Fógraíonn an tAire Byrne na scoileanna a roghnaíodh faoin gClár Píolótach um Ghníomhaíocht Choirp
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne TD, inniu (17 Meitheamh) na scoileanna a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh i gclár píolótach nua dírithe ar ghníomhaíocht choirp sa teagasc agus san fhoghlaim.
Bronnfar deontas ar 24 scoil ar fud na tíre faoin gclár píolótach nua um ghníomhaíocht choirp chun tacú le múinteoirí agus le ceannairí scoile gníomhaíocht choirp a chomhtháthú sa teagasc agus san fhoghlaim.
I measc na dtionscadal roghnaithe tá: “STEMOLYMPICS – Ag Brostú i dTreo Fionnachtain Sonraí”; “Ár nOidhreacht a Iniúchadh, Podchraoladh Treodóireachta don Stair Áitiúil”; agus “Gleacaíocht a Chur Chun Cinn trí Dhrámaíocht agus Ceol”.
Tarlóidh an clár píolótach le linn na scoilbhliana 2024/2025 agus tá liosta iomlán de na 24 scoil a roghnaíodh ar fáil thíos.
Agus na scoileanna roghnaithe á bhfógairt aige, dúirt an tAire Byrne:
“Léiríonn an raon leathan tionscadal roghnaithe faoin gclár píolótach nua um ghníomhaíocht choirp an iliomad bealaí inar féidir gníomhaíocht choirp a úsáid chun torthaí teagaisc agus foghlama a sholáthar. Léiríonn an líon suntasach iarratas a fuarthas faoi an chlár píolótachmnua freisin an spéis atá ag scoileanna gníomhaíocht choirp a chomhtháthú i dteagasc agus i bhfoghlaim réimse curaclaim nó traschuraclaim. Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le gach scoil a chuir isteach ar an gclár píolótach agus a ghlac am chuige sin. Táim ag tnúth le rolladh amach na 24 tionscadal scoile roghnaithe a fheiceáil a bheidh mar bhonn eolais dár gcuid oibre leanúnach sa réimse seo.”
Nótaí d'Eagarthóirí
Na critéir a úsáidtear chun iarratais a mheas:
• An chaoi ina dtabharfar tacaíocht don scoil leis an tionscadal chun gníomhaíocht choirp a chomhtháthú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim sa réimse curaclaim nó traschuraclaim roghnaithe (20 marc)
• Na buntáistí a bhfuil súil ag an scoil a bhaint as rannpháirtíocht sa Chlár Píolótach agus an chaoi a dtacóidh ceannairí sinsearacha sa scoil leis an tionscadal (10 marc)
• An chaoi ina gcinnteoidh na múinteoirí agus na ceannairí scoile go mbeidh ról lárnach ag na foghlaimeoirí i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm an tionscadail (10 marc)
• A mhéad a chothóidh an tionscadal athrú cultúrtha fadtéarmach i ngníomhaíocht choirp sa teagasc agus san fhoghlaim sa scoil (10 marc)
Rinneadh gach iarratas a fuarthas a léamh agus a mheas i gcoinne na gcritéar sonraithe mar atá leagtha amach thuas.