English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire McEntee go mbainfidh beagnach 1,000,000 scoláire tairbhe as leabhair scoile saor in aisce ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh

Dheimhnigh an tAire Oideachais, Helen McEntee, inniu (10 Aibreán 2025) go mbainfidh beagnach milliún scoláire tairbhe as leabhair scoile saor in aisce ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh.

Thug an tAire McEntee mionsonraí freisin ar bhliain a trí de Scéim an Leabhar Bhunscoile a sholáthraíonn leabhair scoile saor in aisce do dhaltaí i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta.

Dúirt an tAire McEntee:

"Tá an-áthas orm a dheimhniú go gcuirfear leabhair scoile saor in aisce ar fáil den chéad uair riamh ó thús na scoilbhliana seo chugainn, do bheagnach milliún scoláire i mbunscoileanna, scoileanna speisialta agus iar-bhunscoileanna atá sa scéim saoroideachais.

"Fágann sé sin go ndéanfar infheistíocht iomlán de €170 milliún i leabhair scoile saor in aisce in 2025, rud a chinnteoidh go mbeidh na huirlisí a theastaíonn ó gach leanbh chun rochtain a fháil ar a gcuid oideachais ar fáil dóibh.

"De bhrí go bhfuil na leabhair seo á gcur ar fáil, maolófar cuid de na brúnna airgeadais atá ar theaghlaigh le linn na tréimhse ina bhfilltear ar an scoil.

"Inniu freisin, táim ag deimhniú sonraí Scéim na Leabhar Bunscoile saor in aisce. Gheobhaidh gach scoil treoir, agus fanfaidh an deontas tacaíochta Riaracháin i bhfeidhm don scoilbhliain atá le teacht.

"Mar thoradh ar a gcuid leabhar scoile a sholáthar do dhaltaí, ní hamháin go bhfuilimid ag maolú an ualaigh ar thuismitheoirí, ach chomh maith leis sin táimid ag feabhsú eispéiris na leanaí ar scoil agus sa bhaile."

Is infheistíocht de bheagnach €47 milliún é leabhair scoile saor in aisce a sholáthar do dhaltaí bunscoile lena chinntiú nach n-iarrfar ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí aon leabhair scoile, leabhair oibre nó cóipleabhair a cheannach ná a fháil ar cíos.

Coinneoidh an Roinn Oideachais an Deontas Tacaíochta Riaracháin chun cabhrú le cur i bhfeidhm na scéime le linn 2025/26, chun tacú le scoileanna an scéim a chur i bhfeidhm agus an t-ualach riaracháin ar scoileanna a mhaolú. Eiseofar treoir athbhreithnithe do scoileanna don scoilbhliain 2025/26 chuig scoileanna go luath agus is féidir le scoil ar bith a bhfuil ceisteanna aici faoin scéim teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an Roinn.

Faoin scéim, íocfar €80 in aghaidh an dalta don scoilbhliain 2025/26 de réir rollú aitheanta na ndaltaí ar an 30 Meán Fómhair 2024. Ós rud é go bhfuil an scéim á cur i bhfeidhm anois i ngach bunscoil agus scoil speisialta aitheanta, táthar ag súil go bhfuil scoileanna tar éis úsáid a bhaint as an maoiniú a cuireadh ar fáil i scoilbhliain 2024/25 chun stoic de leabhair scoile agus acmhainní eile don seomra ranga a cheannach. Tá mórán de na hearraí sin ar fáil anois do scoileanna lena n-athúsáid i scoilbhliain 2025/26 agus sna scoilbhlianta amach anseo.

Dúirt an tAire Stáit Michael Moynihan:

"Tá an-áthas orm go leanfaidh an Scéim na Leabhar Bunscoile saor in aisce ar aghaidh do gach dalta bunscoile agus scoile speisialta. Soláthraíonn sí tacaíocht ríthábhachtach le linn na dtréimhsí seo ina bhfuil costais ag ardú, go háirithe do thuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Is mór an chabhair é seo chun déileáil leis an gcostas maireachtála atá ag ardú, agus tacaíocht ollmhór do thuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, cé acu atá siad i ranganna príomhshrutha, i ranganna speisialta, nó i scoileanna speisialta.

"Is mór agam freisin an cinneadh a rinne an tAire níos luaithe maoiniú per capita iar-bhunscoile a leathnú chuig scoláirí i gcláir iar-bhunscoile i scoileanna speisialta.

"Tá solúbthacht leabaithe sa scéim do scoilbhliain 2025/26. Cinntíonn sé sin gur féidir le scoileanna acmhainní a chur in oiriúint i ndáiríre chun freastal ar riachtanais leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Nuair a chlúdaítear na leabhair scoile riachtanacha, leabhair oibre agus cóipleabhair, is féidir leo an maoiniú a úsáid le haghaidh ábhair chabhracha eile sa seomra ranga.

"Tá an tsolúbthacht sin ríthábhachtach do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i ranganna príomhshrutha agus don bhreis is 22,600 leanbh agus duine óg atá ag freastal ar ranganna speisialta agus ar scoileanna speisialta."

Ciallaíonn an scéim seo:

  • Go gcuirfidh scoileanna leabhair scoile, leabhair oibre agus cóipleabhair ar fáil go díreach do gach dalta
  • Nach gá do thuismitheoirí ná do chaomhnóirí na hearraí sin a cheannach ná a fháil ar cíos
  • Go gcuirfear maoiniú leordhóthanach ar fáil do scoileanna chun na costais a bhaineann leis na hearraí sin a sholáthar a chlúdach
  • Gur maoin de chuid na scoile iad leabhair scoile agus nach mór iad a thabhairt ar ais ag deireadh na scoilbhliana.
  • Go gcuirfear tacaíocht bhreise riaracháin ar fáil do scoileanna.

Chun tacú le riarachán na scéime seo, fanfaidh an deontas tacaíochta Riaracháin a sholáthraíonn an Roinn do bhunscoileanna i bhfeidhm do scoilbhliain 2025/26, bunaithe ar mhéid na scoile, chun cabhrú le haon obair bhreise a theastaíonn chun an scéim a chur i bhfeidhm. Is féidir le scoileanna an deontas seo a úsáid chun duine a fhostú chun obair riaracháin a dhéanamh ar an scéim.

Tá treoir foilsithe ag an Roinn do scoileanna agus eolas do thuismitheoirí maidir leis an gcaoi a n-oibreoidh an scéim nua ag Item was unpublished or removed

Nótaí d'Eagarthóirí

1. Cúlra

Scéim na Leabhar Bunscoile

Mar chuid de Bhuiséad 2023, d'fhógair an Roinn os cionn €50 milliún chun leabhair scoile saor in aisce a chur ar fáil do dhaltaí bunscoile laistigh den scéim saoroideachais ó mhí Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh. Tá níos mó ná 563,000 dalta i thart ar 3,230 bunscoil aitheanta tar éis tairbhe a bhaint as Scéim na Leabhar Bunscoile, lena n-áirítear os cionn 130 scoil speisialta.

Bunaíodh an scéim ar an mbonn go gcuirfear cistí ar fáil go díreach do scoileanna chun leabhair scoile, leabhair oibre, cóipleabhair agus roinnt acmhainní gaolmhara don seomra ranga a cheannach nuair is féidir.

Tá cead ag scoileanna a mbreithiúnas féin a úsáid maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear an deontas do leabhair scoile saor ina aisce ar an mbun go gcuireann sé deireadh leis an gcostas foriomlán a bhíonn ar thuismitheoirí maidir le leabhair scoile, leabhair oibre agus cóipleabhair agus nuair is féidir acmhainní gaolmhara don seomra ranga a sholáthar. Níor chóir a iarraidh ar thuismitheoirí leabhair scoile, leabhair oibre nó cóipleabhair a cheannach ná ranníocaíocht a dhéanamh leis an scoil i dtreo chostas na n-earraí sin.

Féachfaidh an scéim lena cinntiú go mbainfear luach ar airgead amach, agus go dtabharfar tacaíocht do scoileanna chun an scéim a chur i bhfeidhm ar bhealach a mbeidh na torthaí foghlama is fearr ann do dhaltaí. Beidh saoirse ag scoileanna i gcónaí maidir le leabhair a roghnú a chomhlíonann riachtanais an churaclaim.

Beidh na leabhair mar chuid de mhaoin na scoileanna i gcónaí agus cinnteoidh na scoileanna, chomh fada agus is féidir, go dtabharfar na téacsleabhar ar ais ag deireadh na scoilbhliana lena n-athúsáid an bhliain dár gcionn.

2. Doiciméad Treorach

Forbraíodh doiciméad treorach athbhreithnithe do bhunscoileanna maidir leis an gcaoi a leanfaidh an scéim ar aghaidh ag feidhmiú. Leanfaidh an Roinn de Dheontas Tacaíochta Riaracháin a chur ar fáil do bhunscoileanna chun cabhrú le feidhmiú céimneach na scéime agus chun an t-ualach riaracháin ar scoileanna a mhaolú. Tá an treoir foilsithe ag Item was unpublished or removed

3. Maoiniú

Eiseofar maoiniú go díreach chuig scoileanna roimh dheireadh mhí Aibreáin.

4. Soláthar

Is é an tAonad um Sholáthar Scoileanna (SPU) an acmhainn tacaíochta lárnach chun treoir a chur ar fáil do gach bunscoil aitheanta, lena n-áirítear scoileanna speisialta, agus iar-bhunscoileanna (seachas scoileanna BOO) maidir le saincheist ar bith a bhaineann le soláthar. Cuireann an SPU comhairle agus tacaíocht phraiticiúil saor in aisce ar fáil do scoileanna chun cabhrú leo feabhsuithe a bhaint amach ina bpróisis soláthair, ina gcleachtais agus ina dtorthaí. Faigheann scoileanna BOO tacaíocht óna mBOO áitiúil tacaíocht ina ngníomhaíocht soláthair.

Tá leathanach gréasáin tiomnaithe do Scéim na Leabhar Scoile ag an Aonad um Sholáthar Scoileanna https://www.spu.ie/schoolbooks-scheme/

Tá oibleagáidí ar scoileanna cheana féin maidir leis na treoirlínte soláthair náisiúnta agus leis an dlí a rialaíonn soláthar poiblí in Éirinn agus earraí agus seirbhísí á bhfoinsiú.

Cuireann na Treoirlínte um Sholáthar Poiblí d'Earraí agus Seirbhísí, arna bhfoilsiú ag an Oifig um Sholáthar Rialtais, dea-chleachtas agus comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm na rialacha soláthair phoiblí chun cinn i ndáil le hearraí agus seirbhísí a cheannach.