Fáiltíonn an tAire Foley roimh thacaíocht ó mhóroibreoirí fón póca le haghaidh comhaontuithe deonacha chun an óige a choinneáil saor ó fhóin chliste
- Foilsithe: 22 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Oideachais Norma Foley roimh chinneadh phríomhoibritheoirí fón póca na tíre tacú lena plean do chomhaontuithe deonacha chun an óige a choinneáil saor ó fhóin chliste.
Tá sé deimhnithe ag Vodafone, Three, eir, Tesco Mobile, Virgin Media agus An Post Mobile go dtacaíonn siad leis an treoir 'An Óige a Choinneáil Saor ó Fhóin Chliste’ do chumainn tuismitheoirí agus do thuismitheoirí leanaí in aois bhunscoile.
Cuireann na treoirlínte seo comhairle ar fáil maidir le comhaontuithe deonacha a bhunú idir tuismitheoirí ionas nach gceannóidh siad fóin chliste dá bpáistí agus iad sa bhunscoil.
Dúirt an tAire Foley:
"Ag an gcruinniú mullaigh a bhí agam leis na meáin shóisialta le déanaí, d'iarr mé ar na comhlachtaí ar tugadh cuireadh dóibh ceannaireacht a léiriú maidir lenár leanaí a chosaint ar líne. Thug siad gealltanas dom go ndéanfaidís machnamh air sin agus tá lúcháir orm go bhfuil sé oibreoir fón póca tar éis a dtacaíocht do na comhaontuithe deonacha a dheimhniú anois."
Is ionann na hoibreoirí seo agus níos mó ná 95 faoin gcéad de mhargadh fón póca na hÉireann.
Ghlac cumainn tuismitheoirí agus tuismitheoirí go láidir leis na comhaontuithe deonacha, le samplaí i gcontaetha amhail Contae an Chláir, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus Port Láirge.
Dúirt an tAire Foley:
"Creidim go nglacfar le níos mó comhaontuithe deonacha fós chun 'An Óige a Choinneáil Saor ó Fhóin Chliste' mar thoradh ar an tacaíocht láidir ó na móroibritheoirí fón póca sin don pholasaí seo."
Rinne cumainn tuismitheoirí suirbhéanna scoile, chuir siad taighde ar fáil agus reáchtáil siad cruinnithe poiblí. Tá póstaeir curtha in airde ag scoileanna ar thailte na scoile le manaí ar nós 'Cód deonach maidir le bheith saor ó fhóin chliste'.
Is é príomhchuspóir na gcomhaontuithe deonacha seo ná an brú piaraí ar dhaltaí agus ar thuismitheoirí a laghdú maidir le fóin chliste agus aipeanna meán sóisialta a cheannach nó a úsáid agus iad sa bhunscoil.
Dúirt an tAire Foley:
"Is mór an spreagadh dom an fhreagairt dhearfach ó thuismitheoirí agus ó chumainn tuismitheoirí agus ba mhaith liom iad a mholadh as an obair ar fad atá curtha isteach acu. Is eol dúinn gur féidir le húsáid fón cliste leanaí a nochtadh do rioscaí amhail cibearbhulaíocht, ábhar díobhálach agus grúmaeireacht ar líne. Baineann sé le moill a chur ar fhón cliste a cheannach, ach gan é a dhiúltú go deo, go dtí go mbeidh ár ndaoine óga ábalta déileáil leis na rioscaí seo ar bhealach níos fearr."