairseach. Beidh an líne chabhrach do Thairseach na nIarrthóirí ar fáil ag 1800 111 135 nó 1800 111 136 ó 9am go dtí 5pm ó Dé hAoine an 23 Lúnasa go dtí Dé Luain an 2 Meán Fómhair. Taobh amuigh de na huaireanta sin is féidir ceisteanna a sheoladh ar ríomhphost chuig  candidateportal@examinations.ie.

Tá réimse acmhainní folláine a d'fhorbair an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil freisin ag gov.ie anseo.

Beidh soláthraithe seirbhíse FSS agus soláthraithe a fhaigheann cistiú ó FSS ar fáil chun tacú le scoláirí trí sheirbhísí meabhairshláinte a chur ar fáil. Tá breis eolais ar fáil ón nasc seo.

Iarradh ar scoileanna tacaíocht a chur ar fáil d’iarrthóirí inniu, lá na dtorthaí agus chuige sin cead a thabhairt dóibh teacht chuig an scoil más mian leo, ag ama sceidealaithe chun bualadh le baill den Fhoireann Tacaíochta do Scoláirí, amhail treoirchomhairleoirí, cinn bhliana, teagascóirí agus séiplínigh.