English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Foley roimh an bhfógra go ndéanfar Gaelcholáiste comhoideachais de CBS Sráid Synge

Tá fáilte curtha ag an Aire Oideachais, Norma Foley TD, roimh fhógra Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice (ERST) go ndéanfar CBS Synge Street a aistriú ó iar-bhunscoil Bhéarla aonghnéis go dtí Gaelcholáiste comhoideachais lán-Ghaeilge ag tosú leo siúd a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i scoilbhliain 2026/2027.

Dúirt an tAire Foley:

"Is dea-scéala é seo don scoil agus don phobal áitiúil. Is eol dom go bhfuil éileamh le fada ar Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2,4,6 agus 8 agus tá lúcháir orm go bhfuil ceann againn anois i gcroílár Bhaile Átha Cliath 2. Cuirfidh sé seo leis an soláthar don oideachas lán-Ghaeilge ag an iar-bhunleibhéal i mórcheantar chathair Bhaile Átha Cliath Theas.

"Is ionann an fógra seo agus ré nua do CBS Sráid Synge, scoil a bhfuil a stair fréamhaithe go domhain ina pobal. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gcomhlacht pátrúnachta ERST as a bheith ag obair leis an Roinn Oideachais agus as spéis a léiriú san t-aistriú seo chuig Gaelcholáiste comhoideachais, lán-Ghaeilge a iniúchadh. Tá mo Roinn ag plé leis an gcomhlacht pátrúnachta agus tá obair ar bun chun ullmhú d'aistriú na scoile do scoilbhliain 2026/2027."

In 2017, thug Bunscoil Sráid Synge, bunscoil CBS Sráid Synge atá in aice láimhe, Sruth lán-Ghaeilge isteach agus cuireann sí oideachas trí Ghaeilge ar fáil do gach bliain. Ó tugadh isteach an sruth, tá méadú thart ar 42% tagtha ar líon na ndaltaí atá cláraithe sa scoil.

Nótaí d'eagarthóirí

Uimhir Rolla Ainm na Scoile Rolluithe 23/24
60470D Na Bráithre Críostaí, Sráid Synge 302