English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley 78 scoil bhreise a bheidh ag glacadh páirt i dtionscnamh an Chiste Sármhaitheasa Scoileanna – Braislí Chruthaitheacha

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu go gcruthófar 21 Braisle Chruthaitheach nua 2022 ina gcuimseofar 78 scoil. Tionscnamh is Braislí Cruthaitheacha a bheidh ar siúl mar chuid d’Éire Chruthaitheach agus faoin gCiste Sármhaitheasa Scoileanna. Is é €595,000 buiséad na Roinne Oideachais do Bhraislí Cruthaitheacha in 2022.

Faoin scéim seo chun tacú le scoileanna cumas cruthaitheachta a fhorbairt, beidh rochtain ag scoileanna i ngach braisle ar shain-éascaitheoir, ealaíontóir nó saineolas cruthaitheach i pé réimse spéise nó téama a roghnóidh siad. Cuideoidh na hacmhainní sin leis na scoileanna tionscadal foghlama agus gníomhaíochtaí a bheidh saincheaptha dá scoláirí a chruthú. Mar chuid den leithdháileadh maoinithe sin, féadfaidh braisle maoiniú suas le €15,000 a fháil lena bpleananna agus smaointe a chur i bhfeidhm in 2022-2024.

Dúirt an tAire Foley:

“Is tionscnamh iontach é Braislí Cruthaitheacha a thacaíonn le scoláirí a gcruthaitheacht a fhorbairt, foghlaim conas oiriúnú agus oibriú le chéile agus lena dtugtar fíordheiseanna dóibh iad féin a chur in iúl ar bhealaí éagsúla iontacha nua.

“Tá lúcháir orm inniu na 78 scoil a fhógair a bheidh ag teacht le chéile chun 21 Braisle Chruthaitheach nua a chruthú. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na scoileanna nua seo isteach i dtionscnamh an Chiste Sármhaitheasa Scoileanna seo, agus táim ag súil go mór le conas a fhorbróidh na tionscadail spreagúla seo sa dá bhliain atá romhainn a fheiceáil. Is deis iontach í seo do scoileanna chun oibriú le chéile ar thionscadal dá rogha féin. Tugtar saoirse iomlán do scoileanna a dtionscadal féin a dhearadh agus a fhorbairt, le tacaíocht ó éascaitheoir áitiúil agus a n-ionad oideachais áitiúil.

“Taispeánadh leibhéal suntasach suime arís i mbliana ó scoileanna a rinne iarratas chun pháirt a ghlacadh i dtionscnamh na mBraislí Cruthaitheacha 2022 ar fud na tíre. Sna cúig bhabhta ó 2018 go 2022, chuir líon iomlán 1,276 scoil iarratas isteach chun páirt a ghlacadh sna Braislí Cruthaitheacha, agus cuireadh 375 scoil ar an ngearrliosta agus tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh iontu. “Tá súil agam go gcuirfidh an beartas spreagúil seo ar chumas scoileanna an chruthaitheacht a threisiú níos mó fós ina seomraí ranga.”

“Chomh maith leis sin, cuirfidh an tionscnamh nua BLAST a d’fhógair mé in 2021 deiseanna ar fáil freisin do scoileanna chun comhoibriú le healaíontóirí seanbhunaithe, ag tacú lenár bpáistí agus daoine óga oibriú le chéile agus páirt a ghlacadh i smaointeoireacht chruthaitheach agus chriticiúil – scileanna atá ríthábhachtacha dá dtodhchaí. Dúnfar iarratais ar BLAST 2022 ar an 30 Meán Fómhair 2022 agus táim ag súil le sonraí an chláir spreagúil seo a thabhairt chun críche sna seachtainí atá romhainn.”


Nótaí do na hEagarthóirí

Tá sonraí na scoileanna nua atá páirteach sna Braislí Cruthaitheacha ó Mheán Fómhair 2022 ar fáil anseo

Éire Chruthaitheach 2023 2027

Tá an chéad Phlean eile d’Éire Cruthaitheach 2023-2027 á fhorbairt faoi láthair agus tá an Roinn Oideachais in éineacht le Ranna eile i mbun na gníomhaíochtaí is féidir a sholáthar mar chuid den phlean nua seo a dhréachtú.

Tionscnamh uile-Rialtais atá bunaithe ar chultúr is ea an Clár Éire Chruthaitheach lena gcuirtear an chruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí, agus atá deartha chun folláine an duine aonair, an phobail agus náisiúnta a chur chun cinn. Tá Scoileanna Cruthaitheacha agus Braislí Cruthaitheacha ar dhá cheann de na príomhthionscnaimh “ionscoile” a forbraíodh agus a rolladh amach faoi Cholún 1 – An Óige Chruthaitheach. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil anseo.

Is treoirthionscnamh de chuid na Roinne Oideachais é Braislí Cruthaitheacha, atá á stiúradh ag na 21 ionad oideachais lánaimseartha agus i gcomhpháirtíocht leo agus atá á maoiniú tríd an gCiste Sármhaitheasa Scoileanna. Is éard atá i gceist le Braisle Chruthaitheach idir trí agus cúig scoil ag oibriú le chéile ar dhearadh, ar fheidhmiú, ar mheasúnú agus ar scaipeadh tionscadail um ealaíona nuálacha agus foghlaim chruthaitheach a thacaíonn leo aghaidh a thabhairt ar saincheist nó ar dhúshlán coitianta a shainaithníonn an bhraisle sin. D’fhéadfadh sé nach mbeadh i mbraisle ach bunscoileanna amháin, iar-bhunscoileanna amháin nó meascán de bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.

• Cuireadh tús le tionscnamh na mBraislí Cruthaitheacha sa bhliain acadúil 2018-19 agus bunaíodh 23 braisle ina gcuimsítear 68 scoil ar fud na tíre.

• Sa bhliain acadúil 2019-20, bunaíodh 21 Braisle Chruthaitheach ina gcuimsítear 76 scoil.

• I mí Mheán Fómhair 2020, ghlac 72 scoil eile thar 21 Braisle páirt sa tionscnamh.

• Don bhliain acadúil 2021/2022, ghlac 81 scoil eile thar 21 Braisle páirt sa tionscnamh.

• Glacfaidh 78 scoil bhreise thar 21 Braisle páirt sa tionscnamh in 2022 – ceann amháin as gach ceann de na 21 ionad oideachais lánaimseartha in Éirinn.

Is tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais é an Ciste Sármhaitheas Scoileanna chun sármhaitheas agus nuálaíocht inár scoileanna a spreagadh agus a shainaithint. Feidhmítear an Ciste Sármhaitheasa Scoileanna i raon réimsí. Is iad sin:

• SEF – Cruthaitheach

• SEF – DEIS

• SEF – Digiteach

• SEF – Gaeltacht

• SEF – ETIM

• SEF – ‘Step Up’

BLAST 2022:

Leis an gclár BLAST (Ag Tabhairt na nEalaíon Beo chuig Daltaí agus Múinteoirí) éascófar suas le 425 Cónaitheacht nua do na hEalaíona san Oideachas i scoileanna gach bliain. Is é an 30 Meán Fómhair 2022 an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.

Foirm Iarratais BLAST 2022