English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Oideachais roimh fhoilsiú athbhreithniú ECFE ar ' Sholáthar Acmhainní do Scoileanna chun Aghaidh a Thabhairt ar Mhíbhuntáiste Oideachais in Éirinn'

Chuir an tAire Oideachais Norma Foley TD fáilte inniu (18 Iúil) roimh fhoilsiú thionscadal Oideachais ECFE do Shochaithe Cuimsitheacha ar an 'Athbhreithniú ar Sholáthar Acmhainní do Scoileanna chun Aghaidh a Thabhairt ar Mhíbhuntáiste Oideachais in Éirinn'.

Is é an clár Comhionannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna (DEIS) príomhbheartas na Roinne Oideachais chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an mhíbhuntáiste oideachais ag leibhéal na scoile.

Tá thart ar 260,000 leanbh agus duine óg nó duine as gach ceathrar de na scoláirí ar fad ag fáil tacaíochta tríd an gclár i 1,196 scoil ar fud na tíre.

Tugann an t-athbhreithniú tuairim neamhspleách, shaineolaíoch ar an gcur chuige reatha maidir le hacmhainní a sholáthar do scoileanna chun tacú le leanaí agus daoine óga atá i mbaol míbhuntáiste oideachais. Beidh an t-athbhreithniú mar bhonn eolais do bheartas amach anseo chun tógáil ar ár gcur chuige maidir le hacmhainní a sholáthar do scoileanna chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an mhíbhuntáiste oideachais ar leanaí agus ar dhaoine óga atá ag freastal ar gach scoil, idir DEIS agus neamh-DEIS.

Luaitear sa tuarascáil a foilsíodh inniu go bhfuil córas oideachais ag Éirinn atá chun tosaigh go seasta ar mhórán tíortha eile de chuid ECFE ach a léiríonn cothroime shocheacnamaíoch choibhneasta freisin, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na córais is láidre ar fud an domhain. Aithníonn sé freisin tionchar dearfach na n-acmhainní a chuirtear ar fáil go huilíoch do gach scoil chomh maith leis na hacmhainní breise a chuirtear ar fáil do scoileanna sa chlár DEIS chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais.

Tugtar chun suntais san athbhreithniú freisin, in ainneoin feabhsuithe leanúnacha le deich mbliana anuas, go bhfuil difríochtaí suntasacha fós sna torthaí idir scoileanna DEIS agus scoileanna neamh-DEIS agus i gcás leanaí agus daoine óga ó chúlraí socheacnamaíocha níos ísle, chomh maith leis an Lucht Siúil agus na Romaigh.

Leagtar amach san athbhreithniú seo roinnt moltaí maidir le beartas amach anseo, chun na bearnaí sin a líonadh, cothromas a fheabhsú agus a chinntiú go dtacaítear le gach leanbh agus duine óg atá i mbaol míbhuntáiste oideachais chun barr a gcumais a bhaint amach san oideachas.

Dúirt an tAire Foley:

"Cuirim fáilte roimh an athbhreithniú seo ó ECFE ar na hacmhainní chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais inár scoileanna. Le roinnt blianta anuas, mar rialtas, tá tosaíocht ar leith tugtha againn do chomhionannas deiseanna agus rochtain san oideachas do leanaí agus do dhaoine óga ó gach cúlra.

"Táimid tar éis ár gclár DEIS a leathnú agus baineann leanbh amháin as gach ceathrar tairbhe as tacaíochtaí DEIS anois. Chuir an Rialtas seo freisin le rath an chláir DEIS trí thacaíochtaí uilíocha a fheabhsú do scoileanna, amhail scéim na leabhar scoile saor in aisce sa bhunscoil agus sa tSraith Shóisearach agus scéim na mbéilí te, a mbíonn tionchar dearfach acu ar fhreastal ar riachtanais bhunúsacha leanaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais ar fud an chórais.

"Tá a fhios agam, áfach, go bhfuil mórán scoláirí ann nach bhfuil ag freastal ar scoileanna DEIS agus atá i mbaol míbhuntáiste oideachais freisin. Cabhróidh an tuarascáil seo ó ECFE linn acmhainní a chur ar fáil ar bhealach spriocdhírithe do gach scoláire atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann ó thionscadal Oideachais ECFE do Shochaithe Cuimsitheacha as an obair ar fad a rinne siad chun an t-athbhreithniú seo a chur i gcrích agus an tuarascáil seo a fhorbairt. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le gach duine a chuaigh i dteagmháil le foireann athbhreithnithe ECFE, go háirithe pobail na sé scoil ar tugadh cuairt orthu. Tharraing an fhoireann, na leanaí, na daoine óga agus na tuismitheoirí a thug a gcuid ama agus a roinn a dtaithí, aird ar thiomantas ár scoileanna deireadh a chur le bacainní ar oideachas agus cothromas deiseanna a chur ar fáil do chách.

"Sna míonna seo amach romhainn, oibreoidh mo Roinn le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile, leis na comhpháirtithe oideachais, agus le páirtithe leasmhara ar fud earnáil an oideachais chun na moltaí atá leagtha amach sa tuarascáil seo a fhorbairt ina ngníomhartha follasacha a bhféadfadh tionchar dearfach a bheith acu ar thorthaí leanaí agus daoine óga atá i mbaol míbhuntáiste oideachais amach anseo. Breathnóimid freisin ar an bhféidearthacht a bhaineann le gníomhartha níos práinní a chur i bhfeidhm don scoilbhliain seo amach romhainn."

Rinne an Roinn Oideachais agus Saotharlann Foghlama an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hInfheistiú in Oideachas agus in Oiliúint Ardchaighdeáin cómhaoiniú ar an Athbhreithniú ar Acmhainní a Sholáthar do Scoileanna chun Aghaidh a Thabhairt ar Mhíbhuntáiste Oideachais in Éirinn' a chómhaoiniú agus tá sé ar fáil anseo. Tá an t-athbhreithniú ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin ECFE: OECD Review of Resourcing Schools to Address Educational Disadvantage in Ireland

Nótaí don Eagarthóir:

Forbhreathnú ar Athbhreithniú ECFE ar Acmhainní a Sholáthar do Scoileanna chun Aghaidh a Thabhairt ar Mhíbhuntáiste Oideachais in Éirinn

Leagtar amach i nGníomh 4 de Phlean DEIS 2017 samhail níos saincheaptha agus níos grádaithe de leithdháileadh acmhainní ar scoileanna sa chlár DEIS. Nuair a chuirtear déimeagrafaic na scoileanna san áireamh, agus an déimeagrafaic sin ag athrú, leathnaíodh é seo chun breithniú a dhéanamh ar leithdháileadh acmhainní do gach scoil chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais.

Chun bonn eolais a chur faoi chur i bhfeidhm an ghnímh seo, i mí Iúil 2023, d'fhógair an tAire Foley gur tugadh cuireadh do thionscadal Oideachais ECFE do Shochaithe Cuimsitheacha athbhreithniú a dhéanamh ar chur chuige leithdháilte acmhainní na hÉireann chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais ag leibhéal na scoile.

Ní athbhreithniú ar chlár foriomlán DEIS é an t-athbhreithniú. Cuirfidh torthaí agus moltaí an athbhreithnithe bonn eolais faoi fhorbairt beartais amach anseo ar shamhail leithdháilte acmhainní DEIS agus ar bheartais acmhainní scoile atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachais i ngach scoil. Áireofar sa bheartas a thiocfaidh as sin gníomhartha atá dírithe ar mheastóireacht bhreise ar thionchar chlár DEIS chun an Roinn a chur ar an eolas faoi fhorbairt leanúnach an chláir chun freastal ar riachtanais leanaí agus daoine óga.

Cuid thábhachtach d'obair athbhreithnithe na tíre ar an tionscadal Oideachais do Shochaithe Cuimsitheacha is ea faisnéis a bhailiú faoi chur chuige, beartais agus cleachtais tíre a thugann aghaidh ar an éagsúlacht agus a chothaíonn cothromas agus cuimsiú, agus fianaise ar a dtionchar. Agus na cuspóirí sin á gcur san áireamh, bhí faisnéis ag teastáil ó fhoireann athbhreithnithe ECFE maidir le cur chuige na hÉireann i leith cothromais agus cuimsithe trí Thuarascáil Chúlra Tíre (CBR) ón Roinn Oideachais a ullmhú, chun cur ar chumas na hÉireann a cur chuige a leagan síos i gcomhthéacs. Cuireann an CBR faisnéis ar fáil maidir le beartais agus cleachtais a chuireann cothromas agus cuimsiú chun cinn sa chóras oideachais chun an anailís atá le forbairt laistigh de thionscadal ECFE a éascú.

Cuireann an CBR léargas chuimsitheach ar fáil freisin ar thimpeallacht náisiúnta oideachais agus bheartais níos leithne na hÉireann ó na luathbhlianta go dtí an iar-bhunscoil, rud a chinntíonn go bhfeidhmíonn sé mar thagairt iontaofa ar féidir le ECFE í a lua go cruinn. Tá an CBR ar fáil anseo.

Ó shamhradh 2023 i leith, chuaigh foireann athbhreithnithe ECFE i dteagmháil le réimse páirtithe leasmhara ábhartha chun bonn eolais a chur faoin athbhreithniú. Rinne an fhoireann athbhreithnithe agallaimh ar líne le réimse páirtithe leasmhara lena n-áirítear comhlachtaí ionadaíocha do phríomhoidí agus leas-phríomhoidí, múinteoirí agus boird bhainistíochta, ionadaithe ó earnáil an phobail agus ón earnáil dheonach agus taighdeoirí a bhfuil suim acu i míbhuntáiste oideachais. Thug foireann athbhreithnithe ECFE cuairt ar Éirinn freisin agus rinne siad babhta rannpháirtíochta pearsanta. Bhuail an fhoireann athbhreithnithe le hoifigigh ó gach cearn den Roinn Oideachais agus le roinnt ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile. Thug an grúpa cuairt freisin ar roinnt scoileanna DEIS agus scoileanna nach scoileanna DEIS iad le linn a gcuairte agus chuaigh siad i gcomhairle le foireann na scoile, tuismitheoirí agus leanaí.

Tá sé mar aidhm ag an tuarascáil léargas agus treoir a chur ar fáil don Roinn Oideachais agus do ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile chun bacainní ar oideachas a laghdú do leanaí agus do dhaoine óga atá i mbaol míbhuntáiste oideachais. Cabhraíonn sí freisin le tíortha eile tuiscint a fháil ar chur chuige na hÉireann i leith an oideachais chothromais agus ionchur a chur ar fáil d'anailís chomparáideach ar thionscadal Oideachas ECFE do Shochaithe Cuimsitheacha. Clúdaíonn raon feidhme na hanailíse sa tuarascáil seo oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile. Dhírigh foireann athbhreithnithe ECFE an t-athbhreithniú in Éirinn ar na réimsí seo a leanas: i) rialachas, ii) soláthar acmhainní; iii) acmhainn a fhorbairt; iv) idirghabhálacha ar leibhéal na scoile agus v) monatóireacht agus meastóireacht. I measc grúpaí scoláirí, dírítear san athbhreithniú ar leanaí agus ar dhaoine óga atá i mbaol míbhuntáiste oideachais, ar an Lucht Siúil agus ar na Romaigh. Rinneadh an anailís athbhreithnithe go príomha le linn 2023, mar sin léiríonn na sonraí oideachais is déanaí a úsáideadh sa tuarascáil seo an staid le linn scoilbhliain 2022/23, cé go bhfuil roinnt sonraí a chuirtear i láthair níos sine.

Tionscadal Oideachais ECFE do Shochaithe Cuimsitheacha

Ceapadh Tionscadal Oideachais ECFE do Shochaithe Cuimsitheacha chun freagairt don éagsúlacht a bhaineann le córais oideachais agus an éagsúlacht sin ag méadú agus féachann sé le cabhrú le rialtais agus le páirtithe leasmhara ábhartha chun córais oideachais níos cothroime agus níos cuimsithí a bhaint amach mar cholún chun sochaithe níos cuimsithí a chruthú. I measc na n-athbhreithnithe a rinneadh le déanaí tá Athbhreithniú ar Oideachas Ionchuimsitheach sa Phortaingéil agus athbhreithniú ar an gClár um Cheart chun Foghlama san Fhionlainn. Is féidir tuilleadh eolais faoin tionscadal a fháil ag: OECD Education for Inclusive Societies

Saotharlann Foghlama an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hInfheistiú in Oideachas agus Oiliúint Ardchaighdeáin

Cuireann an tSaotharlann Foghlama úsáid cleachtas meastóireachta ar bheartais oideachais chun cinn san Aontas Eorpach agus aithníonn sí bealaí chun infheistíocht a dhéanamh i mbeartais oideachais. Scáththionscnamh uile-Aontais is ea an tSaotharlann Foghlama a thosaigh ar an 28 Samhain 2022. Cuireann an tionscnamh eolas, uirlisí, modhanna agus acmhainní ar fáil do na húdaráis ábhartha a d'fhéadfaidís a úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar chost-éifeachtúlacht a gcaiteachas poiblí ar oideachas agus oiliúint agus spreagfaidh sé cur chuige fianaise-bhunaithe maidir le ceapadh agus cur chun feidhme beartais san oideachas agus san oiliúint. Tugann sé le chéile an Coimisiún (ina ról tacaíochta) agus na húdaráis ábhartha sna Ballstáit, ar féidir leo páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo ar bhonn deonach. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag: Saotharlann Foghlama an Choimisiúin Eorpaigh