Fáiltíonn an tAire Foley agus an tAire Naughton roimh an ionchas go bhfeabhsófar rannpháirtíocht Thuaidh Theas i leith an oideachais
- Foilsithe: 22 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Oideachais, Norma Foley TD agus an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Hildegarde Naughton TD fáilte inniu roimh an ionchas go bhfeabhsófar rannpháirtíocht Thuaidh Theas i leith an oideachais.
Tagann an fógra seo sna sála ar chruinniú Earnála Oideachais na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) inniu, ag a raibh deis ag an Aire Foley agus ag an Aire Naughton plé a dhéanamh ar chomhoibriú trasteorann le hAire Oideachais Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, Paul Givan CTR, agus leis an Aire Airgeadais, Caoimhe Archibald CTR.
Ba é seo an tríú cruinniú earnála CATT ó athbhunaíodh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann i mí Feabhra.
Ag an gcruinniú, chomhaontaigh na hAirí clár oibre athbhreithnithe CATT don Earnáil Oideachais. Pléadh chomh maith saincheisteanna eile a bhaineann leis an earnáil, lena n-áirítear clár píolótach comhair a fhorbairt, le tacaíocht ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte, chun aghaidh a thabhairt ar ghnóthachtáil oideachais agus pléadh Ionad an Bhaile Mheánaigh um Uathachas freisin.
I ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire Foley:
"Is mór an t-údar misnigh é patrún rialta cruinnithe CATT a fheiceáil ag tosú arís agus ligean dúinn cuid de na príomhchuspóirí atá roinnte ag an dá Rialtas a chur chun cinn.
"Is réimse í an Earnáil Oideachais ina bhfuil na buntáistí follasacha a bhaineann le comhoibriú Thuaidh/Theas dár saoránaigh an-soiléir.
"Chomhaontaíomar inniu clár an chomhair Thuaidh/Theas a leathnú chuig réimsí tábhachtacha nua oibre, lena n-áirítear an Intleacht Dhigiteach agus Shaorga agus Oideachas Luathbhlianta, atá riachtanach do thorthaí oideachais dár leanaí agus dár ndaoine óga.
"Táim ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair go dlúth leis an Aire Givan as seo amach".
Dúirt an tAire Naughton:
"Is sampla an-láidir é Ionad an Bhaile Mheánaigh um Uathachas (MCA) de chomhobair Thuaidh/Theas agus léiríonn sé an méid is féidir a bhaint amach trí oibriú le chéile.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Príomhfheidhmeannach MCA, Stephen Douthart, agus leis an Leas-Chathaoirleach Rosemary Steen, as cur i láthair an-fhaisnéiseach a chur ar fáil d'Airí.
"Tá áthas orm gur aontaíomar inniu go gcuirfidh ár Ranna scóip ar fáil chun na seirbhísí a leathnú sa Bhaile Meánach."