Deimhníonn an tAire Foley socruithe le haghaidh Scrúduithe Stáit na bliana 2022
- Foilsithe: 1 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ag teacht sna sála ar chinneadh ón Rialtas inniu, d’fhógair Norma Foley TD, an tAire Oideachais, athruithe fairsinge ar na scrúduithe stáit don bhliain 2022.
Chun aird a thabhairt ar an gcur isteach ar theagasc agus foghlaim rang Ardteistiméireachta na bliana 2022, déanfar athruithe fairsinge ar scrúduithe scríofa Ardteistiméireachta na bliana 2022. Ina theannta sin, d’fhógair an tAire nach mbeadh an tacar foriomlán torthaí sa bhliain 2022 níos ísle ná iad sin sa bhliain 2021, rud a chinntíonn nach bhfágfar rang na bliana 2022 faoi mhíbhuntáiste. I mí an Mheithimh, reáchtálfar scrúduithe Sraithe Sóisearaí ar an ngnáthshlí den chéad uair ón mbliain 2019 i leith.
D’fhreastail an tAire ar chruinniú de chuid an ghrúpa chomhairligh do na scrúduithe stáit ar maidin agus cuireadh na hathruithe sin in iúl di.
Cinneadh na hathruithe fairsinge a dhéanamh ar na páipéir scrúdaithe chun cinnteacht agus soiléire a thabhairt do mhic léinn Ardteistiméireachta na bliana 2022. A bhuí leis na hathruithe sin, soláthrófar do mhic léinn an chonair is cothroime i dtreo iar-bhunoideachas a chríochnú go rathúil agus cumasófar dóibh dul ar aghaidh chuig an ardoideachas, chuig an mbreisoideachas agus oiliúint, chuig printíseachtaí agus chuig saol na hoibre.
Foilseofar mionsonraí iomlána faoi na hathruithe fairsinge a rinneadh ar na scrúduithe ag gov.ie/Leavingcertificate agus ar shuíomh Gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit ag www.examinations.ie an tseachtain seo chugainn. Tabharfar fógra do scoileanna faoi na mionsonraí sin, a chuirfidh iad ar aghaidh chuig mic léinn ansin. Beidh na páipéir scrúdaithe ón mbliain 2021 ina dtreoir úsáideach do mhic léinn agus iad ag ullmhú do na scrúduithe agus beidh siad úsáideach freisin do na múinteoirí a bheidh ag cabhrú leo déanamh amhlaidh.
Dúirt an tAire Foley:
“Cuireadh isteach go mór ar fhoghlaim agus eispéireas scoile rang Ardteistiméireachta na bliana 2022. Ina fhianaise sin, agus tar éis teagmháil fhairsing a dhéanamh leis an ngrúpa comhairleach um pleanáil do na scrúduithe stáit, is féidir liom deimhniú a dhéanamh ar an bplean seo le haghaidh athruithe suntasacha ar na scrúduithe, ar plean é lena dtugtar aird ar eispéireas na mac léinn le linn na paindéime agus lena soláthrófar an chonair is fearr is féidir do mhic léinn Ardteistiméireachta na bliana seo.
“Bhí roinnt ábhar imní ag na mic léinn. Bhí soiléire agus cinnteacht uathu. D’fhreagair mé don dá cheann de na hábhair imní bhailí sin tríd an bhfógairt seo a dhéanamh níos luaithe i mbliana ná an bhliain seo caite.
“Chuir mic léinn ábhair imní in iúl freisin faoin míbhuntáiste a d’fhéadfadh rang na bliana 2022 a fhulaingt i gcomparáid le rang na bliana 2021 ó thaobh boilscithe grád de. Chun an imní sin a mhaolú, d’iarr mé ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit bearta a chur i bhfeidhm chun a chinntiú nach mbeidh an tacar foriomlán torthaí i mbliana níos ísle ná torthaí na bliana seo caite.
“Is féidir liom athruithe fairsinge a dheimhniú inniu ar an bpáipéar scríofa mar aitheantas do na dúshláin a tháinig roimh ár mic léinn. Cuireann siad leis na hathruithe a rinneadh ar na páipéir cheana féin agus a cuireadh in iúl do mhic léinn i mí Lúnasa an bhliain seo caite. I dteannta a chéile, fágann na hathruithe sin nach gá go mbeadh aon imní ar mhic léinn go bhfágfar faoi mhíbhuntáiste iad i gcomparáid lena bpiaraí. Cé go mbeidh na scrúduithe struchtúrtha ar shlí choitianta, beidh tuilleadh rogha iontu agus beidh laghdú ann ar an líon ceisteanna a bheidh le freagairt. Mar sin, ní scrúduithe traidisiúnta Ardteistiméireachta a bheidh iontu.
“Ar fud an phróisis fhairsing teagmhála, chuir na geallsealbhóirí a lán tuairimí éagsúla luachmhara agus a lán ábhar imní éagsúil luachmhar in iúl. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na comhaltaí uile a raibh ról acu i bpróiseas an Ghrúpa Chomhairligh, le mic léinn, le tuismitheoirí, le ceardchumainn múinteoirí, le comhlachtaí bainistíochta scoile agus le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, leis an Údarás um Ard-Oideachas agus le hionadaithe don ardoideachas as an teagmháil dhian a rinne siad le mo Roinn ar an tsaincheist seo.”
Reáchtálfar tacar malartach scrúduithe Ardteistiméireachta sa bhliain 2022, tamaillín tar éis an phríomhthacair scrúduithe. Beidh na scrúduithe sin teoranta do chatagóirí áirithe mac léinn, amhail mic léinn a bhí ag déileáil le méala dlúthbhaill teaghlaigh, le tinneas COVID-19 nó le catagóirí áirithe eile tinnis throm le linn na chéad tréimhse scrúduithe. Cuirfear dianchritéir incháilitheachta i bhfeidhm i leith na scrúduithe teagmhasacha sin.
Beidh scrúduithe Sraithe Sóisearaí ar siúl sa samhradh freisin. Rinneadh coigeartuithe ar na socruithe measúnachta don tSraith Shóisearach agus cuireadh iad in iúl i mí Lúnasa 2021, lena n-áirítear laghdú a dhéanamh ar an líon Measúnuithe Rangbhunaithe atá le déanamh, deireadh a chur leis an gceanglas atá ann Tascanna Measúnaithe a dhéanamh, agus coigeartuithe a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le hobair chúrsa agus le trialacha feidhmíochta praiticiúla. Mar thoradh ar na coigeartuithe sin, soláthraítear do thuilleadh am teagaisc i scoileanna.
Sna laethanta atá romhainn, agus tar éis teagmháil a dhéanamh le geallsealbhóirí, foilseoidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an clár ama do na scrúduithe scríofa Ardteistiméireachta agus Sraithe Sóisearaí a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh. Is mar a cuireadh in iúl ag deireadh na bliana seo caite a bheidh na socruithe le haghaidh na Scrúduithe Cainte Ardteistiméireachta i nGaeilge agus sna Nuatheangacha Iasachta agus le haghaidh na dtrialacha feidhmíochta praiticiúla i gCeol na hArdteistiméireachta.
Cuirfear na scrúduithe sin ar siúl lasmuigh d’am scoile le linn na chéad seachtaine de shaoire scoile na Cásca. Beidh na scrúduithe ar siúl i scoileanna le linn na tréimhse sé lá idir an Satharn an 9 Aibreán agus an Déardaoin an 14 Aibreán, agus an dá lá sin san áireamh. Ag obair dóibh i gcomhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, agus leis na scrúdaitheoirí de chuid an Choimisiúin a shannfar don scoil i ngach ábhar, beidh roinnt solúbthachta ag scoileanna maidir leis na scrúduithe a sceidealú le linn na tréimhse sin bunaithe ar riachtanais áitiúla.
Is é an toradh a bheidh ar na scrúduithe cainte a reáchtáil roimh an gCáisc ná go mbeidh mic léinn saor le linn an dara seachtain de shaoire na Cásca. Thug Coimisiún na Scrúduithe Stáit fógra do mhic léinn agus do scoileanna freisin faoin tsolúbthacht bhreise a bheidh acu maidir le hobair chúrsa a chomhlánú.
Beidh gach gné de chéimniú na scrúduithe Stáit bunaithe ar chomhairle sláinte poiblí agus tabharfar tacaíocht agus treoir shoiléir do scoileanna ina leith sin.
Leanann paindéim COVID-19 le cuid mhór dúshlán agus éiginnteachta a chruthú. Oibreoidh an Roinn Oideachais go dlúth le Coimisiún na Scrúduithe Stáit d’fhonn a chinntiú go mbeidh torthaí na scrúduithe ar fáil in am chun freastal ar na riachtanais atá ag mic léinn agus ag geallsealbhóirí.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
1. Beidh na cláir ama do na scrúduithe Stáit ar fáil ag examinations.ie
sna laethanta atá romhainn.
2. Beidh faisnéis faoi na hathruithe ar na scrúduithe Ardteistiméireachta ar fáil ag gov.ie/LeavingCertificate agus ag examinations.ie an tseachtain seo chugainn.
3. Beidh faisnéis faoi na scrúduithe Sraithe Sóisearaí ar fáil Item was unpublished or removed