English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire McEntee roimh Chlár nua Dochtúireachta Gairmiúla sa tSíceolaíocht Oideachais arna fhorbairt ag Ollscoil Mhá Nuad

Tá fáilte curtha ag an Aire Oideachais Helen McEntee roimh an bhfógra go bhfuil Ollscoil Mhá Nuad chun clár nua Dochtúireachta Gairmiúla trí bliana sa tSíceolaíocht Oideachais a thairiscint ó mhí Mheán Fómhair 2025, chun tacú le méadú suntasach ar líon na síceolaithe oideachais cáilithe atá ar fáil don tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO).

Is céim shuntasach chun cinn é an clár, a mbeidh tacaíocht á fáil aige ón Roinn Oideachais trí scéim sparánachta, socrúcháin mhaoirsithe agus ionchur teagaisc, i dtaca le gealltanas an Rialtais líon na n-áiteanna do shíceolaithe oideachais i gcoláistí a dhúbailt mar a leagtar amach i gClár an Rialtais 2025.

Cabhróidh an méadú ar an soláthar síceolaithe oideachais atá ar fáil do SNSO le soláthar leanúnach seirbhíse síceolaíochta oideachais ar ardchaighdeán a chinntiú do leanaí, do dhaoine óga agus do mhúinteoirí ina bpobail scoile ar fud na hÉireann.

Dúirt an tAire Oideachais Helen McEntee:

“Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbraithfeadh gach leanbh agus duine óg go bhfuil siad sábháilte agus go bhfuiltear ag tacú leo le bheith rathúil le linn a gcuid ama inár scoileanna. Tá ról fíorthábhachtach ag síceolaithe SNSO maidir le tacú lenár bpobail scoile, go minic sna huaireanta is deacra atá acu.

“Mar Aire, tá sé ríthábhachtach domsa go gcomhlíonfaimid na gealltanas a tugadh i gClár an Rialtais líon na n-áiteanna do shíceolaithe oideachais i gcoláistí a dhúbailt lena chinntiú go mbeidh soláthar fairsing de shíceolaithe cáilithe againn chun acmhainní a chur ar fáil dár bhfoirne SNSO. Mar sin, tá an-áthas orm a fhógairt, ó mhí Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh, go mbeidh an clár nua dochtúireachta gairmiúla trí bliana seo á thairiscint ag Ollscoil Mhá Nuad.

“Tréaslaím le hOllscoil Mhá Nuad as an gclár a bhunú agus táim ag tnúth le comhpháirtíocht láidir leo.”

Dúirt an tOllamh Eeva Leinonen, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, gur chuir sí fáilte roimh an deis atá ag Má Nuad cur le forbairt ghairm na síceolaíochta oideachais.

“Tháinig ár Ranna Oideachais agus Síceolaíochta, agus an Institiúid um Maireachtáil agus Foghlaim Chuidithe (ALL) le chéile chun Dochtúireacht Ghairmiúil nua agus dhinimiciúil sa tSíceolaíocht Oideachais a thairiscint, le tacaíocht ón Roinn Oideachais/ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais. Ag leanúint leis an traidisiún bródúil atá ag Má Nuad maidir le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, beidh an ghné sin mar théama lárnach sa dochtúireacht, mar aon le béim ar leith ar sheirbhísí atá bunaithe ar thráma, úsáid teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh measúnú forbartha, measúnú meabhairshláinte agus measúnú dinimiciúil. Táim muiníneach go soláthróidh an clár seo ní hamháin cleachtóirí den scoth, ach freisin taighde den scoth agus rannchuidiú suntasach le beartas, laistigh d’Éirinn agus go hidirnáisiúnta.”


Nótaí d’Eagarthóirí

Tá an clár á reáchtáil ag Scoil an Oideachais i gcomhar le Roinn na Síceolaíochta in Ollscoil Mhá Nuad agus tacóidh SNSO le socrúcháin oiliúna i suíomhanna éagsúla lena n-áirítear ranganna/scoileanna príomhshrutha agus speisialta, suíomhanna oideachais malartacha mar Thionscadail Chomhchaidrimh don Aos Óg, tionscadail mar Thionscnamh Lár na Cathrach Thoir Thuaidh agus an clár píolótach Comhairleoireacht i mBunscoileanna agus foirne teiripe scoilbhunaithe de réir mar a thagann siad chun cinn.

Ar aon dul leis na cláir reatha sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) agus i gColáiste Mhuire gan Smál (CMgS) Luimneach, is cúrsa oiliúna gairmiúla iarchéime trí bliana a bheidh sa chúrsa.

Faoi láthair ,tá dhá choláiste in Éirinn a thairgeann Clár Dochtúireachta i Síceolaíocht Oideachais – An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) agus Coláiste Mhuire gan Smál (CMgS) Luimneach. Tá céimithe Síceolaí Oideachais ó COBÁC agus CMgS i dteideal fostaíochta laistigh de Sheirbhísí uile FSS do leanaí agus d’ógánaigh in Éirinn (Míchumas, Cúram Príomhúil agus CAMHS).

Ó mhí Eanáir 2023 i leith, tá tacaíocht tugtha ag CNOS do sparánachtaí do Shíceolaithe Oideachais faoi Oiliúint atá cláraithe i nDochtúireacht Ghairmiúil an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sa tSíceolaíocht Oideachais agus le Dochtúireacht Ghairmiúil i Síceolaíocht Oideachais agus Leanaí Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Leathnófar scéim sparánachtaí reatha na Roinne chun Síceolaithe Oideachais faoi Oiliúint a chur san áireamh ar chlár dochtúireachta Mhá Nuad.

Geallann siad siúd a fhaigheann sparánacht go rachaidh siad ag obair le SNSO nuair a bheidh an chéim bainte amach acu. Tá breis agus 60 Síceolaí Oideachais faoi Oiliúint ag fáil sparánachta agus táthar ag súil go rachaidh siad le SNSO nuair a bheidh an chéim bainte amach acu, agus bronnadh 14 sparánacht bhreise i mí Mheán Fómhair 2024, rud a chiallaíonn go bhfuil 74 san iomlán ann anois.

Ina theannta sin, tá feachtas earcaíochta do Shíceolaithe Oideachais beartaithe don bhliain seo agus glacfaidh iarrthóirí rathúla ón gcomórtas sin poist le SNSO.

Lorgófar creidiúnú ón údarás creidiúnaithe cuí don chúrsa seo a chuirfidh ar chumas na gcéimithe a bheith incháilithe d’fhostaíocht mar shíceolaithe oideachais.