Fógraíonn an tAire Byrne Clár Píolótach nua um Ghníomhaíocht Choirp sa Teagasc agus san Fhoghlaim
- Foilsithe: 22 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá cuireadh á thabhairt inniu ag an Aire Spóirt agus Corpoidechais, Thomas Byrne TD, do scoileanna ar fud na tíre chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suas le €10,000 trí Chlár Píolótach nua um Ghníomhaíocht Choirp sa Teagasc agus san Fhoghlaim.
Tá an Clár Píolótach nua seo deartha chun múinteoirí agus ceannairí scoile a spreagadh, i gcomhar lena scoláirí, chun féachaint ar conas is féidir ábhar a theagasc trí ghníomhaíocht choirp.
Tá maoiniú iomlán de €200,000 tar éis a bheith curtha ar fáil chun tacú le múinteoirí agus le ceannairí scoile leis an ngníomhaíocht choirp a imeascadh leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim.
Tá an Clár Píolótach oscailte do gach scoil, bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus scoileanna speisialta. Tá an próiseas iarratais oscailte ón 22 Feabhra 2024 go dtí an 22 Márta 2024.
Dúirt an tAire Byrne: “Is cúis áthais dom Clár Píolótach nua a lainseáil atá ag díriú ar an nGníomhaíocht Choirp a chur chun cinn sa Teagasc agus san Fhoghlaim. Tá tuiscint againn ar fad maidir leis na buntáistí a bhaineann le gníomhaíocht choirp i dtaca lenár sláinte agus lenár bhfolláine. Sa Chlár Píolótach, aithnítear an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht choirp sa teagasc agus san fhoghlaim agus tugtar aitheantas ann don ról atá ag gníomhaíocht choirp, mar uirlis do scoileanna, chun timpeallacht scoile a sholáthar a thacaíonn folláine na bhfoghlaimeoirí.
“Molaim do gach scoil féachaint ar iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú tríd an tionscnamh nua agus spreagúil seo.”
Tá tuilleadh sonraí maidir leis an gClár Píolótach ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais.
Tá na treoirlínte d’iarratais ar fáil anseo.
Tá an nasc chuig an bhfoirm iarratais ar fáil anseo.
Nótaí don Eagarthóir
Próiseas Iarratais
Ní mór do scoileanna iarratas a dhéanamh ag baint úsáid as Gníomhaíocht Choirp sa Teagasc agus san Fhoghlaim – Foirm Iarratais ar Chlár Píolótach 2024, atá ar líne.
Mar chuid den phróiseas iarratais, ba chóir an méid seo a leanas a chur san áireamh:
• Ba chóir do cheannairí scoile pobal na scoile a chur ar an eolas faoin gclár píolótach agus deiseanna a chur ar fáil chun tobsmaointeoireacht a dhéanamh
• Ba chóir tuismitheoirí a chur ar an eolas agus d’fhéadfaí cuireadh a thabhairt dóibh le smaointe a chur isteach. Ba chóir go mbeadh ról lárnach ag na foghlaimeoirí leis an tionscadal a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm
• Ní mór do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí an t-ábhar/na hábhair c(h)uraclaim nó t(h)raschuraclaim agus an ghníomhaíocht choirp a aithint
• Ba chóir do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí na hacmhainní a aithint atá ag teastáil uathu chun an tionscadal a éascú, agus breac-chuntas a thabhairt ar cé mhéad maoinithe atá ag teastáil uathu agus conas a chaithfear é
• Go bpleanálann múinteoirí rannpháirteacha i gcomhar le chéile chun aonad foghlama an tionscadail a chruthú, chun foghlaim bheartaithe shoiléir, eispéiris foghlama, tascanna measúnaithe agus meicníochtaí tuairiscithe/aiseolais faoin bhfoghlaim a chur san áireamh
• Beidh ar cheannairí scoile múinteoir a cheapadh mar cheannasaí tiomanta an tionscadail chun bainistíocht agus maoirseacht a dhéanamh ar an gclár píolótach laistigh dá scoil
• Ní mór do cheannairí scoile socrú a dhéanamh cén grúpa ranga nó cé hiad na grúpaí ranga a bheidh rannpháirteach sa chlár píolótach
• Moltar do scoileanna atá rannpháirteach sa Chlár Bratach um Scoil Ghníomhach iarratas a dhéanamh freisin
• Ní mór na hiarratas uile a chur isteach ar líne.
Critéir roghnúcháin lena mbreithniú
Bunóidh an Roinn Oideachais painéal chun meastóireacht a dhéanamh ar iarratais.
Déanfar na hiarratais seo a leanas a mheas:
• Iarratais amháin a fhaightear roimh an spriocdháta comhaontaithe le bheith curtha isteach
• Ní ghlacfar ach le hiarratais ar líne
• Déanfar iarratais as aon bhunscoil, iar-bhunscoil nó scoil speisialta laistigh den scéim oideachais saor in aisce a mheas. Ní scoileanna atá lasmuigh den Scéim Oideachais Saor in Aisce i dteideal iarratas a dhéanamh.
Déanfar measúnú ar iarratais i gcoinne na gcritéar seo a leanas:
• An chaoi ina dtabharfar tacaíocht don scoil leis an tionscadal chun gníomhaíocht choirp a imeascadh leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim sa réimse curaclaim nó traschuraclaim roghnaithe (20 marc)
• Na buntáistí a bhfuil an scoil ag súil lena mbaint amach ó bheith rannpháirteach sa Chlár Píolótach agus an chaoi ina dtacóidh na ceannairí sinsearacha sa scoil leis an tionscadal (10 marc)
• An chaoi ina gcinnteoidh na múinteoirí agus na ceannairí scoile go mbeidh ról lárnach ag na foghlaimeoirí leis an tionscadal a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm (10 marc)
• An méid ina ndéanfar athrú cultúrtha fadtéarmach a chothú leis an tionscadal i ngníomhaíocht choirp sa teagasc agus san fhoghlaim ar scoil (10 marc)
Beidh an próiseas roghnúcháin treoraithe freisin ag an méid seo a leanas:
• Leathadh náisiúnta tíreolaíochta
• Áiteanna uirbeacha/faoin tuath
• Nuálaíocht agus cruthaitheacht
• Raon gníomhaíochtaí coirp atá molta mar chuid den phróiseas iarratais
• Raon na gcineálacha scoile (e.g. bunscoil/iar-bhunscoil, uirbeach/tuaithe, mór/beag, CDSIS/scoil nach scoil CDSIS í, scoileanna speisialta/príomhshrutha, scoileanna aonghnéis/comhoideachas, foras pátrúin, etc.)
• Cuimsiú agus éagsúlacht
• Tionchar ar na leibhéil foghlama agus gníomhaíochta coirp