Fáiltíonn an tAire Foley roimh fhoilsiú thorthaí TIMSS 2019 a léiríonn gurb í Éire an tír is fearr feidhmíochta san AE do Mhatamaitic rang a ceathair sa bhunscoil agus sa dara bliain ag an dara leibhéal
- Foilsithe: 8 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Nollaig 2020
• Is í Éire an tír is fearr feidhmíochta san AE do Mhatamaitic ag rang a ceathair sa bhunscoil agus ag an dara bliain san iar-bhunscoil araon.
• Tá an fheidhmíocht san Eolaíocht i rang a ceathair agus sa dara bliain i bhfad níos airde ná lárphointe TIMSS
• Lean feidhmíocht dhaltaí na hÉireann sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht go seasmhach agus go láidir le ceithre bliana anuas
• D’éirigh chomh maith céanna le buachaillí agus cailíní i rang a ceathair agus sa dara bliain sna trialacha Matamaitice agus Eolaíochta
Inniu (Dé Máirt 8 Nollaig 2020), d’fháiltigh an tAire Oideachais Norma Foley TD roimh thorthaí TIMSS 2019 (Treochtaí i Staidéar Idirnáisiúnta Matamaitice agus Eolaíochta) a léiríonn go bhfuil daltaí bunscoile na hÉireann agus daltaí dara bliana na hiar-bhunscoile ag feidhmiú ag leibhéal i bhfad níos airde sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht ná meán na ndaltaí i ngach tír a dhéanann na trialacha TIMSS.
Tarlaíonn TIMSS gach ceithre bliana agus tá sé mar aidhm aige a thomhas cé chomh maith agus atá daltaí rang a ceathair agus daltaí na dara bliana ag feidhmiú sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht.
Áirítear iad seo mar chuid de phríomhthorthaí mheasúnuithe 2019:
- Leanann feidhmíocht dhaltaí na hÉireann sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht go seasmhach agus go láidir
- Bhí an ghnóthachtáil ag daltaí bunscoile agus iar-bhunscoile in Éirinn i bhfad níos airde ná an meán sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht araon.
- Tá Éire an tír is fearr feidhmíochta san AE is fearr feidhmíochta sa Mhatamaitic ag rang a ceathair sa bhunscoil agus ag an dara bliain san iar-bhunscoil araon.
- Nil aon difríochtaí suntasacha inscne, ó thaobh feidhmíochta sa Mhatamaitic ná san Eolaíochta, ag ceachtar den dá leibhéal.
Dúirt an tAire Foley:
“Lean feidhmíocht láidir na hÉireann sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht ar fud thimthriallta TIMSS le daltaí na hÉireann rangaithe arís i measc na dtíortha Eorpacha is fearr feidhmíochta ag rang a ceathair sa bhunscoil agus ag an dara bliain san iar-bhunscoil. Go háirithe, is í Éire an tír is fearr feidhmíochta san AE is fearr feidhmíochta sa Mhatamaitic ag rang a ceathair agus ag an dara bliain araon.
“Léiríonn an ardfheidhmíocht seo tiomantas agus obair chrua phobail ár scoileanna ach freisin na hiarrachtaí suntasacha a cuireadh sa Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta, in athbhreithniú agus athfhorbairt curaclaim, sa Ráiteas Polasaí Oideachais STEM agus sa Straitéis Dhigiteach do Scoileanna.
“Is ábhar spéise freisin nach bhfuil aon difríochtaí suntasacha inscne ann don Mhatamaitic ná don Eolaíocht, ag ceachtar leibhéal. Is rud an-dearfach é seo i bhfianaise fhócas mo Roinne ar fheabhsuithe maidir le cothromaíocht inscne i STEM.”
Léiríonn na torthaí atá á bhfoilsiú inniu gur fheidhmigh daltaí íseal-ghnóthachtála i bhfad níos fearr ná meán na ndaltaí i ngach tír a rinne trialacha TIMSS san Eolaíocht agus sa Mhatamaitic ar an dá leibhéal agus léiríonn na torthaí cothromas ó thaobh feidhmíocht scoileanna i gcoitinne.
Mar sin féin, in ainneoin na hardfheidhmíochta sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht i rang a ceathair agus sa dara bliain, is léir go bhfuil feabhsú de dhíth i réimsí áirithe. Tugann na torthaí le tuiscint go bhfuil na daltaí is airde feidhmíochta in Éirinn sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht ag tearcfheidhmíocht, i gcomparáid lena bpiaraí i dtíortha a bhfuil feidhmíocht chomhchosúil acu ar an iomlán.
Dúirt an tAire Foley
“Léiríonn na torthaí réimsí a gcaithfimid díriú orthu. Mar shampla, caithfimid feidhmíocht daltaí ardghnóthachtála a mhéadú. Tá gá le tréaniarrachtaí chun feidhmíocht daltaí ardghnóthachtála sa dá ábhar a fheabhsú ag an dá leibhéal scoile. Tá sé seo de réir an tiomantais sa Chlár Rialtais straitéis a chur i bhfeidhm chun tacú le daltaí tréitheacha agus tallannacha ag leibhéil na bunscoile agus na hiar-bhunscoile araon.”
Dúirt an tAire freisin
“Caithfimid forbairt ghairmiúil leanúnach ar ardchaighdeán a sholáthar do mhúinteoirí ina gclúdófar fócas ar leith ar dhaltaí ‘ardghnóthachtála’ a shíneadh, acmhainní tiomnaithe, agus scileanna sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht, lena n-áirítear scileanna foghlama digití, a chur chun cinn.
“Maidir le forbairtí na Sraithe Sóisearaí, táimid fós ag luathchéim a cur i bhfeidhm. Tógfaidh sé am chun tionchar a bheith ag na cuir chuige nua agus an bhéim ar scileanna trasnaí, smaointeoireacht chriticiúil agus foghlaim fiosrú-bhunaithe ar fheidhmíocht na ndaltaí. Is ábhar spéise, áfach, láidreachtaí coibhneasta réimsí nua an churaclam a thabhairt faoi deara mar threocht san Eolaíocht agus sa Mhatamaitic.
“Tá an Rialtas tiomanta oideachas STEM a sholáthar dár bhfoghlaimeoirí ina gcothaítear cumais foghlama trí fhiosrúcháin, smaointeoireacht chriticiúil agus fadhbréitigh. Cuirfear san áireamh torthaí TIMMS 2019 nuair a bhíonn gníomhaíochtaí á mbreithniú sa chéad Phlean Feidhme Oideachas STEM eile.
“Táim díreach tar éis infheistíocht eile €50m breise a fhógairt do TFC inár scoileanna. Fágann sé sin go bhfuil móriomlán €210m infheistithe ó 2017 i leith. Tá sé ríthábhachtach, anois thar aon am eile riamh, go mbíonn ár bhfoghlaimeoirí níos oilte ar fad ar theicneolaíochtaí a úsáid don oideachas.”
Tuilleadh eolais:
Tá físeán ón seoladh agus cáipéisíocht tacaíochta ar fáil ar https://www.education.ie/en/The-Education-System/International/timss.html
Is féidir an tuarascáil náisiúnta ar TIMSS in Éirinn a rochtain ag www.erc.ie.
Is féidir an tuarascáil idirnáisiúnta ar TIMSS a rochtain ag https://timssandpirls.bc.edu/
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
• Aidan Clerkin 01 8065 218 aidan.clerkin@erc.ie
• Rachel Perkins 01 8065 216 rachel.perkins@erc.ie
• timss2019@erc.ie
CRÍOCH
Aguisín A
Cúlra TIMSS 2019
Déanann an Cumann Idirnáisiúnta um Mheastóireacht ar Ghnóthachtáil Oideachais (IEA) maoirseacht ar TIMSS. Comhordaíonn an Lárionad Staidéir Idirnáisiúnta i Boston College (SAM) an staidéar go hidirnáisiúnta, le tacaíocht don sampláil ó Statistics Canada (Ceanada) agus ón IEA-Hamburg (an Ghearmáin), tacaíocht oibríochtúil agus rialú cáilíochta ón IEA-Amstardam (an Ísiltír), agus tacaíocht do phróiseáil sonraí agus bogearraí ón IEA-Hamburg. Roghnaíonn gach tír rannpháirteach lárionad náisiúnta agus comhordaitheoir taighde náisiúnta le bheith freagrach as TIMSS a chur i bhfeidhm go háitiúil. In Éirinn, is é an Foras Taighde ar Oideachais (FTO) a rinne an ról seo a chomhlíonadh thar ceann na Roinne Oideachais (RO).
In 2019, ghlac foriomlán 672,000 dalta as 64 tír mar aon le 8 rannpháirtí tagarmharcála páirt i TIMSS. Ghlac 384,000 dalta as 58 tír agus 6 rannpháirtí tagarmharcála páirt sa cheathrú grád/rang agus ghlac 288,000 dalta as 39 tír agus 7 rannpháirtí tagarmharcála páirt ag an dara bliain/ grád a hocht. Ghlac tríocha trí tír, Éire san áireamh, páirt ag na leibhéil bunscoile agus iar-bhunscoile araon.
In earrach 2019, ghlac 4582 dalta rang a ceathair (thart ar 10 mbliana d’aois) ó 150 bunscoil agus 4118 dalta dara bliain (thart ar 14 bliana d’aois) ó 149 iar-bhunscoil, páirt in TIMSS agus rinne siad trialacha Matamaitice agus Eolaíochta.
Iarradh ar dhaltaí freisin ceistneoir a líonadh isteach inar iarradh orthu faoina gcúlra baile mar aon lena dtaithí ar scoil agus a ndearcthaí i leith foghlaim na matamaitice agus na heolaíochta.
Iarradh ar mhúinteoirí na ndaltaí ceistneoirí a chomhlánú faoi cheachtanna matamaitice agus eolaíochta na ndaltaí, agus iarradh ar phríomhoidí gach scoil a bhí ag glacadh páirte faoi thimpeallacht agus acmhainní na scoile.
Ag Rang a Ceathair, iarradh ar thuismitheoirí na ndaltaí rannpháirteacha ceistneoir a chomhlánú inar cuireadh ceisteanna orthu faoi thimpeallacht an bhaile agus ina raibh ceisteanna faoi obair bhaile, gníomhaíochtaí luathfhoghlama agus dearcthaí tuismitheoirí faoi scolaíochta a linbh.
Is é príomhchuspóir TIMSS ná sonraí ardcháilíochta a bhailiú ar leibhéil ghnóthachtála daltaí i dhá phríomhréimse staidéir - matamaitic agus eolaíocht - ag leibhéil na bunscoile (Ceathrú grád) agus na hiar-bhunscoile (Ochtú grád) araon. Tá roinnt aidhmeanna breise ag tacú leis an gcuspóir seo, lena n-áirítear (a) treochtaí agus athruithe a mhonatóireacht go hiontaofa thar thréimhse ama; (b) leibhéil ghnóthachtála a mheas i measc daltaí íseal-fheidhmíochta agus ardfheidhmíochta araon; (c) eolas comhthéacsúil a bhailiú ó dhaltaí, tuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí scoile, chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tosca atá bainteach leis an bhfoghlaim; agus (d) eolas a bhailiú ar churaclaim agus ar pholasaithe náisiúnta, a thugann eolas áitiúil ar an gcomhthéacs inar féidir léirmhíniú a thabhairt ar ghnóthachtáil daltaí i ngach dlínse.
Tarlaíonn na measúnuithe gach ceithre bliana. Tharla TIMSS den chéad uair i 1995, agus ba é 2019 an seachtú timthriall. Ghlac Éire páirt i 1995 ach níor ghlac sí páirt i 1999, 2003 ná 2007. Mar chuid de Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta an Rialtais 2011-2020, rinneadh cinneadh páirt a ghlacadh athuair i TIMSS. Ghlac Éire páirt in 2011 (ag leibhéal rang a ceathair na bunscoile amháin), agus in 2015 (ag an dá leibhéal - rang a ceathair i mbunscoileanna agus an dara bliain in iar-bhunscoileanna).
Tá sé tábhachtach a bheith san airdeall faoi theorainneacha a leithéid de staidéir idirnáisiúnta: ní sholáthraíonn siad ach roghbhlúire ar fheidhmíocht daltaí ar raon teoranta tomhas agus tá siad faoi réir luaineachtaí suntasacha nach léiríonn gnóthachtáil bhunúsach na ndaltaí i gcónaí. Ina theannta sin, is féidir le staidéir dhifriúla eolas sách codarsnach a thuairisciú faoi leibhéil ghnóthachtála agus faoi threochtaí sna hábhair scoile chéanna thar thréimhse ama.