D'fhoilsigh an tAire Foley na scoileanna a bheidh páirteach i bhfeidhmiú céimneach chéim a haon de na hábhair nua don Ardteistiméireachta
- Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhoilsigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD liosta de scoileanna Chéim a hAon inniu; tá an 100 scoil seo roghnaithe chun na hábhair nua Leánn na Drámaíocht, na Scannán agus na hAmharclannaíochta na hArdteistiméireachta agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe na hArdteistiméireachta a chur ar fáil don chéad uair ó thús na scoilbhliana 2025/26.
I measc na scoileanna a bheidh páirteach i gcéim a haon, tá 57 iar-bhunscoil roghnaithe chun Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta don Ardteistiméireacht a thabhairt isteach do scoilbhliain 2025/26 agus roghnaíodh 43 scoil do Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe don Ardteistiméireacht .
Leis an bhfógra seo déantar pointe tábhachtach i gClár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí a chomóradh chomh maith le fís an Aire do Shraith Shinsearach a sholáthraíonn deis do dhaoine óga staidéar a dhéanamh ar réimse ábhar atá ag teacht lena dtallanna agus lena gcuid díograise.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
“B’iontach an rud an leibhéal spéise ó scoileanna de gach cineál ar fud na tíre a fheiceáil agus iad ag iarraidh páirt a ghlacadh sa chéad chéim seo chun na hábhair nua Ardteistiméireachta Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe a sholáthar. Tá na hábhair sin á dtabhairt isteach chun rogha níos leithne a thabhairt do scoláirí chun léiriú níos fearr a dhéanamh ar a réimse spéise agus tacaíocht á tabhairt d'fhorbairt réimse níos leithne de thallanna agus de scileanna.
“Léiríonn na hiarratais a fuarthas, an tallann, na cáilíochtaí, an taithí agus an tiomantas atá ag múinteoirí i scoileanna ar fud na hÉireann ar suim leo an dá ábhar nua seo a chur i láthair a gcuid scoláirí. B’iontach go deo leibhéal agus éagsúlacht an tsoláthair reatha ábhair sna scoileanna roghnaithe agus an díograis a léirigh a gceannairí scoile, múinteoirí, scoláirí agus pobail scoile agus táim lánchinnte go mbeidh gach rath ar fheidhmiú céimneach an dá ábhar. Cuireann sé an-áthas orm go mbeidh fáil ag na scoláirí sa 103 iar-bhunscoil ar fud na tíre ar Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta, nó ar Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe sa chéad chéim seo agus go mbeidh an deis acu forbairt a dhéanamh ar a n-ábhair spéise, a láidreachtaí agus a dtallanna sna réimsí sin.”
Tosóidh múinteoirí sna scoileanna roghnaithe ag obair le hOide, an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí, ó thús na bliana 2024/25, bliain sula ndéanfar an t-ábhar a theagasc. Cuirfear na hacmhainní riachtanacha ar fáil do na scoileanna roghnaithe go léir i gCéim a hAon chun ranna nua ábhair a bhunú ina gcuid scoileanna agus chun tacú le teagasc agus foghlaim an ábhair ó thús scoilbhliain 2025/26.
Cuirfidh Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta cruthaitheacht chun cinn agus déanfaidh sé í a spreagadh mar bhonn leis an bhfoghlaim trí eispéiris thumthacha. Beidh deis ag scoláirí smaointeoireacht fheasach a chothú tríd an bhfoghlaim a mbeidh próisis chruthaitheacha agus chriticiúla ag tacú léi.
Déanfaidh Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe acmhainn scoláirí chun gníomhú go feasach agus go fónta ar son domhan cothrom inbhuanaithe a fhorbairt agus iad ag plé leis na príomhdhúshláin a bhaineann le hinbhuanaitheacht, an ghéarchéim aeráide san áireamh. Déanfar scoláirí a chumasú chun forbairt a dhéanamh ar an tuiscint atá acu ar roinnt príomhchoincheapa agus príomhphrionsabal idirnasctha a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide agus forbairt inbhuanaithe.
Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí
In 2022, leag an tAire amach clár uaillmhianach maidir le hathfhorbairt na Sraithe Sinsearaí agus an clár á threorú ag fís den tSraith Shinsearach a sholáthraíonn‘cothromas agus barr feabhais do chách’.
Cuireann an Tuarascáil Chomhairleach ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) maidir le hathbhreithniú ar an tSraith Shinsearach bonn eolais faoin gclár agus déanann sí forbairt air, chomh maith le taithí scoláirí na hArdteistiméireachta, éileamh ar athrú agus an t-éileamh sin ag fás agus taithí agus dearcthaí idirnáisiúnta.
Ar an 20 Meán Fómhair 2023, d’fhógair an tAire Oideachais go raibh dlús á chur leis an gclár, lena n-áirítear go mbeidh na sonraíochtaí leasaithe do sheacht gcinn d’ábhair reatha na hArdteistiméireachta bunaithe (Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic, Araibis, Laidin, Sean-Ghréigis agus Gnó) á dtabhairt isteach i scoileanna ó scoilbhliain 2025/26.
I measc an bhforbairtí bunathraitheacha tá dhá ábhar nua sa tSraith Shinsearach Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.
Bunaíodh dhá choiste roghnaithe a chuimsíonn baill ó Oifig Bainistíochta an Chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí (SCRPMO), Oide, CNCM agus an Chigireacht chun gach iarratas a fuarthas faoin nGairm ar Iarratais a mheas. Rinne na coistí iarratais a mheas in aghaidh na gcritéar roghnúcháin a fógraíodh sa ghairm ar iarratais; rannpháirtíocht roimhe seo i luathfheidhmiú céimnech an ábhair, ullmhacht na scoile agus soláthar reatha. Sa roghnúchán deiridh cuireadh cineálacha scoile, suíomh, méid, stádas DEIS agus aicmiú Gaeilge san áireamh, ag cinntiú go léiríonn an roghnúchán deiridh comhdhéanamh leathan na scoileanna ar fud na hÉireann a rinne iarratas le bheith páirteach sa phróiseas.
Cuimseoidh gach ceann de na sonraíochtaí ábhair leasaithe sin comhpháirteanna breise nach gnáthscrúdú scríofa iad, ar fiú 40% ar a laghad de na marcanna atá ar fáil iad agus a ndéanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) measúnú seachtrach orthu.
Tabharfar isteach an dá ábhar nua i scoileanna ar bhonn céimnithe ó thús scoilbhliain 2025/26. Tógann an céimniú ar an taithí roimhe seo ar ábhair nua eile don Ardteistiméireacht a thabhairt isteach, amhail Ríomheolaíocht agus Corpoideachas.
Is féidir na sonraíochtaí don dá ábhar a fháil ar Churaclam Ar Líne:
Climate Action and Sustainable Development