English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Foley roimh obair an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre chun modúl nua um shábháilteacht ar bhóithre a fhorbairt don Idirbhliain

D'fháiltigh an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu roimh ghrúpaí fócais a thionól le múinteoirí agus scoláirí ar mhodúl nua um shábháilteacht ar bhóithre don Idirbhliain, mar chuid de bhearta chun cabhrú le cultúr sábháilteachta ar bhóithre a fheabhsú i measc daoine óga.

Thug an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre an t-eolas is déanaí don Aire Foley faoina chuid oibre chun inrochtaineacht a chláir oideachais do scoileanna a fheabhsú. Tá fáilte curtha ag an Aire roimhe seo agus tá sé aitheanta go sonrach aici go bhféadfadh modúl nua Idirbhliana aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht ar bhóithre mar chéim láithreach.

Cuireann staitisticí Básanna agus Gortuithe Tromchúiseacha 2023 i measc leanaí, déagóirí agus daoine fásta óga pictiúr gruama os ár gcomhair. In 2023, bhí:

  • 12 bhás i measc leanaí idir 0 agus 15 bliana d'aois agus 113 gortú tromchúiseach san aoisghrúpa céanna; agus
  • Bhásaigh 48 duine idir 16 agus 25 bliain d'aois agus gortaíodh 299 duine eile sa chohórt seo.

Dúirt an tAire Foley:

"Ar an drochuair, chonaic pobail scoile iad féin na hiarmhairtí uafásacha a bhaineann le tuairteanna bóthair. Chabhraigh siad lena gcuid scoláirí dul i ngleic le bás a gcomhscoláirí ar na bóithre, le cabhair ó shíceolaithe de chuid SNSO. Tá a fhios agam go bhfuil muid ar fad aontaithe agus muid ag iarraidh ár gcion féin a dhéanamh chun líon na mbásanna ar na bóithre agus an léirscrios a dhéantar ar na teaghlaigh a fágadh ina ndiaidh a laghdú.

"Nuair a bhuail mé leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre le déanaí, thug mé mar dhúshlán dóibh clár nua Idirbhliana a fhorbairt mar chéad chéim láithreach a d'fhéadfaí a ghlacadh chun cabhrú leis an gcultúr sábháilteachta ar bhóithre a athrú i measc ár ndaoine óga. Tugann an Idirbhliain deis uathúil chun daltaí a chumasú leis an eolas agus na scileanna saoil a theastaíonn uathu, agus tuiscint a thabhairt dóibh ar na rioscaí a bhaineann le húsáid na mbóithre. Ós rud é go bhfuil céatadán na scoláirí atá ag déanamh na hIdirbhliana méadaithe go dtí os cionn 80 faoin gcéad, tá deis iontach ann iad a ullmhú le linn tréimhse atá thar a bheith múnlaitheach ina saol.

"Tá áthas orm inniu fáilte a chur roimh thionól na ngrúpaí fócais a rachaidh i dteagmháil go díreach le scoláirí agus múinteoirí chun tús a chur leis an obair ar mhodúl dá leithéid a fhorbairt agus tá mo Roinn ag súil go mór le bheith ag obair leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) sna míonna amach romhainn chun tacú le feidhmiú an mhodúil sin."

Dúirt an tAire atá freagrach as sábháilteacht ar bhóithre, Jack Chambers:

"Is forbairt thábhachtach í seo a gcuirfear fáilte roimpi agus a cheadóidh oideachas feabhsaithe agus nuashonraithe um shábháilteacht ar bhóithre a chur ar fáil do scoláirí atá ar tí tabhairt faoina dturas oideachais tiomána. Chomh maith le hidirghabháil bheartais, forfheidhmiú agus feasacht, is gné riachtanach é an t-oideachas chun bóithre níos sábháilte a chinntiú.

"Tar éis blianta fada ag laghdú básanna ar bhóithre, is údar mór imní an treocht atá feicthe againn a bhfuil gach duine sa Rialtas - chomh maith le gníomhaireachtaí comhpháirtíochta - meáite ar dhul i ngleic léi arís le líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha a tharlaíonn ar na bóithre a laghdú.

"Tá an clár nua Idirbhliana seo ar cheann de roinnt beart tábhachtach atá ar siúl sa réimse seo agus cuirfidh sé le tionscnaimh eile sábháilteachta ar bhóithre lena n-áirítear an obair leanúnach chun an curaclam tástála tiománaithe a nuachóiriú chomh maith le mórfhóram páirtithe leasmhara na hóige atá á óstáil agam níos déanaí sa mhí leis an RSA. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don ról atá ag an Aire Foley sa tionscnamh seo chomh maith leis an RSA agus táim ag tnúth leis an gcomhairliúchán agus leis an rannpháirtíocht le scoláirí agus múinteoirí na hidirbhliana ag tosú sa tréimhse amach romhainn."

Dúirt Príomhfheidhmeannach RSA, Sam Wade:

"Tá ríméad orainn tacaíocht an Aire a fháil, chomh maith le tacaíocht an Aire Chambers chun an clár nua seo a fhorbairt, ar féidir leis tacú le gach soláthraí oideachais um shábháilteacht ar bhóithre chuig an aoisghrúpa seo. Le cúpla lá anuas, táimid tar éis teacht ar chomhaontú le hoideachasóir a bhfuil taithí aige chun an obair atá le teacht a stiúradh agus beimid ag obair go dian chun an clár nua a ullmhú do mhí Mheán Fómhair. Tá a fhios againn ó thaighde gur féidir a rá gurb é an bealach is éifeachtaí leis an daonra ar fad a chumasú, le himeacht ama, chun na bóithre a úsáid go sábháilte ná oideachas um shábháilteacht ar bhóithre ar ardchaighdeán a chur ar fáil."