Tuarascáil Cigireachta ón Roinn Oideachais agus Óige foilsithe faoi chigireachtaí ar chúrsaí i gcoláistí Gaeilge
- Foilsithe: 18 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Iúil 2025
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige tuarascáil inniu ar na príomhthorthaí óna cigireachtaí ar chúrsaí samhraidh a cuireadh ar fáil i gcoláistí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta. Léirigh an tuarascáil, a bhí bunaithe ar chigireachtaí ar 272 ceacht aonair i 67 cúrsa Gaeilge, go raibh:
- Na coláistí Gaeilge ag comhlíonadh a ndualgais go héifeachtach maidir le dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú i measc na scoláirí
- Cuma ar na scoláirí go raibh fonn orthu an Ghaeilge a labhairt trí thaithí tumoideachais, gníomhaíochtaí cultúrtha spreagúla, agus timpeallachtaí tacúla foghlama
- Timpeallacht shábháilte agus thacúil cruthaithe ag na coláistí Gaeilge ina bhféadfadh scoláirí an teanga a úsáid go nádúrtha ina gcumarsáid laethúil.
Cuirtear cúrsaí samhraidh ar fáil gach bliain i gcoláistí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta ar feadh tréimhse dhá nó trí seachtaine chun deis a thabhairt do scoláiri a gcumas inniúlachta sa Ghaeilge a fhorbairt, chomh maith lena n-eolas agus a dtuiscint ar shaol agus ar chultúr na Gaeltachta.
D’fhreastail 18,332 scoláire san iomlán ar chúrsaí samhraidh a bhí ceadaithe go hoifigiúil i gcoláistí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta sa bhliain 2022. Mhéadaigh an líon sin go 21,979 scoláire in 2023 agus go 22,753 scoláire in 2024.
D’fháiltigh an tAire Oideachais agus Óige Helen Mc Entee TD roimh fhoilsiú na tuarascála agus dúirt sí:
“Is céim thábhachtach saoil í freastal ar an nGaeltacht do go leor scoláirí, agus is iontach an rud é go bhfuil an oiread sin coláistí ag tairiscint cúrsaí Gaeilge do scoláirí ar fud na tíre. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd a chuireann an méid sin oibre isteach in eagrú na gcúrsaí seo chun cur ar chumas an oiread sin scoláirí a bheith go hiomlán tumtha sa Ghaeilge. Beidh moltaí na tuarascála seo an-chabhrach do bhainistíocht na gcoláistí Gaeilge atá ag iarraidh eispéiris foghlama ar ardchaighdeán a chur ar fáil do scoláirí”.
Chuir an tAire Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta, Dara Calleary TD fáilte roimh fhoilsiú thuarascáil na Cigireachta freisin. Dúirt sé:
“Ta ról fíorthábhachtach ag na coláistí Gaeilge i gcur chun cinn spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Léirítear sa tuarascáil seo an tionchar dearfach láidir atá ag cúrsaí i gcoláistí Gaeilge ar dhearcadh daoine óga i leith na Gaeilge. Is ábhar misnigh é a fheiceáil go bhfuil scoláirí bródúil as an nGaeilge a úsáid ina gcomhráite laethúla, rud a léiríonn spreagadh agus tiomantas láidir don teanga. Táim tiomanta do bheith ag obair i gcomhar le páirtithe leasmhara chun eispéiris ar ardchaighdeán i nGaeilge a chur ar fáil do scoláirí atá ag freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.”
Ag foilsiú na tuarascála di, dúirt an Príomhchigire Yvonne Keating:
“Is cuid thábhachtach í an obair a dhéantar i gcoláistí Gaeilge chun tacú le cumas na scoláirí an Ghaeilge a fhoghlaim agus líofacht a bhaint amach sa teanga. Tacóidh an tuarascáil seo le machnamh leanúnach ag bainistíocht agus múinteoirí i ngach Coláiste ar chaighdeán an oideachais atá á gcur ar fáil acu. Is gné thábhachtach í an cleachtas machnamhach seo i dtreo eispéiris foghlama na Gaeilge a neartú agus a shaibhriú do scoláirí ó cheann ceann na tíre sna blianta amach romhainn.”
Tá an tuarascáil ilchodach iomlán ar fáil anseo
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, seol ríomhphost le do thoil chuig Inspectorate@education.gov.ie.
Nótaí d’Eagarthóirí
Is í an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta (RFPTG) a dhéanann Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a riaradh agus a mhaoiniú agus atá freagrach as faomhadh oifigiúil a bhronnadh ar na cúrsaí i gcoláistí Gaeilge. Cuireann Cigireacht na Roinne Oideachais agus Óige, ar iarratas ón RFPTG, clár cigireachta bliantúil i bhfeidhm i suas go haon chúigiú de na cúrsaí atá á soláthar le linn an tsamhraidh i gceantair Ghaeltachta.
Sna cigireachtaí a dhéantar ar chúrsaí sna coláistí Gaeilge, dírítear ar thrí réimse:
- cáilíocht an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe
- cáilíocht na ceannaireachta agus na bainistíochta
- cáilíocht eispéiris na scoláirí ar theanga agus cultúr na Gaeilge.
Díríonn an tuarascáil aird ar leith ar na pointí tábhachtacha seo a leanas:
- Léirigh formhór na múinteoirí caighdeán ard cumarsáide agus líofachta sa Ghaeilge, scileanna éifeachtacha oideolaíocha agus bainistíochta ranga, agus gaol dearfach agus measúil le foghlaimeoirí.
- Le linn roinnt cúrsaí Gaeilge, bhain na múinteoirí úsáid éifeachtach as teicneolaíocht dhigiteach chun tacú le riachtanais teanga agus eispéiris foghlama na scoláirí.
- Rinne na scoláirí dul chun cinn maith sa teanga nuair a bhí ábhar na gceachtanna nasctha lena saol laethúil agus nuair a cuireadh ionchur teanga ábhartha ar fáil dóibh chun iad a chumasú le dul i mbun comhráite bríocha.
- Sholáthraigh na múinteoirí aiseolas cuiditheach do na scoláirí ar a n-úsáid teanga, agus is minic a cheangail siad an t-aiseolas seo le spriocanna foghlama na gceachtanna.
- Thug an chuid ba mhó de Choláistí Gaeilge tús áite do riachtanais phearsanta, shóisialta agus fholláine na scoláirí. Bhí dea-chaidreamh cothaithe idir na múinteoirí agus na cinnirí.
- Bhí an phleanáil agus an bhainistíocht ar na cúrsaí i mbeagnach gach Coláiste Gaeilge éifeachtach agus bhí na gníomhaíochtaí cultúrtha eagraithe go maith.
- Den chuid ba mhó de chúrsaí, cuireadh réimse leathan de ghníomhaíochtaí iarnóna agus oíche ar fáil, ó imeachtaí spóirt go gníomhaíochtaí cultúrtha agus ealaíne ar nós ceol, amhránaíocht agus filíocht.
- Bhí córais dea-eagraithe i bhfeidhm chun tacú le scoláirí an Ghaeilge a labhairt, go háirithe le linn na ngníomhaíochtaí agus imeachtaí iarnóna, le cabhair luachmhar ó na cinnirí.
Déantar roinnt moltaí sa tuarascáil chun a chinntiú go mbainfidh scoláirí ar fud na tíre tairbhe as eispéiris foghlama teanga taitneamhacha agus spreagúla i gcoláistí Gaeilge:
- I gcásanna áirithe, ba ghá cur le minicíocht na ndeiseanna fíorchumarsáide do na scoláirí agus ní ba mhó ama a chaitheamh ar thascanna cumarsáide sa Ghaeilge. Chabhródh sé seo leis na scoláirí an teanga nua a fhoghlaim agus a chleachtadh níos éifeachtaí.
- I gcásanna áirithe, bhí gá minicíocht na ndeiseanna cumarsáide fíorúla do na scoláirí a mhéadú, agus níos mó ama a leithdháileadh ar thascanna cumarsáide chun tacú níos fearr le scoláirí an teanga nua a shealbhú agus a inmheánú.
- I gcás roinnt cúrsaí, bhí gá le córas monatóireachta níos soiléire agus níos éasca a úsáid chun dul chun cinn na scoláirí sa Ghaeilge a rianú agus a thaifeadadh, ionas go bhféadfadh na tuismitheoirí agus na scoláirí tuiscint níos fearr a bheith acu ar an dul chun cinn a bhí déanta.
- I gcúpla Coláiste Gaeilge, bhí gá le cur chuige meantóireachta agus teagaisc chomhoibríoch a thabhairt isteach ar mhaithe leis na múinteoirí a chumasú mar cheannairí ar an bhfoghlaim.
- I gcúrsaí áirithe, bhí gá an nasc idir ábhar na gceachtanna sna seomraí ranga agus an Ghaeilge riachtanach do na himeachtaí iarnóna agus oíche a threisiú.
- I roinnt cúrsaí, bhí gá le múinteoirí ábhair dhílse a úsáid, ar nós scéalta, dánta agus amhráin ón gceantar áitiúil chun feabhas a chur ar thuiscint na scoláirí ar oidhreacht teanga agus chultúrtha an cheantair Ghaeltachta.