Fáiltíonn an tAire Foley agus an tAire Naughton roimh thuarascáil ar ghrúpaí fócais le ceannairí scoile maidir le ról na gcúntóirí riachtanas speisialta
- Foilsithe: 1 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 1 Iúil 2024
D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Príomh-Aoire an Rialtais, Hildegarde Naughton TD, inniu foilsiú 'Ról na gCúntóirí Riachtanas Speisialta: Tuarascáil ar Ghrúpaí Fócais le Ceannairí Scoile'.
D'fhreastail 250 príomhoide agus príomhoide tánaisteach scoile ar na grúpaí fócais i mBaile Átha Cliath, Cora Droma Rúisc, an Uaimh, Port Láirge, Luimneach agus Baile Átha Luain le linn mhí Eanáir agus mhí Feabhra na bliana seo.
Eagraíodh na grúpaí fócais seo chun tuairimí na gceannairí scoile a lorg maidir le ról agus dualgais na CRSanna, foghlaim agus forbairt do CRSanna, saincheisteanna a bhaineann le hearcaíocht, coinneáil agus éagsúlacht agus an bealach is fearr is féidir le ceannairí scoile cumarsáid a dhéanamh le CRSanna i bpobal na scoile.
Fuarthas amach i dtuarascáil an ghrúpa fócais go bhfuil an-mheas ag príomhoidí agus ag príomhoidí tánaisteacha scoile ar CRSanna mar gheall ar an obair thábhachtach a dhéanann siad. D'aithin siad an ról tábhachtach atá ag CRSanna, ní hamháin i saol na scoláirí a n-oibríonn siad leo, ach i bpobal na scoile ar an iomlán.
Bainfear úsáid as tuarascáil an ghrúpa fócais chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht don Phlean um Fhorbairt Lucht Oibre CRS, atá le críochnú i mí Mheán Fómhair 2025.
Dúirt an tAire Foley:
"Tá beagnach 22,000 cúntóir riachtanas speisialta ag obair le leanaí a bhfuil riachtanais chúraim acu inár scoileanna. Léiríonn an tuarascáil seo gur cuid ríthábhachtach dár bpobal scoile iad agus go gcuireann siad tacaíocht thábhachtach ar fáil do scoláirí agus do mhúinteoirí. Is fiú a lua gur aontaigh tromlach na gceannairí scoile nach bhfeidhmeodh a scoil i gceart gan tacaíocht ó CRSanna.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le ceannairí scoile as am a thógáil amach as a sceidil ghnóthacha chun dul i dteagmháil leis na grúpaí fócais. Tá léargais agus taithí thar a bheith luachmhar curtha ar fáil acu a chabhróidh linn dul chun cinn a dhéanamh ar an bPlean um Fhorbairt Lucht Oibre CRS atá ar na bacáin."
Agus í ag cur fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála ar thorthaí na ngrúpaí fócais seo, dúirt an tAire Naughton:
"Tá ról ríthábhachtach ag ceannairí scoile maidir le tacú le fás agus forbairt leanúnach cúntóirí riachtanas speisialta agus timpeallacht dhearfach a chothú do gach ball de phobal na scoile. Soláthraíonn sé seo na torthaí is fearr do na scoláirí a bhfuil riachtanais chúraim shuntasacha acu inár scoileanna.
"Tá sé suntasach ón aiseolas ó na grúpaí fócais go n-aithníonn na príomhoidí agus na príomhoidí tánaisteacha seo an obair a dhéanann CRSanna ar bhonn laethúil agus go bhfuil meas acu uirthi. Táim buíoch de cheannairí scoile as ucht an t-am a ghlacadh chun páirt a ghlacadh sa taighde tábhachtach seo.
"Trí na chéad chéimeanna eile, tá an-fhonn orm a chinntiú go léirítear guth an linbh sa Phlean um Fhorbairt Lucht Oibre CRS. Tá an rannpháirtíocht seo á cur chun cinn anois ag mo Roinn, agus táim ag tnúth go mór a chloisteáil cad atá le rá ag leanaí faoi ról tábhachtach an CRS."
Rud dearfach a chuir formhór na rannpháirtithe sna grúpaí fócais in iúl ná gur duine fásta breise an CRS a chuireann 'péire súl agus cluas' sa bhreis ar fáil sa seomra ranga agus sa chlós araon. Tugadh faoi deara go n-éascaíonn an CRS tinreamh agus rannpháirtíocht an scoláire sa rang.
Thug na rannpháirtithe le fios gur minic a thabharfaidh an CRS faoi deara iompraíochtaí a bhféadfadh sé nach bhfeicfeadh an múinteoir iad agus gur féidir leis/léi idirghabháil a dhéanamh go tapa chun cosc a chur le hiompraíocht ar ábhar imní í sula n-éiríonn sí níos measa.
Léiríodh an tábhacht a bhaineann le cumarsáid idir CRSanna agus tuismitheoirí scoláirí faoina gcúram in aiseolas trí na grúpaí fócais. Cabhraíonn sé leis an CRS tuiscint níos fearr a fháil ar an scoláire agus is féidir leis feidhmiú mar fhoinse eolais ar shaincheisteanna a théann i bhfeidhm ar ghiúmar, ar fheidhmíocht agus ar shláinte an scoláire ar lá ar leith. Is féidir le cumarsáid chuí le tuismitheoirí eolas thar a bheith úsáideach a chur ar fáil don CRS agus don mhúinteoir agus dá réir sin a théann chun tairbhe don scoláire.
Is féidir teacht ar Ról na gCúntóirí Riachtanas Speisialta: Tuarascáil ar Ghrúpaí Fócais le Ceannairí Scoile anseo.
Is féidir tuilleadh eolais faoin bPlean um Fhorbairt Lucht Oibre CRS a fháil anseo.
Nótaí don Eagarthóir
Tá cur chuige straitéiseach glactha ag an Roinn Oideachais maidir le forbairt polasaí CRS agus é mar chuspóir aici seirbhís fheabhsaithe CRS a fhorbairt a sholáthraíonn an toradh is fearr do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu inár scoileanna.
Tá an chéad Phlean um Fhorbairt Fórsa Saothair CRS á fhorbairt ag an roinn faoi láthair. Sa dá bhliain seo amach romhainn, tabharfaidh an plean seo forbairtí polasaí isteach faoi na cúig cheannteideal leathana seo a leanas a thabharfaidh soiléireacht agus treoir don tseirbhís CRS:
- Colún 1 – Athbhreithniú agus forbairt a dhéanamh ar ról an CRS – scrúdú a dhéanamh ar ról agus ar dhualgais an CRS
- Colún 2 – Creat Dearbhaithe Cáilíochta a bhunú chun struchtúir rialachais agus mhaoirseachta a sholáthar don earnáil
- Colún 3 – Clár Foghlama agus Forbartha CRS a bhunú chun rochtain a sholáthar ar dheiseanna níos oiriúnaí, níos dlisteanaí agus níos áisiúla le haghaidh uasoiliúna agus athoiliúna
- Colún 4 - Tacú le hearcaíocht, coinneáil agus éagsúlacht na CRSanna, lena n-áirítear athbhreithniú ar an gconradh fostaíochta do CRSanna, scéim phíolótach ath-imlonnaithe a bhunú do CRSanna agus iniúchadh a dhéanamh ar éagsúlacht san earnáil
- Colún 5 – Straitéis chumarsáide a cheapadh chun cumarsáid agus comhoibriú éifeachtach leis na páirtithe leasmhara uile a chinntiú agus chun an ról a chur chun cinn mar rogha ghairme
Tá an plean á fhorbairt i gcomhairle agus i gcomhar le páirtithe leasmhara lena n-áirítear ceannairí scoile, múinteoirí agus CRSanna, rud a thugann deis do gach páirtí ionchur a chur ar fáil agus tuairimí a roinnt maidir le forbairt agus treo sheirbhís CRS amach anseo.
Ar an iomlán, áireofar sa phlean breithniú ar an mbealach is fearr is féidir le ceannairí scoile, múinteoirí agus CRSanna oibriú le chéile chun a chinntiú go dtacaítear leo chun an tseirbhís is éifeachtaí a chur ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais chúraim shuntasacha acu inár scoileanna.
Grúpaí Fócais le CRSanna
Faoi Chéim 1 den phlean, reáchtáil an Roinn Oideachais grúpaí fócais ar an ábhar a bhaineann le foghlaim agus forbairt CRSanna le CRSanna i réigiúin éagsúla ar fud na tíre i mí na Bealtaine 2023. Foilsíodh tuarascáil ar aiseolas a d'eascair as na grúpaí fócais lena n-áirítear torthaí agus moltaí i mí Mheán Fómhair 2023 agus tá sí ar fáil anseo.
An Chéad Suirbhé Náisiúnta ar CRSanna
Eisíodh suirbhé cuimsitheach náisiúnta ar CRSanna ag tús mhí Feabhra 2024 chun faisnéis bhonnlíne faoi CRSanna a bhailiú agus a thaifeadadh. Cabhróidh na sonraí a bailíodh ó 7,401 CRS a chomhlánaigh an suirbhé le heolas agus tuiscint níos doimhne a fhorbairt ar ról an CRS sna suíomhanna oideachais éagsúla agus cabhróidh siad le bonn eolais a chur faoi chinntí polasaí. Tá tuarascáil an tsuirbhé ar fáil anseo.
Grúpaí Fócais le Ceannairí Scoile
Bhí grúpaí fócais breise ar siúl le príomhoidí agus príomhoidí tánaisteacha in Ionaid Tacaíochta Oideachais in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Tá an tuarascáil ina leith sin ar fáil anseo.
Bainfear úsáid as aiseolas ó na grúpaí fócais agus as na sonraí a cuireadh ar ais sa suirbhé chun bonn eolais a chur faoi chinntí polasaí faoi chúig cholún an phlean.